Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur de chúram air giving him responsibility for
" An é sin an Frank Murray céanna a bhfuil an tAire Hanafin tar éis a chur de chúram air dul i mbun suirbhéireachta sa Daingean le cuidiú fadhb theanga teagaisc na Pobalscoile a fhuascailt?Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4/RTÉ é Breandán Delap.
tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís the service are charged with the responsibility
" Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú.
de chúram orthu they had the responsibility
" D'eisigh an Rialtas ráiteas ag am a fhoilsithe gur aithin siad go raibh sé ‘de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacódh leo siúd a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.
de chúram ar responsibility on
" Is é an t-aon locht atá leis na cóid ar fad, gur chóid dheonacha iad agus beidh sé de chúram ar gach eagraíocht féinmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí.
is cuid de chúram it’s part of the duty
" Tá an SPNF ina cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú.