Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cultacha costumes
" "Déanann muid cultacha fá choinne achan chineál ócáide," a dúirt sé.
cultacha ildaite brightly coloured costumes
" Tá sé mar aidhm aige dráma páise a chur ar siúl ar shráideanna na Gaillimhe agus seó a fhorbairt don stáitse ina mbeadh ceol traidisiúnta, neart gluaiseachta agus cultacha ildaite, díreach cosúil leis an chineál ruda a dhéanann an compántas Macnas ar an tsráid.
cultacha galánta fine suits
" Caitheann na hoibrithe óga seo cultacha galánta, i gcodarsnacht leis na seanéadaí atá á gcaitheamh ag na tógálaithe.
cultacha suits
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
cultacha liatha grey suits
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
cultacha speisialta cosanta special protective suits
" Bhí orthu cultacha speisialta cosanta a chaitheamh, a chlúdaigh an corp agus an aghaidh go hiomlán.
culaith shlíocaí dhubh a black slinky dress
" " Ní raibh fágtha ar an leaba anois ach culaith shlíocaí dhubh amháin.
chulaith spáis spacesuit
" Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra "gealaí" ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med*! D'éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í.
culaith ornáideach an ornate costume
" Tá hata ar a cheann agus culaith ornáideach á caitheamh aige.
chulaith cloak
" Is faoi chulaith an Bhéarla, áfach, a tháinig an chuid is mó de na logainmneacha anuas chugainn agus bíonn dianobair scolártha de dhíth le teacht ar na bunleaganacha cearta.
cultacha suits
" £73 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an Princess Royal Stand, an áit a raibh mé féin ag obair, agus cé go raibh radharc maith ón ardán, ní dheachaigh cuid mhaith de na *punters *amach air mar go raibh sé rófhuar dóibh agus iad gléasta i ngúnaí beaga nó i gcultacha.
treallchogaithe na gcultacha móihéir the guerrillas in the mohair suits
" Haughey, bhí treallchogaithe na gcultacha móihéir, gadhair nuaghnáis an rachmais – coileáin fhéindéanta TACA faoi dheifir chun gach deis a thapú ar a son féin, ar son Fhianna Fáil agus, mar a chreid siad féin, “ar son na hÉireann”.
cultacha stairiúla historical costumes
" Tá a lán buanna ag an fhoireann; is ceoltóir é Stefan, mar shampla, is bean fuála í Margaret, a dhéanann cultacha stairiúla agus is réalteolaí é Mike.
i gcultacha stríoctha dubh agus bán, in black and white striped uniforms,
" Ba mar gheall ar bhrú ón phobal seo a d'eascair córais mar cheann Sheriff Joe Arpaio in Scottsdale, Arizona, a chuir a chimí ar ais i gcultacha stríoctha dubh agus bán, ag obair i slabhraí sa bhfásach.
culaith shlíocthaí dhubh a black slinky dress
" ” Ní raibh fágtha ar an leabaidh anois ach culaith shlíocthaí dhubh amháin.
culaith a suit
" De bhrí go bhfuil oideachas aige, go gcaitheann sé culaith agus go bhfuil taithí ghairmiúil aige, tá sé "rógheal.
i gcultacha áille gleoite in lovely charming outfits
" Is ealaín dhúchasach é Kathakali ina mbíonn aisteoirí ag meascadh ceoil, rince agus míme, iad gléasta i gcultacha áille gleoite.
gculaith dhorcha ghorm a dark blue suit
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
chulaith snámha swimming gear
" Mar a tharla, bhí mo chulaith snámha agam agus chuaigh mé síos go dtí an trá chomh luath agus a bhí mo bhagáiste curtha díom san óstán.
chulaith uisce wet suit
" "Ní féidir dul ag snámh gan chulaith uisce!" Agus isteach leis lena chlár.
cultacha suits
" Níorbh fhada nó gur íocóin stíle iad beirt - beret agus collaíocht oscailte Bonnie Parker, cultacha agus giodal bréige Clyde Barrow.
culaith a suit
" Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin! - Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú? - (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé.
dearthóir cultacha costume designer
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
cultacha seanré áille beautiful period costumes
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
chulaith chogaidh combat dress
" D’fhreastail oifigigh an airm ar thórraimh agus ar shochraidí seanóirí sna sráidbhailte mórthimpeall, agus ní sa chulaith chogaidh a théidís ann, ach sa ‘full dress no.
ina culaith altra in her nurse’s costume
" Rinne Michael díolam dar teideal *"Woman*" i 1972 le grianghraf de Mary ina culaith altra le feiceáil ar an chlúdach.
gculaith táilliúrtha tailored suit
" Agus, um baist, cad faoi fhear corporáideach Winslet? Athphearsanú (i gculaith táilliúrtha Ceantar na mBall Éadach *5th Avenue*) dá Neaitsí sleamhain slítheánta sa phraiseach sin scannán le Tarrantino *‘Inglourious Basterds’* atá i dtaispeántas Chriostoph Waltz, ach ní gearánta dhom an reprise sin.
culaith a suit
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite; lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá.
fána gcultacha Domhnaigh in their Sunday attire
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce phrases, runs, flourishes
" Bíonn nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce sa chaint sin agus b’fhéidir nach dtuigfidís mórán de seo.
culaith éadaigh a suit of clothes
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
Ná culaith leathair a chaitheamh or wear a leather suit
" Ná culaith leathair a chaitheamh agus mo shainbhéic a ligean le laochra an ghrúpa.
cultacha spóirt sportswear
" - Iad siúd atá tógtha leis na cultacha spóirt, is féidir leo na leanaí a ghléasadh ar an dóigh sin fá choinne na Chéad Chomaoineach agus an Chóineartaithe.
culaith álainn nua a beautiful new suit
" *” Agus sin príomhfheidhm an cheoil sa chlár seo, culaith álainn nua a sholáthar do chathair a chaill formhór a cuid acmhainní luachmhara sa bháisteach agus sa ghaoth.
lena gcultacha faiseanta in their fashionable clothes
" B’iad Emmet Spiceland an chéad ‘boyband’ Éireannach lena gcultacha faiseanta agus stíl ghruaige.
An Chulaith Gháifeach the gaudy dress
" An Chulaith Gháifeach ======= Is í Annette Hill a bhí i mbun eagrú an chomórtais seo ‘Universal Royalty Beauty Pageant’ agus in agallamh an tseachtain sin, bhí sí á chur i gcomórtas leis na feiseanna damhsaí a bhíonn againn in Éirinn ina bhfuil an bhéim curtha ar chuma na culaithe gáifí atá lán de ghealra agus drithle.
faoina culaith seacláide in its chocolate suit
" Ní raibh aon sú talún romham faoina culaith seacláide is níor itheadh romham é sular dhrann mé le bord na sóláistí.
chruthaigh sé culaith lándathannach he created a multicoloured suit
" Sa bhliain 1937 d’oibrigh sé i gcomhpháirt leis an dearthóir Iodálach clúiteach Elsa Schiaparelli ar an ngúna gliomaigh ar baisteadh an ‘Mondrian’ air, gúna taibhseach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Yves Saint Laurent nuair a chruthaigh sé culaith lándathannach sa stíl chéanna i 1965.