Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena chur in oiriúint to adapt it
" Dá mbeadh ábhar maith ar fáil do lucht bunscoile agus meánscoile féin, bheadh gá fós lena chur in oiriúint do dhaoine fásta, ach mar atá, is beag uilig atá le fáil, in aon áit, ag aon leibhéal i dteagasc scileanna litearthachta do chainteoirí dúchais Gaeilge.
caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha they must be adapted to suit contemporary life
" Ag an am céanna, caithfear spriocanna a leagan síos an t-am ar fad agus caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha.
á chur féin in oiriúint adapting his style
" AÓC: Tá, mar ciallaíonn sé seo gur féidir leat éisteacht le leithéidí Willie Clancy agus é ag seinm leis féin, gan air a bheith á chur féin in oiriúint do cheoltóir ar bith eile.
a chur in oiriúint don Ghaeilge to adapt to suit Irish
" Tá méid ollmhór oibre déanta ar theangacha eile agus caithfimid an obair sin a chur in oiriúint don Ghaeilge.
a chur in oiriúint do to adapt to
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
a chur in oiriúint to adapt
" Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air.
Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam as I was getting the dictaphone ready
" Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam ag an tús, deirim léi gur fágadh san abar mé cúpla uair de dheasca mhí-iompar an deachtafóin seo.
le cur in oiriúint don phíosa ceoil, to suit the piece of music,
" Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg.
curtha in oiriúint made suitable
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
a chur in oiriúint don cheol. to make suitable, appropriate, for the music
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
chur in oiriúint to fit, climatize
" Bíonn orthu a n-iompar agus i gcásanna áirithe, a gcolainn a chur in oiriúint.
chur in oiriúint to apply
" 
Ba é an aidhm a bhí ag an CRD ná ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha coimhthíocha a raibh coimhlintí iontu a socraíodh trí idirbheartaíocht agus iad a chur in oiriúint d'Éirinn, thuaidh agus theas.
curtha in oiriúint go húrnua newly arranged
" "D'iarr Strollers Touring Network orm camchuairt a dhéanamh, mé féin agus duine eile b'fhéidir, ach mhol mise go ndéanfainn coirmeacha in deich gcinn d’ionaid le 10 gcór áitiúla" agus sin an rud a rinne sí, ag ceol amhrán óna díolaim Pages curtha in oiriúint go húrnua do chóir ó Bhaile an Chollaigh go dtí an Uaimh.
chur in oiriúint dá chéile to bring into line with each other
" Tá roinnt constaicí ag baint leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta seo chun imirce is forbairt a chur in oiriúint dá chéile.