Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhírigh aird which focused attention
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
díreach imithe just gone
" Go raibh an ceol agus na hamhráin agus an comhluadar chomh maith céanna agatsa sa mbliain nua seo atá amach romhainn is a bhí agamsa sa mbliain atá díreach imithe!
ionchur díreach direct input
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchur díreach ag an eagraíocht i gcinntí polasaithe a dhéanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
caol díreach straight
" Siúd faoi dhéin an óstáin sinn, an Howard Johnson, agus as sin caol díreach go dtí an lárionad siopadóireachta atá láimh linn, é gránna go maith ar an dtaobh amuigh, galánta istigh.
le dath a chur air go díreach just to colour it
" " "Deor bheag bhídeach," arsa Nell, "le dath a chur air go díreach.
díreach just
" Cad é an rud é *hit list*? Píosa páipéir a bhfuil "hit list " scríofa air agus pleananna scríofa maidir le pleanáil dúnmharuithe, nó díreach liosta ainmneacha? Na péas féin a dúirt gur "low level intelligence" a bhí sa liosta a fuarthas.
freagraí díreacha direct answers
" Is breá leis an dúshlán a bhaineann leis an phost seo in RTÉ, cé go n-admhaíonn sé go bhfuil sé níos deacra ná riamh freagraí díreacha a fháil ó pholaiteoirí a bhfuil dianchúrsaí costasacha déanta acu le leithéidí Carr Communications chun cur ar a gcumas déileáil go héifeachtach leis na meáin.
na ceisteanna ar dhírigh sé orthu the issues he focused on
" Ní raibh a fhios ag na "seanpháirtithe" agus a gcuid ceannairí cén dóigh ab fhearr le déileáil le stíl ionsaitheach díospóireachta Fortuyn nó le dul i ngleic leis na ceisteanna ar dhírigh sé orthu.
mhargaíocht dhíreach direct marketing
" " Cé go bhfuil seantaithí ag tomhaltóirí ar mhargaíocht dhíreach, cuireann *spam *as do dhaoine go mór.
díreach just
" Ní dheachaigh ach grúpa an-bheag againn thart ar an teach: díreach mise agus lánúin as Sasana.
an Riail Dhíreach Direct Rule
" Loighciúil? Pilleadh ar an Riail Dhíreach ======= Agus cén aisling atá ag na haontachtaithe den todhchaí? Labhair mé le Pastor Jack McKee, ministir Elim Pentecostal ó Bhóthar na Seanchille, fear a d'iompair crois 6 troithe ar airde thart ar cheantracha Caitliceacha agus Protastúnacha Bhéal Feirste.
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid just decide to stand on the street
" Ní féidir le bean cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid.
Riail Dhíreach Direct Rule
" An mhí seo, thit an Tionól agus phill Riail Dhíreach.
díreach just
" díreach ag an am sin, d'fhéadfadh an comhlacht dul síos.
go díreach mar atá the same as there is
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
caol díreach straight
" Anuas air sin, is cosúil go mbíonn ar na heitleáin 5,000 galún breise breosla d'iompar má bhíonn orthu eitilt caol díreach go dtí an Bhreatain agus, dá bharr seo, ní féidir leo an oiread céanna saighdiúirí agus arm a iompar.
go díreach exactly
" "Céard atá i gceist agat go díreach?" ar sé.
go díreach just
" Íorónta go leor b'fhéidir tuairimí mar seo a bheith ag teacht ó pholaiteoir, ach an bhfuil firinne ar bith iontu nó an cleas a bhí ann go díreach chun poiblíocht a fháil don ócáid? Tháinig go leor ealaíontóirí agus criticeoirí chun tosaigh ina dhiaidh sin chun Gradam Turner a chosaint.
Go díreach! Exactly!
" " Go díreach! *Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí.
riail dhíreach direct rule
" Míníonn an meamram dá dtitfeadh Faulkner, rud a tharla ar deireadh, go dtitfeadh Tuaisceart Éireann faoi riail dhíreach na Breataine.
Dhírigh sé m'aird ar he drew my attention to
" Dhírigh sé m'aird ar phíosaí adhmaid ar cheapach.
Riail Dhíreach Direct Rule
" " Agus Riail Dhíreach ó Westminster i bhfeidhm arís, tá deis ag an rialtas cosc buan a chur ar na paráidí: "There might be one almighty row initially, but better that than this senseless carnage - not to mention the absurd waste of money which could be so much better spent every summer," arsa an t-eagarfhocal.
Sin go díreach an tuige that's exactly why
" "Sin go díreach an tuige a bhfostaítear dreamanna proifisiúnta lena leithéid a dhéanamh," a dúirt Máire léi féin agus lean sí Seán amach chuig an veain.
díreach chun fáil réidh leis just to get rid of
" Le blianta fada tá eagraíochtaí ar nós Comhlámh ag gearán go bhfuil an tAontas Eorpach ag dumpáil bia ar mhargaí na dtíortha neamhfhorbartha ar phraghsanna atá thar a bheith íseal, díreach chun fáil réidh leis na sléibhte ime agus mairteola, na lochanna bainne agus na lochanna fíona.
ar bhealach díreach nó indíreach in a direct or indirect way
" Tá tréithe láidre ailtireachta agus dealbhóireachta le brath ina saothar agus, gidh nach bhfuil an duine le feiceáil, tá "an corp" i láthair i gcónaí ar bhealach díreach nó indíreach.
an modh díreach the direct method
díreach ina sheasamh ansin just standing there
" Bhí an t-allas ina rith le Diarmaid agus é díreach ina sheasamh ansin.
go díreach mar a shamhlaínn í just as I used to imagine it
" Is tír álainn í Éire, go díreach mar a shamhlaínn í, nó níos deise fós.
baint dhíreach direct link
" Cé nach bhfuil baint dhíreach ag an scoil leis an AOH, bheireann an eagraíocht sin cead don scoil áiseanna an fhoirgnimh a úsáid dá gcuid ranganna agus imeachtaí.
Caol díreach abhaile straight home
" Caol díreach abhaile ansin arís go ngabhfadh sé a chodladh, go mbeadh sé réidh don lá arna mhárach.
díreach foilsithe recently published
" "Ba le linn cuairte ar shluma Five Points a chas Nicholson le hÉireannaigh bhochta Nua-Eabhrac i dtosach," a deir an tOllamh Maureen Murphy ó Ollscoil Hofstra in eagrán nua de leabhar thar a bheith suimiúil atá díreach foilsithe sna Stáit Aontaithe dar teideal *Ireland's Welcome to the Stranger* (Dufour).
aon cheangal díreach a léiriú to show any direct link
" Cé go n-éiríonn le roinnt eolaithe an bhéim ina dtaighde a athrú chun dul in oiriúint don dream atá ag cur airgid ar fáil, tá sé an-deacair ag réalteolaithe aon cheangal díreach a léiriú idir a gcuid oibre agus dearadh ríomhairí nua-aimseartha, mar shampla.
go díreach mar a bheifí ag dréim leis just as you would expect
" Ceol na fidle is mó a bheas á bhualadh, go díreach mar a bheifí ag dréim leis sa taobh seo tíre! (Leagan níos mó den ghrianghraf anseo)(johnthetaelarge2.
eitilt dhíreach direct flight
" com eitilt dhíreach ansin le gairid.
tréimhse fhada de riail dhíreach a long period of direct rule
" Deir an DUP go mbeadh siad sásta le tréimhse fhada de riail dhíreach ó Westminster ach bhainfeadh poblachtánaigh úsáid as comhthéacs na rialach dírí le brú a chur ar rialtas na Breataine maidir le ceisteanna ceart daonna, dímhíleatú, agus a leithéidí sin.
infheistíocht dhíreach iasachta a mhealladh to attract foreign direct investment
" Sa chéad dul síos, tá sé práinneach go gcuirfear na seirbhísí seo ar fáil go forleathan, ionas nach ndéanfar damáiste do chumas na tíre infheistíocht dhíreach iasachta a mhealladh.
forainm coibhneasta díreach direct relative pronoun
" Má tá an méid sin de glanmheabhair agat, tá a fhios agat a) go seimhítear túschonsan focail i ndiaidh "dá" (however) agus an forainm coibhneasta díreach "a"; b) nach seimhítear "d" i ndiaidh "sa"; c) gurb é -ar/-ear deireadh an tsaorbhriathair san aimsir láithreach, agus rudaí mar sin.
ardú díreach ón talamh lifting directly from the ground
" Aontaím gur cóir triail a bhaint as an ardú díreach ón talamh ach sílim nár chóir go mbeadh cead dhá lámh a leagan ar an liathróid agus í ar an talamh.
in iomaíocht dhíreach in direct competition
" Tar éis an tsaoil, táthar in iomaíocht dhíreach le haerlíne a chuaigh chun na cúirte le hiarracht a dhéanamh éalú óna gcuid freagrachtaí i leith daoine le míchumas.
Go díreach. Exactly.
" MÁNAS: É féin Go díreach.
Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta. We depend too much on direct foreign investment.
" Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta.
dhírigh aire na beirte he drew the attention of the two
" Agus tharla insan áit sin go ndearna Balor a chuid géag uachtaracha a leathadh agus a chuid géag íochtaracha a leathadh agus dhírigh aire na beirte ar leithead a leata.
ar an eitilt dhíreach on a direct flight
" Tagann na daoine sin ar an eitilt dhíreach ó Phrág, agus téann turasóirí ó thuaisceart na hÉireann sa treo eile.
lucht “na margaíochta dírí” the 'direct marketing' people
" Iomaíocht ======= Tá suim an-mhór ag dhá ghrúpa eile sna cóid phoist, áfach: comhlachtaí seachadta (leithéidí DHL nó UPS), agus lucht “na margaíochta dírí” (níl cead agam an t-ainm *junk mailers *a thabhairt orthu).
Chumann Margaíochta Dírí na hÉireann the Irish Direct Marketing Association
" gabh mo leithscéal, an mhargaíocht dhíreach? Dar le cathaoirleach Chumann Margaíochta Dírí na hÉireann ní bheidh ach 3-4% de phost breise mar thoradh ar na cóid phoist.
i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí towards aggressive direct marketing
" Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.
lucht “na margaíochta dírí” the 'direct marketing' people
" Iomaíocht ======= Tá suim an-mhór ag dhá ghrúpa eile sna cóid phoist, áfach: comhlachtaí seachadta (leithéidí DHL nó UPS), agus lucht “na margaíochta dírí” (níl cead agam an t-ainm *junk mailers *a thabhairt orthu).
Chumann Margaíochta Dírí na hÉireann the Irish Direct Marketing Association
" gabh mo leithscéal, an mhargaíocht dhíreach? Dar le cathaoirleach Chumann Margaíochta Dírí na hÉireann ní bheidh ach 3-4% de phost breise mar thoradh ar na cóid phoist.
i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí towards aggressive direct marketing
" Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.
fostaithe go díreach directly employed
" Meastar go bhfuil breis is 90,000 duine fostaithe go díreach sa 570 comhlacht Meiriceánach atá lonnaithe anseo.
lom díreach immediately
" Bainisteoir Raidió na Life ======= Bhí Maebh trí nó ceithre mhí sa phost úr seo i McConnell’s nuair a fógraíodh post an bhainisteora i Raidió na Life ach níor chuir sí isteach air lom díreach, de bhrí go raibh sí iontach sásta leis an phost a bhí aici.
Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh he had just had his dinner
" Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh agus shuigh sé síos os comhair an teilifíseáin agus é ag meilt ama go dtiocfadh Ellen chun na bhaile óna cuid oibre.
seachadadh “díreach in am” 'just in time' deliveries
" Bíonn siad ag lorg seachadadh “díreach in am” agus ciallaíonn sé sin go mbíonn ar a soláthróirí (a bhíonn go minic i dtíortha eile) comhpáirteanna a sheoladh go tapa.
dhírigh sé a mhéar he pointed
" Bhí sé ag gáire agus dhírigh sé a mhéar i dtreo na trá.
díreach foilsithe just published
" Dúradh san alt go raibh *Learning Irish *díreach foilsithe agus go raibh sé bunaithe ar Ghaeilge Chois Fhairrge, is é sin le rá, canúint m’athar.
díreach os ár gcomhair right in front of us
" Bhí an Taoiseach suite díreach os ár gcomhair agus is cuimhin liom go raibh Mícheál Martin ansin, John O’Donoghue agus iad ar fad.
cainteanna díreacha direct talks
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
dírigh ar ghéaga an chapaill aim at the horse's limbs
" ” Smaoineamh úsáideach eile a thug Mark dúinn: “Agus tú ag troid le fear ar chapall, dírigh ar ghéaga an chapaill.
líne dhíreach traenach a direct train line
" Cé go bhfuil líne dhíreach traenach ó Learpholl go Torino, trí thollán Mhuir nIocht, is le haghaidh lasta ó na dugaí amháin é, seachas paisinéirí, agus mar sin b’éigean dom féin, mo dheartháir is sine John agus a mhac Ciaran eitleán de chuid Ryanair a fháil go Treviso, atá ó thuaidh ón Veinéis.
cathain go díreach when exactly
" Antaine Ó Faracháin: A Thomáis, cathain go díreach a bunaíodh Craobh Naithí agus cé a bhunaigh í?Tomás Mac Uileagóid: Sílim gur duine darbh ainm Margaret Rose Fleming a bhunaigh an chraobh tríocha bliain ó shin.
i dteagmháil dhíreach in direct contact
" ” An raibh sí i dteagmháil dhíreach leis an uachtarán féin agus an leabhar á scríobh aici? “Cuireadh in iúl di go raibh mé chun an bheathaisnéis a scríobh ach d’aon ghnó rinne mé é gan a haontú <!-- D(("mb","(endorsement) a lorg, ní thaitníonn idé na beathaisnéise údaraitheliom.
díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh just after he had reached Paris
" 5 orlach) de cheantar Montmartre i samhradh na bliana 1886, díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh le stopadh lena dheartháir Theo.
Dhírigh sé an gunna i mo threo he pointed the gun in my direction
" Dhírigh sé an gunna i mo threo agus chualas pléasc.
díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh. just as butter or cabbage would be bought in the market.
" Agus is mar gheall ar stocaireacht mar sin atá cead ag daoine go fóill gunnaí a cheannach in Virginia (an stát inár tharla an sléacht) gan bac ar bith, díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh.
díreach roimh an mbriseadh lár téarma, just before the mid-term break,
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
díreach toisc just because
" Roghnaigh muid amhráin agus liricí a bhí ar ardchaighdeán, seachas amhráin a chur ar an albam díreach toisc go raibh siad i nGaeilge.
díreach neamheaglach. direct and fearless.
" Baineann an saothar seo leis an chorp nocht chomh maith le féinphortráidí, portráidí de chairde, gaolta agus leannáin agus iad léirithe aige ar bhealach díreach neamheaglach.
cad go díreach atá uathu. what exactly they need.
" Mar a mhíníonn John Kenneth Galbraith sa leabhar *The Economics of Innocent Fraud* is beag cumhacht atá ag an tomhaltóir na laethanta seo &ndash; caitheann comhlachtaí an-dua ar fad, agus an-chuid airgid, ar fhógraíocht chun a insint do thomhaltóirí cad go díreach atá uathu.
ceangal díreach direct link
"ceangal díreach idir an méid airgid a bhailíonn iarrthóir agus chomh maith is a éiríonn leis sa toghchán, agus tá iarrthóirí an chéad toghchán eile ag bailiú cheana féin.
díreach trasna an bhóthair directly across the road
" D’imir mé ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé &ndash; cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne.
tagairt dhíreach direct reference
"tagairt dhíreach ón bhliain 1185 don eachtra seo in *Annála Ríoghachta Éireann* leis na Ceithre Máistrí.
díreach ansin. exactly then.
" Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
páirt dhíreach direct role
" Siocair gurb iondúil go mbíonn páirt dhíreach acu sa scéal atá faoi chaibidil agus go mbíonn teacht acu ar fhoinsí eolais nach mbeadh ag an iriseoir.
díreach ceaptha just appointed
" Thug baill den chomh-aireacht le fios i dtosach nach raibh i gceist ach tréimhse chneastachta, mar a tharlaíonn go minic agus ceannaire nua díreach ceaptha ag páirtí polaitíochta.
dhírigh sé he concentrated
" Ní haon ionadh é gur dhírigh sé ar chúrsaí spóirt ar dtús &ndash; tá baint mhór tar éis a bheith aige le CLG ar feadh a shaoil agus tá sé ina roghnóir go fóill don chlub áitiúil.
na heitiltí díreacha the direct flights
" Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste.
mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach. as it comes directly almost from the vat.
" Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
go díreach cé chomh bríomhar exactly just how lively
" Ach tá míbhuntáistí ann freisin agus tá ráflaí ann go mbíonn fostóirí ag breathnú ar na suíomhanna sin nuair a fhaigheann siad CV chun féachaint go díreach cé chomh bríomhar is atá saol sóisialta daoine atá ag lorg poist.
tionchar díreach direct effect
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
go díreach. directly
" Ach, dár ndóigh, ní féidir véarsaíocht a aistriú go díreach.
ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu which are governments organised exactly as if they were small countries
" Ar an gcéad leibhéal eile &ndash; leibhéal an stáit &ndash; toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí &ndash; a fheidhmíonn mar uachtaráin &ndash; seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist.
atá díreach thart. which is just finished
" Tá deireadh le 2007 agus nár bhreá a rá &quot;*and they all lived happily ever after*&quot;, ach ba thúisce *Bah Humbug* i mo bhéal tráth na Nollag atá díreach thart.
go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim the body is straight from the waist up
" Is iad na difríochtaí is mó idir an dá chineál damhsa ná go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim sa damhsa céime agus bíonn na géaga le taobh an damhsóra.
a bhí díreach curtha i gcrích which was just finished
" Oíche amháin ag a naoi, dúirt sé liom go raibh fonn air bualadh isteach chuig Lance agus a bhean Suzanne leis an jab tógála a bhí díreach curtha i gcrích ar a dteach a fheiceáil.
drochaistriúcháin dhíreacha bad direct translations
" An drochaistriúcháin dhíreacha atá iontu, nó an bhfuil siad aistrithe ar bhealach éifeachtach agus greannmhar? Más drochaistriúcháin atá iontu, ar chóir do scríbhneoirí scripte bail a chur orthu, nó ligean leo? Abair gur tógadh an aoisghrúpa seo le Gaeilge amháin.
díreach roimh directly before
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga &ndash; *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
baint dhíreach direct involvement
" **Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
ní fios dúinn cé mhéid go díreach it is not known have many exactly
" Chomh maith leis sin, níl an oiread sin daoine ann a bhfuil go leor den Ghaeilge acu chun nuachtán laethúil a léamh: ní fios dúinn cé mhéid go díreach ach níl ach 1.
cad go díreach atá ar bun agat. what exactly you're doing.
" ní gan mhaith, tá sin róláidir, ach cuireann tú ceist ort féin cad go díreach atá ar bun agat.
bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach. the teachers used the direct method.
" Bhí Dónall Ó Lubhlaigh ina “phríomhoide” agus bhain na múinteoirí úsáid as an mhodh díreach.
díreach sular tháinig deireadh leis. before it came to an end
" I 1969, áfach, sheinn Donal leis an ghrúpa den uair dheireanach, díreach sular tháinig deireadh leis.
a dhírigh na meáin ormsa the media directed their attention to me
" “An t-aon uair a dhírigh na meáin ormsa ná i rith an *debacle* ar fad le Sinead O’Connor.
díreach sular thuirling Phoenix just before Phoenix landed
" Deasy ar an 23 Bealtaine, díreach sular thuirling Phoenix.
caol díreach ar ais straight back
" Seoladh na teachtaireachtaí uilig a bhailigh Mars Express caol díreach ar ais chuig GSA agus chuir saineolaithe de chuid na heagraíochta sin an t-eolas ar aghaidh chuig NASA.
a bhí díreach cumtha agam. which I had just composed
" An lá áirithe seo, agus é ar tí imeacht abhaile, d'iarras air éisteacht le píosa ceoil a bhí díreach cumtha agam.
sular dhírigh sé ar before he focused on
" ” Tharla gur fhoghlaim Bishop bunús a chuid Gaeilge ó chluas agus ó bhéal sular dhírigh sé ar an bhfocal scríofa.
a dhírigh ar na fir which concentrated on men
" Murab ionann is stair na hÉireann &ndash; a dhírigh ar na fir agus a bhí scríofa ag staraithe fireanna go dtí gur tháinig stair na mban chun tosaigh le déanaí &ndash; cruthaítear agus déantar ceiliúradh ar stair fhantaiseach bhaineann in An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín.
Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile but voters focused their attention on other policies
" Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile le linn an fheachtais agus theip ar Latham.
a théann caol díreach isteach who go directly into
" Cuireann na hollscoileanna agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta oiliúint ar na céadta míle mac léinn a théann caol díreach isteach san earnáil ghnó.
dhírigh sé a chuid fuinnimh he concentrated his energy
" Bhí sé linn ar feadh trí bliana go dtí gur dhírigh sé a chuid fuinnimh ar chúrsaí agus ar smaointe eile.