Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Dealbh chré-umha A bronze statue
" Dealbh chré-umha atá inti, deich dtroithe ar airde.
deilbhe statue
" Tá sráid darb ainm Jim Larkin Way sa chathair agus tá taispeántas buan sa mhúsaem faoi, leis an mionsamhail a rinne an t-ealaíontóir Oisín Kelly le haghaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
dealbh statue
" Gach áit a raibh an impireacht (Baile Átha Cliath, mar shampla) fágadh dealbha agus leachta cuimhneacháin chun a thaispeáint do na daoine ísle cé a bhí i gceannas orthu.
dealbh sculpture
" Chonaic mé dealbh mhór d'Oliver Cromwell i lár an bhaile agus tá an t-ionad féin suite os comhair Cromwell Avenue ((www.
dealbh statue
" "Tá an cruth bunaithe ar an dealbh 'The River of Life' atá suite ar Bridge Street, áit ar phléasc an buama i Warrington," a dúirt Lynn Hitchen liom.
dealbh statue
" " Bhí dealbh de Joe Mháirtín leis an dealbhóir James Power ar taispeáint ag Taispeántas Ealaíne an Oireachtais sa mbliain 1992.
Dhealbh na Saoirse The Statue of Liberty
" Tá radharc mórthaibhseach ag cuairteoirí ar Dhealbh na Saoirse agus ar Oileán Ellis ón Irish Hunger Memorial, a osclaíodh go hoifigiúil i lár mhí Iúil sa chuid íochtarach de Manhattan.
dealbha statues
" Téann na heaspaig agus na sagairt agus scata mór den phobal thart, agus bíonn daoine gléasta in éadaí traidisiúnta agus ag iompar bratacha móra maisithe agus dealbha na naomh.
dealbh statue
" Tá comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad tarraingthe óna chuimhne.
dhealbh statue
" Thug an tAthair Nugent cuidiú dóibh agus tá a dhealbh siúd ar an tslí, chomh maith leis an cheann de "Dandy" Pat Byrne as Loch Garman a bhí ina chomhairleoir do Pháirtí Rialtais Dhúchais na hÉireann ar Chomhairle Cathrach Learphoill, in éineacht le 28 náisiúnaí eile.
dealbh statue
" I dteach an phobail tá dealbh d'Íosa Críost, a chuid lámh lena thaobh.
sraith dealbh a series of statues
" Chomh maith leis sin, tá sraith dealbh de chuid Edward Delaney le feiceáil ar an gCaorán Mór.
dealbh statue
" Bhí an *Floozie in the Jacuzzi *(dealbh Anna Livia) againn go dtí le déanaí ar Shráid Uí Chonaill, ansin cuireadh *The Stiletto in the Ghetto *(Spuaic na Milaoise) ina háit ag deireadh na bliana seo caite.
dealbh chlúiteach famous statue
" Le gairid tháinig Dáithí, an dealbh chlúiteach le Michelangelo, amach faoin scáth agus smúit a bhí á chlúdach le beagnach 500 bliain.
dealbha naomh statues of saints
" Trasna na habhann tá an seandroichead aláinn, *Karluv most *nó Droichead Shéarlais, a bhfuil dealbha naomh ar an dá thaobh de.
líon dochreidte dealbh an incredible number of statues
"líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
dealbha dubha miotail de leanaí black metal statues of babies
" Is féidir dul suas agus amharc amach uaidh, nó béile nó cupán caife a fháil sna bialanna atá thuas ansin - agus an rud a chuireann iontas ort ná go bhfuil dealbha dubha miotail de leanaí ar an taobh amuigh den túr, b'fhéidir deich gcinn acu, agus an chuma orthu go bhfuil siad ag lámhacán suas síos.
deilbhe image
" Shíl siad gur cur i gcéill a bhí ann agus nár cheart go mbeadh rud ar bith eile i gceist leis an saothar ach amháin an rud a raibh tú ag amharc air, in áit deilbhe nó pictiúir de rud.
dealbha nochta naked figures
" Uaimh mhaisithe atá i gceist, fuarán ina lár, agus é á choinneáil suas ag dealbha nochta.
dealbh statue
" Tá sé cineal íorónta go bhfuil dealbh i mBaile Átha Cliath d'fhear a rugadh agus a tógadh anseo i Learpholl a bhí bródúil i gcónaí as bheith ina Éireannach, agus dealbh againne anseo i Learpholl d'fhear a rinne an ráiteas sin faoin stábla agus an capall (“Being born in a stable does not make one a horse.
dealbh statue
" Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.
na ceithre dhealbh neamhchríochnaithe the four unfinished statues
" Is fiú am a chaitheamh chomh maith ag amharc ar na ceithre dhealbh neamhchríochnaithe a rinne Michelangelo don tsraith *Prigioni* (sclábhaithe) ina bhfuil na coirp léirithe ag briseadh amach ó chloch.
dealbh statue
" Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.
dealbh statue
" Thuas ar bharr an bhosca ina bhfuil dealbh an Chroí Ró-Naofa i lár na sráide a bhí ár laoch, agus bean chráifeach sin an phaidrín fhada agus an bhéil mhóir ag scairtí air in ard a cinn ó thús deireadh na paráide.
dealbh statue
" Tá leacht eile a gcuirfeadh Éireannaigh suim ann freisin - an t-aon dealbh de dhuine ar an mblár nár ghinearál é: an tAthair William Corby, de bhunadh Éireannach, agus séiplíneach na briogáide Éireannaí.
dealbha cloiche den chéad scoth first-class stone statues
" San áit seo, thart fán 8ú nó 9ú haois, bhí mainistir suite, ina ndearnadh dealbha cloiche den chéad scoth.
dealbh sculpture
" I 1959 tógadh leacht cuimhneacháin ar an mbaile agus ní raibh ar a bharr ach dealbh de cheann de na Fergusons.
an t-aon dealbh de tharracóir the only sculpture of a tractor
" Is é an t-aon dealbh de tharracóir san Astráil agus b’fhéidir ar domhan.
bailiúchán iontach dealbh a great collection of sculptures
" Tá músaem níos sine béal dorais, faoi chúram Historic Scotland, agus bailiúchán iontach dealbh ón Ré Luath-Chríostaí a fuarthas go háitiúil ann.
dealbha sculptures
" Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin.
dealbh de chuid a athar one of his father's statues
" Ní hamháin sin, ach tá rud níos pearsanta ag tarlú anseo dó, óir dhá chéad slat ón stáitse tá dealbh de chuid a athar – Bikki.
a dhealbh his statue
" Sa bhliain 2000, mar shampla, d’íoc sé cúiteamh leis an dearthóir Norman Emms nuair a cuireadh ina leith go raibh a dhealbh *Hymn*, a dhíol sé leis an bhailitheoir ealaíne Charles Saatchi ar mhilliún punt, bunaithe ar bhréagán plaisteach a dhear Emms agus a bhí le ceannach ar £14.
dealbha sculptures
" Mar sin, tá sé an-sásta go mbeidh dealbha Anthony Gormley, Another Place, le feiceáil ar bhruach an Mersey i rith na bliana sin.
cúpla dealbh dá chuid a few sculptures of his
" Bhí corp Ger leagtha amach i gcónra sa seomra tosaigh – síocháin ina aghaidh – bláthanna, cártaí agus cúpla dealbh dá chuid timpeall air.
agus an dealbh á críochnú aige. as he finished the sculpture.
" ***** Tá John Hoban ag caint ón altóir lá na sochraide, faoi na cainteanna fada a bhí aige le Ger cúpla seachtain roimh a bhás; faoin ealaín, faoin dealbh a bhí díreach críochnaithe aige, faoin saol, faoin tsíocháin a bhraith sé go domhain ina chroí agus an dealbh á críochnú aige.
ar nós dealbh i séipéal. like statues in a church.
" Tá brí ar leith ag baint le chuile bhall adhmaid sna tithe seo - ar nós dealbh i séipéal.
dhá dhealbh; two statues;
" Thosaigh muid in aice le dhá dhealbh; macasamhail na Banríona Victoria agus spíce déanta as miotal gorm a raibh an chuma air go ndearnadh sna seascaidí é.
dealbha cinéiteacha, kinetic statues
" Ach tá saothair eile i gceist chomh maith – dealbha cinéiteacha, cuir i gcás – atá ann sa chiall fhíorúil amháin.
thógfaí dealbh dó. a statue would be erected for him.
" " Dá mba shaighdiúir in arm foirmeálta é Brendan Hughes, thógfaí dealbh dó.
léiríonn sé an dealbh den deachtóir he shows the statue of the dictator
" Maraíodh deartháir al-Hamdany faoi réimeas Saddam Hussein agus léiríonn sé an dealbh den deachtóir a leagadh chun talaimh i mBagdad i lár an chanbháis mar chomhartha go bhfuil deireadh tagtha leis an tseanré.
dealbha statues
" Bhí sé ag siúl leis faoi lár na cathrach lá nuair a bhuail sé isteach i siopa a raibh dealbha beaga ar díol ann.
leanúint na deilbhe following the statue
" Bhí siad ag plódú na sráideanna agus na mbóithre ó cheann ceann na tíre, agus iad ag leanúint na deilbhe.
Dealbha statues
" (I)Déanann siad, na daoine-Dealbha as lava an tsléibhe.
dealbh statue
" Má bhí sé de dhánaíocht ag *Spike Milligan* a mhaíomh go raibh lámh aige i dturnamh ceann de na deachtóirí ba mheasa i stair na cruinne ins an leabhar *Adolf Hitler: My Part in his Downfall*, cad tuige nach ndéanfainnse cur síos maíteach ar mo ról san fheachtas leis an dealbh de cheann de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla i stair na Gaeilge a chur ar ais ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe? Nó Pádraic Ó Conaire: *My Part in his Upgrade*, más mian leat.
Fágtha Bocht Dealbh left with nothing
" Fágtha Bocht Dealbh ======== An Luan dar gcion, bheartaigh mé go dtabharfainn faoin scéal.
dhealbh penniless
" Tá oifigigh ón dá stát ag maíomh gur ar mhaithe le muintir bhocht bhrúite chráite dhealbh na hÉireann a dhéanfar an géilleadh agus an ghabháil.
dealbh statue
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
bun na deilbhe base of the statue
" ’* Shíl mé go raibh sé ait gur roghnaigh siad suíomh os comhair doras na hInstitiúide, cé go raibh Gunner William Connolly VC (Bengal Artillery) 1857 agus Captain Paul Kenna VC (21st Lancers) 1898 ar an liosta ag bun na deilbhe.
bhfoirm deilbhe form of a statue
" Is díol suntais chomh maith é an cumhdach i bhfoirm deilbhe de Naomh Baudime a rinneadh i lár an dara haois déag agus a tháinig ón eaglais Marie de Saint-Nectaire in Auvergne na Fraince.
dealbh a bhogadh to move the statue
" Bhí an suíomh féin rud beag conspóideach agus ba ghá an dealbh a bhogadh nuair a tháinig sé salach ar bheartais fhorbartha na sráide i 2001.
dealbh statue
" Labhair an t-iarchime Danny Morrison leis an slua i lár na cathrach in aice le dealbh mór de ‘Bhanríon an Drochshaoil’ - Victoria.
nochtadh dealbh ina urraim a statue was erected in his honour
" Sa réimeas nua i ndiaidh 1989 tugadh an onóir is coitianta a thabhairt do ghníomhartha dá shaghas: tá sráid i bPrág (siúd is gur cearnóg atá i gceist sa chás seo) ainmnithe ina dhiaidh agus nochtadh dealbh ina urraim.
nochtadh dealbh a statue was unveiled
" Bhí Gearmánaigh páirteach in atógáil na hardeaglaise agus i mbliana (2012) nochtadh dealbh i ndilchuimhne na nGearmánach a fuair bás le linn an Dara Cogadh Domhanda ag an suíomh a scrios an Luftwaffe ar an 14 Samhain 1940.
go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe particularly after the unveiling of the statue
" Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine.
macasamhail den dealbh a statue similar to the one
" Ní raibh fhios againn gur féidir linn macasamhail den dealbh i mBaile Átha Cliath a fháil do Learpholl.
suíomh don dealbh a site for the statue
" Bhí Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht ar Chomhairle Contae Merseyside faoin am sin agus nuair a d’inis muid an plean dóibh, vótáil siad ar son deontais agus suíomh don dealbh.
nuair a nochtadh an dealbh when the statue was unveiled
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
Agus í ag féachaint ar dhealbh as she looks at the statue
" Agus í ag féachaint ar dhealbh na Maighdine Mhuire, ritheann an smaoineamh seo léi féna clann chaillte: ‘A bheith ró-shalach le slánú, ró-ghlan le damnú…Ar an stoc ronna nach raibh Dia ná an diabhal ag éiliú seilbhe air a bhíodar ‘in áit dorcha gan aon phian’.
fiú Dealbh na Saoirse even the Statue of Liberty
" Suntasach go maith, dúnadh fiú Dealbh na Saoirse, go dtí gur tháinig rialtas Nua-Eabhrac i gcabhair, agus faitíos orthu go millfí tionscal na turasóireachta sa chathair úd.
dealbh mhór den easpag a large statue of the bishop
" Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.
bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil trying to erect a statue
" Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
dealbha an Phartanóin statues of Parthenon
" Dá ndéanfaí athdhúichiú ar an tsaothar seo ar fad, cé chomh fada siar ba cheart dul, agus an gcruthódh sé fasach a bheadh inoibrithe? Tá mórán den bharúil gur cás eisceachtúil é dealbha an Phartanóin mar go léiríonn siad ní hamháin buaicphointe shibhialtacht agus cultúr ársa na Gréige, ach tá an saothar sin de dhlúth agus d’inneach fhéiniúlacht na tire chomh maith agus is cúis mhór buartha do phobal na Gréige nach bhfuil an saothar ealaíne seo le feiceáil sa tír is dual dó.
dealbh a statue
" D’inis sé dúinn go raibh sé féin agus a athair i láthair i 1966 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do 1916 ar bhruach Abhainn na Siúire, leacht le dealbh Críost ar a barr: “*Our leaders were elevated to the stature of ‘godly’*”, a dúirt sé linn.
chruthaigh Canova ina dhealbh ... created in his statue
" In áit an chraicinn mhín shíodúil a chruthaigh Canova ina dhealbh, Pauline Borghese (1805-8), nó matán teannta Apollo (Apollo agus Daphne 1622-25)) le Bernini, feictear go ndéanann Giacametti tochailt dhomhain ar a chuid figiúirí go dtí nach bhfuil fágtha díobh sa deireadh ach cruthanna leochailleacha sobhriste.
comhréireanna caola a chuid dealbh the slender proportions of his statues
" Dúirt Giacometti, agus é ag caint leis an léirmheastóir David Sylvester gur rud neamhdheontach a bhí ina mhodh oibre agus gur mheas sé féin go raibh fírinne agus beocht ag baint le comhréireanna caola a chuid dealbh nár mhothaigh sé nuair a d'amharc sé ar dhealbhóireacht chlasaiceach.
dealbh statue
" Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar.
noctadh dealbh a statue was unveiled
" Ar an 15 Meán Fómhair, noctadh dealbh i gCearnóg Trafalgar i Londain atá ag cothú go leor díospóireachta agus conspóide mar go léiríonn sé bean faoi mhíchumas agus í torrach.
dealbh a chroch sé a statue he erected
" Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil.
líon na ndealbh the number of statues
" Tá fás faoi líon na ndealbh go fóill ach is fás orthu a bheas ag tarlú amach anseo.
dealbh a statue
" Tá sé ag lorg Action Man do Dermot Ahern agus dealbh de Janus do fhuíoll áir an Chomhaontais Ghlais.