Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá dheasca sin because of that
" Ach, ag féachaint dúinn inár dtimpeall, tá fógraí go leor ann ag ár gcara Coca-Cola agus ní go deas atá an hamour ag sleamhnú síos mar, éist! CNN ag scaothaireacht faoin gCogadh ar Sceimhlitheoireacht, mar a thugtar air; dá dheasca sin is deacair eispéireas eitneach a thabhairt ar an gcéad lón anseo againn i nDúbai.
Dá dheasca sin because of that
" Dá dheasca sin, d'éirigh sí as a post le díriú ar an cheol amháin agus le bogadh ó dheas ar thóir na gréine agus na farraige, go dtí "tránna áille agus bia blasta".
dá dheasca sin as a result of that
" Bhí líon freastail an champa laghdaithe agus ní bheimis in ann an costas sin, an €2,000 a bhain leis, a ghlanadh dá dheasca sin.
dá dheasca sin as a result of that
" Chaill na millúin a bpoist dá dheasca sin agus ní raibh mórán dóchais ag glúin Jacques: *"I was like anyone of my generation who was leaving a comprehensive school with really nothing in the way of expectations.
dá dheasca sin for that reason
" Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
dá dheasca sin as a result of that
" Ní saoránaigh Éireannacha iad, ná saoránaigh de chuid an AE dá dheasca sin.
Dá dheasca sin so
" Dá dheasca sin, ídítear acmhainní an Stáit agus am na gcúirteanna.
Dá dheasca sin as a result
" Dá dheasca sin tá fir is mná agus tuismitheoirí is páistí á scaradh óna chéile le bliain go leith anuas.