Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuairteoirí visitors
" Nó tá suim acu i gcuairteoirí - a fhad is go bhfuil siad ag dul ar ais go dtí an áit as ar tháinig siad.
stuaic a chur ar chuairteoir ar bith to put a huff on any visitor
" Bhí an-bhaint ag an teaghlach sin leis an Ord Oráisteach - rud a chuir aiféaltas ar an bhean dheas a bhí mar threoraí againn, mar nár mhian léi stuaic a chur ar chuairteoir ar bith.
cuairteoirí visitors
" Bíonn cuairteoirí ag bualadh isteach go leanúnach go dtí an teach beag de chuid na comhairle contae a bhfuil cónaí air ann agus san oíche is mó a bhíonn sé ag scríobh anois, dá bharr seo.
chuairteoirí visitors
" Daoine a bhfuil taithí mhaith acu ar a bheith ag troid leis an fharraige, a thugann aire dá chéile agus a chuireann fáilte agus fiche roimh chuairteoirí chun an oileáin.
cuairteoirí visitors
" " Agus ón lá sin bíonn cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag tarraingt ar an reilig chun bláthanna a fhágail ar an leacht, rud a léiríonn tionchar an Éireannaigh seo.
chuairteoirí visitors
" Chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil do scoláirí ollscoile agus do chuairteoirí chuig an mbaile, cuirtear ranganna oíche ar ábhair éagsúla ar fáil freisin.
téann cuairteoirí amú visitors get lost
" Is minic a úsáidtear fleiscíní in áit spáis ach cruthaíonn siad siúd fadhbanna eile - má fhágtar an fleiscín ar lár téann cuairteoirí amú agus chuig suíomh iomlán éagsúil.
chuairteoirí visitors
" Áit amháin in Éirinn a chuireann fáilte mhór roimh chuairteoirí sa gheimhreadh chomh maith leis an samhradh ná leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.
cuairteoirí visitors
" "Chonaic duine de na cuairteoirí í agus baineadh an-gheit aisti.
cuairteoir visitor
" Tá stiúrthóir Tate Britian, Stephen Deucher, den bharúil go bhfuil an seó seo ag pilleadh ar ais ar luachanna traidisiúnta agus dar le cuairteoir amháin chuig an taispeántas go bhfuil sé i ngrá le Claire, *alter-ego *Grayson Perry.
chuairteoirí visitors
" Cheannaigh Yoko Ono an teach bruachbhailteach seo dhá bhliain ó shin agus thug sí don National Trust é sa dóigh is go mbeadh sé oscailte do chuairteoirí.
cuairteoirí visitors
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
Cuairteoirí visitors
" Cuairteoirí ar ár dteach féin a bheas ionainn, dar le cuid mhór ball den eagraíocht.
murach na cuairteoirí as thar lear if it wasn't for the foreign visitors
" Olc is mar atá cúrsaí sna ceantair seo, bheadh siad i bhfad ní ba mheasa murach na cuairteoirí as thar lear.
chuairteoir visitor
" Ón méid atá feicthe agam féin agus mé i mo chuairteoir i gCamus le roinnt blianta anuas, tá Colmán agus a chomhghleacaithe ag treabhadh an ghoirt i gceart, agus le díocas, agus táim cinnte go mbeidh toradh ar a saothar.
idir mhuintir na háite agus chuairteoirí both locals and visitors
" Déistin ======= Chuir an damáiste déistin ar a lán daoine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, agus ní raibh iontas orm litir a léamh sa *Donegal Democrat *fá dtaobh de ar an 12 Lúnasa faoin teideal "Please Remove Glencolmcille Monstrosity".
chuairteoir visitor
" Ní raibh ach beirt chuairteoirí eile ann, agus freastalaí i mbothán beag a thug bileog eolais dom.
meallann áiteanna ar leith cuairteoirí special places attract visitors
" Agus meallann áiteanna ar leith cuairteoirí! Mar fhocal scoir, níor cheart dúinn bheith den tuairim go gcaillfear turasóirí muna bhfeiceann siad ainm Béarla.
ag míniú do chuairteoirí explaining to visitors
" Ansin, ní bheadh ar mo leithéidíse bheith ag míniú do chuairteoirí nach bhfuil iolar ar bith fágtha sa cheantar.
cuairteoirí visitors
" Is léir do dhuine ar bith a bhfuil ciall aige chomh tábhachtach is atá Oideas Gael don gheilleagar áitiúil agus, de thairbhe na titime tubaistí sa líon cuairteoirí san iarthar, is léir fosta cé chomh tábhachtach is atá turasóirí don gheilleagar faoin tuath sa réigiún.
chuairteoir visitor
" B’onóir do Chomhrá, a d’eagraigh ceann na bliana anuraidh, go raibh an craoltóir agus an t-amhránaí cáiliúil Máirtín Tom Sheáinín mar chuairteoir againn.
cuairteoirí visitors
" Stad bean óg den obair agus labhair sí leis na cuairteoirí.
cuairteoirí visitors
" Níor cuireadh mórán fáilte rompu ar go leor cúiseanna ach ba cheart dúinn fáilte ó chroí a chur roimh na cuairteoirí nua seo.
cuairteoirí visitors
" Stad bean óg den obair agus labhair sí leis na cuairteoirí.
áiléar na gcuairteoirí the visitors' gallery
" **Balor:** *So?* Cad é mar a d’fhoghlaim sibh an Ghaeilge? **CD:** Bhuel, mar a mhínigh muid duit, ní raibh uainn ar dtús ach an cúpla focal, soooooo: isteach linn go dtí áiléar na gcuairteoirí i nDáil Éireann agus chaith muid coicís ansin ag éisteacht agus ag foghlaim.
Cuairteoir visitor
" Ach an Cuairteoir seo atá mé a rá.
sciathán na gcuairteoirí the visitors' wing
" Bhí a fhios agam go raibh Ronnie ag fanacht orm istigh agus mar sin shínigh mé an cháipéis agus chuaigh mé go sciathán na gcuairteoirí in éineacht le bairdéir.
ar fáil do chuairteoirí available to visitors
" uk/collections/vacations), halla de chuid an London School of Economics, a bhíonn ar fáil do chuairteoirí i rith na laethanta saoire.
tromlach mór na gcuairteoirí a large majority of the visitors
" Seo an chéad áit a dtéann tromlach mór na gcuairteoirí a thugann cuairt ar an chathair an-spéisiúil seo.
ionad na gcuairteoirí the visitors' centre
" An chéad rud ba cheart duit a dhéanamh ná bualadh isteach in ionad na gcuairteoirí ag Taigh Mhàrtainn.
do chuairteoirí to visitors
" Gach seachtain i rith an tsamhraidh agus mé i nGleann Cholm Cille, bím ag tabhairt treoracha chuig tuamaí ursanacha agus ar uile do chuairteoirí.
leabhar cuairteoirí visitors' book
" " Mar a scríobh roinnt mhaith daoine i leabhar cuairteoirí Maureen, bíonn muintir an oileáin uilig an-chairdiúil fáilteach.
cuairteoirí visitors
" Gheobhaidh cuairteoirí – daoine i gcathaoir rothaí san áireamh – cuidiú ó dhuine den fhoireann agus is áis iontach í don Taisce an fhoireann féin.
na mílte cuairteoir thousands of visitors
" Meallann áiteanna mar Oileán Fraser agus Oileáin Whitsundays na mílte cuairteoir gach mí.
beirt chuairteoirí two visitors
" Bhí beirt chuairteoirí as Ceanada, máthair agus mac, ina suí ag bun na croise.
seomra speisialta do chuairteoirí. a special room for visitors.
" Bhí trí sheomra sna tithe seo: ceann amháin do na hainmhithe, ceann eile ar sheomra suí é agus tine ina lár, agus ceann eile ar sheomra codlata é agus seomra speisialta do chuairteoirí.
cuairteoirí visitors
" Is faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta atá Rosal anois, agus tá sé leagtha amach ar mhaithe le cuairteoirí agus comharthaí in airde a mhíníonn an saol laethúil a bhíodh ann.
Léiríonn leabhar na gcuairteoirí the visitors' book shows
" Léiríonn leabhar na gcuairteoirí go dtagann daoine anseo go rialta.
gan trácht ar chuairteoirí not to mention visitors
" Gan amhras, cuirfidh sé seo isteach ar an seilide, gan trácht ar chuairteoirí ar an trá.
cuairteoirí visitors
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
cuairteoirí, visitors
" Ach theip go huile is go hiomlán ar na cuairteoirí, agus bhuaigh na hAstrálaigh an tsraith 5-0! An "Gabba"Gach bliain i mí na Samhna cuirtear tús leis an tsraith ag an Brisbane Cricket Ground.
Ionad Cuairteoirí Visitor Centre
" Stocaireacht Paisley Óg ar son Sweeney go bhfaigheadh an milliúnaí cead Ionad Cuairteoirí a thógáil ag Clochán na bhFomhórach ainneoin go raibh saineolaithe na Roinne Comhshaoil ina éadan; stocaireacht go ndíolfaí talamh le grúpa ina raibh Sweeney páirteach; stocaireacht ar son sé thionscadal, a raibh Seymour Sweeney páirteach in dhá cheann acu – le linn na hidirbheartaíochta i gCill Rímhinn.
leis na féidearthachtaí a thaispeáint do chuairteoirí. to show the visitors the possibilites
" Tá na bláthanna fiáine ag fás iontu ar fad leis na féidearthachtaí a thaispeáint do chuairteoirí.
cuairteoir speisialta special visitor
" Dar ndóigh, cé a bhí mar Aire Talmhaíochta nuair a rinneadh an cinneadh an turcaí sin a chur amach an chéad uair riamh? Cé eile ach dlúthchara Bhaloir, Máire Ní Chlochráin? Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí parlaiminte, bhí cuairteoir speisialta ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí na hÉireann an mhí seo caite.
ar mheon an chuairteora. on the mind of the tourist
" Tá sé spéisiúil an chaoi a luíonn an chathair nua-aoiseach chomh éasca is chomh nádúrtha sin le seanghnéithe na cathrach, agus b’fhéidir gurb í an chothromaíocht sin a fhágann a rian ar mheon an chuairteora.
na sluaite móra cuairteoirí big numbers of visitors
" "Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na naisc idir Éirinn agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit," a dúirt Máirtín Campbell.
a lán cuairteoirí a lot of visitors
" Bím ar bharr sléibhte i dtíortha éagsúla go rialta, in áiteanna a mbíonn a lán cuairteoirí iontu agus brú ar an talamh dá bharr – Snowdon agus Beinn Neibhis, mar shampla.
sluaite móra cuairteoirí big crowds of visitors
" Dúirt Derek Hannon, ar oifigeach cultúrtha é le hAmbasáid na hÉireann in Londain: "Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na ceangail idir Éire agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit.
cuairteoirí visitors
" Rinneadh neamhaird ar chinniúint an bhalla – briseadh suas cuid de le dul isteach in autobahn nua, díoladh mionphíosaí eile le bailitheoirí agus thóg cuairteoirí giotaí leo mar chuimhneacháin.
chuairteoirí visitors
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
cuairteoir visitor(s)
" Meastar go deimhin, go dtagann tuairim is ocht milliún cuairteoir go hEryri (‘Snowdonia’ sa Bhéarla) gach bliain agus go bhfanann a leath acu siúd sa cheantar ar feadh dhá nó trí lá.
chuairteoirí visitors
" Ní thugann ach cúig faoin chéad de chuairteoirí eachtracha cuairt ar Dhún na nGall mar go mbraitear gur áit scoite í, de réir Murray.
cuairteoirí visitors
" Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile.
cuairteoirí visitors
" Tagann na milliúin cuairteoirí anso, nach bhfuil Gaelainn acu, ar ndóigh, agus chun a bheith cothrom do gach éinne, caithfear comharthaí dhátheangacha a chur – ins an Ghaeltacht – im’ thuairimse, agus in áiteacha eile ar fud na tíre - i ngach áit ar fud na tíre.
chuairteoirí visitors
" Mholfainn do chuairteoirí fanacht sa Pacific Resort toisc go raibh meascán iontach de ghníomhaíochtaí le déanamh ann, ach bhí sé ciúin go leor chun do scíth a ligean chomh maith.
cuairteoirí of visitors
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
chuairteoir tráchtála a commercial visitor
" Is dílleachta Stephen, fear mílítheach óg dathúil a thagann mar chuairteoir tráchtála go tigh mhuintir Azaire i dtuaisceart na Fraince i 1912.
gcuairteoir eachtrannach the strange visitor
" Ní raibh cead aici na súile ardú, ach ní raibh amhras orm go raibh sí tar éis radharc maith a fháil ar an gcuairteoir eachtrannach bhí gléasta chun sochraide.
cuairteoir Éireannach an Irish visitor
" Níos cóngaraí don bhaile is mór an spéis a bheadh ag cuairteoir Éireannach in uaigh Dhonnchaidh mhic Bhriain Bhóraimhe (Ardrí Éireann, re freasúra, sa 10ú aois) atá le feiceáil sa séipéal.
a bheadh áisiúil don chuairteoir which would be useful to a visitor
" Rud maith faoin mír seo is ea go bhfuil foclóir air a bheadh áisiúil don chuairteoir.
gan cuairteoir ar bith not a single visitor, tourist
" Bhraith sé aisteach, mar sin féin, ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain is gan cuairteoir ar bith thart.
cuairteoirí an tsuímh visitors to the site
" Ní bheadh an duine eile seo le háireamh i measc cuairteoirí an tsuímh.
a thuilleadh cuairteoirí ón iasacht more visitors from abroad
" Beidh a thuilleadh cuairteoirí ón iasacht meallta isteach ag cultúr na tíre anois, agus an cultúr sin in ann dul i bhfeidhm orthu ar bhealach úrnua.
cuairteoir amháin one visitor
" Chuir cuairteoir amháin as an Bheilg, darb ainm Tomás Genicq, ceoltóir as an Bhruiséal, iontas ar dhaoine ag an seoladh leabhar mar bhí sé liofa i nGaeilge! Tá cultúr na hÉireann aitheanta anois mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach.
cuairteoir visitor(s)
" Athruithe Molta ====== Cé go raibh 100,000 cuairteoir gach bliain ar an iarsmalann bhí sé ag cailleadh airgid agus i 2009 thairg Comhairle Cathrach Manchain £2 milliún per annum dóibh le bogadh go dtí an chathair mhór sin.
cuairteoirí ag teacht visitors coming
" **CMacS: Cé as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?** AÓC: Is as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu.
chéad leag mé cos cuairteora I first paid a visit to
" Ach is fada inniu an baile céanna ón mball míogarnúil ar chéad leag mé cos cuairteora inti sa bhliain 2007.
an fhoireann chuairteora the visiting team
" Bhí brú leanúnach á chur ar an fhoireann chuairteora, Adelaide United.
cuairteoirí an chuid is mó acu most of them visitors
" Rinne 30 duine Turas Cholm Cille, cuairteoirí an chuid is mó acu, ó áiteanna mar An Fhrainc, Sasana, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath.
mílte cuairteoir thousands of visitors
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
easpa cuairteoirí eile a lack of other visitors
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
cuairteoir uathúil an t-eagrán single visit(s) each edition
" Le sé mhí anuas faigheann an suíomh 6-7,000 cuairteoir uathúil an t-eagrán agus féachtar ar bheagnach 30,000 leathanach gach mí.