Cinnte, luadh sna meáin go bhfuil Saakashvili i gcumhacht sa tír sin ó tharla Réabhlóid na Rósanna sa bhliain 2003, ar cheann de na “Réabhlóidí Datha” í a bhí ar siúl san Iar-Aontas Sóivéadach.
D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
Bhí dhá dream eile ann: na daonlathaigh a tháinig i gcumhacht leis na muirthéachtaí veilbhite agus datha in Oirthear na hEorpa agus san Iar-Aontas Sóivéadach, agus na daonlathaigh atá ar tí teacht i gcumhacht sa Mheánoirthear mar thoradh ar an Earrach Arabach.