Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí he expressed surprise at the amount of CDs
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
dhéanann iontas are amazed
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
Déanaim iontas I'm amazed
" Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
Rinneadh iontas de caused amazement
" Cad chuige, cé a bheartaigh bronntanas mar é? Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige.
rinne mé iontas de I was amazed by
" De thairbhe cónaí a bheith orm le fada sa chathair, rinne mé iontas de dhaoine a bheith ina gcónaí in áit atá chomh beag agus chomh fada ó láthair.
nach ndéanfaidh aon iontas de shall not be surprised at all
" An Inimirce lasmuigh den Dlí agus Riarachán Obama ===================== Tá roinnt mhaith daoine nach ndéanfaidh aon iontas de gur fhógair Obama an beart seo.
Ní dhéanfar iontas de one won’t be amazed
" Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.
Dhéanfá iontas de you’d be amazed
" Dhéanfá iontas de gan amhras ach níor mhór cuimhneamh gur gnó thar a bheith mór í an pheil Mheiriceánach.
rinne mé iontas I was amazed
" Rinne mé an turas ann le déanaí agus nuair a shroich mé a shéipéal in Demre rinne mé iontas gur i Rúisís a bhí gach comhartha scríofa thart timpeall orm.
rinneadh iontas de dhéanamh na foirne people were amazed at the composition of the teams
" Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
rinne mise mo chuid iontais I viewed worldly wonders
" Ach más ó shuíochán traenach a rinne mise mo chuid iontais, is ar pháirc an áir in arm na Prúise a rinne an Caisideach a chion den uafás.
rinne sé iontas den bheocht he was amazed at the vibrancy
" Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.