Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dathúil good-looking
" Tá na láithreoirí proifisiúnta agus dathúil, an dá rud atá riachtanach sna meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann.
dhathúil good-looking
" Tá cartúin pholaitiúla curtha i gcló a thaispeánann "Father O'Malley", é á nochtadh féin dá phobal, é ar crith agus cuma fhiáin ina chuid súl, agus ceann eile a thaispeánann sagart sa tóir ar chléirigh altóra, díreach mar a bheadh fostóir drúisiúil ag rith i ndiaidh a rúnaí dhathúil.
dathúil good-looking
" ‘Meas tú an raibh sí dathúil?’ ‘Níl a fhios agam,’ arsa Gearóid ar nós cuma liom, agus gan iontas ar bith air faoin gceist.
dathúil good-looking
" ‘Meas tú an raibh sí dathúil?’ ‘Níl a fhios agam,’ arsa Gearóid ar nós cuma liom, agus gan iontas ar bith air faoin gceist.
ag dáileadh dí ar mhná dathúla giving out drink to beautiful women
" Sin roth mór an tsaoil duit: bomaite amháin tá tú ag dáileadh dí ar mhná dathúla, iad uilig gléasta go deas agus réidh le craic a bheith acu, agus an chéad bhomaite eile tá tú ag dáileadh ceapairí agus líomanáide i seomra lán le fir leathnochta, iad ag déanamh réidh don chéad rás eile.
gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi. that the pretty model he was chasing was a man.
" I measc an naonúir, bhí bean ann a chaill a cuid fiacla ar fad i ndiaidh di dul faoi scian chun a bolg a dhéanamh níos lú sa chlár “Brand New You”, agus fear óg a bhí trína chéile i ndiaidh dó a bheith ar chlár cleamhnais agus gan fhios aige gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi.
níos dathúla, níos airde, níos láidre, more handsome, taller, stronger,
" Colm aclaí, saor ó chaife, lán le ceol is véarsaí úra, a ghruaig ag fás ar ais air, é éirithe níos óige, níos dathúla, níos airde, níos láidre, níos.
duine rábach dathúil a dashing handsome figure
" Ba shaighdiúir agus píobaire an-mhaith é Donald agus duine rábach dathúil a bhí tógtha leis an ól.
mura mbeinn sách dathúil. if I wasn't good-looking enough.
" Ach b’fhéidir go bhfuil an ceart agat, b’fhéidir go mbeinn ar an raidió seachas ar an teilifís mura mbeinn sách dathúil.
is dathúla most handsome
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
dathúil attractive
" Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir comórtais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó.
ban dathúla pretty women
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí, na cinn chomhairle agus ó na wannabes, i bhfad ón Wild Rover agus ó Brennan on the Moor, bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: Johnny Connolly ag bualadh ceoil agus ag canadh agus ag damhsa ag an aon am amháin, na sluaite ban dathúla Meiriceánacha thart air ag brú shú na heorna agus eile air, agus Johnny ag baint sú as an rud ar fad.
dathúil attractive
" Tá cluainire de Phríomhfheidhmeannach, Charles (Bruno Todeschini, soifisticiúil, síodúil, dathúil – teaspeántas sármhaith) ag iarraidh go mbeadh sí ina giota beag maisiúil ar thaobhlíne a ego féinig.
go dathúil mealltach colourful and enticing
" Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir *Miss Panti* (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí: comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
Bean bhán dhathúil a good looking white woman
" Bean bhán dhathúil as an Astráil le fiche bliain a chur isteach faoi ghlas thar lear! Nach leor a leath leis na meáin is na liarlóga a shaighdeadh i mbun méarchláir? Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire orthu.