Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dearbhaíodh it was confirmed
" Deich lá ina dhiaidh sin, ar an chéad lá de mhí an Mhárta, aimsíodh an galar crúibe agus béil i Magh i gContae Ard Mhacha; 21 lá ina dhiaidh sin, dearbhaíodh go raibh an galar ar chaoirigh ar leithinis Chuaille, Contae Lú.
a bhféiniúlacht a dhearbhú to re-assert their identity
" Ach éiríonn leis na grúpaí seo a dteanga, a mblas cainte agus a dtraidisiúin - a dtéann a bhformhór i gcoinne ghnáthluachanna na sochaí Meiriceánaí - a choimeád agus a bhféiniúlacht a dhearbhú, in ainneoin *suburbia*, glúin i ndiaidh glúine.
dearbhú assurance
" I measc gheallúintí an Chomhaontaithe, bhí dearbhú ón dá rialtas go síneofaí Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna agus go mbunófaí Coimisiún Um Chearta Daonna ó thuaidh agus ó dheas.
dhearbhaigh an Ministry Of Defence the MoD confirmed
" Ach ar an 19 Iúil 1999, mar fhreagra ar cheist ón fheisire Kevin McNamara i Westminster, dhearbhaigh an Ministry Of Defence gur tharla a leithéid de chruinniú i dteach an Cheannfoirt Trears.
dearbhaíonn McKeown agus Campbell McKeown and Campbell confirm
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
a dhearbhaigh Colm Colm confirmed
" "An bhfuil tú i ndáiríre?" "Táim lándáiríre faoin ngeall seo," a dhearbhaigh Colm.
Comh-Dhearbhú Joint Declaration
" Meastar go mbeadh sé sásta glacadh le Comh-Dhearbhú an dá rialtas ach cinnteacht a bheith aige go raibh Sealadaigh an IRA réidh le dul ar an pinsean.
dearbhú confirmation
" Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
a dhearbhaíonn who professes
" "Duine ar bith a dhearbhaíonn a chreideamh Caitliceach lena bheola agus a thugann tacaíocht go poiblí ag an am chéanna do reachtaíocht nó d'iarrthóirí a théann i gcoinne dlí Dé, tá an duine sin ag déanamh ceap magaidh don chreideamh sin agus dá fhéiniúlacht Chaitliceach," a scríobh an tEaspag Michael J.
dearbhú declaration
" Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
dearbhú confirmation
" Níl aon dearbhú tugtha fós ag an Rialtas go gcuirfear an t-airgead ar fáil chun an raon áiseanna sláinte atá beartaithe a thógáil.
In ainneoin go ndearbhaíonn siad despite the fact that they declare
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
dearbhú declare
" Ach bheadh ar an rialtas lárnach dearbhú go raibh sé mídhleathach, ós rud é nach nglacann Bunreacht na Spáinne in aon chor leis an bhféidearthacht seo.
dearbhú confirmation
" Ba gheall le dearbhú ar líomhaintí na mban é tairiscint an IRA dúnmharfóirí Robert a scaoileadh.
dearbhú confirmation
" Ainneoin nach bhfuil na Gardaí ná an PSNI tar éis aon dearbhú a thabhairt go fóill gur bhain an t-airgead Sasanach a aimsíodh i gCorcaigh le robáil Bhanc an Tuaiscirt, deir an tAire Dermot Ahern nach bhfuil aon amhras ar an rialtas ach gur ón robáil seo a tháinig ar a laghad cuid den airgead a fuarthas.
dearbhaithe confirmed
" ) Agus tá sé dearbhaithe ag Ryanair (de réir an nuachtáin *The Kerryman*) gur chuir comhlacht Uí Laoire iarratas isteach maidir leis an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí.
dearbhú declaration
" Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.
dhearbhaigh siad they confirmed
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
dátaí taispeántais a dhearbhú. to confirm exhibition dates.
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
dearbhaím I confirm
" Bhí sé ag cur báistí agus muid ag sleamhnú anuas – agus dearbhaím nárbh fhada go dtí gur shroich mé bun na duimhche! Agus an clár marcaíochta imithe uaim ar luas lasrach i dtreo iomlán eile, chuamar ag snámh san fharraige in Tasman, rud a bhí áisiúil chun an gaineamh a bhaint dínn.
a dhearbhú to confirm
" ) Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
dhearbhaigh siad they declared
" Rinne foireann ó Mhúsaem na Breataine agus English Heritage tástáil ar an déantán airgid agus dhearbhaigh siad nach ndearnadh é sa deichiú haois, ach dúirt siad go raibh seans ann go raibh an píosa adhmaid féin barántúil.
dearbhaíonn sé he declares
" Gan fianaise ar bith, dearbhaíonn sé gur tháinig formhór na n-imirceach ó Chúige Laighean.
le dearbhú to assert
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
dearbhú confirmation
" Níl ciall ná réasún ag baint leis an chóras mar atá agus buntáiste á thabhairt do scoláirí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu dul go síceolaithe príobháideacha le dearbhú a fháil uathu go bhfuil fadhb foghlama teanga acu ar nós disléicse.
dearbhaithe asserted
" Ní raibh ar 11,871 dalta Gaeilge a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste sa bhliain 2006 de bharr “míchumas foghlama” a bhí dearbhaithe ag síceolaí.
dearbhaithe ag síceolaí. confirmed by a psychologist.
" Ní raibh ar 11,871 dalta Gaeilge a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste sa bhliain 2006 de bharr “míchumas foghlama” a bhí dearbhaithe ag síceolaí.
dearbhaíonn sé he confirms
" Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
dhearbhaigh an bheirt acu the two of them assured
" Ach cúpla mí sular tháinig siad abhaile, bhuail Rudd le Bush in Washington agus dhearbhaigh an bheirt acu go raibh an comhaontas idir na tíortha fós láidir.
dhearbhaigh imscrúdaitheoirí inspectors confirmed
" Coicís ina dhiaidh sin, dhearbhaigh imscrúdaitheoirí de chuid an FBI gurbh é nimhiú ó théitheoir gáis a bhí fabhtach ba chúis lena bhás.
dhearbhú assure
" Thig liom féin a dhearbhú, áfach, nach neamhláithreacht an chultúir atá ag cothú na suime doshásaithe seo.
Dearbhaíodh was affirmed
" Dearbhaíodh ann go mbeadh aon trian d'aibhléis na tíre á ghineadh as fuinneamh in-athnuaite agus cé gur méadú mór é ar an seacht faoin gcéad d'aibhléis na tíre atá ginte as na foinsí sin faoi láthair, fós féin tá an páipéar cáinte ag saineolaithe áirithe mar nach bhfuil sé uaillmhianach go leor.
dearbhaíodh it was certified, confirmed
" Rinneadh éabhlóid ar an lá in imeacht na mblianta agus, faoi dheireadh, dearbhaíodh gur lá saoire poiblí é.
Dhearbhaigh assured
" “Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!” Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine International Declaration of Human Rights
" “Tá sé sin fíor agus sin an fáth go bhfuil a oiread sin tábhachta ag baint le Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine,” arsa John.
dhearbhú confirm
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
dhearbhaigh confirmed
" Cuireadh náire ar roinnt mhaith den phobal, cé gur dhearbhaigh Obama nach gcúiseofaí na céasadóirí féin, ach na dlíodóirí sa réimeas a thug cead dóibh é a dhéanamh.
dhearbhaigh certified
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
dearbhaíonn sé it affirms, assures
" Téann traidisiún na portráidíochta siar chomh fada leis an tsean-Róimh agus dearbhaíonn sé dúinn an taithí atá againn ar an saol ar a lán bealaí .
ag dearbhú certifying
" Bíonn sé te go minic an tráth seo bliana i bPáras, ag dearbhú go bhfuil an t-am tagtha finalement chun na héadaí geimhridh a chur i stóras.
Dhearbhaigh confirmed
" Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn.
dhearbhaigh affirmed
" Thosaigh sé ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh sé gur chuidigh an cleachtadh seo lena mhodh líníochta féin a fhorbairt.
dhearbhaigh confirmed
" Tuige nach gcreidfeadh, go háirithe nuair a dhearbhaigh an Mossad dóibh go raibh na teachtaireachtaí iontaofa.
Dhearbhaigh affirmed
" Cinedhíothú as Dúchan? Dhearbhaigh John Mitchel é seo ina leabhar ‘*The Last Conquest of Ireland i 1858*.
dhearbhú assert
" Dúirt an fealsamh Emmanuel Kant go bhfaighimid léargas ar an áilleacht, nuair a chuirimid ár leas féin de leataobh agus nuair a bhreathnaímid rudaí áille, ní le húsáid a bhaint astu ná lena míniú ach le glacadh leo mar atá siad agus iad a dhearbhú inár saol féin.
dhearbhú affirm
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
dhearbhaigh affirmed
" Bhí dúnghaois ní ba láidre i bhfabhar gnímh mar fhreagra ar théamh an domhain ag Páirtí an Lucht Oibre ná a bhí ag na páirtithe coimeádacha, agus dhearbhaigh siad an prótacal a luaithe is a tháinig siad i gcumhacht dhá bhliain ó shin.
dearbhú assurance
" Ach éireoidh An Rí Brian an Chreamha ina sheasamh agus déanfaidh sé fógairt agus dearbhú agus cuirfear deireadh leis an éagaoineadh agus leis an éagnach agus leis an chrá croí, nó fógróidh sé an tír ar fad ina Gaeltacht mhór amháin.
ndearbhófar shall be confirmed
" Agus cad a tharlóidh má iarrtar doiciméid ar dhuine a ritheann amach chuig an siopa ar thóir aráin nó go dtí an scoil chun na leanaí a thabhairt abhaile agus na doiciméid fágtha sa teach? Turas go dtí stáisiún na bpóilíní le go ndearbhófar stádas an inimircigh? Fadhb eile a bhaineann leis an reachtaíocht ná go dtabharfaidh sé ar dhaoine an chuid is measa dá nádúr a nochtadh.
Dhearbhaigh affirmed
" Dhearbhaigh sé go fuair sé tacaíocht ó roinnt bheag aontachtaithe agus ní raibh siad á cheilt ar aon duine: “*It’s not so much they voted for Sinn Féin, but they told us so, because Sinn Féin had done more for them than the unionist parties.
dearbhú to confirm
" Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
dhearbhú ascertain
" B'éigean d'iníon le cara liom an Fhaiche a shiúl ina hiomláine lena dhearbhú dom nach raibh a leithéid ann.
Dhearbhaigh confirmed
" Dhearbhaigh sí freisin go mbeadh scéim trádála astaíochta ar chlár oibre a rialtais dá n-éireodh léi san olltoghchán.
Dearbhaíonn confirms
" Dearbhaíonn sé go bhfuil tionscadal na hinnealtóireachta ina thír féín in ísle brí agus go bhfuil titim ar líon na mac léinn i réimse na teicneolaíochta.
dhearbhaigh confirmed
" Ach bíonn an cúig faoin chéad sin an-sásta leis an áit, de réir Rodgers agus dhearbhaigh sé go raibh cuairt ar Dhún na nGall mar a gcéanna le ticéad buacach sa Lotto a cheannach.
dearbhaítear it’s confirmed
" Taispeánann íomhánna satailíte dúinn go bhfuil achar 100 míle cearnach ag an gcnoc oighir seo, beagnach dhá uair níos mó ná Oileán Acla (nó ceithre huaire níos mó ná Oileán Manhattan i Nua-Eabhrac), agus dearbhaítear anois gurb é an cnoc oighir is mó san Artach le beagnach 50 bliain anuas.
Dhearbhaigh confirmed
" Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 cuspóir ó thaobh beartais maidir leis sin.
le dearbhú to be certified
" Ní beag iad na hacmhainní céanna seo atá faoin Mol Thuaidh, ach tá sé fós le dearbhú cé leis an taisce luachmhar seo.
dhearbhaigh confirmed
" Agus, mar a dhearbhaigh an Rialtas céad lá na míosa (féach an nasc ar dheis), ’sé an chéad choinníoll ná go nglacfar leis an gcáinaisnéis a ghearrann €4bn de chaiteachas an stáit agus a leagan €2bn cáin breise.
Dearbhú Uilechoiteann universal declaration
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
dhearbhaigh confirmed
" * Chuir na meáin agallaimh ar McKeon tar éis an tsearmanais agus dhearbhaigh seisean arís is arís eile go bhfuil sé i bhfách leis an bhratach a athrú.
dearbhú confirming
" Míshásamh le Meirge ========== Tá daoine áirithe ag dearbhú a míshástachta le bratach na tíre beagnach ón gcéad lá ar fógraíodh é mar bhratach na hAstráile, i gcomharbacht ar bhratach na Breataine, sa bhliain 1954.
dearbhaithe confirmed
" D'fhógair nuachtáin náisiúnta na Breataine mí Dheireadh Fómhair anuraidh go raibh sé beartaithe foraoisí poiblí na tíre a dhíol, agus níorbh fhada go raibh an scéal dearbhaithe ag an rialtas.
dhearbhaigh sí she assured
" Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
Dearbhaíonn certifies, reinforces
dhearbhaigh he confirmed
" Mhaigh sé nárbh eisean ba chúis le bás Mac Phail go díreach, agus dhearbhaigh go raibh sé neamhchiontach.
dhearbhódh would assure
" Mhol an coiste freisin go gcuirfí ailt eile sa bhunreacht a dhearbhódh *“advancement”* don mhuintir dhúchais agus a chuirfeadh toirmeasc ar aon rialtas san Astráil leatrom a dhéanamh ar aon duine mar gheall ar a chine, ar a chneasdath nó ar a bhunadh eitneach nó náisiúin.
Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine the Declaration of Human Rights
" Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag léacht i mBéal Feirste a thug iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar cheiliúradh ar Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine.
Dhearbhú an Neamhspleáchais the Declaration of Independence
" B’ionann bunreacht Mheiriceá agus Dhearbhú an Neamhspleáchais ag Jefferson le *‘apple of gold in a frame of silver’* Thug an bunreacht airgid cosaint saolta do bhunphrionsabail órga Jefferson.
Dhearbhaigh confirmed
" Dhearbhaigh Norman láithreach go seasfadh seisean an fód leo dá dheoin féin agus chuir sé comhairle a leasa orthu i dtaca lena n-agóid.
dearbhaíonn affirms
" Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
dhearbhaigh confirmed
" Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).
Dhearbhaigh confirmed
" Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’ Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
dhearbhaíonn ensures
" Ach tá zeitgeist ann i saol an ghnó – agus i saol na margaíochta ach go háirithe – a dhearbhaíonn go bhfuil fiúntas ag baint leis an mBéarla nach bhfuil ag baint le teangacha eile.
siadsan a dhearbhaigh those who affirmed
" Do cháin an fealsúnaí liobrálach Meiriceánach Ronald Dworkin siadsan a dhearbhaigh gur bhain reifrinn na hÉireann le “*reasoned argument*” sna nochaidí ina leabhar Life’s Dominion (1993).
Dearbhaíonn confirms
" ”* Dearbhaíonn Airteagal 44.
mhothúchán a dhearbhaíonn feelings which confirm
" Is sláintiúla ar fad traidisiún éirimiúil ‘diúltach’ Stevens ná cur chuige Walsh agus Hogan a bhí, agus atá fós, bunaithe ar thírghrá agus ar mhothúchán a dhearbhaíonn gur córas dleathach speisialta é an córas Éireannach.