Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curtha ó mhaith rendered obsolete
" (Seamus Heaney) Bhraith mé go leor mothúchán agus mé ag éisteacht leis an raidió le linn don Ghinearál John de Chastelain bheith ag tabhairt le fios go raibh gunnaí an IRA curtha ó mhaith.
a chur ó mhaith to nullify
" Tá an twitterati in ann luach na mílte punta de chaingin chúirte a chur ó mhaith le scríob amháin den mhéarchlár.
a chur ó mhaith to neutralize
" Ní raibh acu ach clogad, feadóg, buicéad lán le gaineamh agus caidéal láimhe chun dochar na mbuamaí a chur ó mhaith agus tinte a mhúchadh! Phós Jim McCartney agus Mary Mohin i Aibreán 1941.
a chur ó mhaith undo, send awry
" Bheadh an choimhlint níos géire dá bhrí sin, rud a bhí, agus bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh brú nó tinneallaí, mí-ádh nó leochaileacht dhaonna beartais agus taicticí Katie a chur ó mhaith in am ar bith.
a chur ó mhaith to take out
" Má tá an ceart acu, ní fiú dul chun sleanntrach leo, nó dá n-eitlídís céad nó leathchéad ladrann amach as an Tuirc leis an Iaráin ‘a chur ó mhaith’ ní fios dóibh nach dtionfaí san aer iad ina n-éadan féin agus a gcuid diúracán a chartadh le haonaid ECAT nó le cathair Ancara.
ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith in which it would be allowed to relinquish the foetus
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.