Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ndéanann tú beag-is-fiú de you make little of
" Sula ndéanann tú beag-is-fiú de seo, ba cheart a mheabhrú duit nach bhfuil oiread is post amháin i Meiriceá a mbaineann gradam níos airde leis.
is beag siúl a dhéanfaidh travels very little
" Ar an láimh eile, an chuiteog, is beag siúl a dhéanfaidh sise, ach síos níos faide faoin talamh a rachaidh sí le teacht ar an teas agus ar an gcosaint.
Rinne siad beag is fiú they made little
" Rinne siad beag is fiú de cheist na gcearrbhach anó, ach chuaigh siad thar fóir nuair a mhaígh siad go mbeadh aon smacht ar chearrbhachas “neamh-Astrálach”.
Rinne siad beag is fiú de they made little of
" Rinne siad beag is fiú de thairbhe na n-athruithe, ag maíomh nach raibh aon fhianaise ann a léirigh go n-éireodh leo líon na gcaiteoirí a laghdú.
rinne beag is fiú des made little of
" Mhaígh Ferguson anseo go mba chóir éisteacht le Dickens agus an nasc sin á mhionscrúdú, ach go háirithe na haistí uaidh a rinne beag is fiú des na háitimh éagsúla a dhéanadh buanna mórálacha Shasana a adhradh.
a dhéanfadh beag is fiú d’éinne which would belittle anyone
" Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne.
a dhéanann beag is fiú díot which belittles you
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin that we’ll belittle that very important aspect
" An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.