Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dúshlánach challenging
" Tá gaol speisialta fadbhunaithe ag an dánlann le go leor ealaíontóirí agus leis an phobal agus is dá bhrí seo atá saothar dúshlánach úr - tionscadail phoiblí, ealaín bheo (*performance*) agus taispeántais dánlainne - á chur ar fáil anois.
ráiteas dúshlánach challenging statement
" Caitheann Dorothy Cross súil aorach agus chliste ar chúrsaí inscne lena píosaí dealbhóireachta "Saddle" agus "Kitchen Table", saothar atá déanta as rudaí atá faighte aici in áiteacha éagsúla agus athraithe chun ráiteas dúshlánach a dhéanamh.
dúshlánach challenging
" Tá mo shaothar dúshlánach agus cad ina thaobh nach mbeadh? Mura bhfuil daoine sásta tabhairt faoi sin, níl aon leigheas agamsa air.
dúshlánach challenging
" Bíonn an cinneadh a bhíonn le déanamh ag an phainéal dúshlánach go maith nuair a chuireann tú san áireamh go dtagann thart ar 2,000 iarratas isteach gach bliain.
dhúshlánach challenging
" Nuair a d'fhiafraigh mé di cad a thug uirthi tabhairt faoin obair mhór, chruthaitheach, dhúshlánach seo dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh scéal na ndaoine a insint".
dhúshlánach challenging
" Tá seanchathair Bhilbao, gona sráideanna cúnga agus seanchearnóga, ann don té nach dtaitníonn ailtireacht nua-aoiseach shuimiúil dhúshlánach leis.
dúshlánach challenging
" Beidh Maya Lin ag úsáid a taithí leathain chun comhairle a chur orthu siúd a bheas ag plé leis an tionscadal dúshlánach seo.
dúshlánach challenging
" Tá ceist chaomhnú na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta chomh dúshlánach céanna, áfach, agus níos casta ar go leor bealaí ná an obair atá ar siúl lasmuigh de na Gaeltachtaí.
scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha energetic, challenging writers
" Mar ar fud na hEorpa tá scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha ag inseacht scéal an duine.
dúshlánach challenging
" In ainneoin go bhfuil seantaithí aige ar dhearadh cúlstáitse (rinne sé an dearadh do Riverdance, mar shampla), d'admhaigh sé go raibh an tionscadal seo ar scála i bhfad níos mó agus dúshlánach go maith.
dúshlánach challenging
" Tá a shaothar dúshlánach, go háirithe ó thaobh na teanga de, agus ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra agus iad á léamh.
mionn dúshlánach challenging oath
" " Leis an mionn dúshlánach sin a fhógraítear an chéad chath eile sa gcoimhlint fhíochmhar atá ar bun faoi láthair sna Stáit Aontaithe.
dúshlánach challenging
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
díospóireacht dhúshlánach challenging debate
" Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo *“poetic amalgamation of found and constructed objects”* a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.
dúshlánach challenging
" Bealach fliuch, dúshlánach é seo ar thalamh seasc, lom.
dualgas dúshlánach challenging responsibility
" Is ar choiste liteartha an tionscadail a thit an dualgas dúshlánach cúig fhile dhéag a roghnú ón dá thír agus ba iad na filí féin a roghnaigh píosaí dá gcuid féin, chomh maith le dhá phíosa eile a ainmniú, le cur sa taispeántas agus sa leabhar.
dúshlánach challenging
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
dúshlánach challenging
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
dhúshlánach challenging
" Obair dhúshlánach atá inti.
cabhsaí dúshlánacha challenging lanes
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
dúshlánach challenging
" Thosaigh sé ar an phost nua dúshlánach sin i mí na Samhna 1994 agus tá sé ann ó shin.
imeachtaí siamsúla nua-aoiseacha agus dúshlánacha entertaining, modern and challenging events
" Is é príomhaidhm an eagrais ná litríocht na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí siamsúla nua-aoiseacha agus dúshlánacha a chur ar siúl in ionaid tharraingteacha i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
colún seachtainiúil dúshlánach a challenging weekly column
" Bíonn altanna rialta agus colún seachtainiúil dúshlánach san *Irish Times*.
dúshlánach seachas deacair. challenging rather than difficult.
" Ach faoin tráth seo is dóigh go ndéarfainn go bhfuil sé dúshlánach seachas deacair.
go dúshlánach defiantly
" Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini, a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.
gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha enjoyable challenging careers
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach she faced a new dramatic challenging journey
" Ghlac sí le hiomarcaíocht dheonach ansin, agus sa bhliain 1977, thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach ina saol: an feachtas Éireannach ar son dí-armála núicléiche.
gur dhúshlánach dom that it was challenging
" Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
ar cheann de na stáideanna is dúshlánaí one of the most challenging trails
" 8 ciliméadarNíl dabht ar bith ach go bhfuil an tsiúlóid áirithe seo a rinne mé ar an gcéad lá ar cheann de na stáideanna is dúshlánaí ar an Camino.
níos dúshlánaí more challenging
" Tá ábhar níos dúshlánaí de dhíth orainn.
is dúshlánaí most challenging
" Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan ar ‘*Let the Right One In*’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair.
dhúshlánacha challenging
" D’úsáideamar é chun ceol a sheinnt don chuid is mó (ó theacht an iPod ní bhacaimid le dlúthdioscanna a thuilleadh) agus bhaineamar feidhm as chun focail dhúshlánacha m’OED digiteach a fhéachaint le linn cluichí Scrabble.
ba dhúshlánaí most challenging
" Tumtha, mar a bhíos, i mbréagshoineantacht an phobail tuaithe sin don dá uair a chloig go leith ba chineamúla, b’fhoirfe is ba dhúshlánaí a tháinig inár dtreo le fada an lá.
is dúshlánaí most challenging
" Agus caidé mo bhreithiúnas ar thoradh na dtrí fhéachaint sin? Tá sárshaothar déanta ag Audiard ar fiú éirí as sócúlacht teolaí an teallaigh ar cheann de na hoícheantaí fuara Earraigh seo chun ligint don scannán Francach is dúshlánaí ar an chamchuaird reatha dul i gcionn ort.
dhúshlánacha challenging
" Ag Bualadh Bóthair ======== Creideann Ó Tuairisg go bhfuil daoine óga breá ábalta dul i ngleic le hàbhair dhúshlánacha agus go bhfuil siad ábalta casadh dá gcuid féin a chur ar scéal nó tuiscintí éagsúla a bhaint amach as – mar a chonaic sé féin le linn na seisiúin cainte a bhí acu i ndiaidh An Rón Dall.
dúshlánach challenging
" Guth tomhaiste, físiúil, dúshlánach.
dúshlánach challenging
" ”* Clár oibre dúshlánach a chuir Blair roimhe mar sin agus gan mórán le gnóthú ar a shon: *“the conflict was the issue in Northern Ireland (no labour voters there) but not really an issue in United Kingdom politics (indeed, the more you solve it the less salient it becomes); fantastically difficult; inordinately time-consuming.
dúshlánach challenging
" Tionsnamh dúshlánach atá ann, gan amhras, agus tá an-dóchas aige go mbeidh an cnuasach seo, ní hamháin físiúil agus spreagúil do thumadóirí mara, ach go mbeidh sé, de réir a chéile, ina dhúshraith do sceir choiréil nua.
tréimhse dhúshlánach challenging times
" Is cinnte go bhfuil tréimhse dhúshlánach roimh na ceantair tuaithe, ach creidim go bhféadfaidh siad teacht slán mar phobail bheoga.
dúshlánach challenging
" Cad é atá ag Leamh Ó Cuinneagáin agus ag muintir Odious Gael nach bhfuil ag an chuid eile againn? Mar a deir Balor na Siosmaide: rúndiamhair dúrúnda dúshlánach atá ann.
in ann don chúram dúshlánach up to the challenging responsibility
" An bhfuil aon mhuinín againn go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann don chúram dúshlánach atá leagtha orthu ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht más aon teist é an cás seo? Má ghlactar leis an tuar duairc a rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach bhfuil ach idir cúig bliana déag agus fiche bliain fágtha ag an Ghaeilge mar roghatheanga an phobail (agus go bhfuil cúig bliana de sin imithe cheana féin) an bhfuil muid dóchasach go mbeidh a dhóthain fuadair faoin Roinn leis an phleanáil teanga a thabhairt go ceann scríbe?
dúshlánacha challenging
" Cothaíonn an tsamhlaíocht peirspictíochtaí dúshlánacha a dhiúltaíonn d’fhimínteacht an status quo.
An fhís dhúshlánach the challenging vision
" Cá bhfuil an tsamhlaíocht radacach ar na saolta seo? An fhís dhúshlánach? An ndeineann fís fírinne? B’fhéidir é, ach bíonn dhá b’fhéidir ann.
a chuspóir dúshlánach a bhaint amach to achieve his aims
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
Saothar Dúshlánach Haneke the challenging work of Haneke
" Saothar Dúshlánach Haneke ============= Is eisceacht shuntasach é Haneke toisc é a bheith sásta dul sa bhearna bhaoil agus na buncheisteanna sin a bhaineann le sochaí ár linne a chíoradh.
go bhfuil sé dúshlánach that it’s challenging
" Cúrsaí Teanga ====== **CB: Is fear Gaeltachta tú agus is fear clainne tú – an dóigh leat go bhfuil sé dúshlánach clann a thógaint le Gaelainn i nGaeltacht an lae inniu?** DÓC: Dochreidte.
le cuidiú leis an obair dhúshlánach to assist in the challenging work
" Tháinig capaill chun na hAstráile den chéaduair sa Chéad Chábhlach, thiar sa bhliain 1788, le cuidiú leis an obair dhúshlánach an choilíneacht a bhunú san fhiántas.
aistear fada dúshlánach a long challenging journey
" Tagann na sluaite chaon bhliain as tíortha thar lear len iad féin a fhéachaint ar aistear fada dúshlánach ar Shléibhte Mhám Toirc.