Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhaingniú to secure, strengthen
" Tá Coimisiún na Gaeltachta ag ullmhú cáipéisí stráitéise don Ghaeltacht ina mbeidh moltaí faoin dóigh ar féidir í a láidriú agus a dhaingniú.
a dhaingniú secure
" Dúirt sé leis go raibh sé ceart cuimhneamh orthu sin a rinne todhchaí na hiomána a dhaingniú agus go mba chuí freisin aitheantas a thabhairt don nasc a bhí ann le Coláiste na Máinlianna.
daingniú strengthening
" Tá mearbhall orthu de bharr go bhfuil, sa chéad chás de, an Rialtas, an Eaglais Chaitliceach agus go leor eile i bhfábhar an daingniú dlí a chur i bhfeidhm (mar gheall ar léamh na cúirte ar chás X) ach, os a choinne sin, go bhfuil páirtithe an fhreasúra ina aghaidh, chomh maith le grúpaí dlí agus ar a laghad beirt de na heaspaig Chaitliceacha, nach bhfuil sásta go bhfuil an moladh daingean go leor.
a dhaingniú to strengthen
" Rud eile a bhaineann le go leor de na hinimircigh seo ná go dteastaíonn uathu a n-áit sa tír seo a dhaingniú.
ag daingniú na dáimhe atá aige cheana strengthening the fellow-feeling it already has
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
a dhaingniú to strengthen
" Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan agus, ag an am céanna, ceangail chultúrtha, agus go háirithe ceangail teanga, a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge.
a dhaingniú to strengthen
" Tá géarghá, níos mó ná mar a bhí riamh, le pleananna Gaeltachta agus náisiúnta le dul i ngleic leis an mheath seo, agus le pobail Ghaeilge a dhaingniú sa Ghaeltacht agus i gceantair eile.
á daingniú being strengthened
" Glacaimid leis fosta - agus an ceart againn arís - go bhfuil bunchloch an scéil á leagan sna focail sin agus á daingniú sa chéad abairt eile.
a dhaingniú to strengthen
" Nuair a bhí Franco i gcumhacht, rinne sé iarrracht an saol a dhéanamh deacair do na daoine a bhí ina gcónaí i nGiobráltar ach an toradh a bhí ar an bhfeachtas sin ná go ndearna sé bá na ndaoine leis an mBreatain a dhaingniú agus a láidriú.
daingnithe secure
" "Ag an am sin bhí éirithe leis an *8th Irish *an príomhdhualgas a bhí air a chur i gcrích – bhí Trá Juno anois daingnithe agus bhí saighdiúirí, airm agus trealamh ag bogadh go croí na tíre," a deir sé.
daingnithe fortifications
" Ach bhí na daingnithe a rinne sé féin ró-láidir, agus theip air.
ról an pháiste a dhaingniú to strengthen the role of the child
" B’íorónta an scéal é gur fhógair an rialtas seachtain i ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Stern go raibh siad le ról an pháiste a dhaingniú i mBunreacht na hÉireann.
i ndaingniú an daonlathais in the strengthening of democracy
" Seachas a bheith ina ‘chlochmhíle thábhachtach’ i ndaingniú an daonlathais san Iaráic, mar a mhaígh Uachtarán SAM, George W.
an conradh úr a dhaingniú. to ratify the new treaty
" Chan ionann agus Conradh Nice, measadh go mbeadh sé "mí-dhaonlathach" iarraidh ar phobail na dtíortha a dhiúltaigh don Bhunreacht vótáil in athuair, agus dá bharr sin, is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé an conradh úr a dhaingniú.
Tá an Ghaeilge á daingniú The Irish language is being fortified
" Tá an Ghaeilge á daingniú ag a leithéidne i gcuid mhór cathracha i Meiriceá Thuaidh.
Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe the ratification process is being continued
" Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe i láthair na huaire.
sa cheantar daingnithe in the fortified area
" Tá 110 saighdiúir lonnaithe i mBagdad, sa cheantar daingnithe ar a dtugtar an Crioslach Glas, le hAmbasáid na hAstráile a chosaint.
dhaingniú consolidate
" Ba mar gheall ar na heachtraí sin nach dtarlaíonn anois ag na coinbhinsiúin ach iarrthóirí a dhaingniú, seachas iad a roghnú.
dhaingniú to consolidate
" org/html/) De réir a ráiteas misin, is “droichead intleachtach idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach” í an institiúid a bhfuil sé mar chuspóir aici ‘naisc tras-Atlantacha a dhaingniú.
dhaingniú certify, ensure
" Caithfear dul i ngleic leis an doiléire sin agus roinnt na hoibre idir an Foras agus an tÚdarás nua a dhaingniú go soiléir sa reachtaíocht nua má tá rath le bheith ar an straitéis seo.
daingnithe affirmed
" Ó shin i leith ar ndóigh, tá seasamh na Roinne daingnithe sa Dréacht-Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus é ráite go mbeidh Aireacht shinsireach ann i gcónaí.
daingniú consolidation
" BD: An bhfuil cuairt ríoga ó Bhanríon Shasana mar thosaíocht ag d’Oifig? Uachtarán na hÉireann: Is í an tosaíocht is mó atá agam ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn i bpróiseas na síochána ó thuaidh, neartú na nasc agus na ngréasán trasteorainn, agus cothú na gaolmhaireachta measúla atá ann idir Éirinn agus an Bhreatain.
dhaingniú to secure
" Cé nár luadh é, olc nó maith, ag an gCruinniú Mullaigh, níl ag éirí go rómhaith leis na Stáit Aontaithe a gcuid ábhar eithneach féin a dhaingniú ó dhaoine ar an taobh istigh.
dhaingniú reinforcement
" ' Ba dhaingniú é seo ar an bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach sa chás cáiliúil Ó Beoláin v.
dhaingniú enforce
" Tháinig an Conradh i bhfeidhm i 2003 i ndiaidh do 20 stát é a dhaingniú.
dhaingniú consolidate
" Aon trian amháin den ghás aiceanta atá le haimsiú ar domhan fós, tá sé anseo, agus nuair a chuirtear san áireamh gurb í an Rúis an t-onnmhaireoir is mó de ghás aiceanta dá bhfuil ann faoi láthair, is follasach gur mian leo an ról sin a dhaingniú.
dhaingniú to strengthen
" Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht *‘Gilmore for Taoiseach’* clóite orthu.
dhaingniú to strengthen
" Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht *‘Gilmore for Taoiseach’* clóite orthu.
dhaingniú consolidate
" Is é an dúshlán mór anois chomh fada is a bhaineann sé le lucht na hiomána, agus ní beag é mar dhúshlán, ná ionad agus stádas nua fhoireann iomána Átha Cliath i measc an phobail a dhaingniú agus a bhuanú.
níl sé daingnithe it hasn’t been affirmed
" Tá an conradh Eorpach sin sínithe le fada agus curtha i bhfeidhm i gcuid mór tíortha, ach níl sé daingnithe sa Fhrainc go fóill.
In ainneoin dhaingniú na rialacha despite the tightening of rules
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
daingnithe le dlí anois now confirmed in law
" “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla,” a dúirt sé agus é ag fógairt ócáid chomórtha a bheas ar siúl i nGaillimh i lár na míosa seo.
dhaingniú in aigne na ndaoine to fasten in the people’s mind
" Níor thóg sé rófhada ar na húdaráis an córas nua seo a dhaingniú in aigne na ndaoine.
dhaingniú i scoláireacht to establish in (Irish) scholarship
" Iarracht oilte ab ea an staidéar seo cur chuige na scoláirí litríochta Meiriceánacha mór le rá cosúil le Cleanth Brooks a dhaingniú i scoláireacht na hÉireann.
lá daingnithe na ndíonta the roof fastening day
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin. against the ratification of the Lisbon Treaty.
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin.
chomh daingnithe slán is ba chóir fastened and as complete as it ought to be
" Níl an tsíocháin ó thuaidh chomh daingnithe slán is ba chóir faoin am seo dar le roinnt cainteoirí a labhair ag cruinniú i Learpholl le déanaí.