Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur ar ceal to cancel
" Bhí sé i gceist againn a bheith i gCeantar na nOileán anuraidh ach bhí orainn gach rud a chur ar ceal de bharr na ndeacrachtaí a bhí ann ag an am leis an ngalar crúibe is béil.
a chuir ar ceal who cancelled
" Tá turasóirí eile ann, áfach, a chuir ar ceal a saoire in Cogne (ionad scíála a dtarraingníonn na sluaite air), agus eagla orthu go bhfuil an dúnmharfóir fós ansin ag maireachtáil i measc ghnáthdhaoine na háite.
é a chur ar ceal to cancel it
" Rinne muid coinne a shocrú cúpla babhta ach bhí uirthi é a chur ar ceal de bharr go raibh brú oibre chomh mór sin ar Ó Céidigh.
curtha ar ceal cancelled
" Gan ann ach fanacht agus fanacht go ciúin sa dorchadas ansin i bpluais neodrach, ina raibh an t-am reoite nó curtha ar ceal.
Riail 42 a chur ar ceal to revoke Rule 42
" Agus gan ach thart ar mhí le dul roimh Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael, tá níos mó brú ná riamh ar údaráis an CLG Riail 42 a chur ar ceal agus sacar agus rugbaí a cheadú den chéad uair riamh i bPáirc an Chrócaigh.
a chur ar ceal to cancel
" Oakley Hall - an tuairim in iúl gur cheart an pharáid a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí.
curtha ar ceal cancelled
" Chomh maith leis sin, tá leabhar eile leis an údar a bhí le foilsiú níos deireanaí i mbliana curtha ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach? Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" Bíonn fadhb ann i gcónaí leis an eitleán - bíonn sé mall nó bíonn an eitilt curtha ar ceal, mar shampla.
a chur ar ceal to cancel
" “Nuair nach mbíodh airgead agam, bhíodh orm téarma a chur ar ceal – rinne mé é sin go minic, go háirithe an bhliain a chuaigh mé ar ais go hÉirinn.
hobráidí a chur ar ceal cancelling operations
" Meastar fosta go gcaitheann an earnúil sláinte corradh le €150m gach bliain ag dul i ngleic leis an tinneas, idir an costas breise a bhaineann le hobráidí a chur ar ceal, cógaisí frithbheathacha a cheannach agus síneadh ama a chur leis an tréimhse a chaitheann othair in ospidéil.
an pionós báis a chur ar ceal to rescind the death penalty
" Tá rialtas na hAstráile tar éis impí ar rialtas Singapore an pionós báis a chur ar ceal ach níor mhínigh siad go poiblí cén fáth go mbeadh sé ceart go leor daoine as tíortha eile a chur chun báis i gcás mar seo ach nár chóir é a dhéanamh i gcás daoine as an Astráil.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal. in the absence of a mention being table by the Houses of the Oireachtas to cancel them
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
curtha ar ceal. cancelled.
" Níos measa ná sin, bhí an coláiste i dTeach Cholm Cille curtha ar ceal.
chur ar ceal to cancel
" Ciallaíonn na seirbhísí seo gur féidir na costais a bhaineann le pacáistí bogearraí a cheannach a sheachaint (caithfidh tú íoc astu ar ndóigh, ach ní íocfaidh tú ach méid beag gach mí - agus is féidir leat an síntiús a chur ar ceal aon uair is mian leat).
chur ar ceal to cancel
" Ní mór seirbhísí áirithe a chur ar ceal.
chur ar ceal abolish
" Tá sé in am, dar le heagarfhocal an nuachtáin Libération a foilsíodh ar an 14/15 Márta, an dlí seo a chur ar ceal má tá brí ar bith leis an bhfocal ‘solidarité’!
chur ar ceal to cancel
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
chuir siad ar ceal they cancelled
" Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
aon ní a chur ar ceal to cancel anything
" Ach, mar a deirim go minic, níor chóir dúinn in Éirinn go háirithe aon ní a chur ar ceal mar gheall ar chúpla braon báistí.
chur ar ceal to cancel
" Tá Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" Níos measa ná sin, ní féidir an t-aitheantas Gaeltachta atá bronnta go héagóireach ar na heastáit tithíochta seo i gCathair na Gaillimhe a athrú, gan reachtaíocht nua! An chumhacht a bhíodh ag an rialtas, i dtaobh theorainneacha na Gaeltachta a athrú, do réir mar ba ghá, tá sé curtha ar ceal ag Mír 7 de Acht na Gaeltachta 2012.
a chur ar ceal to nullify
" 3 a chur ar ceal, le go mbeifí in ann reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh i gcásanna áirithe: cailíní faoi 16 ag iompar, mná ag iompar tar éis a éignithe, toirchis fhabhtacha áirithe agus mar sin de.
an clár a chur ar ceal áfach however to drop the program
" Bheartaigh an bhainistíocht an clár a chur ar ceal áfach cúpla seachtain ó shin, gan trácht fiú ar chaighdeán na haisteoireachta agus na drámaíochta sa tsraith speisialta seo.
a chur ar ceal ended
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
chur ar ceal to cancel
" Chaith siad go leor caipiteal polaitiúil amú air seo, agus ar bhealach níor éirigh leo fós an scéal seo a réiteach mar bhí orthu an plé faoina rátaí a chur ar ceal go dtí tar éis na dtoghchán áitiúil.
a chur ar ceal to abolish
" 3 sa Bhunreacht, a chosnaíonn an bheatha sa bhroinn, a chur ar ceal.