Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curaclam coimeádach gnéasoideachais a conservative sex-education curriculum
" Le gairid, cuir i gcás, cheadaigh an tUachtarán Bush curaclam coimeádach gnéasoideachais do na scoileanna poiblí i dTexas, clár a chuireann an bhéim go léir ar staonadh ó ghnéas go dtí an pósadh.
Chloígh siad go daingean leis an gcuraclam the stuck rigidly to the curriculum
" "Chloígh siad go daingean leis an gcuraclam i gcónaí agus ní raibh mórán ama againn lenár bhforbairt agus ár léitheoireacht phearsanta a dhéanamh," a deir sí.
ar fud an churaclaim throughout the curriculum
" Tá beirt oifigeach oideachais ann a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais ar fud an churaclaim agus tá triúr san oifig a dhéanann obair riaracháin an t-am ar fad.
i ngach réimse den churaclam, in every area of the curriculum,
" Tá siad ar fad ag déanamh a ndícheall, gan dabht, oiliúint mhaith a chur ar fáil i ngach réimse den churaclam, teagasc na Gaeilge san áireamh.
stádas an churaclaim status of the curriculum
" Is léir ó na cáipéisí go bhfuil an éiginnteacht dhlíthiúil seo faoi stádas an churaclaim á plé sa roinn le beagnach dhá bhliain anuas.
foilsiú an churaclaim, publication of the curriculum
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
le curaclam a mholadh. to suggest a curriculum
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
cloí leis an churaclam to follow the curriculum
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta National Council for Curriculum and Assessment
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
curaclam curriculum
" ” Na 7 gCumhacht Eisiach - Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh - Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna - Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta - Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin - Beartaigh an curaclam - Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile - Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú Dar leis an Dr.
curaclam curriculum
" Caithfear feachtas láidir a chur in éadan na dúnghaoise seo agus seasamh leis an ngeallúint atá sa bPlean Fiche Bliain go múinfear an Ghaeilge ar ardleibhéal le curaclam nua go leibhéal na hArdteiste do gach dalta scoile.
churaclam curriculum
" Aontas Barcelona ’02 ========= Gan amhras ar bith, cuirfidh an cinneadh seo ag snámh in aghaidh an easa sinn nó is í Éire an t-aon tír amháin san Aontas Eorpach nach bhfuil múineadh teanga eachtrannach éigeantach sa churaclam bunscoile.
Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta National Council for Curricular Assessment
" Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist.
churaclam scoileanna Chonnacht Connacht school curriculum
" Ba cheart go mbeadh Gaeilge s’againn féin ar churaclam scoileanna Chonnacht ar aon nós.
stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile legal status of the New Primary School Curriculum
" Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile.