Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deabhadh hurry
" "Má bhíonn deabhadh ar dhaoine, cuirtear na leabhair tríd an aerphost," a deir sé.
deabhadh hurry
" Leisceoir amach is amach mé! Níl "lá macánta oibre" déanta agam fós agus níl aon deabhadh orm ceann a dhéanamh! AÓF: Bronnadh Gradam TG4, "Ceoltóir Óg na Bliana", ort i 1999.
dul i ndeabhaidh to fight
" Ba é mo mhian riamh a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú.
i ndeabhaidh cainte in verbal contention
" Má bhíonn daoine atá dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile.
i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid in a political fight with your old enemies
" Tá sé furasta go leor, ar ndóigh, rudaí a cháineadh ó na taobhlínte – mar a chruthaigh an DUP – ach is scéal eile ar fad é nuair atá freagracht ort agus tú i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid agus sibh ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach a shásódh an bheirt agaibh.
i ndeabhaidh pholaitíochta. in a political fight.
" Nil duine ar bith ag dúil le *ko* ach le troid bunaithe ar thaicticí agus an poblachtánachas agus an t-aontachas i ndeabhaidh pholaitíochta.
deabhadh hurry
" ” B’fhéidir gurb é an buille seo a bualadh ar Izabela le linn a hóige an fáth go bhfuil sí sásta nach mbíonn aon deabhadh ar Éireannaigh óga an lae inniu pósadh agus socrú síos.
i ndeabhaidh. in conflict.
" “Bá” an AireTá coimhlintí beaga ag tarlú lá i ndiaidh lae sa Tionól – DUP v UUP agus Sinn Féin v SDLP – ach is annamh an DUP agus Sinn Féin i ndeabhaidh.
i ndeabhaidh lena chéile at variance with each other
" Ach tá Sinn Féin agus an DUP i ndeabhaidh lena chéile faoi rudaí nach bhfuil suim ag daoine lasmuigh den aos polaitíochta iontu.
deabhaidh a tackle
" Tá an dearcadh sin intuigthe nuair a fheictear an dóigh a mbuaileann na peileadóirí le chéile go rialta sna cluichí eile agus le linn deabhaidh.
tá deabhadh orm I’m in a rush
" Arsa mise leis tráthnóna amháin, “Foxy, tá deabhadh orm – táim ag tógaint tí is táim ag obair chomh maith”.
gan dul i ndeabhaidh not to cross swords
" Chonacthas é mar ionsaí seicteach ar scoileanna Caitliceacha agus cháin comhghleacaí Robinson, an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, an méid a bhí le rá aige, ag tabhairt rabhaidh dó gan dul i ndeabhaidh leis an Eaglais Chaitliceach ar cheist na scolaíochta.
I nDeabhaidh Lainne at crossed swords
" I nDeabhaidh Lainne =========== Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm.
i ndeabhaidh lena chéile fighting
" Bheadh an cheist simplí go leor ach tá conspóid i ndiaidh briseadh amach idir Coimisiún na gCeart Daonna agus an Chomhairle do Mhionlaigh Eithneacha atá i ndeabhaidh lena chéile faoi cé acu is ionann an seicteachas agus an ciníochas.