”
Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ball nó baill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “*The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?*”
Agus cad é fá na polaiteoirí?
“Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtra nó cuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde.
chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoillthe police found the L. supporters to be at fault
In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
Ar an Alliance a cuireadh an locht uilig (ainneoin go raibh Sinn Féin ag iarraidh nach gcrochfaí an bhratach ar chor ar bith) ach *“easy targets”* a bhí i bpáirtí an Chomhaontais.