Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ndearna mé cur síos orthu which I described
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir. on which an account was given of two Irish slaves to escaped from their owner.
" Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
ina ndéanfar cur síos beacht in which an exact description will be made
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
ina ndearna sé cur síos an-chliste in which he made a very clever description
" ” Is cuimhin liom, le linn dom a bheith ar an ollscoil, go bhfaca mé seó de chuid Des ina ndearna sé cur síos an-chliste ar na difríochtaí idir Nua-Eabhrac agus Éire.
fear a ndearna sé cur síos air mar a man he described as
" D'inis an tOllamh Ó Siadhail dúinn tuige ar scríobh sé an leabhar seo faoi Bhéaslaí – fear a ndearna sé cur síos air mar "*Irish Catholic and Scouse*”.
a ndéantar cur síos air which is described
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
rinne cur síos ar gave a description
" Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean.
rinne cur síos ar described
" Shíl TP Flanagan nach mbeadh mórán le rá aige faoi thírdhreachanna a cheantair féin nach raibh ráite cheana féin ag ealaíontóirí a tháinig roimhe, ar nós Paul Henry, Tom Carr agus JB Yeats, a rinne cur síos ar chósta iarthuaisceart na hÉireann ar a mbealach suntasach féin.
rinne mé cur síos ar I described
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht described her growing up
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
rinne cur síos ar described
" B’fhearr dúinn, dar le Ferguson, ceacht Bernard Mandeville a fhoghlaim ón ndán fáthchiallach aige siúd a bhaineas leis na beacha, The Fable of the Bees, dán a rinne cur síos ar dhul chun cinn sochaí a bhí lán le daoine laga cantalacha.
déanann sé cur síos ar an dóigh he describes how
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
dhéanann cur síos chomh mín sin describes so minutely
" Ní minic leabhar a léamh a dhéanann cur síos chomh mín sin ar íogaireachtaí ar leith an gharsúir.
ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air but it wasn’t correctly described scientifically
" Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis ============================== Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006.
rinne cur síos ar described
" ” B’shin croílár leabhair tábhachtaigh Tom Garvin cúpla bliain ó shin, Preventing the future: why was Ireland so poor for so long? (2004), leabhar a rinne cur síos ar na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha a chuireadh bac roimh an bhforbairt náisiúnta.
rinne sé cur síos ealaíonta ar he described perfectly
" Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.
rinne cur síos ar described
" ”* Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta ========== Léigh sí slíocht dúinn as bileog eolais de chuid an English Defence League (EDL) a rinne cur síos ar *‘the scrounging Irish,’* ach mhaígh sí go bhfaigheann siad spreagadh ó na ráitis sna meáin agus ó na polaiteoiri.
a ndearnadh cur síos ar a scéal léin whose tale of woe was described
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar which describes the behaviour of patients
" Agus feidhm á baint as scoláireacht de chuid na hÍsiltíre a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar agus na ndochtúirí sa tír sin fén réimeas dleathach ana-dhifriúil, dhiúltaigh na breithimh aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le ‘*560 patients (some 0.
rinne sí cur síos ar she described
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
den chur síos a dhéantar of the description given
" *Harvest of Empire* ======= Níl sa dá scéal seo ach blaiseadh beag den chur síos a dhéantar sa scannán faisnéise Harvest of Empire ar roinnt de na cúiseanna leis an imirce ó Mheiriceá Laidineach go dtí na Stáit Aontaithe.
dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar a group I’ll describe as
" I bhfaiteadh na súl, bhí dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol san áit a raibh mise agus cuid mhór iriseoirí eile, ag ceann an léirsithe.
rinne sé cur síos ar he described
" Seo mar a scríobh an Sasanach Dixon Scott i 1900, nuair a rinne sé cur síos ar thuaisceart Learphoill *“where the majority are either Irish or of Irish descent, … It follows, therefore, that here alone in Liverpool do you get a specific dialect.
rinne sé cur síos ar an tubaiste he described the disaster
" Bhí m’athair féin, Joe, ar dualgas an oíche sin mar ‘fhear faire tine’ agus rinne sé cur síos ar an tubaiste nuair a bhí mé óg.
rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil described the fast physical demise
" Scríobh Hitchens leabhar sainiúil deireanach darbh ainm Mortality, cnuasach aistí ilghnéitheacha a rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil.
ina ndéantar cur síos ar chlann ar leith wherein a particular family is described
" Leabhar é ina ndéantar cur síos ar chlann ar leith, clann mhac Michael ‘Big Mick’ Uí Chathasaigh agus Bridget Ní Shúilleabháin as an mBealach in aice leis An tSnaidhm i gcontae Chiarraí.
rinne sé cur síos ar he described
" Tuairim Bunting ======== Mhol Edward Bunting go hard é agus rinne sé cur síos ar an mhodh bhunaidh a bhí aige, mar is é an dóigh go stadadh Pádraig sinecrith na cruite agus é ag seinm.
rinne cur síos ar described
" Thug meáin chumarsáide na tíre seo an-suntas d'eagarfhocal a bhí ins an nuachtán The Guardian anuraidh a rinne cur síos ar athimirt chraobh iomána na hÉireann: "*As Premier League soccer is again soiled with prima donna antics.
déanann sí cur síos ar she describes
" Agus dianiarracht á déanamh aici gan screadaíl, déanann sí cur síos ar an nglaoch gutháin a fuair sí tar éis bhás an linbh, glaoch ina raibh guth an linbh féin le cloisteáil go soiléir.
déanann sé cur síos ar he describes
" San alt seo, déanann sé cur síos ar an am a chaith siad le chéile i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste.
déanann sé cur síos he describes
" Ina ochtódú colún, déanann sé cur síos ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh atá díreach curtha dínn againn.
Déanann sé cur síos he describes
" Déanann sé cur síos san alt seo ar a bhfaca sé is ar a mhothaigh sé le linn ceann de tubaistí tine is measa sa taobh sin domhain.