Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
damhsa comhaimseartha contemporary dance
" " Bhí deacrachtaí aige nuair a d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i 1988 mar nach raibh ranganna damhsa comhaimseartha le fáil a bhí ar an chaighdeán céanna leis na cinn i Chicago.
Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint If you can't dance, you can't play hurling
" Dúirt fear eile liom, fear a chaith a shaol ar fad geall leis ag teagasc scileanna na hiomána do ghasúir: "Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint".
damhsaí seite set dances
" AÓF: Aithnítear thú mar dhuine a bhfuil an-spéis aige sna damhsaí seite.
dhamhsaí aonair solo dances
" Tá mé thar a bheith bródúil as an bhfoilseachán *A Selection of Irish Traditional Step Dances *le Micheál Ó Tiobraide - an chéad bhailiúchán de dhamhsaí aonair a foilsíodh riamh.
trí mheán an damhsa through the medium of dance
" Tá cur síos ina fhíseán siúd, *Un Ballo in Maschera (A Masked Ball)*, ar "fheallmharú an Rí Gustav II trí mheán an damhsa.
bhínn ag damhsa I used to dance
" Bheadh an brú sin níos measa mura mbeadh amhráin ná fiú ceol agam ach go hiondúil bíonn daoine sásta go bhfuil tú in ann rud éicint a dhéanamh agus nach bhfuil tú go hiomlán gan mhaith! AÓF: An bhfuil aon steip dhamhsa agat? RNicD: Arís ar ais bhínn ag damhsa ag na feiseanna nuair a bhí mé níos óige - mar a bhí go leor eile ar comhaois liom ag an am freisin.
damhsa nua-chumtha newly-written dance
" Rinne mé comhoibriú le scoláire BA, Patrick Mc Hugh, chun damhsa nua-chumtha a chur le chéile i stíl na seandamhsaí seite.
ag damhsa ar an gcosán lasmuigh dancing on the pavement outside
" Oíche álainn in Amharclann Bewleys ar Shráid Grafton i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus an ghrian ag damhsa ar an gcosán lasmuigh.
ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, singing and dancing workshops,
" I measc na n-imeachtaí a reáchtálann sí féin agus Craobh Phádraig Mhic Phiarais tá ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, céilithe, agus seisiúin cheoil.
damhsa bríomhar a lively dance
" Rinne leaid amháin damhsa bríomhar le lorgaí miotail agus lasracha ar an dá fhoirceann.
ag damhsa sna goirt dancing in the fields
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
ag damhsa go corpchuara dancing body-scentedly
" Bhí na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, bhí na buachaillí ina seasamh go craos-súileach sna heití, bhí an ceol dainséarach, fiáin agus bhí an oíche lán le hallas gáirsiúil, brothallach lár an tsamhraidh.
na hiarrachtaí damhsa the dance attempts
" Ní bheidh teorainn ama ar bith leis na hiarrachtaí damhsa anseo, ach deir Emer de Barra agus Loretta Ní Churraighín ó Oifig an *ERECTI*, an bheirt a thionscain an comórtas seo, go bhfuil siad ag súil le toradh roimh Erectus na bliana seo chugainn.
an damhsa eile aonair the other individual dance
" Cad chuige a bhfuil sé chomh mealltach sin, agus cad iad na heilimintí a dhéanann “*sexy*” é, nuair nach bhfuiltear den tuairim go bhfuil an damhsa eile aonair – an damhsa céime – leath chomh *sexy*? Bhuel, measaimse gurb é is cúis le híomhá mhealltach a bheith aige ná an tsaoirse, an tsoibealtacht agus an gháirsiúlacht a bhaineann leis.
an damhsa céime the step dance
" Cad chuige a bhfuil sé chomh mealltach sin, agus cad iad na heilimintí a dhéanann “*sexy*” é, nuair nach bhfuiltear den tuairim go bhfuil an damhsa eile aonair – an damhsa céime – leath chomh *sexy*? Bhuel, measaimse gurb é is cúis le híomhá mhealltach a bheith aige ná an tsaoirse, an tsoibealtacht agus an gháirsiúlacht a bhaineann leis.
is ionann an dá chineál damhsa aonair the two types of solo dance are the same
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
Damhsa an phobail community dance
" Damhsa an phobail a bhí ann nach mbíodh ranganna foirmiúla ar fáil fá choinne é a fhoghlaim.
go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann. that he will be a talented sean-nós dancer
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
ag damhsa go leanúnach continually dancing
" Tá íomhá de bhean eile, Sara, le feiceáil ar scáileán eile atá curtha in airde ar phlionta – tá sí ag damhsa go leanúnach taobh amuigh den dánlann féin ar Chearnóg Parnell.
ag damhsa le hachan duine eile dancing with everyone else
" Sula mbíonn a fhios agat cad é atá ar bun agat, bíonn tú amuigh ag damhsa le hachan duine eile – i do chuid brístí sciála agus na diabhal buataisí.
gur chlub damhsa théisiúil é that it was a lap-dancing club
" Bhí na póilíní i ngnáthéadach i mbun imscrúdaithe sa chlub mar gheall ar líomhaintí striapachais a bheith déanta faoi, agus níl aon dabht faoi ach gur chlub damhsa théisiúil é an áit a raibh na híospartaigh an oíche sin.
scoth an damhsa excellent dance
" Ach fiú murar tháinig le duine é sin a fheiceáil, cuireadh scoth an damhsa i láthair i seó s’aige.
gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn. that the weaknesses in her dancing was revealed during it.
" Suimiúil, gan dabht, damhsa a fheiceáil sula mbíonn an rud a spreag é le cloisteáil, ach bhí an chuid seo rófhada i mo bharúilse, agus shíl mé gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn.
mar gheall ar an damhsa comhaimseartha regarding contemporary dance
" *Ok*, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt.
nach rangaítear mar dhamhsa comhaimseartha which is not categorised as contemporary dance
" Ba iad na *hits* ba mhó san fhéile ná saothair de chuid *genre* nach rangaítear mar dhamhsa comhaimseartha go rómhinic: an damhsa Gaelach.
Damhsa comhaimseartha contemporary dance
" Damhsa comhaimseartha ar fad a bhí ar siúl lena linn, agus tuigim nach réitíonn an *genre* sin le gach duine.
an damhsa comhaimseartha contemporary dance
" *Ok*, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt.
a barraicíní ag damhsa her toes dancing
" Bhí a ceann á chroitheadh aici, a cromáin ag luascadh, a barraicíní ag damhsa agus meangadh gáire ar a haghaidh.
ranganna sa damhsa Albanach Scottish dancing classes
" Ach cad é faoi the Boord o’ Ulstèr Scotch? Má amharcann tú ar shuíomh gréasáin s’acu – faoi “Forthcoming Ulster Scots Courses” – gheobhaidh tú amach nach bhfuil oiread agus rang Ultaise amháin ar an liosta; ranganna sa damhsa Albanach atá sna cúrsaí uilig (www.
doras cúil an stiúideo damhsa back door of the dance studio
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
Damhsa grúpa group dancing
" Damhsa grúpa amháin atá i gceist; rincí mar “Ballaí Luimní”, “Aoibhneas na Bealtaine” agus “Ionsaí na hInse”.
staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha. the study of global dance in a cultural context
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
ag damhsa le taibhsí dancing with ghosts
" Bhí sé cosúil le dul thar líne éigin agus go tobann bhí muid ag damhsa le taibhsí.
damhsa an domhain world dancing
" Féile ina gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain le labhairt fá rince agus fá’n áit atá ag an rince i gcomhthéacs an chultúir.
hurláir dhamhsa dance floors
" Ceol dos na hurláir dhamhsa i gclubanna oíche Shráid Chill Mochargán.
ndamhsa ceolchoirme concert dance
" Tá aitheantas ar an damhsa chomhaimseartha a mhórleathnú an damhsa chomhaimseartha agus thug sé deis do lucht damhsa Afracach-Mheiriceánach páirt a ghlacadh i ndamhsa ceolchoirme an 20ú céad.
damhsa na scuaibe the brush dance
" Princeam na Rónóige ========== Siocair fad agus méid a gúna, tugadh cead speisialta di damhsa na scuaibe a dhéanamh le scuab fiacla, seachas le scuab urláir.
damhsa suirí courting dance
" Taispeánann an fireannach damhsa suirí faoin uisce chun an bhaineannach a mhealladh ó mhí an Mhárta ar aghaidh.
taispeántas damhsa a dancing exhibition
" Cuireadh bia traidisiúnta an réigiúin ar fáil taobh leis an mbia idirnáisiúnta agus rinne scata d’ógánaigh áitiúla taispeántas damhsa agus amhránaíochta.
Tarrthaigh an Damhsa save dancing
" ” “A dhuine gan ainm agus gan ghnúis,” a d’fhiafraigh Balor, “cén dóigh a thig leo rud a fheabhsú má tá siad i mbun é a chur chun báis?” Tarrthaigh an Damhsa! ========= “Ach níl siad ag marú a dhath ar bith,” a d’fhreagair an duine gan ainm agus gan ghnúis.
ghin sé tionscal damhsa it generated a dance industry
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
deireadh gasta lena dhamhsa a quick end to his dancing
" Tá Ó Cuinneagáin i ndiaidh a ghealladh go mbrisfidh sé dhá chois Daniel mura mbeidh – agus go gcuirfidh sin deireadh gasta lena dhamhsa ar an sean-nós.
faoi ghnóthaí damhsa in dancing
" **SMM: Chonaic tú an tOireachtas ag athrú in imeacht na mblianta le fás aisteach faoi ghnóthaí damhsa.
an damhsa barrúil the comical dance
" Is díol spéise an ráth ollmhór atá ar an amhrán in ainneoin go bhfuil go leor daoine nach dtuigeann an liric atá beagnach go hiomlán i gCoiréis ach, mar gheall ar an damhsa barrúil a dhéanann PSY san fhiseán agus an fonn tarraingteach a théann leis an amhrán, tá daoine ar fud na cruinne ar bís le híosluchtú a dhéanamh air arís agus arís eile ó YouTube.
damhsa áiféiseach ridiculous dance
" ‘Bhi sé thar a bheith amaideach’ a dúirt Kapoor agus é ag caint faoin damhsa áiféiseach a rinne siad mar aithris ar cheann PSY, ‘ach bhí gá leis.
i mbun damhsa dancing
" I measc na ndifríochtaí atá ann, níl béim an chomórtais curtha ar áilleacht na ngasúr ach ar an scil atá acu agus iad i mbun damhsa.
damhsa foréigneacha a violent dance
" Rinne na peileadóirí damhsa foréigneacha ar an tochailteoir sular thiontaigh sé ar an teach agus leag go talamh é.
callán na mbróg damhsa the clatter of shoes dancing
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
i mbun an damhsa ar dtús to start dancing initially
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
na damhsaí foirne ceili dancing
" B’fhéidir go bhfeicfeá le linn sosa ag céilí, nuair a shuíodh daoine síos ó na damhsaí foirne, go seasadh duine amach le cúpla coismeig a bhualadh leis an gceol.
gur aon aicme damhsa amháin one single type of dancing
" Is ansin a thuig mé gur aon aicme damhsa amháin a bhí ann agus go raibh ‘sean-nós’ baiste ar a leitheid.
na comórtais damhsa the dancing competitions
" **SMM: Thosaigh na sluaite ag freastal ar na comórtais damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn roinnt blianta ó shin agus bhí a fhios againn go raibh athbheochain faoi lán réime.
Chóirigh tusa an damhsa you choreographed the dancing
" **SMM: Chóirigh tusa an damhsa don scannán.
Sin tuilleadh cóiriú damhsa duitse that’s more choreography for you
" **SMM: Sin tuilleadh cóiriú damhsa duitse.
an damhsa comhaimseartha contemporary dance
" Is minic a dhéantar an damhsa comhaimseartha a cháineadh, ach dar le Breandán de Gallaí, tá go leor fiúntais ag baint leis ach tuiscint a bheith agat ar an (i)genre(/i).
damhsa an domhain world dancing
" Tá seal caite ag Breandán de Gallaí ag freastal ar chomhdháil i dtuaisceart Chríoch Lochlainn mar a gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain ar an aon láthair.
Ceachtanna damhsa dancing lessons
" Ceachtanna damhsa ar an sean-nós i mBruíon Buckingham i Londain? Tá, dar le Balor agus tá Fine Gael sásta cionn is nach mbeidh orthu aon fhocal Gaeilge a fhoghlaim ná a labhairt feasta.