Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruthaitheach creative
" Tá mamaithe na háite iontach cruthaitheach, agus athraíonn siad cló a gcuid páistí go banphrionsaí agus sióga agus béir agus diabhail.
rud inteacht cruthaitheach something creative
" Tá Balor s'againne den bharúil láidir nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh ag na daoine sin a scríobhann isteach go rialta chuig Clár Plé *Beo ar Éigean*; agus ar mhaithe le rud inteacht cruthaitheach a thabhairt dóibh le déanamh iarann sé moltaí fá choinne ainm úr Farmleigh.
cruthaitheacha creativity
" Rinne mé íobairt de bhua na cruthaitheacha mar mhaithe le bua na critice.
cruthaitheach creative
" Scríbhneoir cruthaitheach is ea mé ach san ollscoil bhíos i gcampa an namhad, na criticeoirí.
chruthaitheach creative
" Nuair a d'fhiafraigh mé di cad a thug uirthi tabhairt faoin obair mhór, chruthaitheach, dhúshlánach seo dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh scéal na ndaoine a insint".
cruthaitheacha creative
" Ní nach ionadh, mheall áilleacht an cheantair go leor daoine cruthaitheacha isteach chun cur fúthu ansin.
phróiseas cruthaitheach creative process
" Gan amhras is rud fíordheacair é greim a fháil go fisiciúil ar rud atá doláimhsithe mar sin; an cóir é a mhíniú nó é a fhágáil oscailte?" Úsáideann McAteer focail mar "ionracas" agus "spioradáltacht" agus frásaí mar "ag déanamh teagmhála leis an tobar a luíonn taobh istigh dínn" agus é ag caint faoin phróiseas cruthaitheach.
cruthaitheach creative
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh to recommend positive and creative strategies
" Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh.
ar bhealach cruthaitheach in a creative way
" "Bhí mé i gcónaí ag iarraidh mo shaol a chaitheamh ar bhealach cruthaitheach ach de bharr thoil mo thuismithmeoirí, chuaigh mé i dtreo na heolaíochta.
smaoineamh cruthaitheach creative thought
" Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, ní mór dúinn saol poiblí a chruthú ina dtugtar tús áite don smaoineamh cruthaitheach seachas seanghréasán na gcarad.
síol beag cruthaitheach little creative seed
" Nuair a thagann muid ar an saol seo bíonn síol beag cruthaitheach ionainn ar fad.
ár bhfuinneamh cruthaitheach our creative energy
" Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta.
trí chumhacht an spioraid chruthaithigh through the spirit of the creative spirit
" "Ní gá dúinn a bheith inár dtomhaltóirí - is féidir linn ár nglór a chur i bhfeidhm trí chumhacht an spioraid chruthaithigh .
cruthaitheach creative
" Feachtas bríomhar ======= Tá feachtas an-bhríomhar cruthaitheach ar bun ag muintir FEIC.
cruthaitheach creative
" An phríomhaidhm atá acu ná spás a chur ar fáil d'ealaíontóirí agus do cheoltóirí ar féidir leo a bheith cruthaitheach ann.
cruthaitheach creative
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Láidreachtaí Táimid aitheanta mar eagras cruthaitheach, fiontraíoch.
cruthaitheach creative
" Faoi láthair an t-aon réiteach ceart atá ar an bhfadhb ná a bheith cruthaitheach agus smaoineamh ar ainmneacha atá éasca a litriú - nó a chinntiú go bhfuil do shuíomh ag barr gach liosta in Google.
an próiseas cruthaitheach the creative process
" An bhfuil sin amhlaidh i gcás Neil Martin? An bhfuil an próiseas cruthaitheach chomh simplí sin? "Ní shílim go gcumtar ceol amach as folús," ar sé.
an-chruthaitheach very creative
" "Ach bíonn abairtí agus focail nua de dhíth i rith an ama, de réir mar a thagann coincheap nó reacht nó polasaí nua ar an saol - caithfidh duine bheith an-chruthaitheach! Tá a fhios agam nach bhfuil mé i m'údar ar chúrsaí den saghas sin, ar aon bhealach.
cruthaitheach creative
" Measann na síceolaithe David Greenberger agus Victor Allen go mbaineann daoine áirithe pléisiúr as saothar ealaíne a scriosadh, go háirithe má tá sé déanta ar bhealach cruthaitheach cliste.
an phróiseas cruthaitheach the creative process
" Ní hé a scéal siúd, áfach, an rud is suimiúla nó is tabhachtaí sa scannán - is léargás ar an phróiseas cruthaitheach é agus an saineolas a bhí ag Vermeer maidir le léiriú an tsolais.
ionchur cruthaitheach creative input
" Thaitin an obair theilifíse go mór liom mar bhí mé ábalta ionchur cruthaitheach a bheith agam agus fuair mé deis scripteanna agus scéalta a scríobh.
scríbhneoireacht chruthaitheach creative writing
" " Easpa ama ======= Ba bhreá le Titley a bheith in ann luí isteach ar an scríbhneoireacht chruthaitheach níos mó ach tá sé deacair é sin a dhéanamh agus ualach trom oibre air i gColáiste Phádraig.
go cruthaitheach creatively
" An rud a thuig sí ó seo ar fad ná gur rud mí-oiriúnach a bhí ann do mhac léinn a bheith ag scríobh go cruthaitheach seachas a bheith ag coinneáil súl ar na leabhair ghramadaí.
socruithe cruthaitheacha a aimsiú to find creative settlements
" "Ach tá difear idir sin agus socruithe cruthaitheacha a aimsiú le fadhbanna a réiteach.
saothar cruthaitheach creative work
" Is úrscéal coireachta é atá suite i mBéarra i gContae Chorcaí agus an chéad saothar cruthaitheach ón Bhleá Cliathach seo a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar stiúrthóir agus mar léiritheoir teilifíse.
cruthaitheach creative
" AÓF: Tá tionscadal eile staidéir ar siúl agat faoi láthair, nach bhfuil? Céard atá ar bun agat anois? CÓCC: Tá Ollscoil na hÉireann tar éis staidéaracht taistil sna Dána a bhronnadh orm agus is éard atá i gceist agam a dhéanamh ná féachaint ar an bpróiseas seachadaíochta a ghabhann le roinnt de mhóramhráin na Gaeilge, a bhfuil scaipeadh fairsing ilchúigeach orthu agus a bhfoirm sa traidisiún míshocair dá réir, de bharr an ról cruthaitheach a bhíonn ag fonnadóir i seachadaíocht na n-amhrán.
tallann chruthaitheach creative talent
" Bhain sí úsáid as a tallann chruthaitheach scór bliain ina dhiaidh sin, le linn di a bheith i mbun scríobh Mo Leabhar ABC, leabhar oideachasúil do pháistí atá ag cur eolais ar litreacha na haibítre.
obair chruthaitheach creative work
" Ní raibh mé in ann obair chruthaitheach a dhéanamh le linn na tréimhse sin.
chumas cruthaitheach creative ability
" Nach ait an rud é, mar sin, nuair a théann tú ar shuíomh gréasáin Ryanair chun ticéad a cheannach ó Shionainn, go n-iarrtar €3 ort le cois an phraghais, do Tháillí Seirbhíse Paisinéara, nó costaisí aerfoirt? B'fheidir gur seo sampla eile de chumas cruthaitheach Ryanair i gcúrsaí airgid a d'fhéadfadh an tÚdarás um Chaighdeáin Fógraíochta a fhiosrú? *Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.
Moltaí cruthaitheacha creative motions
" Moltaí cruthaitheacha curtha chun cinn aige agus d'éirigh leis smacht a choinneáil ar chuid de na comhaltaí achrannacha.
i mbealaí cruthaitheacha in creative ways
" An áit go mb'fhéidir go bhfuil Foras na Gaeilge ceart ná nuair a deir siad go bhfuil an t-am tagtha le díriú i mbealaí cruthaitheacha ar cheist na Gaeilge agus ar mhaoiniú eagraíochtaí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
cruthaitheacha creative
" Spreag an teorainn "8 + 3" seo a lán ainmneacha cruthaitheacha (ar nós comhad téacs "README.
cruthaitheach creative
" ” Is fear ealaíonta agus cruthaitheach é Marcus, agus is léir gur daoine cruthaitheacha iad a chuid páistí.
cruthaitheach creative
" Beidh orthu siúd atá ag iarraidh go fóill a theacht i dtír ar an chlú a tharraing *Ryan’s Daughter *ar an chontae a n-aird a dhíriú ar an am atá romhainn agus bheith straitéiseach agus cruthaitheach ina gcuid pleanála.
cruthaitheach creative
" (*On Literature*, lch 1) Is é atá sé a mhaíomh, an rud a dtugaimidne “litríocht” air, agus a dtugtar a leithéid chéanna d’ainm air i dteangacha eile na hEorpa, an coincheap sin den saothar cruthaitheach scríofa a mbíonn áilleacht foirme agus éifeacht mhothaitheach ag baint leis, is rud nua i stair an iarthair é.
cruthaitheach creative
" (*On Literature*, lch 1) Is é atá sé a mhaíomh, an rud a dtugaimidne “litríocht” air, agus a dtugtar a leithéid chéanna d’ainm air i dteangacha eile na hEorpa, an coincheap sin den saothar cruthaitheach scríofa a mbíonn áilleacht foirme agus éifeacht mhothaitheach ag baint leis, is rud nua i stair an iarthair é.
modhanna cruthaitheacha múinteoireachta creative teaching methods
" Cuireann sí spéis ionainn agus tá modhanna cruthaitheacha múinteoireachta aici.
modhanna cruthaitheacha cumarsáide creative methods of communication
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
chruthaitheach creative
" Go leanfaí le dul chun cinn geilleagrach na tíre ar fad go cothrom ar fud an oileáin agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach den bhféiniúlacht nua – go mbeadh tír rachmasach, chothrom, chróga, chruthaitheach, nua-aimseartha agus Ghaelach i gceist.
cruthaitheach creative
" Taighde agus scríbhneoireacht is mó atá i gceist – tá sé cruthaitheach agus tá sé go deas bheith ag scríobh na scripte agus *captions* agus mar sin de.
chruthaitheach creative
" Go leanfaí le dul chun cinn geilleagrach na tíre ar fad go cothrom ar fud an oileáin agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach den bhféiniúlacht nua – go mbeadh tír rachmasach, chothrom, chróga, chruthaitheach, nua-aimseartha agus Ghaelach i gceist.
obair chruthaitheach create work
" ” Luann sí triúr dá comhdhaltaí atá anois ag déanamh obair chruthaitheach: Bríd Ní Luasaigh a thóg na grianghraif áille de Mhuireann atá le feiceáil ar a suíomh ((www.
go cruthaitheach creatively
" Tús úr atá ann don Fhoras, mar thig le príomhfheidhmeannach nua dul i bhfeidhm go cruthaitheach ar eagras agus a fhoireann, agus clár oibre éifeachtach a leagan amach don am atá le teacht.
bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú to find creative interactive ways
" Ní gá dúinn céim chomh radacach sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh.
an obair chruthaitheach creative work
" Tar éis bliana mar scríbhneoir cónaithe in ollscoil Otago, áit ar scríobh sé *The New Net Goes Fishing *(1976), shocraigh sé éirí as an obair chruthaitheach ar feadh tamaill.
sa scríbhneoireacht chruthaitheach, in creative writing,
" Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
an úsáid chruthaitheach the creative use
" Is díol suntais an úsáid chruthaitheach a bhain an Riadach as foinn ón traidisiún, leithéidí “A Dhroimín Donn Dílis”, “Boolavogue” agus “An Buachaill Caol Dubh”.
cruthaitheach, ionraic creative, honest
cruthaitheach creative
" * Lorcán Mac Mathúna: Albam amhrán atá ann, ach b'fhéidir gurb é an difríocht idir an ceann seo agus stuif eile ná gur chuireas béim ollmhór ar an gceol atá sna hamhráin agus chóirigh mé iad le ceoltóirí breátha a bhí cruthaitheach agus sásta rudaí nuálaíocha a thriail.
bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú to find creative interactive ways
" Ní gá dúinn céim chomh raidiciúil sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh.
fear cruthaitheach creative man
" ” Is fear cruthaitheach é Irial, ach ní leor an chruthaitheacht ealaíonta ina haonar, dar leis.
spiorad fiosrach cruthaitheach inquisitive creative spirit
" Tugtar léargas in *Eye Rhymes* ar spiorad fiosrach cruthaitheach na mná óige seo tríd an saothar eispriseanaíoch nua-aimseartha a scríobh sí, chomh maith le grianghraif agus íomhánna faisin de chuid Plath atá curtha i gcló den chéad uair anseo.
faoin bpróiseas cruthaitheach about the creative process
" ”**Proiséas Cruthaitheach** Labhair mé le Mac Dhonnagáin le gairid faoin bpróiseas cruthaitheach ar thug sé féin agus a leathbhádóirí Ryan agus Conway faoi leis an cnuasach seo a chur ar fáil.
i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin. about the creative process only
" Bhí sé ar intinn agam i dtosach agallamh a chur ar Mhac Dhonnagáin i dtaobh an phróisis chruthaithigh amháin.
níos cruthaithí more creative
" Ach cad mar gheall ar chúrsaí níos cruthaithí – an dóigh is fearr le dathanna péinte a roghnú, cuir i gcás.
go cruthaitheach creatively
" Tá Éilís Ní Dhuibhne ar bhean den bheagán údar a scríobhann go cruthaitheach i nGaeilge agus i mBéarla.
sruth gleoite cruthaitheach a lovely creative stream
" Thug sí caiséid de cheol Alan Stivell dom – b’in uile! Ach a leithéid de cheol! *Live Á Dublin* nó *Á l’Olympia* – a bhanna ar mire le fuinneamh agus sruth gleoite cruthaitheach ag snámh trí gach píosa ceoil.
Níl mórán féithe cruthaithí ann, He has much of an ability to be creative,
" Níl mórán féithe cruthaithí ann, áfach.
an feachtas cruthaitheach seo this creative campaign
" Thosaigh an feachtas cruthaitheach seo trí bliana ó shin leis an sprioc go mbeadh deis ag daoine áitiúla a bheith rannpháirteach i dtionsnaimh ealaíne lena gceantar a athmhaisiú le híomhánna nach raibh conspóideach, polaitiúil, foréigeanach, paramíliteach nó seicteach.
éiginnteacht chruthaitheach oscailte open artistic uncertainty
" Cothaíonn Haneke an éiginnteacht chruthaitheach oscailte, a thugann ar turas sinn isteach i saol na ndaoine fírinneacha inchreidmheacha seo ar an scáileán romhainn.
teip chruthaitheach creative failure
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
cruthaitheacha creative
" Bhí an t-anam súite as ardimreoirí cruthaitheacha fearacht Messi agus Tévez agus ba bheag den chíocras – rud a samhlaíodh riamh le sárfhoirne na hAirgintíne san am a caitheadh – a bhí le sonrú sna luathchluichí cáiliúcháin a d’imir siad d’fhonn áit i gCorn an Domhain a bhaint amach.
chruthaitheach creative
" Ach le script láidir corraitheach ó Dharach Ó Scolaí agus Lauren McKenzie agus faoi stiúir chruthaitheach chleachtach Robert Quinn, éiríonn leis an aisteoireacht a bheith inchreidte agus le dealramh don chuid is mó.
ionad scríbhneoireachta cruthaitheach creative writing centre
" Is cuid de fhealsúnacht Roddy Doyle féin, an gnáthdhuine a spreagadh i mbun pinn agus sin é an fáth gur bhunaigh sé *‘Fighting Words’* ionad scríbhneoireachta cruthaitheach i mBaile Átha Cliath i 2009, áit a mbíonn an teagasc saor in aisce do chách.
cruthaitheach creative
" Tá siad dírithe ar dhrámaí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar d’achan aoisghrúpa agus tá sé seo déanta acu ar bhealach spraoiúil cruthaitheach.
chomhcheilg chruthaitheach creative conspiracy
" Súnn sé an lucht féachana isteach sa chomhcheilg chruthaitheach lena chois.
chruthaitheach creative
" Sular thug sí faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, chaith Anna Heussaff tamall maith de bhlianta ag obair le raidió agus teilifís RTÉ, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir fhaisnéise.
ar bhealach cruthaitheach creatively
" Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
cruthaitheach creative
" Úsáidtear DNA, víris, fíocháin agus cealla mar bhonnábhar cruthaitheach agus déantar scrúdú ar na rudaí a tharlaíonn nuair a chuirtear i suíomhanna aduaine iad.
gheit chruthaitheach creative buzz
" Tá an gheit chruthaitheach fós á réiteach aige.
ar sliobarna go cruthaitheach dangling ‘artistically’
" Cáblaí leictreachais ar sliobarna go cruthaitheach ar chúl an bheáir.
cruthaitheacha creative
" Ealaíontóirí neamhspleacha, cruthaitheacha, nuálacha a bhí sa chumann seo a bhí ag iarraidh Learpholl a shaoradh ó thionchar Londain mar ionad ealaíne ann féin.
cruthaitheach creative
" Tá daoine óga ansin, cruthaitheach, samhlaíoch agus tá cur chuige acu, b’fhéidir nach bhfuil ag daoine eile.
ag smaoineamh go cruthaitheach thinking creatively
" Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair do Ghaeilgeoirí Cheanada a bheith ag smaoineamh go cruthaitheach.
cruthaitheach creative
" Tugann siad cúl do thraidisiúin sheanbhunaithe filíochta, aistriúcháin agus seanchais na nGael, ag gluaiseacht ó fhilíocht na mbard go Spaghetti Westerns, ó na Mississippi blues go hamhráin ar an sean-nós, agus ar ais arís, turas a osclaíonn amach agus a chuimsíonn an próiseas cruthaitheach féin.
cruthaitheach creative
" Má shíleann tú go bhfuil sé sin i bhfad róchasta, cuimhnigh ar John Malkovish as Houston Texas a tháinig ar bhealach cruthaitheach lena chuid seanchannaí beorach a athchursáil: shocraigh sé teach a thógáil leo.
Is fochultúr cruthaitheach agus spéisiúil é an dream seo this group is a creative and interesting subculture
" com/pyconslides/whos-there-home-automation-with-arduino-and-raspberrypi-by-rupa-dachere) Is fochultúr cruthaitheach agus spéisiúil é an dream seo agus táimse an-tógtha leis na féidearachtaí a bhaineann leis.
Modh Cruthaitheach an Athmhuintearais the creative means of reconciliation
" Modh Cruthaitheach an Athmhuintearais =============== I gcomhthéacs forbairtí trasphobail agus trasteorann de, is iontach an toradh atá ar na himeachtaí seo.
ar bhealach cruthaitheach in a creative way
" Ó hUiginn, faoi na ‘nascanna pearsanta agus cultúrtha idir muintir na Breataine agus muintir na hÉireann nach féidir a chur ar neamhní’ agus ‘faoi bheith ag bogadh i dtreo athmhuintearais ar bhealach cruthaitheach’, bhí macallaí sna focail sin ar an tagairt a rinne Cathal Ó hEochaidh i 1980 ag an Chruinniú Mullaigh Angla-Éireannach do ‘réimse iomlán na gceangal caidrimh idir an dá phobal’.
scríbhneoireacht chruthaitheach creative writing
" Tá Pól Ó Muirí ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times le hocht mbliana anuas anois ach tá go leor oibre eile idir lámha aige, an scríbhneoireacht chruthaitheach san áireamh.
Próiseas cruthaitheach neamhghnách unusual creative process
" Próiseas cruthaitheach neamhghnách a bhí i gceist leis an albam a léiriú, ach ba phróiseas é a bhí thar a bheith speisialta ag an am céanna.
údar cruthaitheach oilte, a skilled creative writer,
" Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí.