Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an dúiche máguaird the surrounding area
" Bhí ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fhógairt le gairid go gcuirfí maoiniú CLÁR de €254,709 ar fáil chun seirbhísí leathanbhanda teileagrafaíochta a leathnú go dtí ceantar na Rosann i dTír Chonaill; Cill Ala, Co Mhaigh Eo (agus an dúiche máguaird); agus Béal Átha Liag, Co Longfoirt (agus dúiche Loch Rí).
dúiche area
" Tá cion ar leith aige ar Ghaeltacht na Rosann ó thosaigh sé ag tabhairt cuairte ar an dúiche sin nuair a fuair sé scoláireacht dul ann agus é ina ghasúr.
dhúiche area
" Léiríonn sé an-suim i ngnóthaí a bhaineann lena dhúiche féin ach, dalta go leor de na comhaltaí eile, is beag a chuir sé le haon díospóireacht ní ba leithne faoi ról an Údaráis.
dúiche district
" ” Bhí cuairteoirí eile ag an mbéile freisin – Dorothee agus Walli Hellauer, ón dúiche chéanna.
muintir a dúiche féin the people of her own area
" Nuair a bhuail mé léi i mBaile Átha Cliath le gairid chun labhairt léi faoina halbam nua, *Daybreak: Fáinne an lae*, rinne sí tagairt go minic le linn ár gcomhrá don bhaile agus don dáimh a bhraitheann sí le muintir a dúiche féin.
i ndúiche an dealbhóra féin in the sculptor's own area
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
dúiche dhiamhrach mysterious area
" Ó dheas ó Paihia agus Karekare (an trá cháiliúil ar a bhfuil gaineamh dubh laibhe a bhí le feiceáil sa scannán *The Piano*), tá dúiche dhiamhrach Whatipu.
dúiche native place
" Ba é Oamaru dúiche an scríbhneora Janet Frame, agus mar nach raibh mórán eile le déanamh sa bhaile beag sin, thug mé faoi Chonair Janet Frame – dhá chiliméadar trí shráideanna agus páirceanna.
ndúichí districts
" Cónaíonn formhór mhuintir dhúchais na hAstráile sna cathracha agus sna bailte, fearacht mhuintir eile na tíre, ach tá cónaí ar mhionlach nach beag acu ina ndúichí traidisiúnta.
dhúiche territory
" Deir sé go ndíolfaidh sé an bád spéire le Patsaí Dan Mac Ruairí in Oileán Thoraigh le go rachaidh Rí an Oileáin ar a chamchuairt laethúil thart ar a dhúiche le súil a choinneáil ar a phobal dílis, agus ar a chuid caorach féin.
dúiche district
" Osclaíodh An Clachán, iarsmalann dúiche a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1987.
dúichí dúnta enclosed district
" Rialaíonn ionadaithe an Chríost is an Kaiser pobal beag protastúnach na dúichí dúnta seo trí ordlathas docht.
slándáil dúiche national security
" ’” Agus ag cabhrú le hIosrael leas a bhaint as an “acmhainn” seo, bhí “slándáil dúiche” á chur chun cinn ag leithéidí Chertoff, Lieberman, Schumer agus Specter sna Stáit Aontaithe.
dúichí anama soul lands
" Agus is tomhas eile fiúntais é, má shleamhníonn an carachtar i ngan fhios dúinn isteach fá bhun an chraicinn orainn chun imeacht ar fanaíocht ionainn sna dúichí anama istigh.
Dúiche district
" Beidh an t-iarratas bunaithe ar na téamaí Muintir, Dúiche, an tAm atá thart agus an tAm atá le teacht agus i measc na n-imeachtaí atá molta, beidh biennale bunaithe ar an ealaín nua-aimseartha, féilte pobail, ceolchoirmeacha, drámaí agus ceol nuachumtha le cuimhneamh a dhéanamh ar Phlandáil Uladh ceithre chéad bliain ó shin.
Slándála Dúiche homeland security
" 1534 isteach, bille a bhunaigh Roinn Slándála Dúiche.
dúiche place
" Scéal a bheatha, a dúiche, a chairde is a mhuintir.
a ndúichí seilge their hunting ground
" Bhí a ndúichí seilge traidisiúnta caillte ag an mhuintir dhúchais agus dá bhrí sin léirscriosadh a slí mhaireachtála agus a saíocht.
ndúiche district
" Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt cogaidh san Afraic agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa.
dúichí seo these parts
" Á dháileadh sna dúichí seo ag *Third Window Films….
dúichí anama regions of the soul
" Sna dúichí anama atáimid an dul seo.
ndúiche territory
" Cé go mbíonn siad réidh i dtólamh a ndúiche a chosaint, is fíorannamh a dhéanann ceann acu ionsaí ar aon duine.
dúiche area
" Ceantar foréigneach baolach a bhí ann, agus i 1944 rinne na Naitsithe ár uafásach ar fhir an bhaile mar dhíoltas ar ghníomhartha Fhrithbheartaíocht na Fraince sa dúiche.
dúiche nua tithíochta new housing estate
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
an dúiche daoine throngs of people
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
dúiche dhilghrách beloved countryside
" Gach uair a éistim leis an amhrán ‘Galupa’, logainm a dhúiche, ón albam cáiliúil thuasluaite buaileann an smaoineamh mé go bhfuil an mianach ceart i Gurrumul le liricí deasa a scríobh a d’oirfeadh d’amhrán náisiúnta, mar a léiríonn an sliocht thíos: Go nilimurru nhina yarrarrayun Yolnu Bandirriya dharwulnurana wana marrkapmirri wana marrapmirri narrakunu bonal nherranhara gapany gopulu (Tagaigí agus suígí i líne le chéile ár sinsir ag Bandirriya faoi scáth an chrainn dharwul dúiche dhilghrách, dúiche dhilghrách ar thalamh mo threibhe, ar shuíomh a ghlan mé féin) Tá saothar mór déanta ag Gurrumul ar son a mhuintire, daoine a bhfuil cos ar bolg imeartha orthu ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
an dóigh a riaraidís a ndúiche the way they managed their countryside
" D’fhoilsigh an seandálaí Breatnach, Rhys Maengwyn Jones, staidéar sa bhliain 1969, fágaim, inar thug sé *“firestick farming”* ar an dóigh a riaraidís a ndúiche.
mhinicíocht na ndúichí anama soul territory frequency
" Is daoine iad siúd, braithim, nach bhfuil an aeróg dírithe isteach acu ar mhinicíocht na ndúichí anama.
i ndúiche ar bith in any district
" Chinnteodh sé sin go mbeadh baicle Gardaí ag teacht amach as an Teampall Mór achan bhliain a bheadh in innimh oibriú go feidhmiúil i ndúiche ar bith ina bhfuil limistéar Gaeltachta.
labhraítí sa dúiche used to be spoken in the district
" Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil *Sydney* anois.
dúichí tithíochta housing estates
" Biseach ar Bith ====== Is beag buntáiste a fuair na ceantracha is boichte i limistéir ina bhfuil tithe galánta meánaicmeacha, árasáin arda de chaighdean an-íseal agus dúichí tithíochta beo bocht.
fanacht ina ndúiche féin stay in their own country
" B'fhearr le foireann Bharcelona fanacht ina ndúiche féin le go mbainfidís sult as na tinte cnámh sa Chatalóin.
as dúichí tithíochta from housing estates
" Is cuimhneach liom go mbíodh ar ghasúir as dúichí tithíochta i gCathair na Gaillimhe, le haitheantas oifigiúil Ghaeltachta, seoladh bréagach a thabhairt sara nglacfaí leo ar chúrsa i gColáiste Ghaeilge! Níl aon amhras orm ach go ndéanann an tréimhse a chaitheann daoine óga sa Ghaeltacht an-leas dóibh ó thaobh forbairt pearsanta.
na Cúirte Dúiche the district court
" Ó Monacháin os comhair na Cúirte Dúiche ar an Bhun Beag, i nGaeltacht Dhún na nGall, mar thoradh ar thoghairm a d’eisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall.
mar is maith linn an dúiche seo because we like this country
" Tá muid uilig ag fanacht mar is maith linn an dúiche seo.
ar a ndúiche for their country
" Is léir go bhfuil muintir dhúchais Aotearoa go láidir i bhfabhar ainmneacha Maoraise ar a ndúiche a chur ar fáil.
dúiche country
" Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).
dúichí tionsclaíochta tógtha industrial estates built
" Bhí dúichí tionsclaíochta tógtha ag Gaeltarra i nGaoth Dobhair agus ar an gCeathrúin Rua agus na céadta de mhuintir na Gaeltachta fostaithe cheana iontu.
dúiche the area
" Tá muid ag iarraidh athaontú na Moldáive agus na Rómáine, dúiche Bessarabia san áireamh.
an dúiche seo this countryside
" Geopháirc is ea an dúiche seo anois, ó Bhoireann an Chabháin go Binn Chuilceach, agus as sin síos go dtí an tseoid, uaimheanna Marble Arch.
dúichí an mhuintir dhúchais Aboriginal territories
" Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais.
Ní fáidh fear ina dhúiche féin a man’s not a prophet in his own country
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
ar a ndúiche on their estate
" Bhí ráchairt mhór ar a cheol ina dhiaidh sin, ní nach ionadh! Ní i bhfad gur phill sé ar Éirinn agus d’fhostaigh mhuintir Shirley é ar a ndúiche taobh amuigh de Charraig Mhachaire Rois, Co.
tamall siar ón dúiche a little west of the area
" Is i gceantar an Chaisleáin Dheirg atá muid, láimh leis an teorainn idir Dún na nGall agus Doire, tamall siar ón dúiche arbh as Séamas Heaney agus a mhuintir.
dúiche district
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.
sa dúiche chéanna in the same district
" Déanann na húrscéalta seo cur síos ar ghníomhaíochtaí eachtraíochta gaiscíochta na staile fiáine, Thowra, sa dúiche chéanna ina bhfuil dán Paterson lonnaithe.
slándáil dúiche national security
" Chuaigh an gháir amach, ‘slándáil dúiche, le deifir!’, ach ‘cén dúiche?’ a fhiafraíonn Maidhc Ó Cathail.
dúiche bheag small district
" Ní club damhsa de chineál áirithe atá i gceist leis an Laplainn, ach dúiche bheag Dhaidí na Nollag in íochtar an domhain.