Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dearfacha positive
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
dearfach positive
" Fuair mé freagra dearfach ó gach duine acu, ach amháin ó George Howarth.
dearfach positive
" Tá athrú mór tagtha ar a ndearcadh siúd i leith na Gaeilge - tá an dearcadh dearfach anois.
dearfacha positive
" Cuireann sé díomá air go bhfuil aos óg na Gaeltachta ag tréigean na teanga ach deir sé nach bhfuil sé ag brath a chuid ama a chaitheamh ag caoineadh faoi seo - is fearr, dar leis, bogadh ar aghaidh agus rudaí dearfacha a dhéanamh.
dearfach positive
" Is dúshlán mór é seo, ós rud é nach mbeidh gach Rannóg Stáit iomlán dearfach faoi fhreastal ar riachtanais teanga an phobail.
todhchaí dhearfach a positive future
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Amharcann sí ar ais orm trí shúile m'iníne: todhchaí dhearfach, chruthaíoch, oscailte d'ár gcuid páistí dátheangacha.
dearfach positive
" Ról dearfach ======= Tugann obair dheonach deis don duine aonair ról dearfach cabhrach a imirt sa tsochaí.
dearfacha positive
" Tá rudaí dearfacha i gceist sna leasuithe chomh maith.
dearfach positive
" Bhí buamaí in a lán áiteanna i Sasana, ar ndóigh, ach cén fáth a raibh muintir Warrington chomh dearfach faoin tubaiste ina mbaile féin, a d'fhiafraigh mé de Colin Parry.
nós dearfach teanga positive language habit
" Má bhíonn naíonraí ar ardchaighdeán againn, ansin thig linn a bheith cinnte go ndéanfar nós dearfach teanga a fhorbairt i measc an aosa óig.
beart dearfach positive action
" Caithfear beart dearfach a dhéanamh go luath ar son na teanga.
dearfacha positive
" " Chun a léiriú gur féidir na haidhmeanna atá ag Ecotopia a bhaint amach agus rudaí dearfacha a dhéanamh don timpeallacht, beidh muintir Ecotopia ag obair le muintir na háite chun páirc a athchóiriú.
thar a bheith dearfach extremely positive
" " Is duine thar a bheith dearfach í Gearóidín agus nuair a d'fhiafraigh mé di ar chuir sé isteach uirthi nach raibh an meas céanna ar an scéalaíocht agus ar an amhránaíocht ina ceantar dúchais, ní raibh sí sásta a bheith cáinteach.
straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh to recommend positive and creative strategies
" Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh.
an dearcadh dearfach seo this positive outlook
" Is dócha gur chabhraigh an dearcadh dearfach seo leis nuair a chuaigh sé le haghaidh trialach chun post láithreoireachta a fháil sa bhliain 2000.
ceannaireacht dhearfach positive leadership
" Beidh air ceannaireacht dhearfach a thabhairt, eispearas nua don DUP, agus beidh air déileáil le Sinn Féin mar atá siad a dhéanamh i gcomhairlí fud fad na Sé Chontae.
fís dhearfach positive vision
" Níl an chuma ar Trimble go bhfuil fís dhearfach aige den bhealach chun tosaigh.
níos dearfaí more positive
" Cé go bhfuil daoine imníoch na laethanta seo faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, táthar níos dearfaí faoin mhéid atá ag tarlú ó thaobh na teanga de i gceantair eile.
dearfach positive
" Bíonn sé ag canadh faoi rudaí dáiríre agus faoi thubaistí a bhain dó, ach fós féin éiríonn leis a bheith dearfach agus ceol a chur ar fáil a thógann an croí.
gnólachtaí níos dearfaí a chruthú to create more positive businesses
" Is é aidhm FEIC ná gnólachtaí níos dearfaí a chruthú i nDoire, nó a mhealladh ansin, seachas comhlachtaí a dhéanann táirgí a tharraingíonn bás agus dochar ar dhaoine ar fud an domhain.
thionchar dearfach positive influence
" Ach ní hiad na Sé Chontae amháin atá faoi thionchar dearfach an Chomhaontaithe.
an-dearfach very positive
" Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir.
an-dearfach very positive
" Is duine é a bhíonn an-dearfach i gcónaí agus atá sásta a dhícheall a dhéanamh agus bheith sásta leis sin.
gníomh dearfach positive act
" Tá Netaid agus an 94 milliún duine a shínigh an achainí ag rá leis an ngrúpa G8 nach leor na focail bhreátha, go bhfuil gníomh dearfach de dhíth freisin.
dearfacha positive
" Mar sin féin, bhí John Finucane ábalta a chur in iúl gur tharla roinnt rudaí dearfacha le linn mhí an Mheithimh.
toradh dearfach positive result
"toradh dearfach a d'fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b'fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.
íomhá dhearfach positive image
"íomhá dhearfach ann de Trimble a fheiceann é ag léimnigh chun tosaigh gan na slabhraí agus na laincisí a chuir dineasáir a pháirtí féin air.
dhearfacha positive
" Bhí dhá chruinniú dhearfacha idir Adams agus David Trimble an mhí seo caite agus is léir go bhfuiltear sásta anois bogadh ar aghaidh leis an phacáiste a rinneadh in earrach na bliana seo.
go dearfach positively
" Scríobhann Con go dearfach i gcónaí faoin gcluiche atá i gceist nó an rás nó an t-imreoir.
céim dhearfach chun tosaigh a positive step forward
" Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
tionchar dearfach praiticiúil positive practical effect
" Go mbeidh tionchar dearfach praiticiúil ag an Acht Teanga ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
agus a loit íomhá dhearfach na tíre and which destroyed the country's positive image
" Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d'athraigh an staid pholaitiúil agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b'fhéidir.
rudaí dearfacha positive things
" " Mar sin, is gá rudaí dearfacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar chúrsaí.
tionchar dearfach positive influence
" Is léir go gcaithfear díriú ar chóras tacaíochta a chur ar fáil ar féidir leis tionchar dearfach a bheith aige ar chinneadh an duine atá i mbaol.
tionchar dearfach positive effect
" Tá cúiseanna an-mhaith leis an bhfócas seo - ba mhaith leis an rialtas go mbeadh tionchar dearfach ag an dtaighde ar gheilleagar na tíre.
dearfach positive
" Is minic a deirtear gur duine é Alan Titley a bhíonn gealgháireach agus dearfach i gcónaí, a chaitheann go cóir lena chuid mac léinn agus lena chomhghleacaithe.
a lán aiseolais dhearfaigh a lot of positive feedback
" *"Fuair Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a lán aiseolais dhearfaigh ó mhic léinn, go háirithe mic léinn a raibh disléicse orthu a bhí in ann a gcuid oibre (aistí a scríobh, mar shampla) a dhéanamh níos éasca.
meon dearfach positive thinking
" " Agus í ag tagairt don tionscadal seo, dúirt Fidelma Ní Ghallchobhair ó Fhoras na Gaeilge: "Cuirfidh sé go mór le stádas na Gaeilge agus le meon dearfach i leith na Gaeilge ár dteanga a bheith le feiceáil i gcomhthéacs praiticiúil laethúil mar seo.
dearfach positive
" " Is éard atá sa *Yellow Man *ná bailiúchán de shaothair ina bhfuil pearsa atá go hiomlán dearfach; cónaíonn sé san Iodáil agus atá saor ó fhadhbanna an tsaoil mhóir.
dearcadh dearfach positive outlook
" Go príomha, an dearcadh dearfach atá ag an bhfoireann.
Íomhá dhearfach positive image
" Íomhá dhearfach den Ghaeilge a bheith cruthaithe sna meáin chumarsáide i gCiarraí.
taithí dhearfach positive experience
" Ba spreagadh an-mhór dom an taithí dhearfach sin agus ag deireadh na seachtaine bhí fonn orm leanúint ar aghaidh ag athfhoghlaim na teanga.
léirmheasanna an-dearfacha very positive reviews
" Bhí réamhléiriú den dráma seo, a ndéantar an t-ábharachas agus an chumhacht dhaonlathach a cheistiú ann, sa Theatre Space @ Henry Place cheana féin agus fuair sé léirmheasanna an-dearfacha.
an-dearfach very positive
" Ag an bhomaite seo, tá cuma an-dearfach ar chúrsaí, ainneoin na ról-imeartha atá ag dul ar aghaidh.
an-dearfach very positive
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
Ionchur dearfach positive input
" Ionchur dearfach ar ghnaithí an bhoird agus fear nach bhfuil aon eagla air roimh na meáin chumarsaide.
tuairim dhearfach positive opinion
" Má tá tuairim dhearfach agam i leith rud éigin, scríobhfaidh mé sin.
go dearfach constructively
" Cáineadh dearfach ======= Cé go ndeir Hussey gur chruthaigh sé an suíomh an chéad lá riamh le deis a thabhairt dó féin na múinteoirí is mó a thaitin leis a mholadh (agus theastaigh uaidh é seo a dhéanamh gan a ainm a lua mar gur mheas sé go bhféachfaí air mar “*suck-up*” mura ndéanfadh sé amhlaidh), bhí sé ag iarraidh chomh maith an deis a chur ar fáil do scoláirí “múinteoirí a cháineadh go dearfach gan baol a bheith ann go mbainfí díoltas amach orthu agus grádanna á mbronnadh”.
ar shlí an-dearfach in a very positive way
" ” Is duine é Seán Ó Tiarnaigh a bhfuil a chion féin déanta aige don Ghaeilge sna Stáit Aontaithe agus atá tar éis dul i bhfeidhm ar go leor daoine ar shlí an-dearfach, mar mhúinteoir agus mar dhuine.
dearfach positive
" Bhí seisean dearfach faoin phlean agus gheall sé dúinn go mbeadh airgead le fáil ón rialtas.
toradh dearfach positive result
" ” Dúshlán iomlán nua a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga, an ganntann aistritheoirí agus daoine oilte le Gaeilge, go háirithe agus toradh dearfach bainte amach ag an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip.
dearfach positive
" Rud amháin don Aire is ea fadhb a aithint ach ceist eile is cosúil beart dearfach éigin a dhéanamh ina leith.
dearfacha positive
" Ar ndóigh, nuair a smaoiníonn daoine ar an teileachomaitéireacht, tá an claonadh acu díriú ar na rudaí dearfacha ar fad.
dhearfach positive
" Fiú má bhíonn cuma dhearfach ar an moladh, is damáiste ar deireadh atá i ndán don teanga.
dearfach affirmative
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
dhearfach positive
" Fiú má bhíonn cuma dhearfach ar an moladh, is damáiste ar deireadh atá i ndán don teanga.
an-dearfach very positive
" ” Tuigeann sí go mbíonn daoine ag caitheamh anuas ar Aos Dána go minic, ag cur i leith gur *elite *atá i gceist, ach tá Éilís an-dearfach faoi.
dhearfach positive
" Tá duaiseanna aitheanta náisiúnta bainte ag Glór Bhréifne mar aitheantas don obair dhearfach agus phraiticiúil ata déanta acu i bhforbairt na Gaeilge – ina measc, duaiseanna ó Ghlór na nGael dhá bhliain i ndiaidh a chéile.
ag tuar rudaí dearfacha predicting positive things
" Ach in ainneoin go bhfuiltear ag tuar rudaí dearfacha don aerlasta, beidh deacrachtaí áirithe ann sna blianta atá romhainn.
dearcadh dearfach positive outlook
" Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir.
an-dearfach very positive
" Is beag criticeoir teilifíse nár cháin an tsraith go géar, fiú an té a scríobh colún teilifíse an nuachtáin *Foinse,* ach bhí go leor acu an-dearfach mar gheall ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisg.
dearfach positive
" Ba mhaith liom bheith dearfach ina thaobh agus gan a bheith diúltach ach tá fhios ag an saol mór go mbeidh jab aige dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt na hiomána.
dearcadh dearfach positive outlook
" Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir.
dearcadh dearfach positive outlook
" Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir.
polasaí dearfach cinnte a positive and definite policy
" Tá gá le polasaí dearfach cinnte i leith na hiomána agus na peile araon.
meon dearfach positive mentality
" Mí-ádh ar Phort Láirge arís? An dtarlóidh sé sin i mbliana? B’fhéidir é, ach tá foireann na nDéise ag léiriú den chéad uair, i gcás na foirne áirithe seo, go mb’fhéidir go bhfuil gnéithe den iomáint sciliúil, cur chuige láidir agus meon dearfach acu sa deireadh atá ag teastáil chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa chomórtas craoibhe.
casadh dearfach positive spin
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
tionchar an-dearfach a very positive influence
" Tá sé le feiscint go soiléir go bhfuil tionchar an-dearfach ag Malealea Lodge ar an bpobal áitiúil, go háirithe ó thaobh fostaíochta de.
cinnte dearfach de totally certain
" Tá sí cinnte dearfach de go mbeidh sé ina Thaoiseach amach anseo.
idirdhealú dearfach positive discrimination
" Ach conas is féidir dul i ngleic leis an *brain drain* seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga? B’fhéidir go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí teangabhunaithe córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm.
meon dearfach positive mentality
" Nuair a fheictear an meon dearfach i leith na teanga atá ag na daoine óga atá ag plé le Cumann na bhFiann, tá sé soiléir go bhfuil an aidhm seo bainte amach.
ag forbairt íomhá dhearfach na teanga devoloping the positive image of the language
" Caithfidh muid leanúint orainn ag forbairt íomhá dhearfach na teanga chun a chinntiú go mbeidh sí níos láidre sa todhchaí.
ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha overflowing with positive and negative adverts
" Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile.
cinnte dearfach positive
" “Ní hea, ní hea,” arsa sinne leis, ach bhí sé cinnte dearfach go raibh an ceart aige.
ana-dhearfach very positive
" “Thaitin sé go mór liom mar dhuine – duine ana-dhearfach agus oscailte is ea é.
athruithe dearfacha positive changes
" Ní gá gur athruithe dearfacha atá iontu uilig, ach a mhalairt.
an-dearfach den chuid is mó very positive for the most part
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
rannpháirtíocht dhearfach positive participation
" “Caithfidh Tionól nó Údarás Thuaisceart Éireann bheith in ann rannpháirtíocht dhearfach a chuid ball uilig a spreagadh, le hiad a shásamh go bhfuil ról le himirt acu féin agus ag na daoine a thugann tacaíocht dóibh i rialtas an Chúige *(sic)*,” a dúradh ann.
thar a bheith dearfach extremely positive
" Fuaireamar aiseolas ó na páistí i leith na scéime agus bhí siad thar a bheith dearfach fúithi.
na rudaí dearfacha agus diúltacha the postive and negative things
" Feicim na rudaí dearfacha agus diúltacha ar bhealach úr soiléir.
tionchar dearfach positive influence
" Ach is féidir leis an angar tionchar dearfach a imirt ort go fadtéarmach fosta.
dearfach positive
" Ach, ag an am chéanna, is rud dearfach é a bheith roghnaithe mar sin agus a bheith ag traenáil le traenálaí gairmiúil.
dearfach positive
" Is gá bheith criticiúil faoi do chuid oibre, ach bheith dearfach fúithi freisin.
níos dearfaí more positive
" Ar eagla go gceapann aon duine go bhfuil mé ró-dhiúltach mar dhuine, bheartaigh mé go mbeinn níos dearfaí an mhí seo.
dearfach, positive,
" Baineann na híomhánna seo le rudaí atá dearfach, a spreagann fonn i ndaoine miongháire a dhéanamh.
aitheantas dearfach positive recognition
" Saothar, go díreach, a thabharfadh aitheantas dearfach do Learpholl mar ardchathair chultúrtha na hEorpa agus spreagadh agus ardú meanman dá mhuintir.
freagra dearfach positive answer
" “B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’” De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó.
léirmheasanna an-dearfacha very positive reviews
" Foilsíodh anuraidh é agus scríobh léirmheastóirí, cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, léirmheasanna an-dearfacha mar gheall air.
dearfach positive
" Ach an mar sin atá sé? An cheart dúinne mar lucht éisteachta a bheith ag ceiliúradh freisin? Dá luafá an ráiteas thuas le Colm Ó Snodaigh le disciplín eile ealaíne – an litríocht – ní bheadh an scéal chomh dearfach céanna.
chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain. so that they can initiate positive activities
" Tá ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
ceannasaíocht dhearfach positive leadership
" Tá sé tábhachtach go dtuigfidh baill an bhoird seo go mbeidh ceannasaíocht dhearfach de dhíth i gcónaí agus daoine i mbun athshealbhú na Gaeilge.
an-dearfach very positive
" ’” Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar “Work Experience” an-dearfach agus mheall sé lucht féachana an-ard.
an-chuid gnéithe dearfacha an awful lof of positive aspects
" Cé go bhfuil cuma ghéar ar an méid a dúirt sé thuas faoin drochbhail a thug RTÉ air le linn “Don’t feed the Gondolas”, deir sé fosta go bhfuil an-chuid gnéithe dearfacha ag baint leis an institiúid.
dearfach positive
" Bhí sí gealgháireach agus dearfach sa seomra ranga agus breá sásta amhráin a chanadh san oíche sa teach tábhairne.
ag dúil le torthaí dearfacha expecting positive results
" Mianta agus riachtanaisAr an drochuair do Shinn Féin, tá an pobal náisiúnach ag dúil le torthaí dearfacha uathu.
rud dearfach a positive thing
" Thug Iti óráid ag *marae *Te Tii, ag cur in iúl don phobal gur rud dearfach é *mana motuhake*.
dearcadh dearfach positive attitude
" Ní chóir do na bochtáin a bheith ag gearán faoina bhfuil i ndán dóibh, dar leis – “is fearr dearcadh dearfach a chothú”, mar a dúirt sé uair amháin.
smaointe dearfacha positive thoughts
" Tá tábhacht ag baint le hinchinn na n-imreoirí a bheith lán smaointe dearfacha sa chaoi is go ndéanfaidh siad an rogha cheart oiread agus is féidir agus cluiche ar siúl.
dearcadh dearfach positive attitute
" , an comhlacht a cuireadh ar bun sa bhliain 2006 leis an bhféile a reáchtáil ar bhonn níos foirmiúla, aitheantas don dearcadh dearfach atá i gceist i measc na nÉireannach i leith an phobail aeraigh: “*(this festival will mark) the important changes which have taken place in gay life over the past 25 years and the positive attitudes of Ireland and Dublin toward the gay community*.
chinn siad ar rud éigin an-dearfach a dhéanamh they decided to do something very positive
" Ghoill bás a mhic go mór ar Sheán, ar a bhean chéile Helen agus ar an teaghlach ach chinn siad ar rud éigin an-dearfach a dhéanamh i gcuimhne ar John Patrick: scoláireacht a bhunú chun cur ar chumas múinteora de chuid Daltaí na Gaeilge dul go hÉirinn gach bliain chun oiliúint bhreise a fháil.