de bharr na péine
because of the pain
Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí
de bharr na péine.
de bharr an struis a bhraitheann sí
because of the stress she feels
De réir dhlí na hÉireann faoi láthair, tá cead ag bean ginmhilleadh a fháil más féidir léi féin nó le dochtúir a chruthú go bhfuil sí chun lámh a chur ina bás féin
de bharr an struis a bhraitheann sí.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht
because they're turning their back on their heritage
Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
de bharr fianaise físeáin
as a result of video evidence
Cuireadh pionós ar an imreoir ina dhiaidh sin
de bharr fianaise físeáin.
de bharr an tsalachair a chruthaigh sé
because of the dirt it created
Ar nós na sagart a chuir deireadh le húsáid an *confetti* ag an séipéal
de bharr an tsalachair a chruthaigh sé, tá sé thar am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) aghaidh a thabhairt ar an mí-iompar is cúis leis na cártaí agus íomhá na gcluichí Gaelacha a ghlanadh.
de bharr fheabhas a sceidil
because of the excellence of its schedule
Tá gradaim bainte ag cláracha éagsúla de chuid TG4 in Éirinn agus ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag féachaint ar an stáisiún
de bharr fheabhas a sceidil.
de bharr foiréigin
as a result of violence
Is é an dul chun cinn is mó, creidim, ná go nglactar leis go forleathan anois gur le haontú phobal an Tuaiscirt amháin agus nach
de bharr foiréigin a thiocfas aon athrú sa chóras bunreachtúil ansin.
de bharr ár bhfiosrachta
because of our inquisitiveness
Meallann Hopper isteach muid i ndomhan príobháideach mar *peeping toms*; amharcann muid isteach ar an saol uaigneach seo, muid ag brath ciontach
de bharr ár bhfiosrachta ach ar bís le níos mó a fheiceáil.
de bharr na gcloch Piochtach
because of the Pictish stones
Tá clú ar an iarsmalann sin
de bharr na gcloch Piochtach atá inti, agus comharthaí rúndiamhra greanta iontu.
de bharr na toite
because of the smoke
Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo
de bharr na toite.
de bharr gur díbríodh den pháirc é
because he was sent off
Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir
de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní.
de bharr chóras an "chúldorais"
because of the 'backdoor' system
Is cinnte go dtugann imreoirí taispeántais iontacha ar fud na tíre i rith na bliana, go háirithe le cúpla bliain anuas agus an méid sin cluichí breise ann
de bharr chóras an "chúldorais".
de bharr thubaiste Munich
because of the Munich disaster
Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór
de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan.
de bharr fóirdheontas
as a result of subsidies
Ar ndóigh is
de bharr fóirdheontas san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe agus pá suarach sa tSín a tharlaíonn a leithéid.
de bharr a dhílseachta
because of his loyalty
Cailleann an t-imreoir ioncam toisc nach féidir leis obair bhreise a dhéanamh
de bharr a dhílseachta don chluiche.
de bharr fheabhas a gcuid imeartha
because of the excellence of their play
Cé is moite de líon beag imreoirí in imeacht na mblianta, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, DJ Carey, Mick Mackey agus Mícheál Ó Conaill, imreoirí a mheall na sluaite daoine
de bharr fheabhas a gcuid imeartha, nílim cinnte gur féidir a rá gurb iad na himreoirí iontu féin faoi deara na mílte duine a bheith i láthair ag cluichí CLG.
de bharr acomhairc
as a result of an appeal
Fiú amháin má dhéantar athrú ar an gcinneadh
de bharr acomhairc, is próiseas é a thógann go leor ama, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an t-imreoir cluiche nó dhó a chailliúint agus a fhoireann a bheith buailte agus leagtha amach as an gcomórtas faoin am atá an t-achomharc déanta.
dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeann
if my body fell from the top of the cliffs
*
Gluais • Glossary
fríd ghloine dhorchathrough a dark glass
smúidmist, murkiness
bréagachfalse
is annamhit is seldom
mionrudaíminor things
doiléirvague
i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty
glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields
sin an tuigethat's why
ag stánadh amachstaring out
léanalawn
ag croitheadh a gcinnshaking their heads
íomhánnaimages
iontassurprise
machnamh ceartproper thinking
scáileánscreen
ag preabadhjumping
bladhaire coinnlea candle flame
eachtraíevents
chan éthat's not it
dá thairbhe sinbecause of that
rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things
ar bharr na mbeannon the cliff tops
an lá fá dheireadhthe other day
ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour
substaintsubstance
dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs
taoidetide
fiúntasworth
gníomhact
nó a mhalairtor the opposite
blaiseadhtaste
gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey
fuaimeanna fánachaoccasional noises
díoscadhcreaking
coiscéimeanna folmhaempty footsteps
stánadh fadaa long stare
craos na tineadhthe roaring fire
dromchlasurface
cha dtig liomI can't
cha dtig liom í á threorúI can't guide it
déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning
le rachtanna fiáinein wild fits
seileogaspits
sáthadh scinethe stabbing of a knife
aonarachsolitary
staidéarthalevel-headed
teas an phaisinthe heat of passion
breithbirth
a cheiltto hide
anáilbreath
is annamhit is seldom
fiúntachworthwhile
dathanna seachantachaelusive colours
goitsecome on, come here
neadrachanests
seanbhallógaíold ruins
deifrehurry
cha raibh faill aigehe hadn't the time
contráiltewrong
go brách síoraíever
ag déanamh iontaiswondering
i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing
stócach ógyouth
bodhardeaf
pian a fhuilstinto suffer pain
mo bheomy life
lena dhornwith his fist
le mé féin a chosaintto protect myself
ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way
cinneadhdecision
cinntídecisions
go fadálachslowly
chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made
déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate
cuideachtúilhelpful
athrú séasúrthe change of seasons
de ghlanmheabhairoff by heart
gialljaw
gobachprotruding
gruaig fhionnblond hair
dóighiúlachtbeauty
tarraingteachattractive
rud inteachtsomething
buaireamhsorrow
ag bruidearnaighthrobbing
coimhthíochstrange
idir barra na gcrannbetween the tops of the trees
ag iarraidh mairstin airtrying to live on it
nimhneachsore
bhlais mé an phianI tasted the pain
tchíthear domhit seems to me
go dianstrictly
samhailimage
mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different
daonnachtaíhumanist
an cine daonnathe human race
bréanfoul
an bréantas a cheiltto hide the foulness
cumhráin bhréigefalse perfumes
lofarotten
gnásanna sóisialtasocial customs
béasamanners
seanseiteannaold sets
ag foscladhopening
ag scamhadhpealing
creatlachframe-work
creidbheáilto believe
scigdhráma an tsaoilthe farce of life
de réir mar atáthar ag dréimas is expected
táirgíproducts
caiteoir eiseamláireachexemplary spender
lúcháireachjoyous
teorainneacha luaisspeed limits
ag cailleadh foighdelosing patience
sceadamánthroat
mo bhrú folamy blood pressure
sciathánarm
go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could
comhairleadvice
díomádisappointment
sólassolace
lagmheasarthachtrather small amount
ag tochailtdigging
de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe
because of the semi-final and final games
Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain
de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
de bharr na poiblíochta
due to the publicity
"Bhí sé úsáideach go raibh an scéal ar an teilifís agus sna nuachtáin mar tuigeann níos mó daoine an ceangal contúirteach idir tobac agus daille anois agus tháinig a lán daoine a raibh an galar orthu chun tosaigh
de bharr na poiblíochta," a mhínigh sé dom.
de bharr tnúthán daoine
because of people's expectations
I gcomhthéacs Chumann Lúthchleas Gael, bíonn brú mór i gceist
de bharr tnúthán daoine i leith fhoireann an chontae.
de bharr dúnmharuithe nó coireanna airm
because of murders or arms offences
Is mar gheall ar dhrugaí a cuireadh a bhformhór sin chun báis agus
de bharr dúnmharuithe nó coireanna airm an chuid eile.
de bharr na canúna
because of the dialect
Ta roinnt cainteoirí dúchais a bhfuil aithne agam orthu, ach is Connachtaigh iad agus is deacair dom uaireanta iad a leanstan
de bharr na canúna.
de bharr na ngarraithe margaidh
because of the market gardens
)
Sa 17ú haois, bhí clú agus cáil ar an cheantar seo
de bharr na ngarraithe margaidh, na n-úllord agus na dtithe móra.
de bharr na tallainne a bhí aige
because of the talent he had
Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach
de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
de bharr an Chogaidh Chathartha
because of the Civil War
Leis an leathadh daoine a tharla
de bharr an Chogaidh Chathartha, scaip an cluiche ar fud na Stát Aontaithe.
de bharr easpa fearthainne.
because of a shortage of rain.
Faraor, nuair a thug mise cuairt ar cheann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne, ba bheag uisce a bhí le feiscint ar na heasanna iad féin
de bharr easpa fearthainne.
níos iontaí fós de bharr a muintire.
even more wonderful still because of its people.
Is tír iontach í agus tá sí
níos iontaí fós de bharr a muintire.
de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide
as a result of the International Climate Convention
Ar an drochuair, ba bheag freagracht bhreise a cuireadh orainn
de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide a bhí ar siúl i Nairobi le gairid.
de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais.
because of lack of support from his government colleagues.
Theip ar iarrachtaí an Aire i ndeireadh na dála,
de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais.
de bharr an tionchair
as a result of the influence
Is iad na radharcanna iontacha den cheantar a bhí le feiceáil ón árasán ar Rue Lepic a roinn Van Gogh lena dheartháir a spreag na ceithre phictiúr a bhfuil *Vue de Paris aux environs Montmartre *ar cheann acu*,* agus rinneadh é nuair a bhí sé ar tí a mhodh oibre a athrú
de bharr an tionchair a bhí ag na healaíontóirí air ar bhuail sé leo i bPáras.
tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise.
long periods of play without a break due to fouling.
Bhí na scileanna ar fheabhas, bhí luas lasrach san imirt agus bhí
tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise.
de bharr éilimh.
due to demand.
Ach tugadh isteach córas an chúldorais – is é sin, an dara seans don chontae a chaill craobh Laighean agus Craobh na Mumhan – i 1997
de bharr éilimh.
de bharr feachtais,
as a result of a campaign,
Tá *Guernica* le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid ach tá brú ar na húdaráis ansin scaradh leis an phictiúr
de bharr feachtais, íorónta go leor, chun é a thabhairt ó thuaidh go Tír na mBascach.
de bharr toirmisc agus ruathar díoltais.
due to prohibition and revenge attacks.
Leagtar an-bhéim ar an gciapadh a d’fhulaing an gnáthdhuine
de bharr toirmisc agus ruathar díoltais.
De bharr a bhreoiteachta,
because of his illness,
De bharr a bhreoiteachta, thosaigh sé ag obair mar shaor cloiche ornáideach, ansin fuair sé post i mbanc.
ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig
suffering because of all this foreign noise
Bhí mo chluasa fós
ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig agus ocht n-uaire an chloig de phortaireacht Jaysus Joe Shéamais, nuair a tháinig mé faoi dheireadh agus faoi dheoidh a fhad leis an Cheantar Cultúrtha.
de bharr an iolraithe seo.
because of this multiplication.
De réir na tuarascála, tá seirbhísí á ndúblú nó á n-iolrú do phobail a bhfuil cónaí orthu taobh le chéile agus, mar shampla amháin, maítear go bhfuil 30,000 post caillte
de bharr an iolraithe seo.
de bharr a háilleachta,
because of her beauty,
Bhí clú ar Pihanga
de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki.
de bharr a chuid créachtaí.
because of his injuries.
Ní raibh Tauhara brónach in ann taisteal tapa go leor
de bharr a chuid créachtaí.
de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh;
because he wouldn't give into them
Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe
de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
de bharr ráitis
as a result of a statement
Maítear gur cuireadh tús leis an díospóireacht seo sa bhliain 1988
de bharr ráitis a rinne John Howard le linn agallaimh ar an raidió.
de bharr thorthaí na foirne
as a result of the team's results
Thosaigh an feachtas ina aghaidh ag bailiú nirt
de bharr thorthaí na foirne i gComórtas na Sé Náisiún.
de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
because of the Israeli invasion of Egypt
Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956
de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin
because of the Russian invasion of Afghanistan
Ní dheachaigh na Meiriceánaigh nó foirne 61 tír eile go Moscó sa bhliain 1980
de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin an bhliain roimhe sin.
de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin
because the first European settlement in Australia was founded there
Bhí muintir Sydney den tuairim go mba cheart dá gcathairsean a bheith mar phríomhchathair na tíre
de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin sa bhliain 1788 agus an choilíneacht á cur ar bun mar áitreabh pionóis.
de bharr na reachtaíochta comhionannais
because of equality legistlation
Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas
de bharr na reachtaíochta comhionannais in Éirinn agus an Bille um Pháirtíocht Shibhialta.
de bharr rialacháin de chuid an AE
as a result of an EU regulation
Ná déanaimis dearmad, mar shampla, gur
de bharr rialacháin de chuid an AE atá rátaí uisce á ngearradh ar scoileanna na tíre faoi láthair!
Bheadh neodracht na hÉireann i mbaol arís de bharr Chonradh Liospóin, in ainneoin gur cuireadh prótacal faoin neodracht le Conradh Nice.
de bharr tinnis
because of sickness
Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair
de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu.
Ní de bharr tallainne amháin
It is not by talent alone
Ní de bharr tallainne amháin a bhuaitear duaiseanna agus craobhacha sa spórt, ach trí obair chrua agus uaireanta fada an chloig caite i mbun cleachtaidh agus traenála.
de bharr gortaithe
due to injury
Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí
de bharr gortaithe.
de bharr
because
Tugann daoine áirithe an leasainm seo ar an Astráil
de bharr go mbíonn laethanta saoire poiblí go leor i rith na bliana abhus, agus tapaíonn muintir na tíre an deis iad a cheiliúradh go fonnmhar.
de bharr
because
Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe,
de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
de bharr
as a result
Tá eolas fairsing ag na gasúir ar na imreoirí go léir sa Premier League,
de bharr na hirisí a cheannaíonn siad.
De bharr
because of
Leaba is bia gan iarraidh fós,Bhris sé ubh
De bharr mo chinn.
de bharr
as a result
Glacann níos mó daoine síntiús
de bharr na luathghlacóirí4.
de bharr
because of
Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol míleata
de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.
de bharr
because
ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí;
- sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4);
- tá ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas
de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar
de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an Iarthair;
- tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid;
- Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.
De bharr
because of
De bharr an ról a bhí ag na mórchumhachtaí sa Mheánoirthear an tráth sin, níorbh aon ionadh é, is dócha, fuadach daoine a bheith mar arm ag lucht an Jihad.
De bharr
because
De bharr go bhfuil dhá théarma as a chéile líonta aige sin, níor fhéad sé seasamh arís i mbliana, ach níl cosc ar bith air seasamh in athuair sa bhliain 2014.
De bharr
as a result
De bharr an dul chun cinn atá déanta sa chaighdeán maireachtála go ginearálta, cúram sláinte, cuir i gcás, nó cothú agus cóiríocht, d’ardaigh an t-ionchas saoil meánach sa Fhrainc ó sé bliana is seasca sa bhliain 1950 go ceithre scór bliain i 2005.
de bharr
because
Faomhadh a misean ar bhonn dépháirteach
de bharr go raibh beannacht na Náisiúin Aontaithe air.
de bharr
because of
Le scéal fada a ghiorrú,
de bharr an raic a thóg Fine Gael mar nach raibh a dhóthain ama á chur ar leataobh le scéal an IMF a phlé, bhí sé 11.
De bharr an triomaigh
because of the drought
De bharr an triomaigh, ní raibh rath ar fheirm a mhuintire agus go gairid tar éis do Lula teacht ar an saol, thug a athair aghaidh ar chathair mhór São Paulo, mar a rinne na milliúin eile.
de bharr
because
Bheadh sé le cur i mbun na Roinne Gnóthaí Eachtracha ach gur fearr leis a bheith níos deise do bhaile
de bharr drochshláinte a mhná.
de bharr
for
Bhíodh an ceantar, a bhfuil cáil uirthi
de bharr áilleacht a taobh tíre agus stair a chathracha, ag brath go mór ar an turasóireacht roimh an díle.
de bharr
because
Roghnaíodh an dáta seo don lá náisiúnta
de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.
de bharr
because
Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo
de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
de bharr
because
Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith,
de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.
De bharr sin
therefore
De bharr sin, bíonn na nuachtáin lán le scéalta faoi ‘pheileadóir mór le rá’ nó ‘polaiteoir aitheanta’ nó ‘siamsóir cáiliúil’ nó ‘aisteoir iomráiteach’ atá ag cur gobáin ar nochtadh na fírinne.
de bharr easpa saineolais
due to lack of expert knowledge
Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse:
- (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil;
- (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta;
- (iii)
de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.
de bharr easpa
because of a lack
Tá mé ag tolgadh tinneas cinn tar éis dhá nóiméad den siúl,
de bharr easpa ocsaigín agus tá orm stopadh agus analú isteach go deas réidh ar feadh 30 soicind, agus síothlaíonn an diachair.
de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach
due to the image carefully cultivated
in ann vótaí a mhealladh ó dhaoine nach raibh meas mada acu ar a pháirtí,
de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach: an intleachtóir ag troid ar son an ghnáthdhuine agus ag labhairt amach in aghaidh na héagóra, bíodh sé sa mbaile nó thar lear.
de bharr gearáin
due to a complaint
Is iomaí comhlacht poiblí a rialaíodh ina n-éadan
de bharr gearáin ón phobal mar gur theip orthu a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó faoi aon reachtaíocht eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
de bharr a chomhbhá leis
because of his empathy
Higgins go mór leis an gcomóradh oifigiúil,
de bharr a chomhbhá leis an bhfealsúnacht polaitíochta a bhí san intinn ag bunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre 100 bliain ó shin.
De bharr cúinsí geilleagair an ama
due to economic circumstances of the time
De bharr cúinsí geilleagair an ama, theip ar go leor de chliantchomlachtaí an Údaráis a gcuid spriocanna a bhaint amach.
ní de bharr an méid airgid a shábháilfear
not because of the amount of money saved
Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid áirithe de na ciorruithe á roghnú,
ní de bharr an méid airgid a shábháilfear ach de bharr an deis a bheith á tapú ag an státchóras fáil réidh le háisínteachtaí áirithe nach dtaitníonn leo, ar nós Oifig an Choimisinéir Teanga.
de bharr
because
Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach
de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
gortú de bharr róníocháin san áireamh
included injury from excess washing
Smaoinigh mé ar mo bheartas árachais; an raibh
gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?!
I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh sí dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic.
de bharr an leabhair
because of the book
Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?" — Pádraic Ó Conaire
Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain
de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince.
cosanta de bharr
protected because of
Tá Pinterest féin
cosanta de bharr na téarmaí seo ó chás sárú an cóipchirt ach níl an t-úsáideoir.
de bharr an drochbhail
because of the poor condition
Rinneadh an cónascadh le scoil Chill Chartha i ’68,
de bharr an drochbhail a bhí ar scoil s’againn féin.
de bharr
due to
Cé go leagann imreoirí áirithe tábhacht ar chúrsaí féiniúlachta (ábhar den Cheilteachas uileghabhálach úd an athuair!) is í an tsuim sa spórt féin,
de bharr chothú leanúnach na ndílseoirí, is mó a chuir an cumann ar a bhonnaibh, agus is í a choimeádann fuinneamh ann freisin.
de bharr easpa cúraim
due to lack of care
Gortaíodh roinnt mac léinn a rinne stáidéar i gcoláistí Tvind eile san Eoraip
de bharr easpa cúraim le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
de bharr beartas gáis
because of a gas plan
’
Fritheadh ciontach Tymoshenko, 51, i mí Dheireadh Fómhair seo caite i mí-úsáid a cuid cumhachta san am a raibh sí ina Príomh-Aire
de bharr beartas gáis a d’aontaigh sí leis an Rúis i 2009.
de bharr
because
Ní ball den Eagraíocht í an Astráil, dár ndóigh, ach bhí an Príomh-Aire, Julia Gillard, páirteach sa chruinniú mullaigh
de bharr go bhfuil saighdiúirí de chuid Arm na hAstráile ar fiannas leis an gcomhfhórsa idirnáisiúnta san Afganastáin (Eagrán 116, Nollaig 2010).
ní hamháin de bharr
not just because of
Is díol suntais atá san iarsmalann uirlisí ceoil i bPoznań na Polainne,
ní hamháin de bharr gur sheas Uachtarán na hÉireann ann, ach de bharr gur iarsmalann náisiúnta atá ann agus gan é suite sa bpríomhchathair i Vársá.
de bharr a cuid dúthrachta
by her dedication
Faoiseamh gur éirigh le Katie Nic an Táilliúra, a raibh meas mhuintir na tíre gnóthaithe aici le tamall anuas, tar éis éacht chomh mór a dhéanamh agus bonn óir a bhaint ag na Cluichí Oilimpeacha, rud a bhí tuillte go maith aici
de bharr a cuid dúthrachta.
ní de bharr a bhuanna oráidíochta
not because of his oratory powers
Faraor do Mitt Romney, is cosúil gur roghnaíodh é,
ní de bharr a bhuanna oráidíochta ná a éirimiúlacht polaitiúil, ach de bharr gurbh é an t-iarrthóir ab fhearr as baicle iarrthóirí antoisceacha, ina measc Newt Gingrich, a thug ionsaithe fíochmhara faoi Romney sular ceansaíodh é, agus Rick Santorum, Caitliceach a sheasann go láidir in aghaidh aerachais agus frithghiniúna.
de bharr
because
Thug na ceardchumainn tacaíocht láidir don bhille
de bharr go raibh imní orthu go mbeadh oibrithe Áiseacha toilteanach glacadh le coinníollacha oibre ní ba mheasa ná iad siúd a bhí bainte amach ag oibrithe geala.
De bharr fiosruithe
due to enquiries
Gá le hAthchaighdeánú
==========
De bharr fiosruithe ón bpobal agus caitheamh ama le linn cruinnithe ar phointí éiginnte gramadaí agus in éagmais aon fhianaise go raibh eagrán athbhreithnithe á réiteach ag Rannóg an Aistriúcháin, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta i 2002 tabhairt faoi chúpla pointe a shoiléiriú.
de bharr am craolta a thabhairt
over giving broadcasting time
Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta
de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
de bharr titim thubaisteach
due to the drastic fall
Anois tá an *‘landlady’* buailte ag cruachás airgid,
de bharr titim thubaisteach le cúig bhliain anuas san ioncam fógraíochta.
de bharr a bheith
from having been
D’aithnigh mé féin ceann
de bharr a bheith ag marcaíocht an lá roimhe ré: *Hold your żwiemel* arsa duine den bheirt raicleachaí nuair a bhí an cóiste ag feitheamh léi.
de bharr
as a result
Beirt mhúinteoirí a thuismitheoirí agus bhí Gaeilge acu sa bhaile
de bharr go raibh sé ar scoil acu.
de bharr nasc teaghlaigh
because of family connections
Is amhlaidh go bhfuil na Stáit bainte amach ag formhór na n-inimirceach atá ann
de bharr nasc teaghlaigh le saoránaigh nó inimircigh atá lonnaithe sa tír cheana.
de bharr seanbhean
due to an old lady
Tá an dlí seo ina údar achrainn anois
de bharr seanbhean as Nua-Eabhrac, a thug dúshláin an Achta um Cosaint an Phósta, ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi.
de bharr a ghéire
because of how sharp
Don chéad uair i mo shaol bheartaigh mé siúl le cuidiú bata
de bharr a ghéire is a bhí uillinn na malaí agus muid ag teacht anuas.
de bharr gur rathúla ar fad iad
because they fair a way lot better
D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm cionn is gur ghlac an pobal le brí an áitimh a bhí taobh thiar díobh, ’sé sin, go bhfuil calaois go forleathan maidir le sochar leasa shóisialaigh, agus go gcuirtear an-chuid airgid amú ar dhaoine nach bhfuil sásta obair a fháil
de bharr gur rathúla ar fad iad gan post a fháil.
de bharr
as a result of
Anois,
de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.