Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar chlár na cruinne in the whole world
" Níor dhóigh le Rita go raibh a dhath níos measa ar chlár na cruinne ná an chéad lá i bpost úr.
ar chlár na cruinne in the whole world
" Ní raibh aon duine ariamh ar chlár na cruinne a buaileadh chomh holc le Sinéad.
ar fud na cruinne all over the world
" Ag an tráth seo den bhliain bíonn Éireannaigh sa bhaile agus ar fud na cruinne ag ceiliúradh agus is ag ceiliúradh na ngnéithe is tábhachtaí d'ár ndúchas agus d'ár n-oidhreacht a bhímid.
ar fud na cruinne all over the world
" Beidh lucht léite Beo Ar Éigean ar fud na cruinne ag fanacht go foighdeach le fáil amach.
cheithre chearn na cruinne the four corners of the world
" Is iontach an turas é, chuile lá agus chuile oíche, ar cheithre chearn na cruinne, don duine nach bhfuil falsa.
ar fud na cruinne all over the world
" Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
ar fud na cruinne all over the world
" Balorina atá uirthi agus Ballerina atá inti, nó bhain sí clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne mar bhall den seó iomráiteach ballet, "Puddle Dance".
oileáin chruinne ghlasa round green islands
" Tá sé go hálainn ar fad, i mo bharúilse, lena uisce síodúil lonrach, agus a oileáin chruinne ghlasa, a dtugtar droimníní báite orthu.
ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne demanding minutes that were truthful and accurate
" Nuair a chuir mé ceist uirthi faoi seo, fuair mé ríomhphost ón leas-phríomhoide ag rá nach raibh tagairt dóibh ann mar nach raibh siad tábhachtach! Bhí fearg orainne faoi na himeachtaí seo, agus tháinig ionadaithe ó UNISON agus ón NATFHE le chéile agus chuir muid ráiteas chuig an phríomhoide ag cáineadh Griffiths agus na mbainisteoiri eile, agus ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne.
ar fud na cruinne all over the world
" "Nuair a bhí Gaoth Dobhair ag imirt i gCraobh Pheile Sinsir na Contae le déanaí (comórtas a bhuaigh siad den chéad uair ó bhí 1961 ann), bhí ríomhphostanna ag teacht isteach ó dhaoine a bhí ag éisteacht leis an chluiche i gceantracha ar fud na cruinne.
i bhfad níos cruinne much more accurate
" Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall ná amuigh faoin dtuath.
tuairisceoirí na cruinne reports from around the world
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
cruinne accurate
" Nuair a phill mé go dtí an coláiste tar éis na Nollag fuair mé ríomhphost ó Ian Farmer ag gearán faoi na rudaí a dúirt mé ag an dara cruinniú nuair a bhí muid ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne.
putóga na cruinne the guts of the world
" (Rabhadh: Tá an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd os cionn ocht mbliana déag d'aois agus dóibh siúd amháin!) Bhí brionglóid ag Balor - tromluí iontach trom a tháinig chuige agus é ar a leathluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathadh as an sliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
ar nós na cruinne like the universe
" "Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann, is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin," ar sé.
cruinne round
" Ag tarraingt isteach duit ar Chorca Dhuibhne, feiceann tú sléibhte glasa cruinne agus fálta flannrua le deora dé.
ceann d'iontais na cruinne one of the wonders of the world
" Is ceann d'iontais na cruinne í an Mhórsceir Bhacainneach.
chultúir eile na cruinne the other cultures of the world
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? An fhís chéanna atá agam le fada - pobal forásach nua-aimseartha Gaeilge a bheith ann atá muiníneach as féin i measc chultúir eile na cruinne.
ar fud na cruinne ar an idirlíon all over the world on the internet
" Anois tá an stáisiún ar fáil ar fud na tíre ar na hardmhinicíochtaí agus ar fud na cruinne ar an idirlíon.
mhuintir na cruinne the people of the world
" Cé a dúirt nach raibh fios a ghnaithe ag Seoirse Óg Mac Sceiche? Tá Balor ag súil go gcuirfidh eagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Ó Doornail, an t-agallamh seo síos ina iomláine agus nach bhfágfaidh sé píosa ar bith ar lár a mbeadh impleachtaí aige do thodhchaí agus do shonas mhuintir na cruinne, mar a rinne an liúdramán leis na hagallaimh a chuir Balor ar Dhia cúpla bliain ó shin agus ar an Diabhal tamall ina dhiaidh sin.
slándáil na cruinne global security
" Ach ba mhaith liom anois díriú isteach gan mhoill ar an ghad is giorra don scornach: Cad é an chéad tír eile a rachaidh fórsaí míleata SAM isteach ann ar mhaithe le slándáil na cruinne? Mac Sceiche: Tomhais cad é atá ansin, a Bhaloir.
níos cruinne more accurate
" Fuair mé sin amach an dóigh chrua - d'fhág mé an *Rough Guide *sa teach mar go raibh sé iontach trom, ach táim á léamh anois agus tá aiféala orm nach raibh sé liom, mar go bhfuil eolas i bhfad níos cruinne ann.
fhigiúirí cruinne accurate numbers
" Ar ndóigh, tá sé dodhéanta teacht ar fhigiúirí cruinne.
ar fud na cruinne all over the world
" Tá meas ar Éireannaigh ar fud na cruinne.
fáisctear an taos idir plátaí móra cruinne the paste is squeezed between big round plates
" Basctar i dtobán mór iad, ansin fáisctear an taos idir plátaí móra cruinne.
ar chlár na cruinne on the face of the earth
" Níl rud ar bith ar chlár na cruinne a chuireann teachtaireacht ina luí orthu siúd níos fearr ná an buidéal, an bríce agus an buama peitril.
dhá thúr chruinne láidre two round and strong towers
"dhá thúr chruinne láidre ar imeall an chlóis go fóill.
ar fud na cruinne throughout the world
" Galleria Della’Accademia ======= Aithnítear *Daibhí* le Michelangelo ar fud na cruinne ach is fiú go mór dul agus an sársaothar seo nach bhfuil insint béil air a fheiceáil duit féin.
ar fud na cruinne all over the globe
" Baisteadh sráideanna ar fud na cruinne as cuid de na stailceoirí ocrais.
timpeall na cruinne around the globe
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
ar áilleacht na cruinne extremely beautiful
" Toisc go bhfuil an fhilíocht sa dá shaothar sin ar áilleacht na cruinne ní raibh sé chomh deacair sin ceol a chumadh a oirfeadh dóibh.
na micreascóip is cruinne nó is láidre the most accurate or strongest microscopes
" Tá sé ag rá nach bhfuil leictreon feicthe ag éinne riamh, go bhfuil siad róbheag le feiscint faoi na micreascóip is cruinne nó is láidre ar domhan ach fós go gcreideann daoine go bhfuil a leithéid ann – conas eile a bheadh an ESB ábalta leictreachas a dhíol, a deir sé? Gach duine ag gáire arís.
ar fud na cruinne all over the world
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
le fear na gnúise cruinne biata fiata with the man of the round, well-fed, fierce face
" Beidh mé ar ais! Agus ní ghabhfaidh mé leithscéal go deo le fear na gnúise cruinne biata fiata!” Nóta eile ón Eagarthóir: Beidh le feiceáil – mar a deir siad ar “Nuacht TG4”.
ar fud na cruinne all over the world
" Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.
ar fud an cruinne all over the world
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
cuntais chruinne accurate accounts
" Bhí scéal eile againn faoi na ciallachais mhóra a bheadh ag an ionsaí d’Éireannaigh a bhí ina gcónaí i Meiriceá go mídhleathach mar go mbeadh dianslándáil i bhfeidhm sna calafoirt agus sna haerfoirt agus go mbeadh ar fhostóirí cuntais chruinne a choinneáil ar gach duine a bhí fostaithe acu.
todhchaí na cruinne. the future of the planet.
" Ciúnas na reilige a bhí mar fhreagra sa tír seo ar fhoilsiú Thuarascáil Stern i dtús mhí na Samhna – tuarascáil a chuirfeadh alltacht ar éinne ar chás leis cúrsaí comhshaoil nó go deimhin todhchaí na cruinne.
polaiteoirí na cruinne the politicians of the world
" Caithfidh polaiteoirí na cruinne feidhmiú mar státairí i dtaca leis an fhadhb seo agus spriocanna dochta a mhairfidh ar a laghad 50 bliain a leagan síos.
todhchaí na cruinne the future of the planet
" Ciúnas na reilige a bhí mar fhreagra sa tír seo ar fhoilsiú Thuarascáil Stern i dtús mhí na Samhna – tuarascáil a chuirfeadh alltacht ar éinne ar chás leis cúrsaí comhshaoil nó go deimhin todhchaí na cruinne.
ar gheilleagar na cruinne. on the global economy.
" Óir is é an tátal atá le baint as Tuarascáil Stern ná go mbeidh tionchar tubaisteach ag téamh domhanda ar gheilleagar na cruinne.
ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne. one of the seven natural wonders of the world.
" Glacaim leis go raibh na damháin alla fós thart ach ní fhaca mise iad agus, mar sin, ba chuma liom! Chaith mé lá amuigh ar an Mórsceir Bhacainneach, ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne.
féiníomhá níos cruinne a more accurate self-image
" Chun féiníomhá níos cruinne a chruthú, tá go leor den tuairim gur gá glacadh le traidisiún na Maorach, agus cothromaíocht a chothú idir é agus an ceann Anglach.
ó cheithre chearn na cruinne from the four corners of the world
" Bhain mé taitneamh an domhain as an bpost sin; chuir mé aithne ar dhaoine ó cheithre chearn na cruinne agus bhí mo chomhoibrithe fíordheas.
a rangaíodh i measc iontais nádúrtha na cruinne, which were categorised amongst the seven wonders of the world,
" Bhí léibhinn bhána agus bhándearga, a rangaíodh i measc iontais nádúrtha na cruinne, le feiceáil in Te Wairoa go dtí an 19ú haois.
an chruinne ar fad, the whole world,
" Bhí orm pilleadh ar an óstán le geansaí eile, nó cóta, a fháil ach bhí mé chomh fríd a chéile ag an phointe sin gur bheartaigh mé go raibh rud inteacht amuigh ansin, b’fhéidir an chruinne ar fad, nach raibh ag iarraidh orm foghlaim fá na Naitsithe.
nótaí beachta agus cruinne exact precise notes
" Cuireann muid tús leis an amhrán agus téann Fiachna i mbun a cheirde – nótaí beachta agus cruinne ar fad á seinn aige.
timpeall na cruinne around the world
" Ach de thoradh an fógra a bheith á thaispeáint timpeall na cruinne gach lá ar feadh cúpla mí, níorbh fhada go raibh an t-amhrán “My Baby Just Cares for Me*” *le cloisteáil ar gach stáisiún raidió.
mar chaomhnóirí morálta na cruinne moral protectors of the world
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
á thionlacan ar fud na cruinne. accompanying it all over the world
" Ar bhealach, is meafar cuí é an tóirse den riocht ina bhfuil an tSín faoi láthair ó tharla go bhfuil an smachtín is an sciath chíréibe á thionlacan ar fud na cruinne.
sa chruinne in the universe
" Tá seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan.
chun Ollmháthair na Cruinne a shábháil to save Mother Earth
" Thairis sin, a fhad is a bhí polaiteoirí an domhain ag plé Agenda 21, bhí drumadóirí de chuid Manitou taobh amuigh á ngríosú chun Ollmháthair na Cruinne a shábháil.
Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol Irish World Academy of Music and Dance
" Bhuel, thosaigh siad le cúrsaí de chuid an acadaimh a bhfuil mise ag déanamh MA ann: Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol.
ar fud na cruinne across the globe
" Tharraing an comórtas aird ar fhadhb na ndaoine gan dídean agus ar na hiarrachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne le dul i ngleic léi.
cruinne world
" Is beag duine in Éirinn nó ar fud na cruinne nach bhfuil ar buile faoin sléacht a rinne Iosrael ar mhuintir Ghaza a thosaigh cúpla lá i ndiaidh Lá na Nollag 2008, nó i rith Hannukah - féile na soilse - de chuid na nGiúdach.
ar fud na cruinne world wide
" Dúirt sé gur claonadh idirnáisiúnta é seo agus go gcaithfear é a chur i gcomhthéacs a bhfuil ag tarlú in áiteanna eile ar fud na cruinne.
Ar Ór na Cruinne for the love of God
" Breithiúnas **** Ar Ór na Cruinne ná Caill.
putóga na cruinne the earth's innards
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
ar chlár na cruinne anywhere in the world
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
ar fud na cruinne world wide
" Ar leibhéal náisiúnta, ceantair, cathrach ná ar leibhéal an phobail áitiúil, léiríonn fianaise ar fud na cruinne nach bhfuil baint eatarthu.
meáin chumarsáide na cruinne world media
" Ach cén fáth a dtugann meáin chumarsáide na cruinne a laghad sin airde ar chás na gCarann? Toisc easpa diaspóra ina bhfuil piardaí móra a chuirfeadh cás na gCarann ar a shúile do cheannairí an domhain, b’fhéidir.
na cruinne of the world
" Tá sí dílis go smior agus ní tharraingeofaí focal géar aisti mar gheall ar na daoine is tábhachtaí léi ar ór na cruinne.
ór na cruinne the world's riches
" Tá sí dílis go smior agus ní tharraingeofaí focal géar aisti mar gheall ar na daoine is tábhachtaí léi ar ór na cruinne.
cruinne globe, world
" Glactar leis gur triail bhréige a bhí ann agus tógadh conspóid ar fud na cruinne mí na Samhna 1995 nuair a crochadh Saro-Wiwa agus ochtar eile, an ‘Ogoni 9’ mar a baisteadh orthu.
ar fud na cruinne world wide
" Mar gheall ar an scéin a chuireadh ar dhaoine ar fud na cruinne, ceaptar go ngnóthóidh GlaxoSmithKline, an comhlacht cógasaíochta is mó sa Bhreatain Mhór, 3 billiúin punt i mbliana.
chlár na cruinne anywhere in the world
" Bhí an dá chúis aige leis an mholadh sin, a dúirt sé: ar an chéad dul síos, níl rud ar bith ar thalamh na hÉireann chomh glas leis an Ghaeilge, agus ar an dara dul síos, níl duine ar bith ar chlár na cruinne a chruthaíonn an oiread sin CO2 lena bhladar gan stad gan staonadh chomh flúirseach fras fairsing leis an Ghaeilgeoir dhúthrachtach.
cruinne world's
" Tá thart fá aon chúigiú cuid de mhuintir na cruinne sa tSín mar chomhthéacs fosta.
níos cruinne more accurate
" Dar leis go n-úsáideann imreoirí an pas láimhe toisc go bhfuil sé níos cruinne ná an pas coise.
fud fad na cruinne world wide
" Éiríonn le Mac Dhonnagáin an dá thrá a fhreastal idir bhlag gnó is bhlag pearsanta ar bhealach a mhúinfeadh rud nó dhó do bhlagadóirí fud fad na cruinne.
ar fud na cruinne world wide
" Dá leithne a scaiptear an dream beag eitneach seo ar fud na cruinne, áfach, is ea is dóichí go gcaillfear cleachtais chreidimh is saíochta agus, nach bhfágfar den chultúr ársa seo ar deireadh ach cur síos tur i leabhair scolártha.
ar fud na cruinne world wide
" Bhí taithí ag mo chara ar an tseirbhís seo toisc go mbíonn sí ag taisteal agus i ngeall ar chairde a bheith aici ar fud na cruinne atá ag úsáid na seirbhíse seo ina gcathracha féin.
níos cruinne more accurate
" Trí bhreathnú ghluaiseacht na n-adamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an idirghabháil a dhéanfaidh na hadaimh lena chéile, síleann sé go mbeidh sé in ann ana-chuid a fhoghlaim faoi conas mar a thosaigh bunábhar an domhain agus conas mar a thosaigh gach rud!!! B'fhiú go mór dul chuig a shuíomh idirlín (le nasc thíos) le míniú níos cruinne a fheiscint, óir braithim an-amscaí agus mé ag déanamh iarracht cur síos ar rud chomh casta.
níos cruinne more accurately
" ” Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “*Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report*.
fud fad na cruinne world wide
" Ní raibh mórán dá chaint curtha isteach ar Jobs nuair a thosaigh miongháire fud fad na cruinne.
cruinne accurate
" ” Fuair sé amach gur teanga níos ‘sofaisticiúla’, níos cruinne agus níos saibhre atá á labhairt i gcónaí ag muintir na Gaeltachta.
níos cruinne more accurate
" ” Le bheith níos cruinne, gach uair a dteastaíonn ó lucht Iosrael go rachadh tíortha eile i mbun cogaidh ar a son, bainfidh siad leas as an Uileloscadh.
cruinne world, globe
" Agus mé ag taisteal na cruinne, buailim le daoine in áiteanna eile nach bhfuil a leithéid de ghníomhaíocht phobail acu, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht shóisialta acu, agus ar bhreá leo é a bheith ina dtíortha féin.
chlár na cruinne world wide
" Ní dheachaigh sé áit ar bith ar chlár na cruinne i scairdeitleán an rialtais gan fáinne na Gaeilge a bheith ar taispeáint go bródúil aige ar a bhóna.
is cruinne more accurate
" Thairis sin, samhlaítear an aidiacht ‘neamhdhleathach’ le coiriúlacht, agus ní gá go bhfuil aon choir déanta ag inimircigh a bhfuil stádas neamhrialta acu, mar is fearr agus is cruinne cur síos a dhéanamh ar na daoine sin.
cruinne globe
" Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
ar chlár na cruinne world wide
" Agus nuair a chonaic siad a gceannaire molfach mórchumhachtach mórghníomhach, dúirt siad d’aon ghuth nach raibh polaiteoir ar bith eile ar chlár na cruinne a bhí in inmhe a dhul chun spairne leis, gan trácht ar bhodach beag creatach meathánta as Contae na Mí.
timpeall na cruinne world wide
" As an 200 milliún atá timpeall na cruinne, meastar gur oibrithe iad 90 milliún díobh, rud a fhágann go bhfuil suas le 110 milliún nach bhfuil ag obair.
taobh seo cruinne this part of the world
" Is mór an gar an scannán seo, agus tréaslaím le Alistair Leach agus le *Third Window Films* ina chur ar fáil an taobh seo cruinne dúinn.
ar fud na cruinne world wide
" Cuma cén dearcadh atá agat faoi ról Bhlair in ionramh na hIaráice, ní thig a shéanadh gur píosa scríbhneoieachta den chéad scoth é seo a bhféadfadh a bheith mar lámhleabhar dóibh siúd atá ag lorg na síochána ar fud na cruinne.
ó Cheann Ceann na Cruinne all around the world
" Vótaí ó Cheann Ceann na Cruinne =============== Anuas air sin, soláthraítear vótaí neamhláithreacha do dhaoine ar lá vótaíochta ag bothanna speisialta i ngach toghcheantar agus bíonn vótaí poist ar fáil freisin, pé áit a bhfuil tú ar fud na cruinne.
na cruinne in the world
" Chomh fada siar le 2007 fiú, ní hamháin go raibh tuiscint ar thábhacht an idirlín i saol daoine óga, ach bhí taighde déanta faoi freisin: dúirt 77% de dhaoine óga na cruinne go mb’fhearr leo maireachtáil gan an teilifís ná a bheith d’uireasa an idirlín.
Dlíthe síoraí na cruinne constant universal laws
" Dlíthe síoraí na cruinne a insíonn conas a rothlaíonn na pláinéid trí ‘fholús’ an spáis.
súile na cruinne world attention
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
aird na cruinne world attention
" Ach is i 2010 a tharraing siad aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe.
ní ba chruinne more precise
" Chuirfí reachtaíocht ní ba chruinne agus ní ba fheidhmiúla i dtreo ach an Seanad a bheith á mionscrúdú.
truailliú na cruinne polluting the planet
" Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
thalamh na cruinne on dry land
" Clann an Uisce ======= Mar is eol daoibh, b’iad na hamfaibiaigh na chéad ainmhithe le cnámh droma a tháinig i dtír chun maireachtaint ar thalamh na cruinne.
crios na cruinne the equator
" san am a raibh Éire ag crios na cruinne!).
níos cruinne more accurate
" Nó, le bheith blaisín níos cruinne, cá bhfuil an ceathrar déag seanadóirí den Pháirtí Daonlathach, atá ar iarraidh ón 17ú Feabhra amach? Dar le ball sinsearach den pháirtí sa stát, is féidir a bheith cinnte go bhfuilid ‘áit éigin sa leathsféar thiar’, ach thairis sin, níl sé sásta níos mó eolas a thabhairt.
ar fud na cruinne world wide
" An Cholóim ====== I ndiaidh sé bliana de bheith ag plé leis an fheile agus í ag iarraidh bogadh ar aghaidh, go tobann, bhí Caitríona Ruane le feiceáil ar scáileáin ar fud na cruinne i ndiaidh do thriúr fear, Niall Connolly, James Monaghan agus Martin McCauley a bheith gaibhte ag aerfort Bogatá ar an 11ú Lúnasa 2001 agus pasanna bréagacha acu.
ar fud na cruinne world wide
" Is amhlaidh an scéal ar fud na cruinne.
ar fud na cruinne world wide
" Tá sé lofa an dóigh a bhfuil an féiniúlachas á chur ar aghaidh ar fud na cruinne faoi láthair,” arsa Higgins.
ar fud na cruinne world wide
" Is cosúil go bhfuil scaipeadh mór na míonéan den Lucht Siúil ar fud na cruinne – sa Bhreatain, ar mhór-roinn na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh ach go háirithe.
ar fud na cruinne world wide
" Rompu sin arís, cheaptaí aicmí éagsúla Críostaithe mar ábhar milleáin agus dreamanna dúchais ar fud na cruinne.
ar fud na cruinne world wide
" Maraíonn caitheamh tobac na milliúin duine ar fud na cruinne gach bliain agus is baolach go mbeidh na rialtais i dtíortha go leor eile ag faire ar conas a éireoidh le pacáistíocht phléineáilte abhus – ábhar imní eile do lucht tionscadail an tobac.