Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceantar dílseach a loyalist area
" Tá mé i mo chónaí i gcomharsanacht bheag naisiúnach atá díreach in aice le ceantar dílseach.
croí dílseach loyalist heart
" Go minic téim chuig mo chuid oibre fríd cheantar na Seanchille, croí dílseach Uladh.
dhílseacha loyalist
" D'fhulaing Bernadette go leor ina saol féin; ba bheag nach bhfuair sí bás, mar shampla, nuair a scaoil paraimíleataigh dhílseacha í féin agus a fear i 1981, agus ansin bhí a hiníon Róisín i bpríosún i Sasana agus í ag iompar clainne.
urlabhraithe dílseacha loyalist spokespeople
" Má dheimhníonn John Reid go bhfuil an sos cogaidh thart, tá sé maíte ag urlabhraithe dílseacha go dtabharfaidh sé sin *carte blanche* do dhílseoirí a rogha rud a dhéanamh, mar níl aon bhuntáiste acu a bheith ar shos cogaidh, mar dhea.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Chuir an bogadh mearbhall ar na paramílitigh dhílseacha, gan fios acu cad é ba cheart a dhéanamh.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Deir foinsí slándála go bhfuil na mílte ógánach ag dul isteach sna paramílitigh dhílseacha, go háirithe an UDA.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Is é sin le rá gurb iad na paramílitigh dhílseacha a bhí ag saothrú dóibh féin le linn na coimhlinte na daoine céanna atá ag cruinniú maoine ó dhrugaí agus ó chineálacha eile coireachta anois.
fhoréigean dílseach loyalist violence
" Tá an easpa cothroime le mothú ach go háirithe ina sheasamh ar an fhoréigean dílseach.
dhílseach loyalist
" Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
paráidí dílseacha loyalist parades
" Brú ======= Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla.
dílseacha loyalist
" Ina n-áit, tá *stormtroopers *dílseacha ag seasamh na fóide don Aontas.
múrphictiúir dhílseacha loyalist murals
" Bhí na ballaí thart timpeall clúdaithe le múrphictiúir dhílseacha, ag ceiliúradh na banríona, stair na ndílseoirí agus grúpaí paramíliteacha Protastúnacha.
ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú one of the best-known loyalist areas
" " B'in a dúirt fear amháin le hiriseoir agus b'ionann "these people" agus Caitlicigh atá ina gcónaí in aice le Sandy Row, ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú i mBéal Feirste.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Tchí náisiúnaithe *pan-unionist front *ar obair - an PSNI, polaiteoirí aontachtacha agus na paramílitigh dhílseacha - ag teacht le chéile le múineadh a chur orthu, agus déanfaidh ráfla ar bith gnaithe le tús a chur le himeaglú in aimsir seo an Lambeg agus na fífe.
ceantar dílseach na Seanchille the loyalist Shankill area
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
gunnadóirí dílseacha loyalist gunmen
" Cad chuige sin? Nach raibh na scileanna ag bunadh Chluain Ard nó an raibh siad dofhoghlamtha acu? Nó an "*an irrational hatred*" a bhí ann nach ligfeadh d'ollfhostóirí mar Mackies gan ach dornán postanna a chur ar fáil do Chaitlicigh? Fiú má bhí ráiteas an Uachtaráin amscaí, tá súil agam go dtosóidh sé díospóireacht fán seicteachas atá chomh beo bríomhar inniu agus a bhí sé nuair a tháinig gunnadóirí dílseacha trasna Shráid Cupar i 1969 le mo chomharsanaigh a dhó amach as a dtithe i Sráid Bombay agus i mo shráid féin, Kashmir Road.
paraimílitigh dhílseacha loyalists paramilitaries
" Measann O'Leary go bhfuil 967 duine - saighdiúirí, póilíní, oifigigh phríosúin, paraimílitigh dhílseacha – maraithe ag an IRA ach níl ansin ach 56% den líon daoine a mharaigh siad ar fad (corradh le 1,750).
an choimhlint dhílseach the loyalist conflict
" Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach in unionist and loyalist working-class areas
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.
nach ndamnóidh sceimhlitheoirí dílseacha who will not condemn loyalist terrorists
" Tá an fhearg agus an fonn díoltais go smior ann ach is fear é nach ndamnóidh sceimhlitheoirí dílseacha.
na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach thousands of republican and loyalist prisoners
" Is ag Donovan Wylie atá an focal scoir lena chuid pictiúr den Maze, an príosún cáiliúil inar coinníodh na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach agus ina bhfuair 13 óglach bás le linn na stailceanna ocrais.
dúnmharfóirí dílseacha loyalist murderers
" An fear a thóg gunna ina lámh i gcoinne na ndúnmharfóirí dílseacha i 1969.
paraimíleataigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Scaoil paraimíleataigh dhílseacha leis na póilíní agus le hArm na Breataine.
paraimíleataigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
grúpaí paraimíleatacha dílseacha loyalist paramilitary groups
" Luaigh sé na grúpaí paraimíleatacha dílseacha atá chomh contúirteach anois is a bhí siad riamh.
club dílseach loyalist club
" Brú millteanach gan chúis orainne ag am nuair a bhí club dílseach cúpla míle suas an bóthar lán sceimhlitheoirí agus gunnaí ina lámha acu.
sa dara sráid ba dhílsí in the second most loyalist street
" “Caithfidh mé a rá gur tógadh mise sa dara sráid ba dhílsí sa chathair, taobh amuigh den Fountain.
a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha his colleagues, the loyalist paramilitaries
" Sin an teachtaireacht a fuair Michael Stone agus a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha – ní minic a chluin tú an téarma sceimhlitheoirí dílseacha – agus sin an fáth a raibh sé ag Stormont an mhí seo caite le Gerry Adams agus Martin McGuinness a mharú.
sceimhlitheoirí dílseacha loyalist terrorists
" Sin an teachtaireacht a fuair Michael Stone agus a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha – ní minic a chluin tú an téarma sceimhlitheoirí dílseacha – agus sin an fáth a raibh sé ag Stormont an mhí seo caite le Gerry Adams agus Martin McGuinness a mharú.
vótóirí dílseacha loyalist voters
" Agus sin á dhéanamh acu, ámh, tá na hiarrthóirí ag dul sa seans nach gcaillfidh siad sciar suntasach de vótóirí dílseacha an pháirtí atá ar son an chogaidh go fóill.
sceimhlitheoirí dílseacha loyalist terrorists
" Dá dtiocfadh an CPS agus, sa deireadh thiar, Rialtas na Breataine, amach agus gan clóca a chaitheamh ar an fhírinne, nó murar bhain fórsaí “slándála” úsáid as sceimhlitheoirí dílseacha le Caitlicigh a mharú, ní bheadh an cheist á tógáil.
dílseach. loyalist.
" Seicteachas a bheadh ann, dar liom, mura rachainn an bealach as gaiste fríd an cheantar clúiteach dílseach.
grúpaí dílseacha loyalist groups
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
cumainn dhílseacha loyalist clubs
" (Cheannaigh cumainn dhílseacha aeróga speisialta nuair a thosaigh TG4 ag craoladh chluichí sacair na hAlban ar an stáisiún.
na grúpaí dílseacha seo these loyalist groups
" Mar sin, is léir go bhfuil fadhbanna ag na grúpaí dílseacha seo ag teacht isteach sa 21ú haois agus ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
dhílseacha loyalist
" Thug sé faoi deara agus é ag imeacht an lá dar gcionn go raibh bratacha Iosrael ar crochadh le mórtas sna ceantair dhílseacha! Léim na Leimíní le hAill ========= Tá cur síos drámatúil, buille ar bhuille, sa leabhar ar na laethanta beaga roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an ról a bhí ag na páirtithe éagsúla ann.
dílseach loyal
" I ndáiríre táim ag glacadh sosa san oifig ó mo pháistí craiceáilte! Mar is eol don léitheoir dílseach táim ag obair don Irish Internet Association.
dílseacha loyalist
" Bhí fiú na sráidbhailte is lú maisithe le bratacha Briotanacha agus dílseacha, mar aon le múrmhaisiúcháin.
ghníomhaí dhílseacha loyalist activists
" “Thug mé mo chéad chuairt ar Bhóthar na Seanchille i 1998 agus is cuimhin liom beirt ghníomhaí dhílseacha, Plum Smith agus Billy Hutchinson, ag rá liom nár oibrigh an 11+ don phobal s'acusan ach ag éisteacht le hAontachtaithe ag Stormont - agus leis an BBC chomh maith - tá sé soiléir gurb é an rud is mó atá ag cur isteach orthu nó go bhfuil Aire Oideachais Shinn Féineach ann.
dílseach loyalist
" Ar an 18ú Meitheamh, thug mé síob do neacht de mo chuid, cailín as iarthar náisiúnaíoch Bhéal Feirste a bhí ag dul tigh a gasúir, fear óg as oirthear dílseach Bhéal Feirste.
i gceantar dhílseach in a loyalist area
" An gasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis faoi láthair, David (ní hé a ainm fíor é) is Protastúnach eisean fosta agus tá sé ina chónaí i gceantar dhílseach.
blaiseadh den chur chuige dílseach seo a taste of this loyalist approach
" 
 An ‘Grá’ Aduaidh ======= Is cosúil go bhfaighidh Baile Átha Cliath blaiseadh den chur chuige dílseach seo agus é fógartha go bhfuil "níos mó ná 150 dílseoir" le dul go BÁC am éigin an mhí seo le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann os cionn Teach Laighean.
ceantracha dílseacha is boichte poorest loyalist areas
" 
Tá cúrsaí go hainnis i gcuid de na ceantracha dílseacha is boichte sa tuaisceart ach ar náisiúnaigh a chuireann ceannairí aontachtacha an locht.
oirthear dílseach na cathrach loyalist eastern part of the city
" Le linn na scliúchas a bhain le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar líon níos lú laethanta os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, bhí agóid ar siúl ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in oirthear dílseach na cathrach.
teaghlach chlúiteach dhílseach a wellknown loyalist family
" Bhí sé rud beag mar a bheadh muidinne, teaghlach chlúiteach dhílseach, ag tabhairt cead do Phrotastúnaigh eile an Ghaeilge a fhoghlaim, ar dhóigh, má thuigeann tú sin.
tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol there’s news about the loyalist band that played taobh amuigh de Theach Pobail outside the parish church
" Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh.
na racáin a lean mórshiúlta dílseacha the disturbances which followed the loyalist marches
" Michael Copeland, MLA ======== Má bhíonn an cur chuige céanna acu, ní bheidh sé chomh dian is a bhí sé le linn na racáin a lean mórshiúlta dílseacha le roinnt blianta anuas.
i gceantar dhílseach in a loyalist area
" Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa ar bheirt phóilín i gceantar dhílseach seachtain i ndiaidh ‘Sheachtain Dhea-Chaidrimh’.
gclub ólacháin dílseach a loyalist drinking club
" Mar shampla, scríobh mé scéal nuachta faoi ionsaí ar chailín óg Caitliceach i gclub ólacháin dílseach ar Bhóthar Dhún na nGalll.
a d'fhulaing an agóid uafásach dhílseach who suffered with the terrible loyalist protest
" (Ar ndóigh, ba é scoil chailíní na Croise Naofa - an Holy Cross - a d'fhulaing an agóid uafásach dhílseach siar i 2001, mar sin bhí taithí ag an scoil ar an fhaisisteachas).
i gceantar dhílseach in a loyalist area
" Tá *The Star Factory* suite i mBéal Feirste agus é baiste as sean-neachtlann i gceantar dhílseach ar Bhóthar Dhún na nGall.
mhuintir dílseach loyalist families
" Tharla scaifte áirithe den mhuintir dílseach /aontachtach a bheith múscailte le spéis sa Ghaeilg, ba cheart agus ba mhithid don chuid eile againn cuidiú leo ar aon bhealach a thig linn.
ag léiriú dílseach at a loyalist demo
" Is leor ceann amháin acu, ráiteas a thug sé ag léiriú dílseach i 1968: "*Catholic homes caught fire because they were loaded with petrol bombs; Catholic churches were attacked and burned because they were arsenals and priests handed out sub-machine guns to parishioners; and the massive discrimination in employment and shortage of houses for Catholics were simply because they breed like "rabbits" and multiply like "vermin"*.
idir dhílseacha agus phoblachtacha both loyalist and republican
" Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro.
gceantair dhílseacha loyalist areas
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.
Poblachtánach nó Dílseach Republican or Loyalist
" An t-am ba láidre é, bhailigh an ghluaiseacht mná as gach aicme tráth a raibh éiginnteacht agus corraíl ar fud na hÉireann agus d’aontaigh sé mná (ar bhealach) bíodh siad Caitliceach, Protastúnach, Náisiúnach nó Aontachtach, Poblachtánach nó Dílseach.
léirsitheoirí dílseacha loyalist protestors
" I dtrátha an ama seo anuraidh bhí pictiúir le feiceáil ar scáileáin theilifíse ar fud an domhain de chailíní Scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste á maslú go fíochmhar ag léirsitheoirí dílseacha agus iad ar a mbealach ar scoil.
an phobal dílseach the loyalist community
" Fuair Liz Curtis léargas níos fearr ar an phobal dílseach le linn di a bheith ag obair mar rúnaí sealadach ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Is cúis frustrachais é do pholachtánaigh sna Sé Chontae, a deir Robert McMillen, go bhfuil na haontachtaithe sásta labhairt le paramílitigh dhílseacha ach nach bhfuil siad sásta cainteanna a bheith acu le Sinn Féin.
eagraíocht dhílseach loyalist organisation
" Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.
paraimíleataigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Tá go leor fianaise ann go raibh claonpháirteachas leanúnach i gceist idir na fórsaí slándála sna Sé Chontae agus paraimíleataigh dhílseacha ach, mar a mhíníonn Robert McMillen, níl an toil pholaitiúil ann dul i ngleic leis an scannal.
na paraimíleataigh dhílseacha the loyalist paramilitaries
" Agus an nasc idir na Sé Chontae agus an Phoblacht ag éirí níos láidre leis, an dtiocfaidh an t-am, a fhiafraíonn Robert McMillen, a bhfeicfidh na paraimíleataigh dhílseacha é seo mar bhagairt.