Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Déanta na fírinne indeed
" Déanta na fírinne, bhí téarma príosúnachta curtha isteach ag Jimmy as róbáil nuair a chuir sé féin agus drong beag coirpeach neamhspleách Gael-Mheiricéanach agus Iodálach plean le chéile a bhí an-bhrabúsach ach thar a bheith dainséarach.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Ina dhírbheathaisnéis ‘Lá an Phaoraigh’, a scríobh sé i dteannta a dheirféar, Aoife, (Cló Iar-Chonnachta 2007) deir Seán Óg de Paor: “Déanta na fírinne, ní raibh tada eile i mo shaol chomh tábhachtach céanna leis an bpeil”.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, aon uair a théim chuig an margadh chun rí uaineola nó bradán a cheannach, tugann an díoltóir le fios go mbíonn beagáinín leisce air an táirge a thabhairt uaidh agus é cinnte de nach mbeidh sé ar mo chumas agam é a réiteach i gceart.
déanta na fírinne as a matter of fact
" Murach pobal *YouTube*, (lena bhfuil siad ag gabháil buíochais sa bhfíseán seo, déanta na fírinne), ní bheadh *YouTube* ar bith ann.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann *New Deal* de chuid Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo.
déanta na fírinne in fact
" Ach déanta na fírinne, tá cúis shimplí taobh thiar den tubaiste seo: tá an ola ar éasca í a bhaint as an talamh bainte amach againn cheana féin.
déanta na fírinne to tell the truth
" Cáineadh eile atá ar a chuid scríbhneoireachta ná go mbíonn saol i mbruachbhailte mar Chill Bharróg leadránach go maith, déanta na fírinne, agus ní bhíonn sé chomh ‘sciobtha’ agus a mbíonn sé ina chuid leabhar.
déanta na fírinne in actual fact
" ’Bhfuil an bhunobair i gcónaí níos fearr ná an chóip? Nach bhfuil an chóip díreach chomh hálainn leis an mbunobair go dtí go dtuigimid gur chóip í? In aeráid atá ar tinneall le débhrí, ní fios dúinn cá bhfuil seo ag dul, nó, déanta na fírinne, cad as a dtáinig sé ach oiread.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, is geall le faoiseamh é go bhfuil contae eile anois ag fógairt go bhfuilid fós beo agus go bhfuil an cluiche ársa fós á imirt le croí is le fuinneamh i gcontaetha eile.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, san am a chuaigh thart, b’annamh a théadh cainteoirí Gaeilge i muinín an tsloinne ar chor ar bith.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, níl ach dornán beag de Theachtaí Dála na tíre a d’fhéadfaí a rá fúthu go bhfuil siad den déanamh ceart.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, ba bheag an aird a tugadh ar na horduithe seo (agus bhí go leor áiteacha ann nár chualathas fúthu go fiú).
Déanta na fírinne as a matter of fact
" An gcuideoidh an borradh seo leis an pháirtí an Chéad Aireacht a bhaint amach agus cad é a dhéanfaidh na haontachtaithe sa chás sin? Déanta na fírinne, tá an mhaith agus an t-olc araon i dtorthaí an toghcháin ó dheas don DUP agus don UUP.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, d’ísligh Ahern oifig an Taoisigh (agus íslíonn fós lena sheafóid ar leathanaigh spóirt nuachtáin Domhnaigh).
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, ba shuarach m'aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, cuireann sé iontas ormsa freisin, fiú má tá an Ghaeltacht úd beag agus muna bhfuil éinne ina chónaí ann go lánaimseartha go fóill.
Déanta na fírinne to tell the truth
" Roghnaítear an lá sin ionas go mbíonn muintir na cathrach in ann an lá breithe a cheiliúradh sa dóigh fhíor-Astrálach: thar deireadh seachtaine fada! Déanta na fírinne, tapaíonn daoine go leor in Canberra an deis an deireadh seachtaine fada a chaitheamh ar chósta theas New South Wales, cúpla uair an chloig soir uainn, le héalú ó bhrú na cathrach agus ó bhrothall an fhómhair.
déanta na fírinne as a matter of fact
" Ach déanta na fírinne, ní raibh sé riamh éasca do shlí bheatha a shaothrú leis an gceol agus toisc go mbíonn tú ag streachailt leis an saol go minic, ní hionann sin is a rá nach fiú é.
déanta na fírinne as a matter of fact
" Bhí mé díograiseach ag an tús, déarfainn, i bhfad ródhíograiseach, déanta na fírinne.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" An t-ádh dearg is dóigh a deirim leis ach ní de thaisme amháin a bhaineann tú an méid seo amach gan aon agó a d’fhiosraigh mé: “Déanta na fírinne bíonn daoine ag rá go bhfuil sé bunaithe go huile agus go hiomlán ar ádh, ach ní mar a shíltear a bhítear, mar chreid uaimse tá níos mó scil ag baint leis thar aon ní eile.