Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur san áireamh taking into consideration
" Is leor go fóill ag cur san áireamh na ganntanas foirne atá san áit.
ag cur san áireamh taking into consideration
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach they didn't take into consideration the unionist community
" Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach mar phobal a raibh saol acu féin, agus nach n-imeodh mar a shlogfadh an talamh iad nuair a d'imeodh na Sasanaigh.
ag cur san áireamh taking into consideration
" Glactar leis freisin go ndéanfar athbhreithniú air seo gach cúig bliana, ag cur san áireamh an ráta náisiúnta boilscithe.
ba cheart é sin a chur san áireamh that should be taken into consideration
" Tá cearta thar an gcoiteann ag an bpíb uilleann aitheantas a bheith aici mar uirlis cheoil náisiúnta na hÉireann agus ba cheart é sin a chur san áireamh nuair a bhíonn tacaíocht stáit á lorg.
a chur san áireamh to take into account
" Ní mór cúrsaí geilleagair na tíre agus polasaithe an rialtais a chur san áireamh chomh maith.
curtha san áireamh taken into consideration
" Ní éiríonn le gach déagóir plean chomh dian seo a leanúint, áfach - agus tá sé seo curtha san áireamh ag True Love Waits chomh maith.
a chur san áireamh to take into consideration
" Gan dearcadh bhaill an CLG sna Sé Chontae a chur san áireamh, thabharfadh an pobalmheas seo le fios go bhféadfadh tromlach de bhaill an CLG sa stát seo ann féin a bheith i gcoinne sacar agus rugbaí a cheadú i bPáirc an Chrócaigh.
Caithfear a chur san áireamh it must be taken into consideration
" (Caithfear a chur san áireamh go raibh timpeall nócha faoin gcéad de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh.
a chur san áireamh to take into consideration
" Conas, mar sin, ar féidir comparáid a dhéanamh idir an tír seo agus aon tír eile san Eoraip? Cen mhaith a bheith ag caint faoin ollchaiteachas sa chóras sláinte nuair is soiléir go gcaithfear daonra na tíre a chur san áireamh agus an caiteachas sin á mheas? Go hidirnáisiúnta, nuair a bhíonn na heacnamaithe ag plé cúrsaí caiteachais, déanann siad tagairt don chaiteachas mar chéatadán den Olltáirgeacht Intíre (OTI).
a chur san áireamh to take into consideration
" Dar ndóigh, déanann cluiche aithimeartha neart airgid bhreise don CLG ach ní cóir é sin a chur san áireamh.
á gcur san áireamh being taken into consideration
" "Má scaoiltear le forbairt tithíochta i gceantair ar nós an Spidéil, gan cúrsaí teanga a bheith á gcur san áireamh, ní fada go bplúchfar an Ghaeilge in áiteanna mar é,” a deir sé.
caithfear sin a chur san áireamh that must be brought into consideration
" Ach tá pobal na hÉireann i ndiaidh athrú agus pobal ilchultúrtha atá ann anois agus caithfear sin a chur san áireamh freisin.
gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh without taking into consideration your ability to repay
" Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh.
curtha san áireamh taken into consideration
" nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach.
ag cur san áireamh counting
" Agus níl seo ag cur san áireamh na tuismitheoirí a thugann cuairt ar a gclann gach deireadh seachtaine agus a fhanann i lóistíní leaba agus bricfeasta anseo agus ansiúd ar fud na Gaeltachta.
na toscaí sin a chur san áireamh to take those factors into consideration
" Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.
ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, taking into consideration all these trends,
" Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain? Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach.
ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí bearing in mind our politicians' modesty
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
a chur san áireamh to take into consideration
" Bua Chaisleán Cnucha i bhFéile Náisiúnta na nGael (comórtas uile-Éireann do na clubanna san aoisghrúpa Faoi 14) a chur san áireamh agus bliain iontach a bhí inti ó thaobh na hiománaíochta i mBaile Átha Cliath.
a chur san áireamh to take into consideration
" Tá sé deacair dúinn an cogadh san Iaráic a mheas go hoibiachtúil mar go gcaithfear an tionchar atá ag na meáin chumarsáide agus ag na polaiteoirí ar an dóigh a n-amharcann muid ar rudaí a chur san áireamh.
Cuir san áireamh remember (that...)
" Cuir san áireamh gur cheannaigh mé t-léine thall ar phraghas $50 a chosnódh a dhá oiread in Éirinn! Cibé ar bith, caithfidh sé gur chaith mé cúpla uair an chloig ag iarraidh spás a fháil don stuif seo ar fad.
ceann nár mhiste a chur san áireamh one (a council) best considered
" ” Comhairle mhaith shílfeá, agus ceann nár mhiste a chur san áireamh agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ghéarchéim eacnamaíochta reatha.
chur san áireamh to include
" Déanann siad iarracht chuile chineál duine a chur san áireamh, idir Hiondúigh agus Moslamaigh, idir Bhraman (ard-aicme) agus Dalit (an aicme is isle).
Cuir san áireamh remember
" Cuir san áireamh gur ceantar é – gur rugadh mé i 1940 agus ba mé ba óige de naonúr agus ba cheantar é an ceantar s’againne a ghlac páirt an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
Gan a chur san áireamh not to mention
" Gan a chur san áireamh gur i gCeathrú Thaidhg amháin atá labhairt na Gaeilge de réir an taighde saineolais.
Cuir san áireamh take into consideration
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
chur san áireamh take into account
" De réir an phobalbhreith a d’fhoilsigh an Sunday Business Post, tá níos mó tacaíocht ag An Lucht Oibre (21%) + Sinn Féin (13%) + Comhaontas Glas (2%) ná mar atá ag Fine Gael (33%) agus sin gan vótaí an United Left Alliance agus iarrthóirí neamhspléacha eile ón eite chlé a chur san áireamh.
caithfear a chur san áireamh one has to take into account
" Ar dtús, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil cathair Brisbane tógtha i gceantar sléibhtiúil.
Ní mór a chur san áireamh one must take into account
" Ní mór a chur san áireamh, áfach, go mbeadh Portaingéilis réasúnta ag teastáil ó mhúinteoir Béarla ar bith sa Bhrasaíl – níl ceann ar bith de na suíomhanna thuas ar fáil i mBéarla, mar shampla.
ag cur san áireamh taking into account
" An Múnla ==== Tá sé faiseanta, ar shála leithéid *‘Priceless’* (2006) - atá sárthaithneamhach, dála an scéil - agus ag cur san áireamh a chéad mór-ruathar ceallalóide *‘Amelie’* (2001) go mbeadh criticí téagartha (ina mbreithiúnas féin, gan amhras) ag fanacht leis an ról gairmshainithe sin di.
Caithfear treoirlínte ón Roinn a chur san áireamh one must take into account the departmental guidelines
" Caithfear treoirlínte ón Roinn a chur san áireamh nuair a bhíonn na scéimeanna á n-ullmhú agus ní mór iad a athnuachan tar éis trí bliana.
tuairimí an phobail a chur san áireamh include public opinion
" Is díol spéise a bhfuil le rá sa réamhrá, áit a dtugtar léargas ar an iarracht mhacánta a rinne an Rannóg chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla agus chun tuairimí an phobail a chur san áireamh: Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann.
le cur san áireamh i bpictiúir naofa to be encountered in religious pictures
" Bhí siad ábalta leas a bhaint as an socrú seo ó thaobh cosaint spioradálta de agus dheimhnigh an saothar eaglaise a chruthaigh ealaíontóirí ar a son nach amháin gur éarlaimh chumhachtacha a bhí iontu ach go raibh siad fosta tábhachtach go leor le cur san áireamh i bpictiúir naofa.
curtha san áireamh taken into account
" Ba chóir go mbeadh an t-éacht oibre atá déanta ag leithéidí an choimisinéara agus an ollaimh thuas curtha san áireamh nuair a dhéantar meas ar cháil na nGael abhus.
curtha san áireamh ann taken into account in it
" Foilsíodh an Treoir nua (2012/26/EU) - agus leasú na hÉireann curtha san áireamh ann - ar an 25 Deireadh Fómhair 2012.
is ceart a chur san áireamh it’s right to take into consideration
" Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir.