Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní dhearna Cian ach moladh leis Cian agreed with him (to keep the peace)
" " Ní dhearna Cian ach moladh leis.
mar nach ndearna siad a gcion féin because they didn't do their own share of work
" "Tá an mheánaicme aontachtach, thar dhream ar bith eile, freagrach as ar thit amach le 30/40 bliain anuas mar nach ndearna siad a gcion féin don pholaitíocht," ar sé liom.
duine ag eachtraí ar a ndearna siad relating all that they did
" Bhí achan duine ag eachtraí ar a ndearna siad ar an lá speisialta sin, Lá na Máithreacha.
go ndearna an freastalaí grá Dé air until the waiter took pity on him
" Shuigh sé siar bomaite ag stánadh ar an rud go dtí go ndearna an freastalaí grá Dé air; tháinig seisean anall agus thug sé buille láidir don chaora idir an dá chluas agus scoilt an blaosc.
Ní dhearna siad faic na ngrást they did absolutely nothing
" Ní dhearna siad faic na ngrást, áfach.
ní dhearna siad dadaí they did nothing
" " Nuair a d'iarr Jamal ar na póilíní cuidiú a thabhairt dóibh, ní dhearna siad dadaí.
ní dhearna siad beart de réir a bhriathair they didn't act as he told them to
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
go ndearna Balor a chuid géag uachtaracha a leathadh that Balor stretched his top limbs
" Agus tharla insan áit sin go ndearna Balor a chuid géag uachtaracha a leathadh agus a chuid géag íochtaracha a leathadh agus dhírigh aire na beirte ar leithead a leata.
nach ndearna na Gardaí an cás a fhiosrú mar ba chóir that the Gardaí didn't investigate the case properly
" Ní hamháin sin ach bhí tuairim fhorleathan ann ag an am nach ndearna na Gardaí an cás a fhiosrú mar ba chóir.
go ndearna mé aon cheo that I did anything
" “Nuair a bhreathnaím siar, leis an fhírinne a rá leat, ar an méid a rinne mé ó thaobh na hiriseoireachta de, ní dóigh liom go ndearna mé aon cheo nach bhféadfadh duine ar bith a dhéanamh.
nach ndearna a dhath as bealach who did nothing wrong
" Ba shuarach an mhaise é aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann.
go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga that Údarás neglected the language
" Agus an t-aistear fada sin déanta aige, d’fhiafraigh mé de an gceapann sé, ag breathnú siar, go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga, go bhfuil an iomarca béime ar chruthú postanna le blianta fada.
dhearna na póilíní faic faoi the police did nothing about it
" Thug mé a lán eolais faoin Derry Club don léiritheoir teilifíse Lynn Keane nuair a bhí sí ag déanamh clár faisnéise do Channel 4 i 1995 agus cé go ndearna siad *exposé* faoin áit agus an ceangal a bhí ann leis an UVF, arís ní dhearna na póilíní faic faoi.
An ndearna sibh an cheolchoirm a thaifeadadh? Did you record the concert?
" Agus seinneadh! *AÓF: An ndearna sibh an cheolchoirm a thaifeadadh? An bhfuil sé i gceist agaibh sin a eisiúint ar dlúthdhiosca amach anseo?*TÓU: Rinneamar taifeadadh ceart go leor ach níl aon chinneadh déanta faoi é a eisiúint go poiblí.
cén fáth a ndearna sí athmhachnamh why she changed her mind
" Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.
go ndearna siad dearmad that they forgot
" “Mothaíonn na daoine atá i Sasana ciontach mar gur fhág siad a dteaghlach anseo in Éirinn agus mothaíonn siad ciontach go ndearna siad dearmad ar na gaolta abhus.
a ndearna mé cur síos orthu which I described
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú who I reported on their murder
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
ina ndearna sé cur síos an-chliste in which he made a very clever description
" ” Is cuimhin liom, le linn dom a bheith ar an ollscoil, go bhfaca mé seó de chuid Des ina ndearna sé cur síos an-chliste ar na difríochtaí idir Nua-Eabhrac agus Éire.
ní dhearna sé dochar ar bith it didn't do it any damage
" Dar ndóigh, ní dhearna sé dochar ar bith dó gur thug leithéidí Steven Spielberg agus Bob Dylan ardmholadh dó.
a ndearna sé teagmháil leo. who he made contact with
" Agus nuair a tháinig sé ar ais chun an dara halbam a thaifeadadh, bhí mise ar dhuine de na chéad daoine a ndearna sé teagmháil leo.
dearna Mhuire, lady's mantle
" Is iad na cineálacha plandaí a bhfuil na hiarrachtaí seo dírithe orthu ná dearna Mhuire, crobh dearg, gliográn, bainne bó bleachtáin agus seamair dhearg.
sula ndearna siad ionradh before they invaded
" Fuair baill an RPF a gcuid traenála in Uganda, ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh.
Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, Drew is accused of setting up a false Bebo account,
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
go ndearna sé cibirbhulaíocht é féin that he committed cyber-bullying himself
" (Paragraf 8) I measc na dtorthaí eile a foilsíodh sa staidéar, fuarthas amach gur admhaigh buachaill amháin as gach ochtar go raibh sé thíos le cibirbhulaíocht le míonna beaga roimhe sin agus gur admhaigh duine amháin as gach aon dalta dhéag go ndearna sé cibirbhulaíocht é féin ar dhalta éigin eile le déanaí.
fear a ndearna sé cur síos air mar a man he described as
" D'inis an tOllamh Ó Siadhail dúinn tuige ar scríobh sé an leabhar seo faoi Bhéaslaí – fear a ndearna sé cur síos air mar "*Irish Catholic and Scouse*”.
ndearna tagairt made reference to
" Nuair a chuir Kimmage ceist ar Armstrong ag preasócáid i gCalifornia, d’ionsaigh Armstrong é as ucht píosa a bhí scríofa ag Kimmage sa *Sunday Times* ina ndearna tagairt sé d’Armstrong mar ‘*cancer of the sport’*.
ndearna sé cac he made shit
" In ainneoin na mbotún ar fad atá déanta aige; i ndiaidh go ndearna sé cac de gach buntáiste polaitiúil a bronnadh air le blianta beaga anuas, is cosúla ná a mhalairt go mbeidh sé ina chéad Taoiseach eile.
go ndearna sé éigniú that he raped
" Anuas ar an méid sin, tá líomhaintí tromchúiseacha curtha ina leith, le beirt bhan ag maíomh go ndearna sé éigniú orthu le linn dó fanacht sa tSualainn, cé go bhfuil sé ráite ag a lucht tacaíochta nach bhfuil iontu ach cleasa gránna chun go sciobfaí uaidh a dhea-ainm agus a chlú.
áit a ndearna sé staidéar where he studied
" Chláraigh sé ar chúrsa HND i ndearadh múrmhaisithe ag *Chelsea School of Art*, áit a ndearna sé staidéar 1984-86 agus áit ar léigh sé *The Ragged Trousered Philanthropists*.
ní dhearna sé he didn’t do
" Agus ar ndóigh, ní dhearna sé sin.
Ní dhearna muidne we didn't do
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
Sula ndearna sé a aitheasc deireanach before giving his last speech
" Sula ndearna sé a aitheasc deireanach i dTeach Laighean ar an 25ú Eanáir 2011, chonaic Michael D Páirtí an Lucht Oibre ag dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.
ndearna sé sciob sceab ar he snapped up
" , cleasaí a ghlac aitheantais dhifriúla chuige féin agus é ag taisteal na spéartha? Bhí an fear óg sin chomh maith mar aisteoir go ndearna sé sciob sceab ar na milliúin dollair agus é fós ina dhéagóir.
nach dhearna mé agallamh poist riamh that I never did an interview
" **SÓC: An raibh tú i bhfad ag teagasc sna scoileanna beaga sular dúnadh iad?** MMGE: Is aisteach an rud é, nach dhearna mé agallamh poist riamh i mo shaol.
Ní dhearna mé a dhath eile I did nothing else
" (gáire) Ní dhearna mé a dhath eile ar feadh deich mbliana eile an t-am sin.
ndearna sé tagairt do he made mention of
" Mhic Róibín cúpla nath a scríobh cara léi, an tAthair Enda MacDonagh, ina ndearna sé tagairt do *"the frequently frozen character of group hurt, resentment, rejection and guilt"* agus *"the icebreaking that could initiate forgiveness and reconciliation.
ndearna an sioc slad ar an mbarr frost killed of their crop(s)
" Chuir tuilleadh agus 300 feirimeoir lámh ina mbás féin san Ind ag tús na bliana seo toisc go ndearna an sioc slad ar an mbarr.
Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist I only did basic level Irish in the Leaving
" Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist! Ní dhearna mé ach leibhéal C sa Ghearmáinis.
ndearna siad dul chun cinn suntasach they made remarkable progress
" Beidh siadsan in ann a rá leo féin áfach go ndearna siad dul chun cinn suntasach in 2012 agus go bhfuil údar misnigh agus dóchais acu don chéad bhliain eile.
ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire despite all my peering at the horizon
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis who didn’t ‘go on about’ how he was treated
" Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo.
ní dhearna siad a dhath they didn’t do a thing
" Bhí póilíní ann ach ní dhearna siad a dhath.
Is é an dóigh go ndearna sí staidéar she went about studying
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread it didn’t help the team either
" Ghortaigh sé sin Ó Drisceoil déarfainn agus ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread dar liom, cé nach gceapfá sin i ndiaidh an bhua i gcoinne na Breataine Bige.
ndearna sí beart de réir briathair she did as she promised
" au) ba ríléir go ndearna sí beart de réir briathair agus go mbainfí leas iomlán as cruthaíocht na cathrach sa bhliain chomórtha.
ndearna mé an cinneadh ceart I made the right decision
" Ag breathnú siar, tá mé cinnte go ndearna mé an cinneadh ceart, mar tá sé le feiceáil ó thaobh rialtais anois go raibh an ceart a’m sa gcinneadh a thóg mé.
ndearna sé an gníomh he did the action
" Shéan an t-imreoir go ndearna sé an gníomh a cuireadh ina choinne agus d’iarr sé achomharc.
a ndearna mé dearmad orthu which I’d forgotten
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
cionn is go ndearna siad because they had
" Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mBealtaine na bliana 2001 gur sháraigh an Tuirc an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine cionn is go ndearna siad leithcheal ar chearta oideachais phobalteanga ins an chuid sin den Chipir atá faoi sheilbh na Tuirce.
as a ndearna mé roinnt bheag airgid from which I made a little bit of loot
" Geall a Chur go Cliste ========= Bhí straitéis nua geallchuir á féachaint agam ar na cluichí sacair i mbliana, as a ndearna mé roinnt bheag airgid.
Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile neither forgot the other
" Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile áfach agus choinnigh Luigi grianghraf Mokryna i gcónaí chomh maith le ribí gruaige dá cuid.
aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar any proof that the police played foul
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
nach ndearna siad áibhéil ar bith they didn’t exaggerate at all
" Gaelachas an Eorpachais, nó Is Forleitheadach Galar na Gaeilge ======================== Bhí Balor ag éisteacht le bean as an Isiltír a bhí ag caitheamh siar piontaí Heineken agus ag moladh mhuintir na hÉireann go hard na spéire: “Bhí cairde de mo chuid ón bhaile anseo anuraidh,” a dúirt sí, “agus tuigim anois nach ndearna siad áibhéil ar bith agus iad ag caint faoin tír seo: an aimsir álainn, na piontaí den scoth, ceol nach bhfaighfeá a leithéid i dtír ar bith eile, agus Gaeilge bhinn bhlasta thart orainn an t-am ar fad.
Ní dhearna sí ach a ceann a chromadh she just bowed her head
" Ní dhearna sí ach a ceann a chromadh mar chomhartha buíochais leis an lucht féachana sular treoraíodh amach as an bpictiúrlann í chun na ngluaisteán le fuinneoga dorchaithe a bhí ag feitheamh léi is lena comhthionól den mheitheal aisteoirí a bhí in éineacht léi.
nach ndearna tada ach olc which did nothing but annoy
" Chun bille sláinte Obama a stopadh, chaith sé 23 uair an chloig ag caint gan stad sa Seanad, rud nach ndearna tada ach olc a chur ar an teach go léir.
nach ndearna éagóir riamh who never committed a crime
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
ndearna sí tagairt don bhealach ina gcaitear léi she mentioned how she's treated
" Is cuimhin liom agallamh cúpla bliain ó shin leis an láithreoir cáiliúil teilifíse, Bláthnaid Ní Chofaigh, ina ndearna sí tagairt don bhealach ina gcaitear léi de bharr na teanga, “Bíonn sé ciníoch scaití.
nach ndearna sé dochar ar bith it didn’t do any harm
" Is cinnte nach ndearna sé dochar ar bith.
tír nach ndearna tada a country which had done nothing
" **SMM: Cén fáth is mó a bhfuil tú in aghaidh na cogaíochta?** NFarrell: Shíl muid sa bhliain 2001 go raibh sé uafásach, nó *obscene*, go ngairmfí cogadh in aghaidh tír nach ndearna tada.
ndearna an béal druidte the silent mouth did
" Ní mó ná sásta atá Balor ó fáisceadh gobadán i mbéal roinnt bheag de na sagairt, an dream sagart a thuig go ndearna an béal druidte dochar mór do na daoine cheana agus labhair siad amach.