Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cumasacha capable
" Amhránaithe cumasacha ======= Is deacair An Rinn a shárú ó thaobh ceoil agus cultúir de.
cumasacha capable
" Tá daoine cumasacha i saol na Gaeilge agus san earnáil ghnó, a bheadh ina gceapachán fiúntach mar phríomhfheidhmeannach ar an Fhoras; tá súil againn go ndéanfaidh siadsan a machnamh agus go seolfaidh siad a n-iarratas isteach.
cumasacha capable
" Táim cinnte go n-aithníonn tú ar a laghad roinnt de na seanadóirí cumasacha sin.
chumasach capable, strong
" Bhí a fhios agam sular bhuail mé léi ar chor ar bith gur bean chumasach, ghéarchúiseach a bhí inti, agus nach raibh mórán foighde aici le hamaidí de chineál ar bith.
cumasach capable
" Ní gá bheith an-sciliúil ná cumasach fad is atá duine in ann liathróid a chiceáil.
cumasach capable
" Tá a pháirtí fein scoilte - bhíodh sé leath ar leath ach b'fhéidir anois gur lú an tacaíocht atá ag Trimble ná an leathchuid - agus is é easpa aon duine cumasach a thabharfadh dúshlán Trimble an fáth is mó go bhfuil sé ina cheannaire ar an pháirtí go fóill.
cumasacha capable
" Tá an-mheas ag daoine sa saol gnó ar an ghradam áirithe seo de chuid Ernst and Young agus bhuaigh daoine cumasacha eile, Moya Doherty ó Riverdance, Denis O'Brien agus Eddie Jordan, é cheana féin.
cumasaí capable
" Is iomaí dráma stáitse, raidió agus teilifíse atá scríofa ag Joe Steve, chomh maith le hamhráin, dánta, scéalta agus agallaimh bheirte, agus níl dabht ar bith faoi ach gurb é duine de na scríbhneoirí is cumasaí agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh tré mheán na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
chainteoirí cumasacha capable speakers
" Bhí sé deacair teacht ar chainteoirí cumasacha ina áiteanna mar seo.
cumasach able
" Ní miste liom cad é chomh cumasach le fidléir nó le ceoltóir uirlise ar bith, tá an t-ionracas agus croí mór mar shlat tomhais agam! AÓF: Nár laga Dia thú a Mhairéad! Suíomh gréasáin: (www.
cumasacha capable
" " Tuigeann sé go bhfuil an-chuid deiseanna fostaíochta ag daoine cumasacha sa lá atá inniu ann agus nach bhfuil an státseirbhís chomh tarraingteach is a bhí le linn a óige siúd, ach tá sé cinnte nach bhfuil deacracht ag an státseirbhís daoine ag a bhfuil cáilíochtaí an-arda a mhealladh fós.
cumasach able
" Ní gá dom a rá nár thuigeas focal den teanga mhistéireach theibí a bhí in úsáid aige, agus nár mhór an náire a bhí ormsa, an t-aon Éireannach sa halla, nuair a bhí orm iarraidh ar an gcailín Seiceach in aice liom mo rince náisiúnta féin a aistriú go Béarla agus a thaispeáint dom sa tslí is go bhféadfainn coinneáil suas leis na rinceoirí cumasacha timpeall orm! *Ar leanúint an mhí seo chugainn* Is as Ciarraí é Pádraig Ó Liatháin.
cumasach capable
" Sin ráite, caithfidh mé a rá gur bhuail mé le roinnt oibrithe óga sealadacha a bhí iontach cumasach agus díograiseach.
seinnteoir cumasach capable player
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
foireann chumasach dhíograiseach an enthusiastic capable team
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
eagarthóirí cumasacha capable editors
" " Deir sé gur cuidiú mór a bhí ann fosta eagarthóirí cumasacha a bheith ag plé leis an saothar.
cumasach capable
" Tá borradh faoin DUP faoi láthair i ndiaidh thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna anuraidh agus is iarrthóir cumasach é Allister.
comharba cumasach able successor
" Is léir go ndearna Brian Cowan an-dul chun cinn le linn a thréimhse sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; éireoidh chomh maith céanna leis cibé áit a rachaidh sé agus tá comharba cumasach, Dermot Ahern, tagtha ina áit.
chumasaigh capable
" " Tá mé cinnte, dála *Yu Ming Is Ainm Dom*, go gcloisfear go leor faoin scannán seo agus faoi shaothair eile de chuid an stiúrthóra chumasaigh seo sna blianta atá amach romhainn.
cumasacha capable
" Bhog daoine cumasacha ó chúlra sóisialach ón pholaitíocht isteach sna ceardchumainn agus grúpaí pobail, agus d'fhág an pholaitíocht leamh a chleachtítear sna Sé Chontae ag na polaiteoirí.
cumasach capable
" Bhí beirt iarscoláirí de chuid mo scoilse sa chomhluadar agus ba iad a bhí cumasach i mbun na maidí.
cumasach capable
" Marc: C Ciarraí ======= *Breandán Mac Gearailt (FF)* Fear cumasach, Gaelach a bhfuil taithí fhairsing aige.
cumasach capable
" Dream cumasach ======= Is dream cumasach iad muintir Thuathail Pittsburgh.
chomh cumasach as capable
" B’fhéidir go mbeadh mí-ádh ar bhainisteoir imreoir a chailleadh tré ghortú nó tinneas agus gan imreoir chomh cumasach aige lena áit a thógáil, ach taobh amuigh de na gnéithe sin atá taobh amuigh de smacht an bhainisteora, is ar an mbainisteoir atá an fhreagracht.
daoine an-chumasacha agus fláithiúla very able and generous people
" Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
cumasach capable
" Má bhí sé conspóideach, bhí sé cumasach, agus bhí an-stíl iomána aige.
cumasacha capable
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí neamhoifigiúla, gur cúigear iad a bhaineann ó dhúchas le contaetha phríomhroinn na hiomána agus dá réir sin ba chóir go mbeadh a gcuid ‘stuif’ ar eolas acu, mar a deir fear an Bhéarla! Ar an bpainéal agallaimh bhí daoine cumasacha, eolacha ar nós Nicky English, Pádraig Ó Dálaigh (Ceannasaí na gCluichí in Ardoifig CLG) agus daoine cáilithe ón taobh amuigh de CLG.
cumasach capable
" Tá an tAthair Mícheál Mac Gréil, fear cumasach agus fear eile a bhfuil fís aige, mar phátrún againn.
an-chumasach very accomplished
" File an-chumasach ab ea é a rugadh sa bhliain 1877, i Ré na dTeampán i Sliabh gCua.
an-chumasach agus an-sciliúil very capable and very skillful
" Bíonn cuid de na cluichí chomh leadránach le péint ag triomú, ach é sin ráite bíonn cuid de na cluichí ar fheabhas ar fad agus iad lán imreoirí atá an-chumasach agus an-sciliúil.
daoine oilte, cumasacha trained, capable people
" Tá seirbhís riachtanach á soláthar againn atá ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi.
i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu in light of the able players they were missing
" Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.
cumasach capable
" Tá sí cumasach, níl aon dabht faoi sin.
agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo and that success beckons for this capable young painter
" ” Maidir leis an todhchaí, is cinnte go bhfuil na tuartha go maith agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo.
baicle bheag chumasach a small able group
" Ainneoin ceisteanna comhshaoil a bheith go mór idir chamáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ainneoin baicle bheag chumasach de Theachtaí a bheith acu faoi láthair, níl an chosúlacht ar an scéal go ndéanfaidh siad an oiread sin dul chun cinn.
cumasach féinmhuiníneach capable and self-confident
" Cumasach agus féinmhuiníneachBa dhuine cumasach féinmhuiníneach í Jeannie.
go cumasach ably
" Tá ceol traidisiúnta atá bríomhar agus snasta le fáil air agus liricí comhaimseartha a chuireann Andrew Murray i láthair go cumasach lena ghuth eisceachtúil.
mar pholaiteoir ionraic cumasach, as an honest and capable politician,
" Breathnaítear go fairsing air mar pholaiteoir ionraic cumasach, agus ar ndóigh tá aithne air cheana féin óna fheachtas leasuachtaránachta in 2004.
mar dhuine cumasach as a capable person
" Is sna réimsí seo a thuill sé cáil mar dhuine cumasach ó thaobh na hidirbheartaíochta agus an éascaithe de.
thar a bheith cumasach extremely capable
" Fiú *mura* mbeadh go leor airgid agat, *sure* nach dóigh leat go n-íocfadh Seán as ar do shon?’ Smaoinigh mo mháthair ar feadh soicind agus ansin dúirt sí, ‘Ach cad é mar a bheadh an t-airgead ag Seán le híoc as? An bhfuil airgead aige?’!” Saol acadúil agus gnó Nuair a léann tú CV Peter ar shuíomh gréasáin a chomhlachta, PQCS, is léir gur fear thar a bheith cumasach é i dtéarmaí acadúla.
cumasach capable
" Tá Brendan Ryan ar an liosta agus is duine breá ábalta agus cumasach é gan amhras.
foireann óg chumasach, a capable young team,
" Tá an triúr seo agus foireann óg chumasach, idir Éireannaigh agus Indiaigh, ag iarraidh cnuasach a chur le chéile ina mbeidh sleachta éagsúla ó scríbhneoireacht an dá chultúr, ag dul siar go dtí an mhiotaseolaíocht, go dtí an fhilíocht, agus iad a chur i gcomparáid lena chéile.
mar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá ré. as one of the most able actors of his era.
" Samhlaigh seo fosta: Bhí clú ar John Wayne – nó Marion Michael Morrison! – mar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá ré.
de cheal aistritheora atá cumasach go leor, due to a lack of translator who is sober enough,
" Seans go mbeidh Ambasadóir na Gearmáine ag dul thart i mbliana ag cuartú duine le héisteacht leis, le go míneodh sé a chás i nGaeilge na Gearmáine, ach seans go n-éireoidh sé as de cheal aistritheora atá cumasach go leor, nó sóbráilte go leor fiú.
ceoltóir cumasach. capable musician
" Léiríonn sé nach raibh teagmháil dháiríre acu riamh le hamhránaí nó le ceoltóir cumasach.
daoine maithe cumasacha good able people
"daoine maithe cumasacha de chuid Fhine Gael ina suí faoi láthair ar bhinse an fhreasúra – leithéidí Olwyn Enright, Alan Shatter agus Simon Coveney.
cumasach capable
" Ach tá sé cumasach i mbun pasála agus go maith ag seachadadh na liathróide chuig a chuid comhimreoirí nuair a bhíonn sé faoi bhrú.
an-chumasach very able
" Bhí an Taoiseach féin agus Micheál Martin an-chumasach, ach eisceachtaí a bhí iontu siúd.
go cumasach very ably
" Bhí ionadaithe na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí i láthair ag an gcomhdháil go mór faoi thionchar Strong, a bhí ag stiúradh gach ruda go cumasach.
cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic wise, capable, assured and honest
" Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa ná an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.
cumasach powerful
" Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
sách cumasach powerful enough
" Feiceann an Fhrainc iad féin mar chultúr láidir, sách cumasach le seasamh in éadan gach a dteilgfidh Hollywood leo.
cumasach able, solid
" Aire cumasach mar sin féin, ach nach bhfuil oiread toradh ar a cuid saothair is a measadh a bheadh.
cumasach capable
" Mar is eol do leath na tíre, ba iománaí cumasach é Setanta ar fhoireann Chorcaí sular fhág sé Éire ag tús 2004 chun tabhairt faoi Aussie Rules san Astráil.
chumasach capable, strong
" Agus is cóir cuimhneamh go ndeir oifigigh na tíre seo a oibríonn sa Bhruiséil go bhfuil an caipiteal polaitiúil agus an taidhleoireacht chumasach i bhfad níos tábhachtaí na meáchan na vótaí.
chumasach capable
" Tá an staisiún sé bliana déag ar an saol i mbliana agus é faoi stiúir chumasach Mhuiris Uí Fhiannachta agus a fhoireann.
cumasach capable
" Bhí triúr ar an bpáirc an lá sin a ainmníodh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise: Christy Ring (38), an tosaí cumasach as Chorcaigh, a bhí ag tíocht ag deireadh a ré; John Doyle (30), an fear láidir scafánta ó Thiobrad Árann a bhí i mbarr a mhaitheasa; Jimmy Doyle (20), an gréasaí ciotógach as Dúrlas Éile, a chabhraigh le Tiobraid Árann cluichí go leor a bhuachaint lena chruinneas chun scóranna a aimsiú.
cumasach capable
" Is beag ollpháirtí eile san Eoraip a bhí chomh cumasach le Fianna Fáil i mbun polaitíochta, ag déanamh athnuachan ar a dhúnghaois de réir mar ba ghá agus ag coinneáil greim ar chumhacht.
chumasach powerful
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
cumasacha capable
" Ach trí scileanna tumoideachais agus cainte agus cumarsáid bhéil a bhaineann leis an saol réadúil, laethúil a mhúineadh do dhaoine, cruthaíodh cainteoirí nua, cainteoirí breátha cumasacha, i gcúig cinn agus fiche de theangacha éagsúla.
cumasacha capable
" Bhí daoine díograiseacha cumasacha i gcónaí ann a rinne obair mhór ar son na Gaeilge agus bhain siad go leor amach, ach b’fhéidir go rabhamar lag ó thaobh na pleanála teanga de roimhe seo.
is cumasaí most capable
" Más é seanaois Zanetti – duine de na himreoirí cosanta is cumasaí agus is gairmiúla dá bhfuil ag imirt san Eoraip i láthair na huaire – an rud atá ag déanamh tinnis do Maradona, cén fáth ar roghnaigh sé Juan Sebastián Verón atá 35 bliain d’aois agus atá ag imirt a chuid peile i sraith na hAirgintíne.
chumasach solid, capable
" Ní bheidh aon chinnteacht seilbhe acu a thuilleadh agus shamhlófá go mbeidh sé doiligh go leor acu foireann chumasach a earcú dá bharr.
chumasach sound, proper
" Fiafraíonn sé di, ar mhaith léi go ngearrfadh sé a chroí óna ucht (leis an scian a chaith sí leis!) Gan aisteoireacht chumasach, d’imeodh líne mar seo amú agus theipeadh ar an radharc ar fad.
cumasach capable
" Tá an triúr seo aitheanta go forleathan ina gcáilíochtaí féin – is aisteoir cumasach é Ó Tuairisg agus lear mór oibre déanta aige do TG4; tá gradam Grammy bainte ag Kilduff agus obair déanta aige le U2, na Waterboys agus Clannad agus is ar dhearadh láithreáin stáitse is mó atá aithne ar Dhara Mc Gee agus tá obair déanta aige le déanaí d’An Béal Bocht le Myles na gCopaleen agus do Cré na Cille, le Máirtín Ó Cathain.
cumasach capable
" Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
cumasach capable
" Ó shin i leith chuir Assange a lámh i réimse leathan oibre ríomhaire, agus rinne sé ainm dó féin mar ríomhchláraitheoir cumasach.
cumasach capable
" Leagann Pól síos sa Tiomna Nua na tréithe atá de dhíth ar easpag nó ar shagart: ba chóir dó a bheith cumasach i gcúram teaghlaigh agus ba chóir dó a bheith monagamach.
cumasach sound, capable
" Dílis do Fhine Gael ========= Mar gheall ar an gcíorthuathail ina bhfuil cúrsaí polaitíochta, tá deis iontach tugtha don Lucht Oibre, duine cumasach ón eite chlé a chur i gceannas an chéad rialtas eile.
an-chumasach very capable
" “An tréimhse sin, bhí an Irish Times ag scríobh orainn mar “savages” ach tá Gerry Adams an-chumasach agus smaoinigh sé ar bhonn nualaíoch agus as sin a d'fháisc Féile an Phobail.
cumasach capable
" Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
ceannaireacht chumasach capable leadership
" Faoi láthair tá ag teip ar thíortha láidre na hEorpa – an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe – ceannaireacht chumasach a thabhairt don Aontas in uair na cinniúna.
cumasach capable
" Cé go bhfuil dearmad déanta anois air, ba scríbhneoir cumasach é Cassady.
d’fhoilsigh siad aiste chumasach air they published an excellent essay about it
" Is deacair buanna éagsúla an drámadóir teilifíse Mheiriceánaigh David Milch a achoimriú go ginearálta cé gur éirigh go geal leis an New Yorker cúpla bliain ó shin nuair a d’fhoilsigh siad aiste chumasach air darbh ainm, The Misfit.
inste go cumasach told powerfully
" Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar.
inste go cumasach told powerfully
" Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar.
ceoltóir cumasach a proficient musician
" An t-eagraí ceoil atá againn, is bean í, Neansaí Ní Choisteala, ceoltóir cumasach í féin.
Daoine Cumasacha capable people
" Daoine Cumasacha ======== **SMM: An bhfuil siad ag athrú na gcláracha, ó thaobh ábhair?** ENíCh: Ní dóigh liom é.
dhá fhoireann chumasacha two strong teams
" Léiriú ar dhul chun cinn na peile sa chathair seo gurbh fhéidir le cumann na bhFillos dhá fhoireann chumasacha a chur chun páirce, agus gan an cumann céanna ach dhá bhliain ar an saol.
daoine cumasacha capable people
" Is léir nach raibh daoine cumasacha i gceannas ar an tír le linn aimsir an tíogair.
Scéimhlitheoir cumasach one powerful in brinkmanship
" Scéimhlitheoir cumasach ab ea Vidal, ach scéimhlitheoir a bhain daoine dá mbonnáin le focail, seanstraitéis Mheiriceánaigh eile a linne cosúil le Cleanth Brooks agus W.
foirne cumasacha strong teams
" Cad a thiocfaidh as leathnú na gné seo den chultúr Éireannach? An gcuirfidh sé le cúis lucht na scarúna, agus an mbeidh ábhar bolscaireachta eile acu dá bharr? An ndéanfar tionscal eile de? An mbeidh foirne cumasacha sna baill seo amach anseo? Is maith an scéalaí an aimsir, ar ndóigh.
Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge the capable OnaG staff organise
" Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge gach rud go paiteanta agus go pointeáilte, agus fágann siad an chraic fúinn féin.
achoimre chumasach ar an éagóir úd a capable summing up of that injustice
" ” Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: *“He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin.
Báireoir cumasach sacair a powerful soccer player
" Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr ach is i ngort eile ar fad a dhein an t-eolaí Danmhargach seo an t-aicsean a thuill clú is cáil dó ar fud na cruinne.
liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach arriving onto the list of the most capable young men
" D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i *Silicon Valley*.
glúin de chruthaitheoirí cumasacha a new generation of powerful creators
" “Tá alltacht ar dhaoine áirithe faoin méid ata bainte amach ag na dojos ach tugann sé misneach dom go bhfuil glúin de chruthaitheoirí cumasacha ag teacht chun cinn”, a deir sé.
ina phíobaire cumasach uilleann chomh maith a powerful u. piper also
" Cé shamhlódh go mbeadh Caitliceach choíche ina Ard-Aighne ó thuaidh? Nó go mbeadh Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an tuaiscirt ina Ghaeilgeoir Caitliceach - agus ina phíobaire cumasach uilleann chomh maith! Tá aithne agam ar dhochtúir a dúirt liom nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann a mbíodh sé ag obair inti.
is cumasaí sa bhfreasúra most capable in the opposition
" ’Sí Mary Lou Mc Donald an duine is cumasaí sa bhfreasúra.
faoi cheannas cumasach under the capable leadership
" Bhí fuinneamh iontach i nGaeltarra ag an am, faoi cheannas cumasach an Bhleá Cliathaigh, Cathal Mac Gabhann.
is cumasach mar a chíorann sé na hathruithe he scrutinizes in a powerful manner
" Scríbhneoireacht ghlé líofa a chleachtann O Donnell agus is cumasach mar a chíorann sé na hathruithe a tháinig ar chur chuige straitéiseach an IRA ón mbliain 1968 ar aghaidh.
fé stiúir triúir cumasach directed by three capable people
" B’é The Tallest Man in the World tionscnamh 2013, dráma a bhí fé stiúir triúir cumasach sa Triskel Arts Centre.
Shníomhfadh scoil chumasach mar sin a powerful school like that would weave
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
go cumasach is go cliste powerfully and wisely
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
cumasaigh enable
" Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras *TalkBack*: ● Déan nascleanúint iomasach ● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid ● Tabhair lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora) ● Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh ● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha nó cumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim ● Bain triall as tú féin.
muintir cumasach capable people
" A shliocht orthu, tháinig Raidió agus Teilifís aniar le muintir cumasach na 1970aidí agus na 80-90aidí.
imreoir cumasach a capable player
" Is imreoir cumasach é, chomh cumasach sin gur roghnaíodh é ar fhoireann mhionúr an chontae sa pheil agus san iomáint dhá bhliain i ndiaidh a chéile, go bhfuil sé anois ar phainéil pheile agus iomána an chontae sa ghrád faoi bhliain is fiche.
chomh cumasach sin so capable
" Is imreoir cumasach é, chomh cumasach sin gur roghnaíodh é ar fhoireann mhionúr an chontae sa pheil agus san iomáint dhá bhliain i ndiaidh a chéile, go bhfuil sé anois ar phainéil pheile agus iomána an chontae sa ghrád faoi bhliain is fiche.
níos cumasaí ná mé féin more capable than myself
" ● Le linn taighde don alt seo, léigh mé scríbhneoirí níos cumasaí ná mé féin ag tabhairt faoi bhunús na teicneolaíochta seo.
don imreoir géar cumasach for the powerful sharp player(s)
" Tá an leabhar seo scríofa don ghnáthphobal, don duine óg nach bhfuil eolas ar bith aige faoin gcluiche, don imreoir géar cumasach gur maith leis snas a chur ar a scileanna imeartha chun buachan ar a chairde agus don duine uaillmhianach a dteastaíonn uaidh pairt a ghlacadh i gcomórtais fichille.