dúnghaois
policy

Sin, nó arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi **ro**-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an lá, más ea, ó tosaíodh
dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair!
Ní fheadair mé cé mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas le 'Y Life' mar shanasaíocht.
dúnghaois
policy

Ní raibh daoine áirithe abhus sásta le
dúnghaois inimirce na n-údarás i Londain agus thug siad “pauper immigration” ar an mbeartas a bhí i bhfeidhm sna 1830s.
dhúnghaois éigin
some policy

Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh
dhúnghaois éigin de chuid an rialtais.
dúnghaois
policy

Bhí
dúnghaois láidir ag rialtais náisiúnta agus stáit san Astráil in éadan phionós an bháis le corradh is daichead bliain anuas.
dhúnghaois
policy

Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar
dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin - Rahm Emanuel.
dúnghaois
policy

Léirigh sé chomh maith go bhfuil ag éirí leis an
dúnghaois atá curtha i bhfeidhm ag rialtais leanúnacha le roinnt blianta anuas chun tacú le tuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu – mar shampla, 16 seachtain de shaoire mháithreachais, liúntas leanaí iníoctha i ndiaidh breith an dara linbh (an mháthair sa Fhrainc nach bhfuil ach an t-aon pháiste amháin aici, ní fhaigheann sí an liúntas).
dúnghaois fan nó imeacht go luath
stay or go early policy

Tugtar ‘
dúnghaois fan nó imeacht go luath’ (stay or go early policy) ar an gcur chuige seo.
dúnghaois fuinnimh
an energy policy

An bhfuil Éire réidh do na hathruithe sin? Sa pháipéar bán ‘Ag Seachadadh Todhchaí Fuinnimh Inbhuanaithe d'Éirinn’, leag an rialtas amach
dúnghaois fuinnimh na tíre go dtí 2020, cé nár tugadh aghaidh go díreach ar fhadhb an bhuaicphointe.
dúnghaois chiníoch
racist policy

Níl aon amhras ach go raibh an
dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
dúnghaois
policy

Níl aon amhras ach go raibh an
dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
dhúnghaois
policy

Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar
dhúnghaois Margaret Thatcher.
dúnghaoisí
policies

Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus
dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin.
dúnghaois
policy

Bhí
dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe.
dúnghaois
policy

Agus tá teannas eile ann anois, leis an
dúnghaois úr atá ag an BNP faoi na hÉireannaigh, Gan amhras, tá na hOráistí míshásta faoi bheirt Chaitliceach de bhunadh Éireannach atá mór le rá sa BNP, gan trácht ar an bratach nua atá acu !
Sa deireadh, ní bhfuair an BNP ach 5,300 vóta i Learpholl, áit a raibh turnout 24% ann.
dúnghaoisí
policies

Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh
dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.
dúnghaois
policy

Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh
dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.
dúnghaois
policy

Tá an scéal sa Bhreatain i bhfad níos fearr mar roimh thoghchán 1997, thug Páirtí an Lucht Oibre
dúnghaois ghníomhaíochta dhearfach isteach agus tá aithris á déanamh ar an
dúnghaois sin ag ceannaire na gCoimeádach, David Cameron, anois.
dhúnghaois
policy

*’
Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar
dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.
dúnghaois
a policy

Bhí
dúnghaois ar son na Scéime Trádála Astaíochtaí (STA) ag an rialtas reatha agus ag an iar-rialtas le linn an fheachtas olltoghchánaíochta sa bhliain 2007.
dúnghaois earcaíochta
recruitment policy

Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d'fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus
dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí.
dhúnghaois
policy

Is beag ollpháirtí eile san Eoraip a bhí chomh cumasach le Fianna Fáil i mbun polaitíochta, ag déanamh athnuachan ar a
dhúnghaois de réir mar ba ghá agus ag coinneáil greim ar chumhacht.
dúnghaois
policy

Conas a sheasann an tacaíocht reachtúil faoi láthair agus ar imir an
dúnghaois teanga seo tionchar dearfach ar chás na dteangacha?LH: Is dóigh liom gur chomharthaigh Acht 1990 gach ní, mar chuir sé feachtas dhá chéad bliain i gcoinne na dteangacha ar gcúl.
dhúnghaois
policy

Mionlach beag Moslamach iad a bheadh ag iarraidh seilbh a athghabháil ar na tailte atá faoi smacht Búdaithe anois de dheasca
dhúnghaois na droinge míleata.
dúnghaois chuimsitheach
comprehensive policy

Ní fhaca mé riamh
dúnghaois chuimsitheach de chuid Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha, atá ceangailte leis an Fhíor-IRA, a chuaigh i ngleic le réadúlachtaí an lae inniu, le castachtaí Éire na 21ú?haoise.
ndúnghaoisí
policies

Déanann an Comhlathas iarrachtaí cuntair a fhorchur ar na deontais seo lena
ndúnghaoisí féin a chur i bhfeidhm sna stáit agus sna críocha.
dúnghaois
policy

Mhaígh sé nach raibh ag éirí le
dúnghaois Clinton an tír a smachtú, agus mhol sé do SAM a chuid fórsaí míleata a úsáid chun léarscáil an réigiúin a atarraingt.
dúnghaois gan chéill
crazy policy

Ó Cuív is cúis leis an
dúnghaois gan chéill seo.
dhúnghaois
policy

Ní raibh sé mar
dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.
dhúnghaoisí
policies

Níorbh iad na Murphys amháin a bhí gníomhach sa chiorcal spiaireachta seo de chuid an SVR, seirbhís spiaireachta na Rúise, agus comharba an KGB; bhí Anna Chapman (fíorainm: Anna Vasilievne Cuistiencó) ag gníomhú i Manhattan, go hoscailte mar dhíoltóir tithe i gceantar Nua-Eabhraic, ach ag eagrú ciorcal, ar an gcúlráid, timpeall na cathrach chun eolas a bhailiú faoi
dhúnghaoisí na Stát Aontaithe.
dúnghaois agus beartas
policy and plan

Tá an Phoblacht shóisialach 32-chontae mar airteagal creidimh ag Óglaigh na hÉireann, ag an IRA leanúnach agus ag an fhíor-IRA - mar a bhí ag na glúnta a tháinig rompu - ach go dtí go gcuirfear
dúnghaois agus beartas leis an aidhm naofa sin a bhaint amach, is beag meas a bheas orthu i measc mhórchuid náisiúnach na hÉireann.
dúnghaois bhuan
permanent policy

Sheas seisean an fód, áfach, rud a léiríonn gur
dúnghaois bhuan de chuid an pháirtí é seachas ceann ad hoc a dtagann athrú air de réir mar a athraítear a gcuid urlabhraithe oideachais.
Dúnghaois
policy

Buntáistí Oideachais do theangacha mionlaithe
- Na 7 gCumhacht
- Foras fostáit
- Scoileanna & Oideachas = an ceann is tábhachtaí do mhionlach
-
Dúnghaois: aitheantas/pobail, cultúr, cúrsaí agus daonlathas
An Chéad Chéim
=======
Deir sé go bhfuil COGG ann, atá ina bhord comhairleach, an chéad chéim eile atá le tógáil ná bord le cúraimí reachtúla ann a dhéanamh as.
dúnghaoisí míchiallmhara
senseless policies

Aon uair a cháin muid a gcuid meancóg agus a gcuid
dúnghaoisí míchiallmhara, deineadh scigmhagadh orainn.
dhúnghaois sóisialta
social policy(ies)

Ag tús a feachtais, rinne Rousseff geallúint go leanfadh sí de
dhúnghaois sóisialta agus de leagan amach geilleagair Lula agus ní dhearna an gheallúint sin aon dochar di.
dúnghaois
policy

Anois atá rialtas mionlaigh san Astráil, áfach, níl aon agó ach go bhfuil ar an rialtas náisiúnta a bheith níos freagraí don pharlaimint as a gcuid cinneadh, an
dúnghaois i dtaca leis an gcogadh san Afganastáin san áireamh.
dhúnghaois
policy

”* Go bunúsach, d’inis Cantor do cheannaire tír eachtrannach go gcosnódh sé an tír sin ó
dhúnghaois oifigiúil Uachtarán SAM.
dúnghaoisí glasa
green policies

” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise
dúnghaoisí glasa an lae inniu.
dúnghaois mhícheart chéanna
same incorrect policy

”
"Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin," a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den
dúnghaois mhícheart chéanna.
dúnghaois
policy

Tánn siad súd páirteach ins an gcóras, ó thús go deireadh, agus a fhaid agus is féidir leo, leanfaidh siad ar aghaidh leis an
dúnghaois seo.
dhúnghaoisí
policies

Beidh cothromaíocht na cumhachta ag an bpáirtí sa Seanad i gceann cúig mhí agus beidh an deis aige, dá bhrí sin, roinnt dá
dhúnghaoisí a chur i bhfeidhm.
gurb é dúnghaois an Stáit
that it’s state policy

Molaim sin ar an tuiscint
gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
dúnghaoise
policy

Caithfear feachtas láidir a chur in éadan na
dúnghaoise seo agus seasamh leis an ngeallúint atá sa bPlean Fiche Bliain go múinfear an Ghaeilge ar ardleibhéal le curaclam nua go leibhéal na hArdteiste do gach dalta scoile.
dúnghaoisí
policies

Ach tá an chuma ar an scéal go mb’fhearr leis an Lucht Oibre a bheith i rialtas faoi Enda Kenny ag cur
dúnghaoisí Fhine Gael i bhfeidhm.
dúnghaois
policy

Dhiúltaigh an Príomh-Aire glacadh le moladh Ausflag an lá dár gcionn, cé go bhfuil
dúnghaois ag a páirtí poblacht a chur i bhfeidhm.
dúnghaois
policy

Ceant na hÉireann
==========
Sa stát seo, agus brú airgeadais mór millteach orainn, beidh sé éasca géilleadh don chathú sócmhainní poiblí na tíre a dhíol ar mhaithe leis na pinginí rua, agus tá sé ráite ag Fine Gael, príomhpháirtí an chéad rialtais eile, gurb é sin
dúnghaois oifigiúil dá chuid.
a ndúnghaois airgeadais
their financial policy

Má chuireann siad slacht ar
a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.
dúnghaois gheilleagair agus cánach
economic and tax policy

Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an
dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
dúnghaois gheilleagair agus cánach
economic and tax policy

Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an
dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
dúnghaois a cheapadh
to form a policy

Ceisteanna le Cur
==========
Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil?
Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht
dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
a gcuid dúnghaoisí geilleagair
their economic policies

Baineann
a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
dúnghaoisí
policies

An mhí seo, roghnófar 108 ball Tionóil agus leanfaidh siad leo ag cur
dúnghaoisí nualiobrálacha i bhfeidhm mar a rinne gach rialtas Stormont roimhe seo.
dhúnghaois
policy

Tá an rialtas cónaidhme faoi an-bhrú na moltaí thuas a chur i bhfeidhm, cé nach raibh a leithéid riamh mar
dhúnghaois acu.
dúnghaois
policy

Ach lean Thatcher agus a rialtas ar aghaidh leis an
dúnghaois chéanna agus chuaigh mé síos go Londain le haghaidh agóid Dé Domhnaigh Aibreán 26ú.
dúnghaois
policy

Bíodh is go bhfuil an Astráil fothaithe ar inimirce, tá
dúnghaois inimirce ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta móra arís, mar atá sí le fada an lá (BEO, eagrán 89, M.
gach dúnghaois a mheas
to estimate every policy

Ní foláir
gach dúnghaois a mheas go grinn agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh sula gceadófaí aon phlean mór.
dúnghaois
policy

An
dúnghaois Laissez Faire de Rialtas Shasana (nuair a tógadh an bia as Éirinn) ba chúis leis an sléacht, mar a dúirt Tony Blair, agus dhearbhaigh Roz Glannon go raibh ganntanas bia i measc gnáthdhaoine i Sasana sa lá atá inniu ann agus sin an fáth go raibh 'bancanna bia' eagraithe sa tír.
dúnghaois
policy

Ar an 21 Feabhra, an lá céanna go raibh Shimon Peres ag magadh faoi chruachás Qaddafi, chuir 70 eagraíochtaí neamhrialtasacha litir chuig Uachtarán Obama, Ard-Ionadaí an AE Catherine Ashton, agus Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ban-ki Moon ag éileamh go gcuirfí
dúnghaois “Freagracht chun Cosanta” (nó “R2P” i mBéarla) i bhfeidhm maidir le Libia bunaithe ar fhianaise chlostráchta ón gComhairle Idirthréimhseach Náisiunta (CIN) go raibh Qaddafi ag déanamh áir ar a mhuintir féin.
dúnghaois
polic(ies)

Tá éigeandáil sa tír seo agus caithfear an cheist a chur: an acmhainn don stát a bheith ag íoc pinsin mar sin le duine nach bhfuil ag obair? An bhfuil aon stát eile san Eoraip a bhíonn chomh fial flaithiúil le hiarpholaiteoirí agus le hiar-ardstátsheirbhísigh?
Má tá
dúnghaois Shinn Féin róradacach don Lucht Oibre, céard faoi dhúnghaois an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm maidir le ráta níos airde Cáin Ioncaim a bhualadh ar na daoine seo a bhfuil an iomarca airgid á shú acu ón gCiste Náisiúnta.
dhúnghaois an rialtais
government policy

Sinn Féin is fearr atá ag déanamh critice ar
dhúnghaois an rialtais.
dúnghaois
policy

Thar aon ní eile, tharraing
dúnghaois amháin dá rialtas an t-uafás feannadh uirthi i gcaitheamh na bliana: an tAcht um Fhuinneamh Glan.
maidir le dúnghaois na heite deise
in regard to right wing polici(es)

B'éigean don Pháirtí Poblachtánach dul i bhfad amach ar an eite dheis chun iad féin a idirdhealú ó na Daonlathaigh, agus b'é a tháinig as ná gur thosaigh ceannairí an pháirtí ag sárú a chéile
maidir le dúnghaois na heite deise.
An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil
the nationalist-friendly policy

"
An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil?
===============
Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
i ndúnghaois
in the policy

**SÓC: An moladh as cuimse a bhí
i ndúnghaois Fhine Gael leis an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar ardteistiméireachta?**
MMGE: Ní bhacaim barraíocht le polaitíocht ach téann gach rud trí thréimhsí athraithe, ó thaobh an stair a bhí againne faoi rialtas Shasana, tá muid i gcoinne gach rud a thaganns anuas ón bharr!
**SÓC: Mar fhocal scóir a Mhichíl, luaigh tú linn ar ball go raibh tinneas ort tráth.
dúnghaois
policy

Thug Howard ‘polaitíocht an éada’ ar an
dúnghaois seo agus chaill Latham an t-olltoghchán go tubaisteach.
dúnghaois
policy

Dúirt McGuinness roimh an choinne le Banríon Shasana, mar a thug sé uirthi, go raibh sé ag croitheadh láimhe le gach Aontachtaí ó thuaidh ag an am chéanna agus is léir go bhfuil
dúnghaois *“hearts and minds”* Shinn Féin le haontachtaithe a spreagadh i dtreo Éire Aontaithe ag dul i dtreis.
an t-athrú dúnghaoise seo
this change of policy

Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach
an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
dúnghaois inimirce na hAstráile
the Australian immigration policy

Tá
dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
an dúnghaois chiníoch
the racist policy

Bhí
an dúnghaois chiníoch ar ar tugadh an White Australia Policy i bhfeidhm ar feadh breis is seachtó bliain go dtí gur cuireadh deireadh leis sa bhliain 1972.
athraíonn dúnghaoisí an rialtais
government policies change

Nuair a athraíonn dearcadh na ndaoine,
athraíonn dúnghaoisí an rialtais.
cuir i gcás an dúnghaois inimirce
the immigration policy for example

Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin,
cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
líon na bpáipéar dúnghaoise
the number of policy papers

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar
líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
ar dhúnghaois inimirce
on the immigration policy

Is locht é seo is féidir a fháil
ar dhúnghaois inimirce an Aontais Eorpaigh go ginearálta, ach ciallaíonn sé sin sa chás seo nach amháin nach dtugtar an aire ba chóir do na híospartaigh, ach ní bhaintear amach cuspóirí i réimse chur i bhfeidhm an dlí ach oiread.
cén dúnghaois
what policy

Ní raibh sé soiléir riamh
cén dúnghaois a bhí ag RTÉ maidir le craolachán i nGaeilge.
bhfuil sé mar dhúnghaois
it’s policy

Má tá siad diúltach faoi, nach acu atá an fhadhb! Níor mhaith liom go mbeadh iachall á chur ar aon chraoltóir go gcaithfidís an ‘cúpla focal’ a úsáid ó am go ham sa gclár, nuair a théann sé ina n-aghaidh, ach an oiread is gur maith liom go
bhfuil sé mar dhúnghaois sa mBBC go gcaithfidh na láithreoirí an Poppy a chaitheamh mí na Samhna.
is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois
their policy showed very little sympathy

Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus
is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
Dúnghaois an Doichill
a policy of inhospitality
Dúnghaois an Doichill
=========
Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu.
cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois
to defend the policy

De thairbhe sin, má leanann cúrsaí mar atá beidh sé ag dul i ndeacracht ar chairde na Gaeilge
cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois.
dhúnghaoisí an rialtais
government policies

Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar
dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
dúnghaois déine
austerity policy

Seanchairde
======
**SMM: Meas tú ón aithne atá agat ar bhallraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, an bhfuil ina measc duine thall is abhus a bhrisfeas amach in aghaidh an
dúnghaois déine seo i mbliana?**
TÓC: Sílim go bhfeicfimid cuid mhaith.
ba iad dúnghaoisí an stáit faoi
were the state policies

Smacht a choinneáil ar an soláthar airgid agus ar an ráta úis a choinneáil ard,
ba iad dúnghaoisí an stáit faoi Thatcher agus Major, ach theip orthu agus chaill siad an t-olltoghchán i 1997 mar gheall orthu.
an dúnghaois iontrála
the entrance policy

Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna
an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co.
dúnghaois an dátheangachais
the bilingual policy

Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara sa limistear seo ná
dúnghaois an dátheangachais atá ag Comunidad Valenciana.
gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh
not censuring any policy of the government Tábhacht Dhearcadh an Phobail the importance of public opinion

Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach
gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
thacaigh tú leis mar dhúnghaois
you supported it as a policy

**Balor: John, nach fíor go ndúirt tú go neamhbhalbh gur shíl tú nach raibh rud ar bith cearr le seachadadh urghnách? Gur
thacaigh tú leis mar dhúnghaois, agus go leanfá leis an dúnghaois sin dá mbeadh sé ar do chumas agat?**
Brennan: Ní thuigim an cheist.
ar son na ndúnghaoisí cearta
for the correct policies

Mura bhfuil buneolas measartha cruinn ag duine ar chúrsaí geilleagair cén chaoi a gcaithfeadh sé vóta
ar son na ndúnghaoisí cearta?
Go ginearálta, cén tionchar a imríonn eolas na ndaoine ar an dóigh a dtabharfaidh siad guthaíocht? Mar a tharlaíonn sé, tá na heolaithe polaitiúla ag scagadh na ceiste seo leis na blianta.
ar son na dúnghaoise cirte
for the correct policy

Mura mbeadh ann ach an t-aineolas chaithfeadh na daoine aineolacha a gcuid vótaí go fánach, agus tríd is tríd, nó go staitisticiúil, rachadh a leath de na vótaí
ar son na dúnghaoise cirte agus a leath eile ina coinne.
leas éigin acu i ndúnghaoisí ar leith
some benefit from particular policies

Le linn an chéad fheachtais ar Chonradh Liospóin léirigh an Tánaiste, Máire Ní Chochláin nach raibh a fhios aici cé mhéad ball a bhí ar Choimisiúin an AE!
Fágann aineolas an phobail spás dóibh siúd a bhfuil
leas éigin acu i ndúnghaoisí ar leith – comhlachtaí brústocaireacht ina measc.
go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE
that EU institutions and policies associate in their own minds

Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara
go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead.
Dúnghaois Srianadh na hInimirce
a policy of restricting immigration
Dúnghaois Srianadh na hInimirce mar Fhreagra ar Chailliúint Chumhachta i Réimsí Eile
Fágann sé seo go léir go bhfuil ceannasacht an Stáit á hionsaí ó gach taobh, ón leibhéal idirnáisiúnta, fornáisiúnta is fonáisiúnta.
dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir
a policy of anti-whale hunting

Tá
dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
sula gceapann siad aon dúnghaois
before they decide on any policy

Baineann siad feidhm as slite éagsúla le dearcadh an phobail a mheas
sula gceapann siad aon dúnghaois a bhaineann le ceist shóisialach chonspóideach.
dhúnghaois gheilleagair na tíre
the national economic policy

Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar
dhúnghaois gheilleagair na tíre.
chríochnós dúnghaois iontrála nua i leith na Gaelscolaíochta
the new entry policies for Irish medium schools may end up

B’fhéidir gur i gcúirteanna na tíre seo agus na hEorpa a
chríochnós dúnghaois iontrála nua i leith na Gaelscolaíochta, dar le Breandán Delap.