Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuireann a bheatha i mbaol who puts his life in danger
" Tá cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin.
curtha i mbaol endangered
" Ar an chéad lá den mhí sin bhíothas ag ceiliúradh 300 bliain ó síníodh Acht an Aontais ach trí lá ina dhiaidh sin bhí stádas an Achta chéanna curtha i mbaol ag bua an SNP i dtoghchán na Parlaiminte.
gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise a delicate language is more endangered
" Ní aontaím leis an tuairim sin ach thacóinn leis an tuiscint go gcuirtear teanga leochaileach i mbaol breise gach uair a mbrúitear amach ar an imeall í as réimse eile den allagar phoiblí.
a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol which would endanger language
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.