Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in ainneoin na ndeacrachtaí despite the difficulties
" Ag am mar sin tuigeann tú cén fáth a mealleann sléibhte na hAlban sléibhteoirí sa gheimhreadh, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an dainséir a bhaineann leo.
deacrachtaí geilleagair economic problems
" Ba iad na hionsaithe céanna sin - a d'fhág 23 oifigeach de chuid an NYPD agus 343 fear dóiteáin marbh - a chuir tús tobann leis na deacrachtaí geilleagair atá mar an phríomhchúis nach féidir na harduithe atá, dar le go leor, tuillte ag na hoibrithe sin a bhronnadh.
in ainneoin na ndeacrachtaí seo despite these difficulties
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
in ainneoin na ndeacrachtaí despite the difficulties
" Tháinig méadú ar sciar Qantas de mhargadh inmheánach na tíre ó 50% go tuairim is 90% agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin, in ainneoin na ndeacrachtaí atá ag aerlínte ar fud an domhain.
deacracht difficulty
" I mBaile Átha Cliath, tá sé níos casta fós, mar cé go bhfuil traidisiún áirithe drámaíochta anseo, tá roinnt deacrachtaí móra ann.
deacrachtaí sóisialta social difficulties
" Cháin Emmett Stagg TD (Páirtí an Lucht Oibre) Rialtas na hÉireann i lár na míosa seo caite as a laghad airgid a chur ar fáil le cuidiú leis na hÉireannaigh a bhfuil deacrachtaí sóisialta acu sa Bhreatain.
deacracht difficulty
" "Má dhéanann tú do chuid oibre, agus má tá tú in ann an *brief *a sholáthar do chlár, agus má tá smaointe agat, ní bhíonn aon deacracht ann.
na deacrachtaí a shárú to overcome the problems
" Níor luaigh an PSNI ná eagraithe an mharatóin cad iad na fadhbanna sláinte agus sábháilteachta a bhí i gceist, níor labhair siad le daoine áitiúla leis na deacrachtaí a shárú, ní dhearna siad ach an cúrsa a athrú le go dtiocfadh leis dul thart ar Bheairic Arm na Breataine ag Kinnegar i dtuaisceart Chontae an Dúin agus *stockbroker belt *Thuaisceart an Dúin.
“Nuair a bhíonn deacracht ag Sasana, bíonn deis ag Éirinn” 'England's difficulty is Ireland's opportunity'
" * “Nuair a bhíonn deacracht ag Sasana, bíonn deis ag Éirinn” – b’in an tuairim a bhí ag a lán poblachtánach anuas trí na blianta, Brendan Behan ina measc (*Beo!* Eagrán 25, Bealtaine 2003) ach bhí a lán Éireannach eile sásta troid i bhfórsaí Shasana sa dara Cogadh Domhanda.
gur féidir na deacrachtaí a shárú that the difficulties can be overcome
" Ach thaispeáin na hAlbanaigh gur féidir na deacrachtaí a shárú agus tá mé cinnte gur féidir linne i nGleann Cholm Cille an rud céanna a dhéanamh.
dheacrachtaí geilleagracha economic difficulties
" Ina dhiaidh sin, chuaigh na mílte Híleantóir go Nova Scotia, ag éalú ó dhíshealbhú nó ó dheacrachtaí geilleagracha.
a chothaíonn go leor deacrachtaí which gives rise to many difficulties
" De réir an tsainmhínithe ar an teaghlach sa Bhunreacht faoi láthair, ní aithnítear ach oiread cearta an tuismitheora aonair agus níl aon cheart bunreachtúil ag an athair i leith a pháiste, rud a chothaíonn go leor deacrachtaí d’aithreacha atá scartha ó mháthair a bpáistí agus iad ag lorg cead na páistí céanna a fheiscint.
deacrachtaí móra big difficulties
" Tá mé ag cuardach deise chun freastal ar ranganna Gaeilge mar tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí móra agam go fóill leis an tuiseal ginideach, le haimsirí na mbriathra agus le haidiachtaí.
deacrachtaí cóipchirt atá ag cur moille orainn we are being delayed by copyright problems
" Tá sé i gceist go leor eile a chur ar an suíomh go luath; deacrachtaí cóipchirt atá ag cur moille orainn.
deacrachtaí dosháraithe insuperable difficulties
" De réir na dtuairiscí, áfach, níl ag éirí go rómhaith leo siúd atá ag obair san earnáil Leaba agus Bricfeasta, i mbliana go háirithe; deirtear go bhfuil deacrachtaí dosháraithe acu agus go rachaidh sé dian ar go leor acu leanúint ar aghaidh i bhfad eile leis an ghnó.
deacrachtaí teicniúla technical difficulties
" Bhí go leor deacrachtaí teicniúla ag an stáisiún chomh maith, go háirithe sa chéad bhliain go leith, agus buiséad an-bheag go deo.
chun an deacracht sin a shárú. to overcome that difficulty.
" Tuigim go mbeadh deacracht láithreach ar fud na tíre maidir le craobhchomórtais na gclub ach, arís, ba ghá samhlaíocht agus tionscnamh a úsáid chun an deacracht sin a shárú.
deacrachtaí ollmhóra massive difficulties
" Tá sé tábhachtach go ndéanfaí fóirithint ar na seandaoine seo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí ollmhóra atá ag baint le hearnáil na dtithe altranais in Éirinn.
neart dúshlán agus deacrachtaí plenty of challenges and difficulties
" I mo bharúilse, tá neart dúshlán agus deacrachtaí roimh dhream óg an lae inniu.
deacrachtaí difficulties
" Ach anseo in Éirinn tá deacrachtaí ann i gcónaí.
in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, despite life's difficulties,
" Cé nach bhfuil “gach rud” ag muintir na Maláive, tá saibhreas spioradálta as cuimse acu, agus tá soineantacht agus sonas le brath taobh thiar de gach meangadh gáire, in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, deacrachtaí nach féidir linne a shamhlú.
ag iomrascáil le deacrachtaí a shaoil. struggling with the difficulties of his life.
" An-chomhairle tugtha aige do Ger le blianta beaga anuas agus é ag iomrascáil le deacrachtaí a shaoil.
deacrachtaí ollmhóra huge problems
" ” Tá deacrachtaí ollmhóra roimh Obama agus gach iarrthóir eile idir seo agus Samhain 2008, ámh.
céimeanna éagsúla deacrachta various stages of difficulty
" ***AOF: Tugaim faoi deara go bhfuil céimeanna éagsúla deacrachta i gceist i gcás na ndlúthdhioscaí.
grádaithe in ord deacrachta. graded in order of difficulty.
" Dá bharr sin tá na dlúthdhioscaí grádaithe in ord deacrachta.
cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí. all the stages give rise to difficulties.
" Tá ceithre chéim faoin gcóras seo agus cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí.
In ainneoin na ndeacrachtaí uile, despite all of the difficulties,
" In ainneoin na ndeacrachtaí uile, tá seirbhísí ag roinnt aerlínte cianaistir atá cosúil le haeriompar ar chostas íseal.
deacrachtaí polaitiúla political difficulties
" Bhí Milford Haven oscailte d'ionsaithe ó na Breatnaigh, agus bhí deacrachtaí polaitiúla ag baint le Chester.
na deacrachtaí the difficulties
" Tá a scannán bunaithe ar an dráma amharclainne The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy agus dírítear ann ar scaifte fear a fhágann a mbaile i gConamara sna seachtóidí lán de bhrionglóidí faoin saol úr atá rompu i Londain, agus ar na deacrachtaí a bhíonn acu ag dul i ngleic leis an saol úr seo mar atá sé i ndáiríre.
na deacrachtaí a mbíonn aici cur suas leo. the difficulties she has putting up with them
" Mar bharr ar an bhagairt, beidh taifid de theachtaireachtaí á gcur ar Youtube, le go dtuigfidh an saol mór na deacrachtaí a mbíonn aici cur suas leo.
deacrachtaí móra dáileacháin big distribution problems
" Tá teacht ar bheoracha na grúdlainne i siopaí eischeadúnais ar fud an stáit, agus is minic a bhíonn siad le feiceáil fiú sna tabhairní, áit a mbíonn deacrachtaí móra dáileacháin ag na grúdlanna beaga de ghnáth.
do dhaoine a raibh deacrachtaí codlata acu for people who had sleeping problems
" Scéal amháin a léiríonn pearsantacht réchúiseach Mick ná go ndúirt Kevin Heffernan le foireann Átha Cliath, roimh chluiche ceannais na bliana 1979, go raibh táibléid ar fáil ó dhochtúir na foirne do dhaoine a raibh deacrachtaí codlata acu ar oícheanta roimh chluichí móra.
deacrachtaí móra big difficulties
" ’ Bhí deacrachtaí móra ag Róise Thrá Lí - Nó ní raibh Róiseanna na hÉireann le fáil áit ar bith.
deacrachtaí difficulties
" Tá rud mór i gcoitinn aige leis an aon bhean amháin atá sa rás thall – bhí deacrachtaí ag an bheirt acu le fear céile Hilarious.
D'ainneoin na ndeacrachtaí ar fad despite all the difficulties
" D'ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí againn – an Gorta Mór, na Trioblóidí agus mar sin de – tá ár gcultúr fós againn anseo agus tá clár imeachtaí socraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas seo Learphoill i mbliana.
deacrachtaí difficulties
" Rinne sé amhlaidh le léargas a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag inimircigh agus ag cuid mhór daoine eile sa tír seo agus iad ag iarraidh maireachtáil ar bheagán airgid.
roinnt deacrachtaí some difficulties
" “Bhí roinnt deacrachtaí agam agus mé sna déaga.
deacrachtaí airgid financial difficulties
" Agus ní haon ionadh é go bhfuil deacrachtaí airgid ag an nuachtán laethúil a bunaíodh i 1984 agus atá á sholáthar ar dheontas €280,000 sa bhliain faoi láthair.
deacrachtaí breise additional difficulties
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
in ainneoin go raibh deacrachtaí móra airgid acu. despite the fact that they had big money difficulties
" Tháinig an ghéarchéim is déanaí le mí anuas nuair a bhagair Foras na Gaeilge gur sárú conartha a bheadh ann dá leanfaí d’fhoilsiú an nuachtáin ar an Idirlíon amháin, in ainneoin go raibh deacrachtaí móra airgid acu.
deacrachtaí a chruthú create difficulties
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
níl deacracht dá laghad agam I have no difficulty
" Nach fíor sin? Ian: Ní fíor! In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, níl deacracht dá laghad agam le Caitliceachas, ná leis an Eaglais Chaitliceach, ná leis an phápacht ná le rud ar bith eile a bhaineann leis an Eaglais sin – is leis na Caitlicigh iad féin atá deacracht agam.
deacracht mhór big difficulty
" Balor: Bhuel, a Ian, tá deacracht mhór agam leis sin.
deacrachtaí foghlama learning difficulties
" Is léir ó na figiúirí seo nach bhfuil aon cheist ann ach go bhfuil deacrachtaí foghlama ag ar a laghad 5,147 de na daltaí a fuair díolúine sa bhliain 2006.
rud a chothaigh deacrachtaí móra airgid which gave rise to big financial difficulties
" Cailleadh a athair nuair nach raibh Seán ach trí bliana d’aois, rud a chothaigh deacrachtaí móra airgid don teaghlach.
thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú that could give rise to difficulties
" ***Míbhuntáistí:*** Tá easpa téagair agus státaireachta ag baint leis agus thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú i gcomhchainteanna san Aontas Eorpach.
in ainneoin na ndeacrachtaí inspite of the difficulties
" Chuir sé iontas orm chomh sona is a bhí daoine agus chomh héasca is a rinne siad meangadh mór álainn gáire, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an bhrú a bhaineann lena saol.
go leor deacrachtaí a lot of difficulties
" Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu.
deacrachtaí problems
"deacrachtaí ag an snúcar agus tá sé ag síothlú.
deacrachtaí éisteachta hearing problems
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
deacrachtaí difficulties
" (Foláireamh agus Fógra Fainice ón Eagarthóir: Níl an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le brú fola nó le croí lag.
deacracht difficulty
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
Deacrachtaí difficulties
" Deacrachtaí aige le macasamhail Dan Boyle agus Paul Gogarty.
deacracht difficulty
" Ní léiríonn na staidrimh oifigiúla ach chuid bheag den deacracht.
deacrachtaí difficulties
" Ó shin i leith, tá a stádas íseal, laghad a lín agus scaipeadh a gcomhphobal ag cur go mór lena laige pholaitiúil agus leis na deacrachtaí atá acu a gcearta a éileamh.
deacrachtaí difficulty
" Tá mic léinn nach bhfuil ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh ag fáil amach de réir a chéile go bhfuil bealach éalaithe as an riachtanas seo trí dhíolúine a fháil, ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu, mar dhea.
deacrachtaí problems
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
deacracht teangan language problem
" Tá sé an-deacair orainne, agus ar aon fhoilsitheoir, coinneáil suas leis mar bíonn an deacracht teangan ann freisin.
deacracht problem
" An deacracht is mó ná conas gur féidir leis na fógróirí troid in aghaidh an cianrialtáin a ritheann tríd na fógraí costasacha.
Deacrachtaí problems
" Deacrachtaí faoi Leith ========== Tá sé thar a bheith deacair teacht chun fóirithinte ar oibrithe baile a bhfuil a gcearta á sárú agus is gort oibre é an obair bhaile a bhfuil sé an-chasta monatóireacht a dhéanamh air.
deacrachtaí difficulties
" Hanrahan agus Deilín na Diúltachta ===================== Tá dán cáiliúil eile san Astráil a bhaineann leis na deacrachtaí atá ag lucht talmhaíochta abhus, dán a scríobh an tAthair Patrick Joseph Hartigan (1878-1952).
deacrachtaí problems
" - Muinín: Ceann de na deacrachtaí is mó le *Google*, go háirithe anois ó tá sé go hiomlán “imeartha” ag na saineolaí optamú inneall cuardaigh ná nach féidir leat a bheith cinnte gurb iad na torthaí a fhaigheann tú na torthaí is fearr.
Deacracht difficulty
" Cá raibh seisean ina phríomheeeeejit? Bloody feckin’ Baile Átha Cliath Thuaidh Láir!! Gan Banc, gan Cuntas Bainc, gan Deacracht Bainc ======================== Tá Shane Cross ann, dar ndóigh.
deacrachtaí problems
" Seo an cineál áite a fhaigheann The Irish Guards a gcuid fodar béal gunna - ceantar lucht oibre a bhfuil deacrachtaí dífhostaíochta ann.
deacrachtaí problems
" Bhí deacrachtaí againn ó thaobh tithíochta, ó thaobh sláinte agus ó taobh a lán nithe eile.
deacrachtaí ar leith particular problems
" Tá an fhoirgníocht scriosta ar fad sna ceantair tuaithe, tá an miondíol buailte go dona de dheasca an chúlaithe, agus tá ceist mhór faoi thodhchaí na déantúsaíochta, rud a fhágann deacrachtaí ar leith ag an cheantar sin.
rangabháil na deacrachta the difficult participle
" Déanfar dianscrúdú ar na briathra neamhrialta – gach uile aimsir agus pearsa agus modh – agus beidh béim ar leith ar rangabháil na deacrachta.
An Deacracht difficulty
" An Deacracht ======= Táimid ag siúl níos tapúla anois, toisc go bhfuil sé níos contúirtí a bheith ar an gcnoc i rith an lae.
Ba shin í an deacracht that was the problem
" Ba shin í an deacracht, an chontúirt bordaithe.
deacracht eile another problem
" Tá ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’.
deacracht a problem
" De réir mo thuisceana, tá deacracht ag an dream seo leis an mbealach ina bhfuil an reachtaíocht seo á achtú chomh maith le hábhar an achta féin.
deacrachtaí airgeadais financial difficulties
" Is léir dóibhsean go bhfuil fadhbanna dúlagair is féinmharaithe ag dul i méid i gcónaí sa tír anois agus áirítear go mbaineann glaoch amháin as gach deich nglaoch orthu le deacrachtaí airgeadais.
deacracht a problem
" Bhí deacracht agam leis, ní éisteodh sé liom.
deacrachtaí geilleagair economic problems
" An Builín Beag is mo Mhallacht ========== Feictear an eisimirce, go rómhinic sa tír seo, mar chuid den réiteach ar ár gcuid deacrachtaí geilleagair.
deacracht ar bith no problem
d’éirigh deacrachtaí móra great problems arose
" In ainneoin sin áfach, d’éirigh deacrachtaí móra ar fáth éigin nach bhfuil an-soiléir, domsa ar aon nós, in a lán cluichí móra i dtaca le cumas réiteoirí, maoir chúil agus maoir líne riail na ‘cearnóige bige’ a chur i bhfeidhm.
deacrachtaí airgeadais agus teaghlaigh money and household problems
" Mar theagmhas stairiúil, níor bhain an croitheadh sé mheandar geit as daoine a bhfuil deacrachtaí airgeadais agus teaghlaigh ag déanamh tinnis dóibh níos mó ná an ghothaíocht seo.
Cruthaíonn an mhoill seo deacrachtaí dúinn this delay creates problems for us
" Ní raibh fadhb ar bith ag an Roinn le sin ach scríobh Stiúrthóir Ginearálta Oifig an Ombudsman, Pat Whelan, ar an 13 Bealtaine 2009 chuig Príomhoifigeach na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag meabhrú dó gur cuireadh an dréachtscéim faoi bhráid na Roinne sé mhí roimhe sin: “Cruthaíonn an mhoill seo deacrachtaí dúinn ó thaobh bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn faoi láthair,” a scríobh an tUasal Whelan.
aon deacracht any problem
" (Ach ní raibh aon deacracht ag Ben é féin a chur in iúl ná agamsa a thuiscint.
is mór an méid deacrachtaí atá rompu chomh maith they’ve a lot to sort out
" Is cultúr an-chairdiúil é agus braithim go bhfuil siad láidir, ach is mór an méid deacrachtaí atá rompu chomh maith.
bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as people who survived had particular difficulties
" Tá sárobair déanta ag an HFSG ar son mhuintir na marbh, ach bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as agus sin an fáth go bhfuil an HJC ann.
deacrachtaí móra big problems
" Bush nuair a toghadh eisean ina uachtarán sa bhliain 2000? Muna mbeidh, beidh deacrachtaí móra, agus b'fhéidir dosháraithe, aige a chlár oibre a chur i gcrích.
i bhfianaise na deacrachta ar fad in light of all the trouble
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas that the O. never had problems
" An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach ================= Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas.
an deacracht geilleagair the economic problem
" Tá breall orthu siúd a áitíonn orainn ad nauseum gurb í an fhadhb is mó atá le sárú againn ná an deacracht geilleagair.
bhain deacracht leis de dheasca there were problems with it because of
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
deacrachtaí a eascraíonn as problems which arise from
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
Is í an deacracht atá agam the problem I have
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
na deacrachtaí tráchtála the commercial difficulties
" Tuigim go maith na deacrachtaí tráchtála atá ag RTÉ i láthair na huaire.
Is é an deacracht is mó atá ann the biggest problem is
" Is é an deacracht is mó atá ann do scoileanna ná saorálaithe a mhealladh i rith an lae scoile.
deacracht faoi leith ag baint le a particular difficulty pertaining to
" ========== Ós rud é go mbeadh deacracht faoi leith ag baint le srian a chur leis an gceart gluaiseachta ar fud an Aontais Eorpaigh atá ag daoine ó na ballstáit éagsúla, caithfidh an Bhreatain díriú ar inimircigh ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach chun ráta na hinimirce a laghdú.
aon deacracht any difficulty
" Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana.
deacrachtaí a bhaineas leis difficulities pertaining to
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
deacrachtaí tuismitheoirí le parental difficulty with
" Is léir go dtuigeann cruthaitheoirí *Minecraft* deacrachtaí tuismitheoirí le hoscailteacht córas ar líne.
I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair in light of the financial difficulties
" I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.
an dúshlán agus an deacracht the challenge and the difficulty
" Is í an ghné seo an dúshlán agus an deacracht atá os comhair mac léinn agus tuismitheoirí.
mórán deacrachta much of a problem
" Is cinnte nach bhfuil mórán deacrachta acu aird a tharraingt, agus is ábhar cainte agus cló an feachtas ar fud Cheanada.
deacrachtaí morgáiste mortgage difficulties
" Seo roinnt de na coinníollacha sin: - Ní bheidh cead ag aon lánúin a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu aon pháistí eile a bheith acu.
gan mórán deacrachta without much of a problem
" D'aithin stát Nua-Eabhrac an lánúnas gan mórán deacrachta, ach mar gheall ar an Acht um Chosaint Pósta, níor aithin an Chónaidhm é, agus mar sin, b'éigean $367,000 de eastát Thea a íoc mar cháin don rialtas, seachas é a chur ar aghaidh go dtí a céile, mar a dhéanfaí dá mba ‘ghnáth’-lánúin iad.
glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin better accept difficulties and challenges
" As siocair rud éicint a thit amach i saol roinnt daoine, is féidir leo glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin, an lámh is fearr a fháil orthu, an chuid is mó den am, agus go minic, tairbhe a bhaint as na deacrachtaí céanna.