Pota Focal Intergaelic
debit | deft | dent | det | beat
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fiacha debts
" Mar gheall air seo fágadh na hiascairí le fiacha móra.
i bhfiacha in debt
" Deir Stephen Rowan, stiúrthóir an Rutland Centre, a chabhraíonn le handúiligh, go bhfuil cur amach aige le deireanas ar dhaoine óga a bhí €40,000 i bhfiacha de bharr cócaoin.
fiacha a ghlanadh clearing debts
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
fiacha móra big debts
" Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?! A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh … Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
nochtadh a fhiacha the revealing of its debts
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
fiacha debts
" Chinn an club ar athrú go cumann lánaimseartha go luath tar éis dóibh na fadbhanna ollmhóra a bhí acu lena gcuid fiacha a réiteach.
fiacha debts
" Más fíor na tuairiscí, bhí sé ag iarraidh airgead a shaothrú le fiacha a bhí ar a dheartháir a ghlanadh.
báite i bhfiacha heavily in debt
" Is é fírinne an scéil ná go bhfuil muid báite i bhfiacha.
go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht that we are letting our debts get out of control
" Ach tá fianaise ann go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht.
fiacha troma heavy debts
" Anuas air sin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag lorg cabhrach ón tSeirbhís um Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe (MABS), foras stáit a bunaíodh i 1992 le teacht i gcomhar ar dhaoine a bhfuil fiacha troma orthu.
i bhfiacha in debt
" Tar éis seacht mbliana bhí an t-airgead sin uilig caite agus bhí an coláiste i bhfiacha.
leis na fiacha a fhiosrú to investigate the debts
" Ba léir dúinn gur chaimiléir é an Stiúrthóir Airgeadais, Richard Griffiths, agus nuair a tháinig Vantagepoint Consultancy isteach sa choláiste in 2003 leis na fiacha a fhiosrú, thug muid comhad fianaise dóibh.
i bhfiacha in debt
" B’fhéidir gur cuma leis an lucht eagraithe (agus leis an lucht leanta freisin, b’fhéidir) ach tá a lán de na clubanna i bhfiacha agus i dtrioblóid dá réir.
i bhfiacha in debt
" Cé go raibh an Bhreatain go mór i bhfiacha ag na Stáit Aontaithe ag an am sin (ón dara Cogadh Domhanda), dhiúltaigh Wilson Arm na Breataine a sheoladh chuig Vítneam agus ní raibh sé ag sodar i ndiaidh LBJ an dóigh a raibh Blair ag sodar i ndiaidh George W.
báite i bhfiacha. drowning in debt
" Mar shampla, tá muintir na tíre báite i bhfiacha.
ag dul níos doimhne i bhfiacha going deeper into debt
" Le deich mbliana anuas tá daoine ag dul níos doimhne i bhfiacha agus is é sin an laige is mó atá i ngeilleagar na tíre seo.
fiacha móra ar in serious debt
"fiacha móra ar dhaoine agus bhí siad ag caitheamh níos mó airgead ná mar ba chóir dóibh.
fiach poiblí public debt
" ” Ina alt “The Great Depression of the 21st Century,” taispeánann Chossudovsky gurb iad, fiach poiblí gan srian agus lárúchán gan fasach na cumhachta bainc, an toradh a bheidh ar phlean Paulson.
fiacha ollmhóra massive debts
" Ar ndóigh, deir na criticí nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas lena leithéid a dhéanamh agus nach dtiocfaidh as seo ach fiacha ollmhóra a mhairfidh ar feadh na scórtha bliain.
i bhfiacha in debt
" Tá siad báite i bhfiacha agus chuaigh siad thar fóir nuair a bhí an borradh eacnamaíochta i mbarr a réime.
bhfiach debts
" Tá géarghá acu siúd a bhfuil buairt na hiomarcaíochta agus na bhfiach mór ag goilleadh orthu le tuiscint agus le deimhniú ón chuid eile againn.
báite i bhfiacha up to its neck in debt
" Agus faoi cheann bliana eile, deireadh 2009, bhí na céadta míle díomhaoin, bhí an tír báite i bhfiacha, agus bhí cuma na n-ochtóidí tagtha ar chúrsaí airgeadais.
i bhfiacha in debt
" Tá roinnt mhaith díobh i bhfiacha is bíonn orthu na fiacha a íoc trí obair mar lucht saothair faoi bhanna, in ainneoin gur cleachtas é seo a cuireadh ar neamhní i 1976.
fiacha debts
"fiacha ollmhóra – príobháideach agus poiblí – ag brú go trom ar an Bhreatain agus tuigtear anois go mbeidh ar an rialtas nua Coimeádach-Liobrálach ciorraithe géara a ghearradh ar an tír.
dochair of debt
" Fágadh faoi lucht na sainte dhá chineál banc agus dhá chineál dochair agus sochair a mheascadh ina chéile.
dochar na mbanc the bank debt(s)
fiacha ollmhóra massive debts
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
ní fiacha poiblí not public debt(s)
" Fiacha príobháideacha is ea iad agus ní fiacha poiblí.
báite i bhfiacha awash in debt
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
i bhfiacha in debt
" Is é mo chomhairle duit, caith an t-airgead go luath agus ceannaigh talamh, bó/arbhar, ór, carr nó rud ar bith! Cuimhnímis go bhfuil an domhan ar fad i bhfiacha deich n-oiread d'olltáirgeacht an domhain.
fiacha debts
" Anuas air sin, luann David McWilliams cás na nGréagach, a bhfuil brú ag teacht orthu ón Aontas Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta roinnt dá sócmhainní féin a dhíol chun a gcuid fiacha a ghlanadh.
fiacha an stáit state debt
" Níl an t-airgead againn fá choinne beartas mór spreagtha (*stimulus*) cionn is go bhfuil droch-chaoi ar chúrsa fioscacha agus go bhfuil fiacha an stáit ag dul ó smacht.
géarchéim fiachais debt crisis
" Tá na Fíor-Fhionlannaigh glan i gcoinne an AE agus tá siad ag cur in aghaidh na bpacáistí cúnaimh atá á gcur ar fáil ag an AE do na tíortha a bhfuil géarchéim fiachais ar siúl iontu – Éire ina measc.
na fiacha s'acu their debts
" Má d'aistrigh an rialtas agus lucht rachmais na fiacha s'acu chuig na daoine ba bhoichte i Meiriceá, bhí sé mar a gcéanna sa Bhreatain.
ina ciseach le fiacha in a mess from debts
" Tuigimid uilig go bhfuil an tír ina ciseach le fiacha ach ní mór cuimhneamh ar thábhacht na hóige agus a mbaineann leis an sonas is an dearfacht sa mhéid a tharlóidh amach anseo.
féimheach in debt
" Tugadh an t-ainm sin ar a chur chuige de bharr gur tógadh formhór na dteifeach go dtí dhá oileán san Aigéan Ciúin, Nárú, atá ina thír neamhspleách, ach atá féimheach, agus Manus ar chósta Nua-Ghuine Phapua.
d’ualach na bhfiach the debt load
" Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sé dúshlán cheannairí an Aontais Eorpaigh agus shealbhóirí na mbannaí, agus d’éirigh leis aon ochtú cuid d’aon faoin gcéad a bhaint d’ualach na bhfiach atá ar mhuintir bhocht chráite na tíre seo.
fiacha a íoc pay (their) debts
" Ar bhealach tá sé fíorshimplí: níl sé ar chumas na Gréige a cuid fiacha a íoc.
teorann fiachais debt ceiling, limit
" Thug an ghéarchéim faoin teorann fiachais le fios gur ar éigin atá rialtas na Stát Aontaithe ag feidhmiú mar rialtas.
fiacha debts
" Is mór an méid airgid é sin ar na saolta deireanacha seo agus ba shoiniciúil an chéad réiteach a mhol an Teachta Ó Cuív, ’sé sin go nglanfadh an Stát na fiacha seo mar shocrú aon uaire.
fiacha air in debt
" An té nach bhfuil is nach raibh fiacha air, mo dhála féin, fós féin, baintear tuairim is €200 de gach mí thar mar a bhaintí cúpla bliain ó shin.
fiacha debts
" Le tarrtháil a dhéanamh ar uachaisí fabhtacha airgeadais, tá cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine go nglanfadh an pobal ar fad, ní hamháin an earnáil phoiblí - múinteoirí, altraí, oibrithe eile otharlainne - go nglanfadh siad seo fiacha na mbancanna i gcur chuige atá bunaithe ar gheilleagair neamartach, dar liom.
Maitheamh Fiacha remittal of debts
" Maitheamh Fiacha ========= In Earrach na bliana, 1981, chaill 72 duine a gcuid postanna i monarcha Contek Teo ar an Cheathrú Rua i gConamara.
i bhfiacha into debt
" Anuas ar sin, toghadh Fianna Fáil sa bhliain 1977 agus rinne siad léirscrios ar an gheilleagair – ghearr siad cánacha, mhéadaigh siad caiteachas poiblí go mór, agus chuaigh siad go mór i bhfiacha.
fiachais debt
" Bhí an cóimheas fiachais-OTI ag 150% faoin bhliain 1987.
fiacha troma large debts
" Bhí fiacha troma ar an gcumann agus ceithre bliana ó shin rinneadh uachtarán an chumainn de agus faoina stiúir, d’éirigh leis an gcumann na fiacha a ghlanadh.
na fiacha a ghlanadh cleared the debt
" Bhí fiacha troma ar an gcumann agus ceithre bliana ó shin rinneadh uachtarán an chumainn de agus faoina stiúir, d’éirigh leis an gcumann na fiacha a ghlanadh.
fiacha ina n-iomláine entire debts
" Cuireann na rialacha sin teorann ar mhéid an easnamh cháinaisnéise atá ceadaithe (3% OTI) chomh maith le teorainn ar an mhéid fiacha ina n-iomláine atá ceadaithe ag tír ar leith (60% OTI).
ghéarchéim fiacha debt crisis
" Aithnítear go bhfuil an neamhaird a rinneadh ar rialacha Maastricht ar na cúiseanna atá leis an ghéarchéim fiacha.
gan a bheith i bhfiacha le héinne not to be in debt to anyone
" Bhí an prionsabal céanna ag m’athair, gan a bheith i bhfiacha le héinne.
fiacha debts
" É sin agus rud tábhachtach eile a chuir ar chumas na ndaoine ní ba mhó d’ábhair an tsaoil a cheannach, mar atá, fiacha.
breis fiacha a ghineadh generate more debt
" Tuilleadh Iasachtaí ======= Sa tarna léacht, *“The Darwinian Economy”*, cháin Ferguson saineolaithe Meiriceánacha cosúil le Paul Krugman a deir gur chóir do rialtais ilghnéitheacha an Iarthair breis fiacha a ghineadh ina gcuid géilleagar d’fhonn fostaíocht a chruthú.
trí fhiacha nua a ghineadh by generating new debts
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
fiacha troma á mbagairt ar serious debt threatening
" Bogaimís chun cinn ochtó bliain anois go hÉirinn áit a bhfuil fiacha troma á mbagairt ar bheirt shiúlóirí a ghlac seasamh den chineál céanna.
na fiacha a mhaitheamh d’Éirinn to forgive Ireland’s debt
" Ach caithfidh tusa na fiacha a mhaitheamh d’Éirinn.
fiacha debts
" Tá luach na dtithe tite le 53 faoin chéad agus líon na dtithe a thógtar tite le 60 faoin chéad ó bhí 2006 ann agus tá fiacha €4 billiúin ag iasachtaithe sa tuaisceart ar NAMA.
i bhfiacha leis an Gearmánaigh in debt to the Germans
" Athruithe ar Thír is ar Thalamh ========== Tá pobal na hÉireann i bhfiacha leis an Gearmánaigh ar na billiúin Euro; tá comhlachtaí móra na Gearmáine ag ceannach siopaí Shráid Grafton agus tá na Rúisigh, fiú, ag tosú ár gcuid óstán a cheannach (an t-óstán a raibh Tóstal na Gaeilge 2013 san áireamh).
a bhaineann le fiacha príobháideacha which pertain to private debt
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
i dtaobh an fhiachais náisiúnta in regard to the national debt
" An rud céanna i dtaobh an fhiachais náisiúnta, méid an phacáiste tarrthála, agus céatadán na morgáistí atá i riaráiste.
seanfhiacha a dhíol to pay old debts
" ”* Is féidir macalla Meiriceánach eile a bhrath i bprós Hitchens, guth níos seanda ná é féin a rinne iarracht an bás a úsáid chun seandílseachtaí a áiteamh agus seanfhiacha a dhíol.
fiacha troma serious debts
" Bhí fiacha troma ar an eagraíocht agus na billí úis ag ardú.
fiacha troma heavy debt
" Tá Cinecittà ar cheann de na háiteanna is suntasaí i stair na scannaíochta san Iodáil ach de dheasca easpa airgid agus fiacha troma, tá éiginnteacht ann anois maidir le todchaí an tsuímh stairiúil seo.
atá báite i bhfiacha who are swamped in debt
" Sé bliana ó thit an tóin as an ngeilleagar domhanda, bíonn na gutháin de shíor ag bualadh in oifig bheag i mBaile Blainséir agus fágtar faoi naonúr treoir a thabhairt maidir leis na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá báite i bhfiacha.
lena bhfiacha pearsanta with their personal debts
" Tá 53 oifig ag an tseirbhís ina dtugann comhairleoirí treoir do dhaoine maidir le buiséadú agus conas dul i ngleic lena bhfiacha pearsanta.
idir fhiacha fóntais including utility debts
" Ach nuair a dhéantar cíoradh ar fhiacha pearsanta na gcliant, is minic go n-aimsítear fadhb i bhfad níos casta le hiasachtaí agus fiacha a bhaineann le soláthróirí éagsúla idir fhiacha fóntais, fhiacha ó chártaí creidmheasa, iasachtóirí airgid, fhiacha imeartha agus mhorgáistí.
fhiacha imeartha gambling debts
" Ach nuair a dhéantar cíoradh ar fhiacha pearsanta na gcliant, is minic go n-aimsítear fadhb i bhfad níos casta le hiasachtaí agus fiacha a bhaineann le soláthróirí éagsúla idir fhiacha fóntais, fhiacha ó chártaí creidmheasa, iasachtóirí airgid, fhiacha imeartha agus mhorgáistí.
ghéarchéim na bhfiacha pearsanta the personal debt crises
" Is Tábhachtaí Ceist an Ocrais ná Aon Ní =============== Tugann na staidrimh léiriú níos doimhne ar ghéarchéim na bhfiacha pearsanta agus ar acmhainní an teaghlaigh.
fógraí faoisimh fiachais debt relief notices
" Bhí an tuairim ann go gcuideoidh an córas nua a tugadh isteach faoin Acht um Dócmhainneacht Phearsanta 2012 le teaghlaigh ach ó thaobh na forála is mó a bhíonn SBCA ag plé leis - fógraí faoisimh fiachais a bhaineann le fiacha faoi €20,000 - is beag an líon daoine atá ag dul ar aghaidh faoin gcóras nua chun faoisimh fiachais a bhaint amach.
fiacha troma ar an gcúige heavy burden of debt on the province
" Tá geilleagar Québec ag streacailt léi faoi láthair chomh maith, le fiacha troma ar an gcúige agus dífhostaíocht go forleathan, go háirithe i measc na n-óg.
dul i bhfiacha to go into debt
" Tuigim freisin go mbíonn daoine sásta dul i bhfiacha d’fhonn a bheith i láthair ag comórtas Chorn an Domhain.
a cuid de na fiacha náisiúnta a ghlacadh to accept their share of the national debt
" Níl sé soiléir cén todhchaí a bheadh ag Albain neamhspleách – an mbeadh ar Albain a cuid de na fiacha náisiúnta a ghlacadh, cuirim i gcás? Séanann na daoine gur fiú go mór ola na Mara Thuaidh.