Pota Focal Intergaelic
dár | ar | dair | daor | dara
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dar le taighde according to research
" Fhad is a bhí an clár teilifíse Big Brother á chraoladh ar Channel 4, chaith cuid mhaith oibrithe tréimhsí fada ag féachaint ar shuíomh gréasáin an chláir sin - rud a chosain thart ar Stg£300,000 ar fhostóirí gach lá, dar le taighde a rinne Websense.
dar ndóigh of course
" dar ndóigh, tá a fhios againn uilig nach cruthú pictiúr deas is aidhm don ealaín, ach gan an *hype *a bhí ann de bharr Ghradam Turner, an mbeadh an oiread céanna spéise ag daoine sna saothair seo? Cad é a bheadh fágtha … ráitis mhóra chliste gan mórán taobh thiar díobh nó rud éigin fiuntach? Is é firinne an scéil, dar liom féin, ná gan an rírá agus daoine a bheith ag tógáil raice faoi Ghradam Turner nach mbeadh an duais chomh luachmhar sin.
dar le tráchtairí according to commentators
" Beidh seans ansin ag Trimble an páirtí a atógáil ar fhís s'aige féin, dar le tráchtairí.
dar ndóigh of course
" Níl aon dabht ach go gcuirfeadh a leithéid d'athrú ar chumas na n-údarás áitiúil i bhfad níos mó tithe sóisialta a chur ar fáil, ag glacadh leis go bhfuil an toil ann a leithéid a dhéanamh, dar ndóigh.
dar ndóigh of course
" "Mé féin atá i gceist, dar ndóigh!" "Bhail, Dia go deo leat, a chomrádaí," arsa Toe Knee, agus as go brách leis síos ráille an staighre ar a thóin, amach an doras agus isteach sa mhótar mór a bhí pairceáilte ag an doras.
dar ndóigh of course
" Ach, dar ndóigh, fir ghnó is ea an bheirt úd agus nuair a chonaic siad deis chun brabach maith a dhéanamh thapaigh siad í - an cineál rud a dhéanann lucht ghnó chuile lá! Gnó ======= Is cosúil nach dtuigeann lucht leanta clubanna ar nós Man United gur gnó é an sacar agus gur airgead a rialaíonn an gnó sin.
dar ndóigh of course
" An comhtharlúint é go bhfuil na scéalta seo sa nuacht ar lá foilsithe thuarascáil an IMC? Níl mé ag rá, dar ndóigh, nach ann don smuigleáil phoblachtánach ach is cuid de cheist chasta í.
dar fia by dad
" "Hey, this guy's really Irish! Get him a beer!" Chonaic mé ól á chleachtadh mar spórt i rith Sheachtain na nGiobal agus mé i mo mhac léinn i nGaillimh, ach dar fia, ba ag na Meiriceánaigh a bhí an svae sa spórt seo.
dar leis na bunaitheoirí in the view of the founders
" Cén fáth ar bunaíodh é?*** An phríomhchúis ar bunaíodh é ná mar gheall ar an easpa neamhspleáchais a bhí ag Ógras ó Chonradh na Gaeilge, dar leis na bunaitheoirí.
Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin. I think it would be a tragedy if that happened.
" Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin.
Lá foirfe, dar le cách. A perfect day, according to everyone.
dar lena shuíomh gréasáin. according to his website.
" Tá Steve Adams, ó Kentucky, ar fheachtas mar “ghnáthdhuine”, dar lena shuíomh gréasáin.
dar leis. according to him.
" Thug a dheartháireacha tine dó, ach níor leor é, dar leis.
dar teideal entitled
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
dar teideal entitled
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
dar le taighde according to research
" Deir Google go gcabhróidh an t-eolas seo ar fad leo seirbhís níos fearr a sholáthar duit, agus dar le taighde ón bhFionlainn a foilsíodh le déanaí (“Web on the move: Landscapes of Mobile Social Media” le Santtu Toivonen) b’fhéidir go bhfuil an ceart acu.
Dar leis go bhfuil muid ar fad sa chac. according to him we are all in the shits
" Dar leis go bhfuil muid ar fad sa chac.
De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, according to the next day's local paper
" De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, bean áitiúil ocht mbliana is caoga d'aois a bhí inti.
scannán dar teideal a film entitled
" Is éard atá ar fáil ná scannán dar teideal *The Fairytale of Kathmandu*.
feachtas nua dar teideal a new campaign entitled
" Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?! **Feachtas**Shíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra.
Dar ndóigh Of course
" Dar ndóigh, ní bhaineann an ceathrar seo leis an fhíorshaol; is cuid de shaothar ealaíne poiblí iad atá cruthaithe go speisialta ag an ealaíontóir clúiteach Julian Opie le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín.
dar leis féin according to himself
" Ba é Joseph Smith a chuir an eaglais ar bun i Nua-Eabhrac nuair – dar leis féin – a thug Dia cuairt air sa bhliain 1820 agus é ceithre bliana déag d’aois.
dar leis an fhreasúra, according to the opposition,
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
dar leis an mbulaí, as far as the bully is concerned,
" Níl san íospartach, dar leis an mbulaí, ach íomhá ar scáileán agus tá sé deacair grafaicí agus focail chlóscríofa a chomhcheangal leis an té atá ann, dáiríre.
dar fia by jove
" Agus, dar fia, táimid lánsásta lenár Mazda.
craobhscaoileadh an tsoiscéil dar le spreading the good news according to
" Bhí colún á scríobh aige sa sean-Sunday Press ag moladh Uí Eochaidh is ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dar le Ó hEochaidh.
dar lena lán according to many
" Criostóir Ó Rinn Tá iomrá i gcónaí ar Christy Ring mar ghaiscíoch spóirt, an laoch iomána ab fhearr riamh dar lena lán.
dar gcionn later, after that
" Trí lá dar gcionn, tar éis cuardach ollmhór a tuairiscíodh go fairsing sna meáin, gabhadh é ag láthair campála tar éis do na póilíní éirí amhrasach go raibh sé ag iarraidh a bhás a fhalsú.
dar theideal entitled
" Tá píosa fada fiáin ceoil ag an mbanna dar theideal, Luna Park.
dar liom as I see it
dar leo siúd as they see it
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
Léacht dar teideal a lecture by the title of
" Léacht dar teideal 'An Beirneach' ag tús na féile i halla na scoile náisiúnta ar an Chaiseal a bhí ann agus rinne sé cur síos ar shaol an fhir seo a raibh bua ceoil ar leith ann.
dar leat as you see it
" Bhí mé ar tí ‘dul chun cinn an gheilleagair’ a rá, ach seo í an cheist: an tábhachtaí, dar leat, béim a leagan ar an dul chun sóisialta in áit a leagan don chuid is mó ar dul chun cinn geilleagair? **An Bealach Ceart nó Botún?** Níl amhras dá laghad orm go bhfuil an stát in iomrall sa treo a bhfuil siad ag leagan béim na forbartha.
Dar liom féin as I see it
" Dar liom féin, níl rud ar bith a mharós aon chreideamh, tuaithe ná eaglasta, chomh gasta le heaspa creidhimh san fhírinne.
dar teideal entitled
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
dar leo according to them
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
mhaidin dar gcionn morning after
" Dhúisíomar ag leathuair tar éis a seacht, an mhaidin dar gcionn agus thiomáin caol díreach chuig aerphort Bhleá Cliath.
dar le according to
" Agus sin í an fhadbh, dar le Jeff Gates, údar Democracy at Risk: *Rescuing Main Street from Wall Street, agus The Ownership Solution: Toward a Shared Capitalism for the 21st Century, leabhar ar ar thug léirmheastóir amháin “the best book on economics for a generation*,” agus ar mhol Ralph Nader mar “*a Capitalist Manifesto, a blueprint for spreading the benefits of capitalism more equitably*.
dar teideal entitled
" “*Same pig; different lipstick*,” a deir sé agus é ag tagairt don tuarascáil dar teideal A Pathway to Recovery and Renewal for the Irish Economy, a d’ullmhaigh Ronald Greenspan don Taoiseach Brian Cowen i Márta na bliana seo.
Dar ndóigh indeed
" Dar ndóigh is eagraíocht speisialta agus seoid náisiúnta é an Cumann Lúthchleas Gael.
dar le according to
" I stair ghlórmhar an Chumainn Lúthchleas Gael beidh caibidil ar leith á scríobh fúthu, an fhoireann iomána ab fhearr riamh dar le go leor, cé go mb’fhéidir go bhfuil seanbháireoirí i gCorcaigh nó i dTiobraid Árann a rachadh ag sárú faoin moladh áirithe sin.
dar liom as I see it
" Is óna hochtóidí a thagann fíricí an tsaoil, dar liom im’ aigne féin.
dar leat you'd imagine
" Ba bheag fáil a bhí ar leapacha i mbailte beaga Thuaisceart na tíre sin, cé go raibh laethanta gairide, cheann an tséasúir dar leat, ag teannadh linn.
dar leis according to
" I ngeall go raibh gach cuma ar an scéal, dar leis na meáin chumarsáide, gur Colonna a mharaigh an Préfet Erignac, shocraigh sé gan fanacht thart go dtiocfadh na póilíní á lorg.
dar leo as they see it
" Ní féidir an milleán ar fad a chur ar imreoirí, ar lucht traenála ná ar bhainisteoirí – imrítear an cluiche ar an mbealach is feidhmiúla, dar leo.
dar le according to
" dar le Blankfort, bíonn cruinnithe seachtainiúil ag an CGM le hardoifigeach nó le ceann stáit na mballstát AE.
dar teideal entitled
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
dar ndóigh of course
" An cluiche deireanach de chluichí cáilithe Chorn an Domhain a bhí i gceist agus ní raibh ach toradh amháin insamhlaithe, bua d’fhoireann na Poblachta, Poblacht na hÉireann dar ndóigh.
dar liom as I see it
" Ceann de na gnéithe is spéisiúla faoi Wave, dar liom, ná an ghné a ligeann duit gach pointe eagarthóireachta a sheinnt ar ais (“Playback”).
dar liom I feel
" Is deas an rud é dar liom, sos a ghlacadh ón tsaol atá i gcónaí faoi dheifir (agus i gcónaí ar deireadh dá réir), agus ár n-intinn a dhíriú orthu siud a chuaigh romhainn agus ar an tionchar a d'imir siad orainn, nó ar an ghrá a thug siad dúinn.
dar teideal entitled
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
dar fia by jove
" Bhí a fhios acu cad é bhí ag gabháil a thitim amach - dar fia, bhí sé sna nuachtáin - ach ní raibh siad in ann é a stad.
dar fia by jove
" Agus, dar fia, gan ach dhá mhí go leith nó mar sin ó thús na gluaiseachta a dhul thart, thángadar amach ina sluaite.
dar le cách according to all
" Ní inseoidh na fíricí loma sin áfach, go raibh críoch a bhí conspóideach agus scannalach araon leis an gcluiche ceannais úd mar go ndearna an réiteoir, Martin Sludden, tuaiplis le cinneadh mícheart, rud a d’admhaigh sé féin níos déanaí, i bhfíordheireadh na himeartha a sciob an chraobh ó Lú agus a bhronn ar an Mhí í, dar le cách.
dar liom as I see it
" Is acusan atá an ceart, dar liom, óir níor tháinig as an mhír dheireanach den athchaighdeánú, imeacht cúig fhocal deiridh an tuisil tabharthaigh sna 1990aidí, cuirim i gcás, ach simpliú.
lá dar gcionn following day
" Bhí mír faoin tionscal turasóireachta gach maidin an tseachtain sin, agus an lá dar gcionn, luaigh an tAire Mary Hanafin an méid airgid atá an rialtas ag caitheamh san earnáil sin ar thogra mar Shliabh a Liag, atá i bpobal Ghleann Cholm Cille.
dar fhulaingíos riamh which I’ve ever suffered
" Fuacht seo an gheimhridh ’sé is measa dar fhulaingíos riamh.
dar teideal entitled
" Healey, alt dar teideal *‘Shakespeare Was An Irishman’* ar an iris *The American Mercury*.
dar fia by jove
" Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí.
dar liom.
" Cluiche breá spórtúil a bhí ann idir dhá fhoireann a bhí ag déanamh iarrachta chomh tréan is a bhíodar in ann chun an bua a fháil agus an Corn Ceilteach a choinneáil sa bhaile i gcás amháin nó a bhreith leo trasna na dtonnta go dtí A’ Gháidhealtachd sa chás eile.
dar ndóigh of course
" Ar nós ceantair sa bhFrainc, tá bia agus deochanna faoi leith ag an mBriotáin – brioscaí ime ‘palets’ nó ‘galettes’, caramal le salann, crepes agus dar ndóigh bia mara.
dar leis according to
" D’éirigh leis an tseanbhean teacht slán, dar leis na seirbhísí éigeandála, toisc go raibh teacht aici ar uisce.
dar linne to our eyes
" Caithfidh sé gur daoine seiftiúla iad an Masai a bhfuil scileanna ársa in úsáid acu mar ní raibh puinn féir le feiceáil sa cheantar ina raibh siad lonnaithe, dar linne, ach bhí siadsan in ann maireachtáil ar an talamh dhearóil sin.
Dar leis according to
" Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chothú.
dar teideal entitled
" Bíodh leathshúil agaibh ar an alt a scríobh Ciarán Mac Aonghusa dar teideal Éalú ón Duibheagán agus sibh i mbun pinn.
dar teideal entitled
" D’fhoilsigh Hervé Lossec leabhar le déanaí dar teideal Les Bretonnismes, a mhíníonn nathanna cainte i bhFraincis na Briotáine a d’eascair as an mBriotáinis.
Dar fia by gum
" Chuireas ceist ag an oifig eolais faoi agus dúrthas liom go dtagann an méid sin turasóirí ón tSeapáin ar chuairt go dtí an Mall of America, gur gá comharthaí a bheith san aerfort dóibh! Dar fia, níl ach 30 slat idir an t-aerfort agus an Mall of America, agus téann busanna speisialta idir an t-aerfort, na hóstáin sa cheantar, agus an tsiopalann gach cúig nóiméad.
dar leis according to
" Ba iad an dáréag a bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d'fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach.
is mó dar shiúil the greatest who walked
" Le Gnéithe de Shinn Féin =========== “Ó mo thaithí féin de, faighim spreagadh ón duine is mó dar shiúil ar dhromchla an domhain riamh, an Tiarna Íosa Críost, a dúirt ‘Gráigh do chomharsa mar thú féin’”, ar sé, ag rá go raibh fréamhacha an tsóisialachais sa Bhreatain bunaithe cuid mhór ar an Athnuachan Modhach.
Dar ndóigh of course
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
dar leis féin according to himself
" Dá aistí é mar leagan de Buachaill ón Éirne, b’fhíor é an leagan údaí, dar leis féin: “Is liom Corcaigh Uí Mháirtín, dhá thaobh an ghleanna is Tír Eoghain; is mura n-athróidh mé béasaí, is liom Éire uilig is Maigh Eo.
dar teideal entitled
" Ar an 3 Feabhra, in eagarfhocal sa Washington Post dar teideal *“Why Obama has to get Egypt right,”* mhol George Soros go mb’fhearrde Uachtarán SAM a thacaíocht a thabhairt gan mhoill d’agóideoirí na hÉigipte.
dar leat do you think
" An bhfuil an córas feidhmiúil dar leat?** A.
dar ndóigh of course
" Tá brú ag baint le gach cluiche i ndáiríre, ach ó thaobh Craobh na hÉireann de bíonn brú breise toisc go bhfuil súile mhuintir na tíre uile, idir an mhuintir thar lear, an dream atá i láthair, an mhuintir sa bhaile agus dar ndóigh, súil na teilifíse ort.
Dar liomsa as I see it
" Dar liomsa go bhfuil foireann eile ar an bpáirc ag leibhéal idir chontae, an réiteoir agus na maoir, agus caithfidh an fhoireann sin oibriú as láimh a chéile faoi cheannaireacht an réiteora.
Dar leis as he sees it
" Dar leis, táimse i bhfad níos sáití sna meáin sóisialta ná mar atá an-chuid daoine.
dar teideal entitled
" Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin," ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht.
dar ndóigh of course
" Ba mhiotas é, dar ndóigh, ach chreid na daoine go raibh a leithéid le sonrú go forleathan i measc na bhfear óg fud fad na tíre.
Dar ndóigh of course
" Dar ndóigh, mé féin a chuir tús leis an dream sin, agus a chuir an maoiniú ar fáil do Focal.
dar liom féin as I see it
" Is é an buntáiste atá ag Brides-les-Bains ar Méribel agus ar na bailte ardsléibhe eile, ar ndóigh, ná gur saoire, agus dar liom féin gur fearr, an lóistín atá ar fáil ann.
Dar fia by jove
Dar ndóigh of course
" Dar ndóigh, ní aontaíonn gach duine sa CLG leis an Uachtarán ar an ábhar seo.
dar teideal entitled
" Bhí ainm an Cheallaigh in airde arís le déanaí mar gheall ar thaispeántas ollmhór, atá ar siúl in Iarsmalann Náisiúnta na hAstráile, Canberra, dar teideal: Not Just Ned: A true history of the Irish in Australia.
dar leis as he saw it
" Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.
dar ndóigh of course
" Bhí mo bhean chéile agus mé féin ina measc agus labhair mise go dátheangach faoin áit is ansa liom in Éirinn - Gleann Cholm Cille, dar ndóigh! Táthar ag súil go dtaifeadfar scéalta go leor eile le linn an taispeántais.
Dar leo as they see it
" Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach.
Dar leis according to
" Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige *“to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.
dar teideal entitled
" ”* Ach maidir leis an réabadh agus an marú a tharraing na muirthéachtaí síochánta anuas ar mhuintir an Mhéanoirthir i mbliana, ní miste breathnú níos doimhne ar alt a scríobh Lewis i 1992 dar teideal *“Rethinking the Middle East.
dar liomsa as I see it
" Sin na rudaí is tábhachtaí, dar liomsa, i bpoblacht ar bith.
dar leo as they see it
" Is cosúil go bhfuiltear amuigh ansin a sheasann in aghaidh uachtaránacht Obama mar, dar leo, níor rugadh sna Stáit Aontaithe é, agus dar le Bunreacht Mheiriceá, ní mór don uachtarán theacht ar an saol i Meiriceá.
dar ndóigh of course
" Ghearr rialtas an stáit cáin ar bhrabús an inneallra, dar ndóigh.
dar leis an saol according to all
" I measc pheileadóirí millte, saibhre a léirigh níos mó duáilcí na suáilcí go minic, bhí Giggs ina eiseamláir don óige agus ina laoch spóirt den scoth, dar leis an saol.
Dar fia by dad
" Dar fia, nílid amú ina gclamhsán ach oiread - tá fiacha troma ar Mheiriceá! Ag deireadh an dara chogadh domhanda, bhí fiach náisiúnta Mheiriceá timpeall 1 trilliún dollar.
dar maolaíodh which eased
" Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
dar le cách everyone feels
" Is céim síos é don fhoireann idirnáisiúnta go bhfuil cuid de na himreoirí is fearr, dar le cách, in easnamh.
dar teideal entitled
" Sa bhliain 1996, réitigh meitheal smaointe Iosraelach páipéar dar teideal *“A Clean Break: A New Strategy for Securing the Realm”* le haghaidh an Phríomh-Aire nuathofa Benjamin Netanyahu.
dar liom in my opinion
" Is é an rud is suntasaí faoina bheith ag obair le Raidió na Life, dar liom, go mbíonn saoirse ag daoine dul i mbun oibre raidió agus iriseoireachta ón tús, in áit a bheith ag tosú ón mbonn, mar is gá do neart oibrithe deonacha a dhéanamh i láthair na huaire, bídís ag réiteach tae is ag bailiú poist lá i ndiaidh lae.
dar leo as they saw it
" Ba le haimhleas Chúige Uladh agus na hÉireann a leithéid de Pharlaimint a bhunú, dar leo, mar go gcuirfeadh sé a saoirse chreidimh agus shibhialta de dhroim seoil, go scriosfadh sé a saoránacht agus go gcuirfeadh sé aontas Impireacht na Breataine i mbaol.
dar teideal entitled
" In úrscéal eile dar teideal The Talented Mr.
dar bhaineas le which pertains to
" I leabhar Daniel Corkery dar bhaineas le meadaracht shaol Chathair Chorcaí darbh aimn Log an Chiúinis, déanann duine amháin ann mearbhall fén óráidíocht phoiblí.