é a chur faoi bhráid an Uachtaráin
to submit it to the President
Mar shampla, de réir Alt 27 má chreideann móramh an tSeanaid agus an tríú cuid den Dáil gur chóir tuairim an phobail a lorg ar bhille a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, tá ar a gcumas
é a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
curtha faoi bhráid an rialtais
submitted to the government
Tá moladh
curtha faoi bhráid an rialtais acu cheana féin do chóras *metro* a dhéanfadh freastal ní hamháin ar chustaiméirí an aerfoirt ach fosta orthu siúd a bheadh ag triall ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ar Ospidéal an Mater.
chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann
he submitted a report to the Broadcasting Council for Northern Ireland
Le gairid,
chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann.
go gcaithfear é a chur faoi bhráid choiste Seanaid
that it has to be submitted to a Senate committee
Níl an freasúra sásta leis an gcomhaontú (nó ar a laghad an méid atá ar eolas faoi go dtí seo) agus tá siad ag rá
go gcaithfear é a chur faoi bhráid choiste Seanaid chun an 500 leathanach atá ann a scrúdú.
iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra
to submit an application to the governor
Iarratas
=======
Chun gur féidir le príosúnach den Chineál A cuairt a fháil ó dhuine éigin, caithfidh sé
iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra ar fhoirm oifigiúil agus ainm agus seoladh an chuairteora air.
Chuir siad an smaoineamh faoi bhráid na Comhairle Ealaíon
they submitted the idea to the Arts Council
Chuir siad an smaoineamh faoi bhráid na Comhairle Ealaíon in 1987, ach ó Chomhairle Ealaíon an tuaiscirt a fuair siad tacaíocht ar dtús.
ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
that should be put before the public.
Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí
ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
and submitting applications to commissioning editors.
Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint
agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
iarratas a chur faoi bhráid
submit an application
Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air
iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách,
he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí,
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh
submit to the European Commission
De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na speiceas atá liostaithe acu a
chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana.
a chur faoi bhráid na n-údarás
submit to the authorities
B’éigean d’easaontóirí iarratas
a chur faoi bhráid na n-údarás le cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna.
Chuir sé moladh faoi bhráid
he made an offer to
Chuir sé moladh faoi bhráid an Fhorais agus glacadh leis.
a chur faoi bhráid
to submit
Fuair mé freagra ar ais uaidh láithreach bonn inar dhúirt sé go ndéanfadh seisean an iris a chur le chéile dom!
I dtrátha an ama chéanna, thosaigh grúpa againn ag smaoineamh ar iarratas
a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge don chonradh a bhí á thairiscint acu chun iris Ghaeilge a chur ar fáil go míosúil.
chur faoi bhráid
to present
Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an Ghaeilge a
chur faoi bhráid an phobail Phrotastúnaigh?
Measann Mac Póilin go ndearnadh normalú áirithe ar an Ghaeilge sa tsochaí ó thuaidh agus creideann sé go bhfuil sí níos inghlactha, fríd is fríd.
chur faoi bhráid na ndaoine
to present to the people
Tá súil agam go mbeidh sa chéad Dáil eile freasúra le prionsabal den eite chlé, fiú amháin más ceathrar, cúigear nó seisear athá ansan, chun freasúracht de shaghas eile ar fad a chur ar siúl agus chun malairt polaitíochta agus malairt eacnamaíochta a
chur faoi bhráid na ndaoine agus ins an tslí sin, abair, agus gluaiseacht nua a thógaint i measc cosmhuintir na tíre seo, chun polasaí agus polaitíocht agus eacnamaíocht nua ar bhonn nua a chur chun cinn.
chur faoi bhráid
to present to
Tá sé beartaithe ag an bpáirtí bille a
chur faoi bhráid na parlaiminte sna míonna amach romhainn le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach.
chur faoi bhráid
to bring to the notice
Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur éirigh le Ann agus Eileen Gillespie, as an Bhun Beag, Gaoth Dobhair litreacha a smuigleáil ó sciathán speisialta i bPríosún Durham agus a
chur faoi bhráid cheannairí an rialtais.
chuir faoi bhráid an phobail
showed to the public
Faoi Athmheas
=======
Foilsíodh leabhair agus staidéir go leor thar na blianta a
chuir faoi bhráid an phobail an cruthúnas go mbíodh bainistíocht úsáide talún ar siúl ag an mhuintir dhúchais ar feadh mílte bliain sular cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
fianaise aigéad dí-ocsairibeanúicléasach a chur faoi bhráid choiste na cúirte
to present to the jury dioxaribenucleasar acid evidence
Lagan Fianaise
======
Ní raibh an fhoireann ionchúisimh in ann
fianaise aigéad dí-ocsairibeanúicléasach a chur faoi bhráid choiste na cúirte ag triail Stokes, agus bhí siad ag brath beagnach go hiomlán ar fhianaise Mc Laughlin dá bhíthin sin.
fírinne ceilte éigin a chur faoi bhráid an phobail
to make known publicly some hidden truth
Ní hionann sin is a rá nach raibh agus nach bhfuil contúirt i gcónaí ann do dhaoine, arb é a ndualgas,
fírinne ceilte éigin a chur faoi bhráid an phobail.
a chur faoi bhráid an phobail
making it public
Déanfaidh an tAire cinneadh in am tráth, áfach, maidir le haon phríomhthoradh a bheadh ag eascairt as
a chur faoi bhráid an phobail.
le cáipéis a chur faoi bhráid
to present documents to
Agus mé á scríobh seo (22 Nollaig), tá an toiscaireacht
le cáipéis a chur faoi bhráid na bpáirtithe agus tosóidh an idirbheartaíocht Dé Luain.
curtha faoi bhráid
made available to
Tá an t-achomharc seo
curtha faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise le beagnach bliain anois agus gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill a bhaineann le rialú a dhéanamh ina leith.
chur faoi bhráid an
submit to the
De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga 1992, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na scothaicmí atá liostaithe acu a
chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana.
aighneas a chur faoi bhráid
to make a submission to
Max Bromson, nach Maireann
===========
Tá deis ag eagrais agus daoine aonair
aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra.