Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur dúnmharaíodh duine de na baill that one of the members was murdered
" Bhí brón ar mo rang Gaeilge i Learpholl an mhí seo caite, agus ar gach duine eile sa Chlub Éireannach ina bhfuil sé suite, nuair a chuala muid gur dúnmharaíodh duine de na baill.
a dúnmharaíodh who was murdered
" Ba é an Garda Fallon an dara Garda a dúnmharaíodh agus é ar diúté ó bunaíodh an Stát.
nuair a dúnmharaíodh é when he was murdered
" Comhairleoir contae de chuid Sinn Féin i nDún na nGall a bhí in Eddie Fullerton nuair a dúnmharaíodh é i 1991 i mBaile Bhun Cranncha.
a dúnmharaíodh who was murdered
" Ach ar an chéad lá de mhí Iúil, maraíodh Jameson Lockhart, an chéad duine a dúnmharaíodh ó bhí imreas marfach idir an dá ghrúpa bliain ó shin.
a dúnmharaíodh go gránna who were horribly murdered
" B’amhlaidh a rinne na meáin chumarsáide, cuir i gcás, sa raic a tharraing an t-amhrán “Suffer Little Children” a scríobhadh faoin gcúigear páistí a dúnmharaíodh go gránna i Manchain sna seascaidí.
na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa the Jews who were murdered in the camp
" I mbeairic eile tá cás miotail ina bhfuil na mílte bróg ar leis na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa iad.
dúnmharaíodh were murdered
" I Ruanda, bhí sé de chúram ar Ging 40,000 duine a dúnmharaíodh le linn an chinedhíothaithe ansin i 1994 a adhlacadh.
dúnmharaíodh were murdered
" Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.
dúnmharaíodh was murdered
" Ba chun donais a chuaigh cúrsaí i 1998 nuair a dúnmharaíodh an t-amhránaí clúiteach Lounès Matoub.
dúnmharaíodh was murdered
" com ar an dráma puipéad seafóideach a láithrigh an cumann faoi dícheannadh Daniel Pearl, iriseoir Giúdach ó Mheiriceá a dúnmharaíodh sa Phacastáin i 2002.
dúnmharaíodh was murdered
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
dúnmharaíodh was murdered
" Rosa Luxemburg ========= Rinneadh an píosa, a bhain an duais, den chéad uair do dhánlann i mBerlin a bhí in aice leis an chanáil inar dúnmharaíodh an réabhlóideach Rosa Luxemburg i 1919 mar gheall ar a tuairimí polaitíochta.
Dúnmharaíodh was murdered
" Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe.
a dúnmharaíodh who were murdered
" I measc iad siúd a bheas i láthair beidh Johnny Joyce duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh.
fianaise go leor le cruthú gur dúnmharaíodh enough evidence to prove TM was murdered
" Ar dtús, ní raibh fianaise go leor le cruthú gur dúnmharaíodh Trayvon Martin.
Dúnmharaíodh ann iad they were murdered there
" Dúnmharaíodh ann iad (ach gur éalaigh fear amháin gortaithe as an áit) ag buíon saighdiúirí fá stiúir an Cheannfoirt Ed Breslin.
ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn since the conservative politician Pim Fortuyn was murdered
" Tá cúrsaí polaitíochta na hOllainne athraithe ó bhonn ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn ag tús an tsamhraidh.
ó dúnmharaíodh Robert McCartney since Robert McCartney was murdered
" Tá dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.
ó dúnmharaíodh Robert McCartney since Robert McCartney was murdered
" Tá dearcadh na náisiúnaithe i mBéal Feirste i leith an IRA tar éis athrú go mór le tamall anuas, go háirithe ó dúnmharaíodh Robert McCartney, mar a mhíníonn Robert McMillen.
Nuair a dúnmharaíodh buachaill óg, when a young boy was murdered,
" Nuair a dúnmharaíodh buachaill óg, Rhys Jones, i Learpholl le gairid, cuireadh an locht láithreach ar thuismitheoirí agus ar dhronga.