Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuireann ar chumas which enables
" An laige is mó atá ann maidir leis an nGaeilge ar an idirlíon ná nach bhfuil áiseanna curtha ar fáil a chuireann ar chumas daoine an teanga a fhoghlaim.
Chuir sé ar chumas léiritheoirí It enabled producers
" Chuir sé ar chumas léiritheoirí cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh.
a chuirfeadh ar a chumas which would enable him
" Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.
Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna the universities will be enabled
" Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna tabhairt faoin obair seo go proifisiúnta, a bhuíochas seo ar fad d’Éamon Ó Cuív a thuig tábhacht an mhéid atá á bhaint amach thar sáile.
chuir ar a chumas enabled him
" Bhí grásta eile ag Michael mar bhláth ar an mbua sin – d’aimsigh sé friotal teangan go luath a chuir ar a chumas coincheapanna casta ealaíne a cur i láthair an phobail.
chuir ar a chumas aige enabled him
" Ach tháinig sé slán as an gcogadh, agus mhaíodh sé gurbh é an féinoideachas a bhí riachtanach ag an am a chuir ar a chumas aige smaointe neamhghnácha a cheapadh ina shaol acadúil.
chuir ar a chumas allowed him to
" Bhí gléas athlíonta aige, rud a chuir ar a chumas a ghunnáin a athlíonadh go sciobtha.
chuirfeadh ar chumas which would allow
" Bhí Berners-Lee ag obair le CERN (An tIonad Eorpach um Thaighde Eithneach) san am agus bhí bealach de dhíth ar an eagraíocht a chuirfeadh ar chumas na n-eolaithe torthaí an taighde a roinnt.
chuir ar chumas enabled
" De réir a chéile tógadh bonneagar leathanbhanda a chuir ar chumas lucht an ghréasáin seirbhísí den chéad ghlúin eile a chur ar fáil.
chuir sé sin ar mo chumas it allowed me
" Ach bhí mé ceithre bliain ag dul dó ar fad, is dóigh, ach fuair mé an scoláireacht seo agus chuir sé sin ar mo chumas taisteal timpeall na tíre agus bualadh leis na daoine, rud nár ghá a dhéanamh ar pháipear ach ó thaobh na hoibre bhí sé riachtanach, agus ar mo shon féin bhí sé riachtanach agus ar shon na daoine a thug an t-ábhar bhí sé riachtanach.
chuirfeadh ar a chumas would allow him
" Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
chuir ar chumas enabled
" É sin agus rud tábhachtach eile a chuir ar chumas na ndaoine ní ba mhó d’ábhair an tsaoil a cheannach, mar atá, fiacha.
a chuirfeadh ar a chumas aige which would allow him
" B’é mian a chroí ar feadh a shaoil cathaoir a dh’fháilt i Seanad na Stát Aontaithe, cathaoir a chuirfeadh ar a chumas aige ómós cuí a dhéanamh dá sheanathair dall, muirneach, T.
chuirfeadh ar a chumas would enable him
" Dúirt an t-alt seo go sonrach “sa mhéid gur féidir é” go mbeadh ar Bhreitheamh a cheapfaí i gceantar ina raibh an Ghaeilge á labhairt “oiread eolais ar an nGaeidhlig agus chuirfeadh ar a chumas déanamh in éamais conganta ó fhear teangan agus fianaise a tabhairt sa teangain sin.
a chuireann ar chumas which enables
" Ach in Éirinn níl aon chóras dea-nósúil a chuireann ar chumas Éireannach is inimirceach iarraidh ar an rialtas baill dá dteaghlaigh a ligean isteach sa tír.
chuirfeadh ar chumas would enable
" Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn.
a chuir ar chumas SAM which allowed the US
" Bronnadh saoránacht Mheiriceánach ar mhuintir Phórtó Ríce sa bhliain 1917, rud a chuir ar chumas SAM scór míle Pórtó Ríceach a choinscríobh chun dul ag troid sa chéad chogadh dhomhanda.
chuir ar a chumas galf a imirt enabled one/him to play golf
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
a chuirfeadh ar chumas which would allow
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.