Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leaspáin ar a cuid súl dancing shapes/lights in front of her eyes
" Bhí péint uachtair the shaibhir ar na ballaí agus ba faoiseamh mór é nó bhí leaspáin ar a cuid súl i ndiaidh an halla sin.
ceardlann seiteanna set-dancing workshop
" Beidh ceardlann seiteanna ann freisin le Tony Ryan agus seisiún amhránaíochta ar an sean-nós le Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Cáit Nic Suibhne, Sorcha Ní Chéilleachair, Joe John Mac an Iomaire, Síle Ní Mhongáin agus Traolach Ó Conghaile.
ag raidhnce thaidhmpeall dancing around
" Bhris bean de bhunadh na Rinne a "caidhncín" nuair a thit sí agus í "ag raidhnce thaidhmpeall", ach nuair a bhí sí ag scríobh na litreacha gearáin chuig a dlíodóir fuair sí locht ar an cheol damhsa, díreach mar a dhéanann gach aon duine eile.
leaspáin dancing, coloured lights before eyes
" bunúsmost cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me faraoralas leaspáindancing, coloured lights before eyes ag gliosarnachglistening dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury le míshuaimhneasuneasily clóscríobhántypewriter úsáid inteachtsome use i sruthannain torrents (of words) ainmhí fiáinwild animal teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink déistinnausea samhnasdisgust ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt buarthaworried scalltawretched, puny sa bhúireachin the roaring ag preabarnaílthrobbing aicíd ghallda inteachtsome foreign disease folcadh mór fadaa very long bath tintreacha ifrinnthe sparks of hell i dtólamhalways galar na dúiseachtathe disease of wakefulness bándeargpink níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me seileogaspits mo mhacasamhailsethe likes of me doilighdifficult mo phlucmy cheek nimhneachsore conáiltefreezing ailleog cheoilburst of song i mo chuid samhlaíochtain my imagination creathashivers trupnoise gnúisface farraige fhíochmharferocious sea go fuarbhruitelistlessly ealaíswans faitíos millteanacha great fear tráidiretray
Bhí an ghrian ag siúl ar a leiceann the sun was dancing on his cheek
" Bhí an ghrian ag siúl ar a leiceann ach ní raibh solas ar bith sna súile aige.
ag léim timpeall agus ag rince jumping around and dancing
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
ag damhsa ar an gcosán lasmuigh dancing on the pavement outside
" Oíche álainn in Amharclann Bewleys ar Shráid Grafton i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus an ghrian ag damhsa ar an gcosán lasmuigh.
ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, singing and dancing workshops,
" I measc na n-imeachtaí a reáchtálann sí féin agus Craobh Phádraig Mhic Phiarais tá ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, céilithe, agus seisiúin cheoil.
ag damhsa sna goirt dancing in the fields
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
ag damhsa go corpchuara dancing body-scentedly
" Bhí na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, bhí na buachaillí ina seasamh go craos-súileach sna heití, bhí an ceol dainséarach, fiáin agus bhí an oíche lán le hallas gáirsiúil, brothallach lár an tsamhraidh.
batar an tseitrince the batter of set-dancing
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
ag damhsa go leanúnach continually dancing
" Tá íomhá de bhean eile, Sara, le feiceáil ar scáileán eile atá curtha in airde ar phlionta – tá sí ag damhsa go leanúnach taobh amuigh den dánlann féin ar Chearnóg Parnell.
ag damhsa le hachan duine eile dancing with everyone else
" Sula mbíonn a fhios agat cad é atá ar bun agat, bíonn tú amuigh ag damhsa le hachan duine eile – i do chuid brístí sciála agus na diabhal buataisí.
gur chlub damhsa théisiúil é that it was a lap-dancing club
" Bhí na póilíní i ngnáthéadach i mbun imscrúdaithe sa chlub mar gheall ar líomhaintí striapachais a bheith déanta faoi, agus níl aon dabht faoi ach gur chlub damhsa théisiúil é an áit a raibh na híospartaigh an oíche sin.
gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn. that the weaknesses in her dancing was revealed during it.
" Suimiúil, gan dabht, damhsa a fheiceáil sula mbíonn an rud a spreag é le cloisteáil, ach bhí an chuid seo rófhada i mo bharúilse, agus shíl mé gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn.
a barraicíní ag damhsa her toes dancing
" Bhí a ceann á chroitheadh aici, a cromáin ag luascadh, a barraicíní ag damhsa agus meangadh gáire ar a haghaidh.
ranganna sa damhsa Albanach Scottish dancing classes
" Ach cad é faoi the Boord o’ Ulstèr Scotch? Má amharcann tú ar shuíomh gréasáin s’acu – faoi “Forthcoming Ulster Scots Courses” – gheobhaidh tú amach nach bhfuil oiread agus rang Ultaise amháin ar an liosta; ranganna sa damhsa Albanach atá sna cúrsaí uilig (www.
Damhsa grúpa group dancing
" Damhsa grúpa amháin atá i gceist; rincí mar “Ballaí Luimní”, “Aoibhneas na Bealtaine” agus “Ionsaí na hInse”.
Ní chuige sin atá an rince céilí that is not what céilí dancing is for
" Ní chuige sin atá an rince céilí, dar le Ní Mhearraí.
ag damhsa le taibhsí dancing with ghosts
" Bhí sé cosúil le dul thar líne éigin agus go tobann bhí muid ag damhsa le taibhsí.
damhsa an domhain world dancing
" Féile ina gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain le labhairt fá rince agus fá’n áit atá ag an rince i gcomhthéacs an chultúir.
taispeántas damhsa a dancing exhibition
" Cuireadh bia traidisiúnta an réigiúin ar fáil taobh leis an mbia idirnáisiúnta agus rinne scata d’ógánaigh áitiúla taispeántas damhsa agus amhránaíochta.
a gcuid macnais their sexy dancing
" Bhí cage i lár an urláir áit a ndéanann na damhsóirí is dána a gcuid macnais.
Tarrthaigh an Damhsa save dancing
" ” “A dhuine gan ainm agus gan ghnúis,” a d’fhiafraigh Balor, “cén dóigh a thig leo rud a fheabhsú má tá siad i mbun é a chur chun báis?” Tarrthaigh an Damhsa! ========= “Ach níl siad ag marú a dhath ar bith,” a d’fhreagair an duine gan ainm agus gan ghnúis.
ag rince dancing
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
deireadh gasta lena dhamhsa a quick end to his dancing
" Tá Ó Cuinneagáin i ndiaidh a ghealladh go mbrisfidh sé dhá chois Daniel mura mbeidh – agus go gcuirfidh sin deireadh gasta lena dhamhsa ar an sean-nós.
faoi ghnóthaí damhsa in dancing
" **SMM: Chonaic tú an tOireachtas ag athrú in imeacht na mblianta le fás aisteach faoi ghnóthaí damhsa.
ag rince i gcroí na duimhche dancing in the sand dune
" > ‘Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche, ribín id’ cheann is fáinní óir ar do mhéaranta duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.
i mbun damhsa dancing
" I measc na ndifríochtaí atá ann, níl béim an chomórtais curtha ar áilleacht na ngasúr ach ar an scil atá acu agus iad i mbun damhsa.
callán na mbróg damhsa the clatter of shoes dancing
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
togha gach rince the choicest all dancing
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
i mbun an damhsa ar dtús to start dancing initially
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
d’fheicfeá an chorr-choismeig you’d see an odd step (of dancing)
" D’fheicfeá damhsóirí áitiúla sa bhaile, nó thiar i gCruachán (Ros Comáin), d’fheicfeá an chorr-choismeig ag duine éicint.
na damhsaí foirne ceili dancing
" B’fhéidir go bhfeicfeá le linn sosa ag céilí, nuair a shuíodh daoine síos ó na damhsaí foirne, go seasadh duine amach le cúpla coismeig a bhualadh leis an gceol.
gur aon aicme damhsa amháin one single type of dancing
" Is ansin a thuig mé gur aon aicme damhsa amháin a bhí ann agus go raibh ‘sean-nós’ baiste ar a leitheid.
nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart I hadn’t learned step dancing properly
" Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.
na comórtais damhsa the dancing competitions
" **SMM: Thosaigh na sluaite ag freastal ar na comórtais damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn roinnt blianta ó shin agus bhí a fhios againn go raibh athbheochain faoi lán réime.
ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin step dancing went a little overboard that time
" Is dóigh liom go ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin.
d’fhág mé mo bheannacht ag an rince I took my leave from the (step) dancing
" Rinne mé an dá rud an t-am sin, an rince céime agus an sean-nós, ach bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos nuair a bhínn ag rince dóibh! (gáire) Chuaigh muid go Nua-Eabhrac an bhliain dár gcionn, ach d’fhág mé mo bheannacht ag an rince ina dhiaidh sin i ndáiríre.
Chóirigh tusa an damhsa you choreographed the dancing
" **SMM: Chóirigh tusa an damhsa don scannán.
damhsa an domhain world dancing
" Tá seal caite ag Breandán de Gallaí ag freastal ar chomhdháil i dtuaisceart Chríoch Lochlainn mar a gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain ar an aon láthair.
Ceachtanna damhsa dancing lessons
" Ceachtanna damhsa ar an sean-nós i mBruíon Buckingham i Londain? Tá, dar le Balor agus tá Fine Gael sásta cionn is nach mbeidh orthu aon fhocal Gaeilge a fhoghlaim ná a labhairt feasta.