Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhéanann iniúchadh ar that scrutinizes
" Píosa é a dhéanann iniúchadh ar an dearcadh coilíneach a bhí ag an Chaptaen James Cook agus a chuid fear i leith na mbundúchasach nuair a bhain siad an Astráil amach.
rinne siad turas ar they went around
" Anuas leo ansin agus rinne siad turas ar an seomra suí, seomra staidéir Nigel a bhí i gcúl an tí agus a raibh radharc álainn aige amach ar an gharradh.
Rinne sí ar an chisteanach she headed for the kitchen
" Rinne sí ar an chisteanach agus bhí Emma ina seasamh ar stól ag cur tae agus sú oráiste sa bhainne.
amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith the same as any Ulster person would do
" Thuig muid nach mbeadh muid in ann páistí a thógáil agus ár súile oscailte go hiomlán don saol a bhí thart timpeall orainn agus don chontúirt a bhí thart timpeall orainn, amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith.
Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí if politicians are wronged against
" "Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí ar RTÉ, is cosúil gur peaca míle uair níos mó é in RTÉ ná dá ndéanfadh aon stáisiún eile é.
Rinneadh réamhdhátú ar an reachtaíocht sin that legislation was backdated
" Rinneadh réamhdhátú ar an reachtaíocht sin go dtí tús Dheireadh Fómhair sa gcaoi go bhféadfaí é a úsáid sa gcás seo.
rinne sí ar dhoras an ionaid siopála she headed for the door of the shopping centre
" " Léim Aoife amach agus rinne sí ar dhoras an ionaid siopála.
dhéanfadh sí méaradradh ar iris she'd flick through a magazine
" Bhí an bhean bhocht ina suí ansin ag amharc uaithi agus anois agus arís dhéanfadh sí méaradradh ar iris a bhí ina suí ar thábla roimpi.
déantar leithscéalta ar a shon excuses are made on his behalf
" Déantar dearmad go minic ar an ghníomh ba chúis le díbirt an imreora agus déantar leithscéalta ar a shon.
a rinne seachadadh ar an traidisiún who passed on the tradition
" Ach, thar aon rud eile, mhothaigh mé go raibh cuimhne na ndaoine a rinne seachadadh ar an traidisiún ligthe i ndearmad ar fad.
a dhéanann tomhas ar which measures
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh all the votes are counted
" Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh níos déanaí agus córas na hionadaíochta cionmhaire a bhíonn i gceist.
Is ar éigean a bhí an ráiteas déanta aige he had barely made the statement
" Is ar éigean a bhí an ráiteas déanta aige go raibh ionadaithe ó Bhord Chontae Chorcaí ag éileamh go n-éireodh sé as oifig.
rinneadh tarrtháil ar Tohill Tohill was rescued
" Bhí meitheal á bhogadh (ní fios cá háit) i veain nuair a stop beirt oifigeach de chuid an PSNI é agus rinneadh tarrtháil ar Tohill.
le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach for fear that they would do something wrong
" Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag.
tá gach cuma ar an scéal go ndéanfaidh it appears that they will
" Má ghlacann an rialtas le moltaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ar bord, agus tá gach cuma ar an scéal go ndéanfaidh, tús maith a bheidh ann maidir le dul i ngleic le fadhb tithíochta an stáit seo.
déanfaidh ráfla ar bith gnaithe any rumour will do
" Tchí náisiúnaithe *pan-unionist front *ar obair - an PSNI, polaiteoirí aontachtacha agus na paramílitigh dhílseacha - ag teacht le chéile le múineadh a chur orthu, agus déanfaidh ráfla ar bith gnaithe le tús a chur le himeaglú in aimsir seo an Lambeg agus na fífe.
duine ag eachtraí ar a ndearna siad relating all that they did
" Bhí achan duine ag eachtraí ar a ndearna siad ar an lá speisialta sin, Lá na Máithreacha.
cuireadh ar a chomhairle dó go ndéanfadh sé a leas he was advised that it would benefit him
"cuireadh ar a chomhairle dó go ndéanfadh sé a leas.
rinne sí ar she headed for
" "Tae, mo thóin," arsa Clíona, agus rinne sí ar an *Bodega *ba dheise di.
rinne siad ar ais ar an oifig they headed back to the office
" "Nach sin mar atá muid uilig," arsa Risteard, agus rinne siad ar ais ar an oifig le tráthnóna oibre a dhéanamh.
rinne sí ar an doras she headed for the door
" "Agus cé a dhéanfadh a háit?" "Cé go díreach," arsa Deirdre agus thiontaigh sí ar a sáil agus rinne sí ar an doras.
Rinne sé ar ais ar Eilís. He headed back towrds Eilís.
" Rinne sé ar ais ar Eilís.
dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar loyalists used to attack the area
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais who defraud insurance companies
" Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.
Rinne an bheirt ar an tuath the two headed for the countryside
" Rinne an bheirt ar an tuath nó bhí rún acu tamall a chaitheamh amuigh faoin aer lá breá mar seo.
ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige depending on how bad the foul that he had committed was
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
nach ndéanfaí ionfhabhtú ar a gcréachta that their wounds would not be infected
" Bheadh sé de bhuntúiste ag a leithéid de chóras go bhféadfaí cóir leighis a chur ar chraiceann na n-othar sula rachadh siad faoin scian, rud a chiallódh nach ndéanfaí ionfhabhtú ar a gcréachta.
Rinne siad íospairt ar a dtréad. They abused their flock.
" Rinne siad íospairt ar a dtréad.
níl iarracht ar bith déanta no attempt has been made
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
chan ar leathchois a rinne sé é he didn't do it gingerly
" Chuir sé in aithne Seoirse agus cibé cotadh a bhí air roimhe sin, d’imigh sé, agus má thosaigh sé a chaint, chan ar leathchois a rinne sé é.
níl iarracht ar bith déanta no attempt has been made
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
dhéanfaí cosaint cheart ar mhionteanga a minority language would be properly protected
" I dtír ar bith eile dhéanfaí cosaint cheart ar mhionteanga agus ar an phobal a labhraíonn í.
bhíomar déanta suas ar fad we were doing very well
" Idir theilifís RTÉ agus chuairt an Uachtaráin Uí Chinnéide ar Éirinn, bhíomar déanta suas ar fad.
a dhein DJ Seapánach, Sakana, a athmheascadh ar ár son which a Japanese DJ, Sakana, mixed for us
" Ní hamháin go raibh an leagan a sheinneamar le hOki ann ach bhí leagan eile ann a dhein DJ Seapánach, Sakana, a athmheascadh ar ár son.
Déanann muid ar fad na píosaí ceoil a chóiriú. We all arrange the pieces of music.
" Déanann muid ar fad na píosaí ceoil a chóiriú.
déanaim mo dhícheall an meas sin a léiriú ar chultúir eile. I do my best to show that respect to other cultures.
" I mo thír dhúchais, bím ag súil go mbeadh meas ag cuairteoirí ar mo chultúr féin, agus déanaim mo dhícheall an meas sin a léiriú ar chultúir eile.
Ar nós gadhair a dhéanann a mhún ar chrann, like a dog which pisses against a tree,
" Ar nós gadhair a dhéanann a mhún ar chrann, chun cur in iúl don saol mór gur leisean an fearann sin.
Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca we recorded the songs on two CDs
" Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal.
ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, not mention was made of guns,
" Sa chéad bhunreacht seo, ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, ach i 1791 leasaíodh an bunreacht le doiciméad darbh ainm an Bille Ceart.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin based on research conducted before
" Tá an obair seo bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin sna Stáit Aontaithe, taighde ar cuireadh stop leis sa bhliain 1996 toisc nach raibh praghas an bhreosla ag an am sin ard go leor chun costais an taighde a chosaint.
go ndearnadh treascairt ar a gcearta príobháideachais that their right to privacy was abused
" Mhaígh an teaghlach go ndearnadh treascairt ar a gcearta príobháideachais agus gur chaith muintir an bhaile go holc leo ón uair a chuir na gardaí an scéal i mbéal an phobail.
go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin that humankind has forgotten that warning
" Is léir go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin breis is uair amháin ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, ach b’fhéidir nach cóir iontas a dhéanamh de sin nuair is deacair do shamhlaíocht agus d’intinn an duine meabhair a bhaint as a leithéid d’oilc.
Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach I optioned the drama
"Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach ceithre bliana ó shin, agus dúirt mé le Jimmy go raibh mé ag iarraidh mo scéal féin a dhéanamh de.
a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú who I reported on their murder
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha who represent English constituencies
" ” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu! Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana.
a rinne cion fir ar son na síochána who took a stand on behalf of peace
" Fear cróga Críostaí a bhí in Hume a rinne cion fir ar son na síochána in Éirinn.
ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir. on which an account was given of two Irish slaves to escaped from their owner.
" Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach the show is developed in an organic way
" Cé go mbíonn scríbhneoir i gceist, déantar an seó a fhorbairt ar bhealach orgánach freisin.
go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé. that they would boycott the survey
" Chuir sé an cheist an mbeadh an seasamh céanna ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dalta amháin ar an scoil acu agus agus a bheadh ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dornán páistí sa scoil acu? San idirlinn, bhagair cuid de phobal Chorca Dhuibhne go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé.
mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi because of an hour long programme being made about him
" Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú nothing was done to guide me
" Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas.
ní dhearna sé dochar ar bith it didn't do it any damage
" Dar ndóigh, ní dhearna sé dochar ar bith dó gur thug leithéidí Steven Spielberg agus Bob Dylan ardmholadh dó.
go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad. that all the events be investigated.
" I lár mhí Eanáir, tugadh le fios go bhfuair Rialtas na Nua-Shéalainne litir roimh an Nollaig ó thriúr oifigeach cearta daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, inar iarradh go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad.
go ndéanfainn mo mhachnamh ar an tréimhse sin that I would have a think about that period
" Ach shocraigh mé le Eoghan go ndéanfainn mo mhachnamh ar an tréimhse sin agus go ndéanfainn agallamh leis an tseachtain ina dhiaidh sin.
rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam Donal made a decision to concentrate on producing albums
" ”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún lena bheatha a thabhairt i dtír.
a dhéanann taighde ar an bhfiontraíocht who do research on entrepreneurship
" Fear gnímhIs cosúil gur fear gnímh a bhí i de Spáinn riamh agus ní dóigh liom go mbeadh deacracht ar bith acu siúd a dhéanann taighde ar an bhfiontraíocht é a rangú mar fhiontraí sóisialta.
dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta. if it was run in a more professional way.
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003 which depicts the invasion of Iraq in 2003
" Sraith íomhánnaTá tús áite tugtha sa dánlann do shraith íomhánna le Mohammed al-Hamdany dar teideal *Laylat al-Nar* (Oíche na Tine), ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003.
go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre that there would be a derogation of workers' rights in the country
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
a rinne ionradh ar an Iaráic which invaded Iraq
" Bliain go leith ní ba dhéanaí chuir Howard lena fhocal nuair a d’iarr Bush ar an Astráil a bheith páirteach sa chomhfhórsa a rinne ionradh ar an Iaráic i mí an Mhárta 2003.
gan machnamh ar bith a bheith déanta air without any thought having gone into it
" Chuir sé díomá ar Bhreandán Delap fosta: “Míofar!” a dúirt sé liom, “caite le chéile gan machnamh ar bith a bheith déanta air.
go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú that the founding of a national lottery will be considered, examined
" Dúirt sé fosta go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú leis an airgead seo a bhailiú – mar a dhéantar sa Bhreatain Mhór!Mar gheall ar an ráiteas seo a rinne Rudd, is dócha go mbeidh na lúthchleasaithe Astrálacha ag baint go leor bonn i Londain i gceann ceithre bliana.
Rinne sé cúram ar leith he paid particular attention
" Rinne sé cúram ar leith de charthanais mar Fondúireacht Lappin (a thugann airgead taistil go Israel do pháistí Giúdacha i Meiriceá) agus ollscoileanna Giúdacha mar Ollscoil Yeshiva i Nua-Eabhrac.
rinneadh neamhaird ar were overlooked
" I bhfocail eile, theip uirthi ardú céime a fháil nuair a rinneadh neamhaird ar a cumas i nGaeilge.
Rinneadh trácht ar mention was made of
" Rinneadh trácht ar 1916 agus ar an Éirí Amach, agus ar an fhuil a doirteadh ar son an neamhspleáchais.
rinne cur síos ar gave a description
" Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean.
bhí na cinní ar fad déanta all the decisions were made
" Bhí sé sé seo ar fad tosaithe blianta romham; bhí na cinní ar fad déanta.
Rinneadh trácht ar mention was made
" Ní Bheidh mé ar Ais! ========== Rinneadh trácht ar an bhfadhb tamaillín eile ó shin nuair a moladh Arnold Schwarzenegger, an aisteoir cáiliúil, mar iarrthóir uachtaránachta.
rinneadh meas ar were judged
" D’fhan siad i gcampaí ar na hoileáin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais tearmainn, ar feadh blianta uaireanta.
don tslí ina ndearnadh leatrom ar in how inequality was used against
" Mar a bheifeá ag dúil leis, tá tagairtí i leabhar seo Mary Warde don tslí ina ndearnadh leatrom ar an Lucht Siúil san am atá thart agus don tslí inar caitheadh anuas orthu.
rinne mé cur síos ar I described
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
ndearna sé sciob sceab ar he snapped up
" , cleasaí a ghlac aitheantais dhifriúla chuige féin agus é ag taisteal na spéartha? Bhí an fear óg sin chomh maith mar aisteoir go ndearna sé sciob sceab ar na milliúin dollair agus é fós ina dhéagóir.
rinne magadh léannta ar eruditely mocked
" B’shin an cur chuige cultúrtha a taispeánadh don Tóibíneach le linn a óige, cur chuige Chorkery agus Uí Ríordáin, ach tháinig sé slán as an bpoll sin le cabhair dhrámaí Behan, drámaí a rinne magadh léannta ar an oidhreacht náisiúnach Gaelach sin.
dhéanfaí scrios ar would be ruined
" Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.
dhéanfadh aithris ar would copy
" Níor cruthaíodh riamh arbh ann do bhuíon seo na 'lóchrann eile' atá luaite i litreacha Palach, a dhéanfadh aithris ar an ngníomh a rinne sé féin.
an neamhaird a rinneadh ar were disregarded
" Aithnítear go bhfuil an neamhaird a rinneadh ar rialacha Maastricht ar na cúiseanna atá leis an ghéarchéim fiacha.
dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine celebrates the heroism of the ordinary person
" ” Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine.
rinne siad achainí ar they pleaded with
" Theastaigh ó Rialtas Garret FitzGerald dhá reacht Eorpach nua a ghlacadh i 1986, agus rinne siad achainí ar Dháil Éireann glacadh le hAcht (Leasaithe) an Chomhphobail Eorpaigh (1986) chun feabhas a chur ar obair na n-institiúidí, mar aon le reacht slándála eile, Acht na hEorpa Aontaithe.
Déanann sí mí-úsáid ar it abuses
" Déanann sí mí-úsáid ar dhaoine óga agus déanann sí an-dochar.
rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht described her growing up
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha searches for universal answers
" Chuir sé ceithre leácht beo i dteannta a chéile fé dheireadh, léachtaí sotalacha a dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha do cheisteanna domhanda.
rinne cur síos ar described
" B’fhearr dúinn, dar le Ferguson, ceacht Bernard Mandeville a fhoghlaim ón ndán fáthchiallach aige siúd a bhaineas leis na beacha, The Fable of the Bees, dán a rinne cur síos ar dhul chun cinn sochaí a bhí lán le daoine laga cantalacha.
ndearna an sioc slad ar an mbarr frost killed of their crop(s)
" Chuir tuilleadh agus 300 feirimeoir lámh ina mbás féin san Ind ag tús na bliana seo toisc go ndearna an sioc slad ar an mbarr.
aicme a bhfuil brústocaireacht déanta ar a son ag a group for whom canvassing was done by
" Tá tacaíocht don fheachtas léirithe ag roinnt comhairlí cathrach agus leagann MRCI béim air nach bhfuil aon rud á lorg ag na hinimircigh seo nach bhfuil á lorg ag inimircigh Éireannacha atá sna Stáit gan cead, aicme a bhfuil brústocaireacht déanta ar a son ag polaiteoirí Éireannacha i measc údarás SAM.
rinneadh glaoch ar iarratas ar the call went out for entry by
" Bhí *Mini Maker Faire* Bhaile Átha Cliath ar siúl sa *Science Gallery* i mí Iúil agus chomh fada siar le mí Feabhra rinneadh glaoch ar iarratas ar *“tech enthusiasts, crafters, educators, tinkers, hobbyists, science clubs, students, authors or exhibitors – anyone with an innovative idea around technology”* páirt a ghlacadh ann.
déanann sé cur síos ar an dóigh he describes how
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
rinne siad feachtas ar an idirlíon ina choinne they ran a campaign against it on the internet
" Bhí an mórshiúl i mí Dheireadh Fómhair le bheith ann ar dtús, ach fuair na faisistigh scéala faoi agus rinne siad feachtas ar an idirlíon ina choinne.
a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar which celebrated annually
" Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó *William Street* ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire.
déanfaidh daoine a measúnú féin ar sin people will form their own opinion on that
" Mheall muid Fleadh Cheoil na hÉireann go Doire, tá an CLG áitiúil iontach gníomhach, tá na heagraíochta Gaeilge uilig ag ullmhú don bhliain ach ní hionann sin is a rá nach mbeidh cead ag Protastúnaigh cultúr s'acu a léiriú go bródúil, ach measaim go bhfuil cultúr s'againne níos láidre agus níos doimhne agus déanfaidh daoine a measúnú féin ar sin.
a rinne urraíocht ar an tionscnamh who financed the project
" Chuala mé roinnt daoine ciniciúla ag rá nach raibh i gceist ach fógraíocht do Red Bull a rinne urraíocht ar an tionscnamh.
ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire despite all my peering at the horizon
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh the decision has been both praised and condemned
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis who didn’t ‘go on about’ how he was treated
" Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo.
dhéanann achoimriú suimiúil ar summarizes interestingly
" Ach is í aiste iontach Dhiarmuid Uí Ghiolláin an rud is luachmhaire sa bhFestschrift seo, gan trácht ar an seoladh isteach pearsanta a dhéanann achoimriú suimiúil ar éachtaí intleachtúla a charad le tríocha bliain anuas.
ar nós mar a rinne Gaillimh like Galway did
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
rinne cur síos ar described
" ” B’shin croílár leabhair tábhachtaigh Tom Garvin cúpla bliain ó shin, Preventing the future: why was Ireland so poor for so long? (2004), leabhar a rinne cur síos ar na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha a chuireadh bac roimh an bhforbairt náisiúnta.
Rinneadh bagairt bháis ar N.L.’s life was threatened
" Rinneadh bagairt bháis ar Naomi Long (agus ar Jim Mc Veigh ó Shinn Féin).
rinne sé cur síos ealaíonta ar he described perfectly
" Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.