Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruicéad cricket
" B'imreoir cruicéid é Wills agus cheap seisean gur mhaith an rud é cluiche eile a bheith acu sa ngeimhreadh nuair nach mbíodh cruicéad á imirt.
cruicéad cricket
" ) Tá blianta fada caite aige ag scríobh faoi gach cineál spóirt, ina measc rugbaí, sacar, peil, iománaíocht, rásaí capall agus con, dornálaíocht agus cruicéad.
cruicéad cricket
" D’imrímis cluichí eile freisin – iománaíocht, peil, cruicéad – agus bhíodh rásaí capall againn gan chapaill trí ghairdíní na gcomharsan! Seans maith go raibh fios maith ag mo mháthair gur ag imirt sacair a bhíomar, ach rinne sí cinnte de go raibh a meon féin ar an ábhar soiléir dúinne, meon agus dearcadh a bhí coitianta i measc cuid áirithe de mhuintir Baile Átha Cliath a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse agus a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola.
cruicéad agus líonpheil cricket and netball
" Is iad rugbaí, cruicéad agus líonpheil na trí spórt is ansa leis na *Kiwis*.
foireann cruicéid cricket team
" Sin ráite, bhí mé féin ag siúl síos Bóthar Grosvenor le cara Protastúnach de mo chuid agus mé cúig bliana déag nuair a chruinnigh scaifte thart orainn i ndiaidh iad suaitheantas mo charad – a bhain le foireann cruicéid a scoile! – a fheiceáil agus tugadh gríosáil domsa as siocair mé a bheith i mo Phrotastúnach, mar dhea.
ar an fhaiche cruicéid on the cricket field
" Níos measa fós, le trí bliana anuas ní raibh fiú foireann amháin as Victoria páirteach sna cluichí ceannais, a imrítear gach bliain ag deireadh mhí Mheán Fómhair ar an fhaiche cruicéid in Melbourne.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
an fhoireann cruicéid the cricket team
" CruicéadBa í foireann Éireannach na bliana anuraidh ná an fhoireann cruicéid a bhain stádas an-ard amach di féin lena bua iontach i gcoinne fhoireann na Pacastáine i gCorn Domhanda an Chruicéid.
i gCorn Domhanda an Chruicéid. in the cricket world cup
" CruicéadBa í foireann Éireannach na bliana anuraidh ná an fhoireann cruicéid a bhain stádas an-ard amach di féin lena bua iontach i gcoinne fhoireann na Pacastáine i gCorn Domhanda an Chruicéid.
mar bhata cruicéid as a cricket bat
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
an tsraith chruicéid the cricket league
" Déanann an ‘*barmy army*’ ionradh lách ar an Astráil gach uair a bhíonn an tsraith chruicéid idir an Astráil agus Sasana ar siúl abhus.
an-tógtha le cruicéad. very taken with, interested in, cricket
" Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad.