Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Rinne tú do bhealach you made your way
" "Rinne tú do bhealach" arsa bainisteoir na hoifige.
moladh do gach duine a rinne gearán leo to advise everyone who complained to them
" Tá rogha shimplí acu sa scéal uafásach seo - moladh do gach duine a rinne gearán leo dul chuig an Gharda Síochána agus an gearán sin a dhéanamh go foirmeálta.
rinneadh í a íobairt do Stalin it was sacrificed to Stalin
" Ach ina ainneoin sin, tréigeadh an Pholainn ag deireadh an chogaidh agus rinneadh í a íobairt do Stalin.
ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, not mention was made of guns,
" Sa chéad bhunreacht seo, ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, ach i 1791 leasaíodh an bunreacht le doiciméad darbh ainm an Bille Ceart.
thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte in terms of the damage that was done to the parenting skills of the stolen generations
" De réir na tuarascála, tá drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe.
a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis. that would damage a language in danger of dying.
" I dtír ar bith eile is dócha ná a mhalairt nach mbronnfaí cead pleanála ar aon fhorbairt a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis.
go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. that language conditions laid down by themselves for new houses in the Ring Gaeltacht were being ignored.
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
a fhad is go ndéanann tú do chuid turas éagsúil as long as you do your various journies
" Tóg, mar shampla, na ticéid Travel 90 lenar féidir taisteal ar bhusanna difriúla a fhad is go ndéanann tú do chuid turas éagsúil ar fad laistigh de 90 nóiméad.
déan do dhícheall do your best
" Ó thaobh traenála de, déan do dhícheall i gcónaí agus creid ionat féin go mbainfidh tú amach an ní is cuspóir duit.
ndearna sé tagairt do he made mention of
" Mhic Róibín cúpla nath a scríobh cara léi, an tAthair Enda MacDonagh, ina ndearna sé tagairt do *"the frequently frozen character of group hurt, resentment, rejection and guilt"* agus *"the icebreaking that could initiate forgiveness and reconciliation.
rinne sé tagairt do he referred to
" Sa stair a scríobh sé ar stair Arm Saoránach na hÉireann, rinne sé tagairt do rud a dúirt comhbhunaitheoir an Airm sin, Jim Larkin, faoi shampla Edward Carson a leanúint agus eagrú ar bhonn míleata.
déan do rogha féin make your own choice
" Tá Willie Frazer, an laoch/bómán (déan do rogha féin) a bhí taobh thiar de Love Ulster, gníomhach san eachtra seafóideach seo.
Glac meandar agus déan do mhachnamh take a second and think about it
" Ar bhain tú úsáid as an idirlíon inniu nó inné? Agus arú inné? An féidir leat cuimhneamh ar an lá deiridh nach ndeachaigh tú ar an idirlíon? Glac meandar agus déan do mhachnamh.
Déan do dhícheall do your best
"Déan do dhícheall léi,” arsa mise, “faraor nach mbeadh Gaeilgeoirí na hÉireann chomh pointeáilte leat!” “Seans go mbeidh muid ag déanamh turas na Síne aríst an bhliain seo chugainn,” ar sé.
ndéanfaí do réir toil na ndaoine the peoples’ will would be done
" Mura bhfuil an vóta ag céimí ó DCU nó Ollscoil Luimnigh nó DIT, ní ar an Seanad atá an locht ach chuile rialtas a bhí i gcumhacht le 34 bliain anuas, nár ghníomhaigh lena chinntiú go ndéanfaí do réir toil na ndaoine, agus an vóta a thabhairt do gach céimí, ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime.
a dhéanann tinneas do shaineolaithe which causes expert (like S.) problems
" Is é an príomhdhúshlán a dhéanann tinneas do shaineolaithe cosúil le Schama ná an dúshlán a leanann daoine a dhéanann iarracht smaointí casta a scagadh le téarmaí simplí.
Rinneadh dochar suntasach do serious damage was done to
" ” Dochar Suntasach ======= Rinneadh dochar suntasach do mhian an chuideachtanais sin in Éirinn dar leis nuair a cailleadh an Ghaeilge.