Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cuirtear fuinneamh gréine ar fáil let solar energy be provided
" Cuirtear fuinneamh gréine ar fáil ar fud an domhain, fuinneamh gaoithe, fuinneamh na dtaoidí.
sa spás a chuirtear ar fáil dóibh. in the space provided to them.
" Is suíomh é inar féidir le daltaí scoile agus ollscoile cuntais a chruthú dóibh féin, agus neart rudaí a scríobh agus a chur sa spás a chuirtear ar fáil dóibh.
ní chaillfear an teanga mura gcuirtear a leithéid ar fáil inti. the language won't be lost if (a daily newspaper) isn't made available in it
" Ach cé go bhfuil nuachtán laethúil tábhachtach i dtéarmaí sochtheangeolaíochta d’aon mhionteanga agus gurb amhlaidh an cás don Ghaeilge, ní chaillfear an teanga mura gcuirtear a leithéid ar fáil inti.
cuireadh ar fáil was made available
" Sa tuairisc a cuireadh ar fáil don Rialtas mí Iúil 2009, mhol Bord Snip Nua deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge.
chuirtí ar fáil would be provided
" D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
cuireadh ar fáil were made available
" Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
hacmhainní curtha ar fáil resources made available
" Tá súil as agam go mbeidh na hacmhainní curtha ar fáil a chuirfeas ar a gcumas leanstan ar aghaidh leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu.
cuireadh ar fáil made available
" Is dóigh liom gurb é seo an chéad leabhar dátheangach, Gaeilge-Bulgáiris, a cuireadh ar fáil sa tír seo.
a cuireadh ar fáil which was made available
" (Le bheith faireáilte le *Stillwater Communications*, bhí roinnt den eolas thuasluaite sa tuarascáil a cuireadh ar fáil do RTÉ ach baineadh amach é sa leagan a cuireadh ar fáil don pobal, ar chúis nach dtuigim.
ná an tacaíocht atá curtha ar fáil ag saineolaithe is the support of experts made available
" Is é an rud is suntasaí áfach ná an tacaíocht atá curtha ar fáil ag saineolaithe saor in aisce.
gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil that more scholarships be made available
" Tá cúig éileamh acu, ina measc go múinfí na teangacha áitiúla Dúchasacha san ollscoil agus go gcuirfí níos mó scolaireachtaí ar fáil do mhic léinn Dúchasacha.
chuireann idirlíon fíorghasta ar fáil ar ghutháin shoghluaiste provides a really fast internet to mobile phones
" Chomh maith leis sin, is i Meiriceá atá bunús na n-úsáideoirí 4G, ’sé sin, an gréasán móibíleach is nua a chuireann idirlíon fíorghasta ar fáil ar ghutháin shoghluaiste.
ba chóir go n-aithneodh pé maoiniú a chuirtear ar fáil any funding provided (… ) ought to recognize
" Ní beag an fhreagracht é sin agus ba chóir go n-aithneodh pé maoiniú a chuirtear ar fáil do nuachtán Gaeilge é sin.
a chuireann maoiniú ar fáil who finance
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
curtha ar fáil made available
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
curtha ar fáil dom open to me
" Coinnigh an Cloigeann ======== Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige? “Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
cuireadh taifead ar fáil a record(ing) was made available
" Go déanach i mí Aibreáin cuireadh taifead ar fáil de roinnt glaonna gutháin a rinne úinéir na foirne cispheile, na "*Los Angeles Clippers*", Donald Sterling, lena chailín V.
chuir uisce reatha ar fáil provided running water
" Muintir nach raibh sásta le geallúintí ach a chuir uisce reatha ar fáil lena gcuid allais féin.