Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curadh heroes
" I measc na gcuradh seo bhí John Tierney, mac ár gcairde Seán agus Helen Tierney, agus Andrew Brunn, mac mo sheancharad Andy Brunn.
curaidh champions
" Ar an mbealach chun na craoibhe an bhliain sin bhuaigh Áth Cliath ar Uíbh Fháilí agus ar Chorcaigh, curaidh na mblianta '72 agus '73, agus ar fhoireann na Gaillimhe a d'imir sna craobhacha sin i '72 agus '73.
curadh-rothaí champion cyclist
" Tugtar *thalassotherapy *ar an leigheas sin, agus tháinig rath air sna seascaidí nuair a chuaigh an curadh-rothaí Louison Bobet go dtí an t-ionad ag Roscoff i ndiaidh dó timpiste tráchta tromchúiseach a bheith aige.
Curadh-lúthchleasaí champion athlete
" Curadh-lúthchleasaí atá ann a chaith tamall san Astráil.
curaidh Laighean Leinster champions
" Más é an fáth gur taispeánadh Áth Cliath agus Lú sa pheil toisc gur curaidh Laighean iad Áth Cliath, cén fáth nár taispeánadh Cill Chainnigh (curaidh Laighean, na hÉireann agus na Sraithe) ina gcéad chluiche i gcoinne Átha Cliath.
curadh na capallaíochta the horsey champion
" Dar leis go raibh curadh na capallaíochta ag iarraidh leath an bhoinn a thabhairt don laoch eile a raibh sé thar a bheith tuillte aige - a each, Waterford Crystal.
Curadh mór na cainte contanóidí the great champion of the continuous talk
" Curadh mór na cainte contanóidí é gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan éitheach, gan agó, gan .
imreoirí churaidh na hÉireann players of the All-Ireland championships
" Dá mbeadh locht amháin agam féin air, agus ní mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain.
curaidh champions
" Comhghairdeas mar sin le Contae na hIarmhí, curaidh na hÉireann, Roinn a Dó, agus chéad bhuaiteoirí Chorn Uí Rinn, agus le foireann Londain as a mbua i gCorn Uí Riocaird.
ardéacht churaidh Pháirc an Chrócaigh. the great feat of the heroes of Croke Park.
" “Is cuma cad é a déarfaidh tú liom inniu, ní bhainfidh tú aoibh na sástachta de mo chuntanós cruthúil i ndiaidh ardéacht churaidh Pháirc an Chrócaigh.
curadh trom-mheáchain heavy weight champion
" Na Naitsithe Dornálaí gorm eile a bhain barrchéimíocht amach ná Joe Louis nó ‘The Brown Bomber’, curadh trom-mheáchain an domhain agus an dornálaí ab fhearr riamh dar le saineolaithe an spóirt.
churadh champion
" Beidh an Tour de France 2009 thart faoin am a dtiocfaidh sé go hÉirinn agus cá bhfios nach ina churadh uair amháin eile ar an rás is mó agus is déine ar domhan a bheidh sé.
curadh domhanda world champion
" Níor luaigh sí liom a cuid éachtaí ar an oighear liom go dtí gur chuir mé ceist uirthi faoi an samhradh seo chuaigh thart agus fuair mé amach go raibh sí ina curadh domhanda! D'inis sí dom gurb í an chéad Éireannach a ghlac páirt sa Craobh Domhanda Luas-scátála san Olympic Oval, Calgary, Ceanada, i Feabhra 2007, áit ar bhris sí an churiarracht domhanda 1500 méadar agus fuair sí bonn airgid dá bharr.
churaidh na gcúigí the provincial champions
" Sin é go díreach a tharla do churaidh na gcúigí, Tír Eoghain, An Mhí, Ciarraí agus Ros Comáin i mbliana.
Churadh ar Domhan World Champion
" Sé throid a bhí ar chlár na hoíche agus ba é ‘Laoch an Iarthair’, Annraoi Mac Giolla Chomhaill (Henry Coyle), as Gaoth Sáile i Maigh Eo, a bhí sa chró don phríomhbhabhta ar chlár na hoíche agus é ag tabhairt aghaidh ar Elio Cotena as Napoli na hIodáile, féachaint cé acu a bheadh ina Churadh ar Domhan de chuid Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) sa mheánmheáchan éadrom.
Curadh gan Chonspóid undisputed champion
" An dúshlán atá roimh Annraoi Mac Giolla Comhaill mar sin ná an gradam ‘Curadh gan Chonspóid’ – rí gan freasúra - a bhaint amach trí gach curadh eile de chuid na n-eagraíochtaí éagsúla a bhualadh.
churaidh champions
" Ar fhoireann Átha Cliath a fuair an bua ar churaidh uile-Éireann na bliana 1954, Contae na Mí, bhí Kevin Heffernan, Ollie Freeney, Des Ferguson, Cathal O Leary is araile.
churadh hero
" De réir fhorálacha an fhorógra sin, b’éigean do gach fear agus do gach bean dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, le go n-áireofaí iad chun vóta a chaitheamh don churadh ab’ áil leo a bheith ina chónaí (nó ina cónaí, mar nach bhfuil rud ar bith cinnte sa lá atá inniu ann) in Áras na nDaoine sa Phoeno.
curaidh champions
" Imríodh an chéad leagan de i 1967 nuair a thug foireann ón Astráil cuairt ar Éirinn agus d’imir siad i gcoinne curaidh na peile Gaelaí, an Mhí.
Sraith na gCuradh the Champions League
" Bhí cloiste agam ar éachtaí fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004.
Fiú más iad na curaidh even if they were the champions
" Fiú más iad na curaidh a bhí ina gcoinne, an fhoireann ab fhearr ar fad le roinnt blianta anuas, shíl chuile dhuine go ndéanfaidís cluiche maith de, go mbeadh coimhlint ghéar ann, go mb’fhéidir go mbeadh an imirt idir dhá cheann na meá suas go dtí an fhead deiridh.
spreagann curaidh inspires champions
" Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
bheith ina gcuraidh sraithe ar to be league champions
" An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
Curadh champion
" Is é Curadh an Domhain ar cheann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann i measc na lúthchleas.
Curaidh champions
" An Crusher Casey ======== Curaidh, sáriomaitheoirí spórtúla ab ea deartháireacha Uí Chathasaigh agus is mó duais, gradam agus craobh a bhuadar ar fud na cruinne sna blianta úd sa chéad leath den 20ú aois.
ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain the British amateur boxing champion
" Bhí Tom ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain.
gaireadh Patrick ina churadh ar P. was proclaimed champion
" An 21ú lá de mhí Aibreáin 2014, gaireadh Patrick ina churadh ar Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 de chuid Paddy Power.
liosta na gcuradh to the list of champions
" Leis an bhua seo ina seilbh aige, tá a ainm curtha le liosta na gcuradh, ina measc Noel Furlong, Liam Flood, Joe Beevers, Neil Channing, James Mitchell, Kevin Vandersmissen agus Ian Simpson.
Sraith na gCuradh the champions’ league
" Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin.
curadh domhanda world champion
" Casadh curadh domhanda luas-scátála, Éireannach, ar Tony Birtill anuraidh, ach is ar fhoireann na hÍsiltíre atá sí.
Curadh champion
" Labhair Colm Mac Séalaigh le Curadh na hEorpa agus Curadh an Domhain dornálaíocht, Katie Taylor.