Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meath decline
" Tháinig meath arís ar an teanga le linn na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh, a bhuíochas le dúthracht agus díograis mhúinteoirí na scoileanna agus an dream a roghnaigh an Ghaelainn mar theanga bhaile.
i léig in decline
" Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.
imithe i léig gone into decline
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
i léig into decline
" Cé nár mhair an Dublin Hurling Club ach tamall gearr, d'éirigh leis obair mhór a chur i gcrích a chinntigh nach dtitfeadh an iománaíocht i léig go ceann i bhfad.
meath decline
" Bhain mé an-taitneamh as an tseancháipéis de bhreis agus 1,000 leathanach a léamh agus mionscrúdú a dhéanamh ar na léarscáileanna cuimsitheacha a thaispeáin meath na Gaeilge ón mbliain 1911 go dtí an bhliain 1925 nuair a dhein na Gardaí Síochána áireamh speisialta le comparáid a dhéanamh le daonáireamh na bliana 1911.
ag meath declining
" Thosaigh cumhacht na heaglaise ag meath.
tite i léig gone into decline
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
tite i léig gone into decline
" Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha.
ag dul i léig declining
" '" Goilleann sé uirthi go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht ach ní duine í atá sásta géilleadh don lagmhisneach.
meatha decline, decay
" "Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
ag meath in decline
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Feicim an spéis sa Ghaeilge ag fás sa Ghalltacht agus thar lear, ach san am céanna deirtear go bhfuil fíor-Ghaeilge na nGaeltachtaí ag meath.
imithe i léig gone into decline
" Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís.
meathlú lárchathrach city centre decline
" Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí.
ag dul i léig declining
" Is ag dul i léig leis atá cúrsaí iascaireachta agus tá iasc, ar nós an ghliomaigh, ag éirí ana-ghann.
ag trá receding, declining
" Feicfear go bhfuil an "tuile poblachtánach" ag trá, go dtáinig a lá ach go bhfuil sé thart anois.
meath decline
"meath tagtha ar an líon fostaíochta atá dhá chur ar fáil ar an eastát, áfach, agus bhí leithéidí Insilco Technologies ag scaoileadh le daoine anuraidh.
le dul i ngleic leis an mheath seo to tackle this decline
" Tá géarghá, níos mó ná mar a bhí riamh, le pleananna Gaeltachta agus náisiúnta le dul i ngleic leis an mheath seo, agus le pobail Ghaeilge a dhaingniú sa Ghaeltacht agus i gceantair eile.
meath decline
"meath na Baváirise ag dul ar aghaidh níos tapúla sna cathracha agus sna bailte móra ná faoin tuath - ach tá an Bhaváiris fós le cloisteáil sna cathracha mar sin féin.
meath na nGaeltachtaí the decline of the Gaeltachtaí
" Dá bhrí sin, agus ag machnamh dó ar stair a chlainne féin, tá meath na nGaeltachtaí feicthe cheana aige i gcás trí cheantar acu.
ag dul i léig in decline
" ag dul i léig ======= Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann i 1992, 1993, 2002 agus 2003, agus go rabhadar sa chraobh i 1991, 1998 agus 1999, agus go raibh an bua ag Uíbh Fháilí i 1994 agus 1998, agus ag Loch Garman i 1996, tá an tuairim amuigh go bhfuil an iománaíocht i gCúige Laighean ag dul i léig.
meath a chumais spórtúil the decline in his sporting ability
" Nó b'fhéidir, ar nós cuid mhaith imreoirí agus lúithchleasaithe eile, nach raibh sé in ann déileáil le meath a chumais spórtúil agus dá bhrí sin gur chuir sé an chuid sin dá shaol ar leataobh agus thug a aghaidh ar nithe eile.
ag trá declining
" Ainneoin na bhfadhbanna i ndeisceart Ard Mhacha agus i gcúpla áit eile, diaidh ar ndiaidh tá tionchar Arm na Breataine ag trá sna Sé Chontae.
meath decline
" Tá an meath atá ag tarlú anois sna Gaeltachtaí eile, abair i gConamara nó i nDún na nGall, tá sé stoptha sna háiteanna sin, is dóigh liom.
ag dul i léig declining
" Is mian le Cochrane staidéar a dhéanamh chomh maith ar thoipic an-chonspóideach, is é sin an frith-Mheiriceánachas in Éirinn, go háirithe agus an tacaíocht don "chogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta" ag dul i léig ar an taobh eile den Aigéan Atlantach.
imithe i léig gone into decline
" Is cuid d'oidhreacht an cheantair iad - oidhreacht atá a bheag nó a mhór imithe i léig.
meath decline
" "Sílim go bhfeicfidh muid meath ag teacht ar na comharsanachtaí Éireannacha atá fágtha," a deir Clare Bennet, riarthóir leis an Irish Business Organization of New York, ar tháinig a tuismitheoirí féin go Meiriceá as Maigh Eo.
mheath decline
" Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid ár ndícheall í a chothú, go háirithe i bhfianaise mheath na nGaeltachtaí mar a bhí.
meath decline
" Cuireann sé cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl.
meath decline
" Is dóigh liom go leanfadh meath na sícé agus an fhuinnimh é a chothaíonn gach dá gcuireann "Éire" in iúl di féin agus don domhan - an litríocht, na healaíona, a leagan féin den Bhéarla fiú amháin.
meath decline
" Is dóigh liom go leanfadh meath na sícé agus an fhuinnimh é a chothaíonn gach dá gcuireann "Éire" in iúl di féin agus don domhan - an litríocht, na healaíona, a leagan féin den Bhéarla fiú amháin.
tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid after a long period of decline and lack of money
" Caitear an chuid is mó den airgead poiblí ón mbuiséad iompair ar bhóithre nua agus is amhlaidh atá le tamall fada anuas; b’fhéidir, áfach, go bhfuil lag trá na n-iarnród thart tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid.
imithe i léig gone into decline
" “Braithim go láidir nach fiú a bheith ag cur ama amú ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn in áit a bhfuil sí imithe i léig.
mheath decline
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Tá an oiread sin ráite faoi mheath na Gaeilge sna Gaeltachtaí ach níl mórán tráchta déanta ar dhul chun cinn na teanga san bailte móra.
go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid that a lot of people's interest in the institute will decline
" Is cinnte go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid agus nach mbeidh fonn ar oiread fear dul leis an tsagartóireacht ar fud an domhain.
imithe i léig gone into decline
" ’” Deir daoine uaireanta go bhfuil an misneach caillte ag bunadh Thoraí de bharr go bhfuil an iascaireacht imithe i léig agus an obair gann.
meath decline
" Léiríonn an suirbhé go bhfuil meath tagtha ar chaighdeán na Gaeilge sa 103 bunscoil Ghaeltachta, de cheal acmhainní cuí múinteoireachta, b’fhéidir.
a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga which impact on language decline or language strengthening
" ” An fhaillí is mó a fheiceann sé ná nach raibh aon phleanáil teanga ar siúl, nach raibh aon phlean comhtháite le tabhairt faoin speictream iomlán de rudaí a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga.
tar éis mheath na tionsclaíochta after the decline of industrialism
" Bhí an dearcadh seo faoi scáth thimpeallacht ailtireachta Mhanchain, cathair a bhí fós in ísle brí tar éis mheath na tionsclaíochta.
chun dul i ngleic le meath chultúr na léitheoireachta. to tackle the decline of the reading culture.
" Ba mhaith le hIMRAM teacht ar sheifteanna chun dul i ngleic le meath chultúr na léitheoireachta.
bhí lag trá ann there was a decline
" Idir an dá chogadh, bhí lag trá ann ó thaobh fostaíochta de agus bhí cuid mhór bochtanais sa chathair.
ag meath. declining.
meath na gcomórtas cúige the decline of the provincial competitions
" Ach thosaigh meath na gcomórtas cúige ó thaobh thacaíocht an phobail de le bunú Telefís Éireann i 1961.
agus atá ligthe i léig ar fad. and that has been let into total decline.
" Corn an Oireachtais Ós ag scríobh dom faoi chomórtas an Bhóthair Iarainn, níor mhiste comórtas eile a lua, comórtas a mhealladh sluaite móra tráth, agus atá ligthe i léig ar fad.
meath beag a small decline
" Tá ré mhór na cispheile thart le tamall anois, tar éis gur bhris na Chicago Bulls na curiarrachtaí go léir sna nóchaidí, agus ó shin i leith tá meath beag tagtha ar an spórt sin.
meath decline
" Tháinig meath ar Chumann Carad na Gaeilge sa 20ú haois go dtí nach raibh ach an bhuneagraíocht ann fós i Nua-Eabhrac.
meath na dteangacha. the decline of the languages.
" ” Deir sé go magúil go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís dá mba rud é gur chuir na Sasanaigh Éirinn ar fad faoi chois!Cuirim ceist ar Krauss cúpla uair le linn an agallaimh cad é is féidir linn a dhéanamh leis an taoide a chasadh agus stop a chur le meath na dteangacha.
D'fhéadfá amharc ar mheath na Gaeilge you could look at the decline of Irish in the Sperrins
" D'fhéadfá amharc ar mheath na Gaeilge ar na Spéiríní agus scéal a himeachta a shonrú i mórán mioncheantar Gaeltachta i nDún na nGall san am i láthair.
meath leanúnach continuous decline
"meath leanúnach tagtha ar fhigiúirí díolacháin na nuachtán ar fud na cruinne le scór bliain anuas, mar shampla.
meath an teaghlaigh. the decline of the family.
" Ba mhinic a cuireadh i leith an bhosca sa chúinne san am a chuaigh thart gurb é ba chúis le meath an teaghlaigh.
nach dtiocfaidh a thuilleadh meatha uirthi. that it doesn't go into further decline
" Tá an Ghaeltacht faoi bhrú, gan amhras, agus tuigeann muid go bhfuil gá le gníomh lena chinntiú nach dtiocfaidh a thuilleadh meatha uirthi.
Tá meath tagtha ar a cuid imeartha her playing has declined
" ***Míbhuntáistí:* **Tá meath tagtha ar a cuid imeartha ar an mallaibh.
ag meath go tubaisteach declining disastrously
" Thosaigh an Mhanainnis ag meath go tubaisteach sa naoú haois déag, go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta.
tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú. there is every chance that they could intensify its decline
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
meath. decline
" Más rud é go bhfuil pobal Mheiriceá ag éirí níos uirbí, agus más ag claonadh leis na Daonlathaigh atá pobail na mbailte agus na gcathracha, níl i ndán don Pháirtí Poblachtánach ach meath.
ar meathlú in decline
" Tá geilleagar na hÉireann ar meathlú le tamall anuas.
an meathlú the decline
" Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an meathlú eacnamaíochta gur theip orainn an múnla ceart a chur ar an chóras rialúcháin airgeadais sa tír seo.
meathlú decline
" 6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
mheathlaithe decline
" Agus níl dabht ar bith ach go bhfuil tú féin agus muintir do reachtais thall ag baint an chogaidh in éadan an mheathlaithe seo.
meathlú geilleagair economic decline
" Tá sé ráite ag an CAI gurb é seo an meathlú geilleagair is measa a tharla ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i leith.
mheath shuntasach substantial decline
" Céard atá taobh thiar den mheath shuntasach seo? Trí rud.
Meathlú geilleagrach economic decline
" Meathlú geilleagrach? Cén Meathlú geilleagrach? Easnamh de chaoga billiún Euro? Cén caoga billiún Euro? Baileoidh mo chairde sna léinte glasa síntiúis agus ranníocaíochtaí ó lucht an rachmais fud fad na tíre.
meath decline
"meath mór tagtha ar mo chuid Gaeilge, áfach, agus ní fhéadfainn a mhaíomh gur cainteoir maith mé a thuilleadh.
lagtrá decline
" Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
mheath decline
" B’ainnis an tír í Éire san am, agus anuas ar mheath na muintire ar fad, tharla meath sciobtha na Gaeilge ar fud na tíre mar theanga pobail.
laghdú decline
" Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.
meath decline
" An Teip Is léir anois nár éirigh linn deireadh a chur le meath na Gaeltachta.
mheathlú decline
" Ar an drochuair, tá na laethanta sin imithe uainn, a bhuíochas sin don mheathlú geilleagair.
Mheath decline
"Mheath an Phríobháideachais Tharraing *YouTube* solas ar ceisteanna i leith príobháideachais freisin mar, cosúil le teicneolaíocht uile Greasán 2.
ag meath in decline
" I gcomórtas leis na tíortha eile, tá na tíortha saibhre ag meath, faoi mar a tharla d’impireacht na Breataine i ndiaidh an dara cogadh domhanda.
ísliú ollmhór massive decline
" Fritheadh gur tháinig ísliú ollmhór ar chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile ón uair a deineadh an mórthaighde den chineál chéanna ionann is scór bliain roimhe sin.
meath decline
"meath mór tagtha ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael araon in Éirinn, rud a théann chun leasa an tríú pháirtí, Páirtí an Lucht Oibre.
gannaithe go maith sa daonra much declined population
" Tá an chuid is mó d’oileáin na hÉireann bánaithe anois nó tá siad gannaithe go maith sa daonra, nó is líonmhaire stráinséirí isteach atá ina gcónaí iontu anois ná an seanbhunadh féin.
de dheasca an chúlaithe as a result of the decline
" Tá an fhoirgníocht scriosta ar fad sna ceantair tuaithe, tá an miondíol buailte go dona de dheasca an chúlaithe, agus tá ceist mhór faoi thodhchaí na déantúsaíochta, rud a fhágann deacrachtaí ar leith ag an cheantar sin.
ag meath in decline
" 2% sa ráithe a chríochnaigh i mí an Mheithimh i mbliana, cuirim i gcás, sa tréimhse chéanna ina raibh an geilleagar ar an dá thaobh den Atlantach Thuaidh ag meath.
chúlú gheilleagair economic decline
" De réir an iriseora le RTÉ, Feargal Keane, dúirt máistir fómhais de chuid na gcúirteanna leis gur ar mhaithe leis an chúlú gheilleagair atá costais na n-abhcóidí tite ó chúig mhíle sa lá go ceithre mhíle sa lá.
An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht is it the decline of reading and writing
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
le dul i ngleic leis an mheath to get to grips with the decline
" Mhaígh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach mairfeadh an teanga mar roghatheanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
Meath an Chonartha the Conradh’s decline
" Ach bhí rudaí ag athrú de réir a chéile: shíl cuid de na hÉireannaigh, go háirithe Éireannaigh núíosacha a tháinig go Learpholl le post a fháil sna 1950aidí, go raibh Conradh na Gaeilge seanaimseartha, sáinnithe i *‘time warp’* mar a déarfá Meath an Chonartha ======== Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 1951 agus bhí sé tarraingteach do dhaoine a raibh suim sa cheol traidisúnta acu ach nach raibh spéis acu sa teanga.
bhí an uimhir seo laghdaithe this number had declined
" Ach tar éis cogadh na Sealadach bhí an uimhir seo laghdaithe go duine as triúr.
is biseach agus meath progress and decline were
" Ach oiread le dream más ea, is biseach agus meath ba scéal do na treibheanna Ceilteacha in Hochdorf agus i Trier.
Meath an Amaitéireachais the decline of amateurism
" Meath an Amaitéireachais =========== Déanann Ó Ruairc pointe le hábhar nuair a deir sé gur spóirt phroifisiúnta iad na spóirt eile ar fad a bhíonn á gcraoladh ag Sky agus go síothlaíonn cuid mhaith den airgead a íoctar le heagraíochtaí spóirt i dtreo na n-imreoirí agus nach gcaitear mórán den airgead ar fhorbairt an spóirt féin.
a mhíníonn nós atá ag imeacht as go tiubh which explains a habit fast in decline
" Ar m’fhocal! Anois, tá focal iontach ag an Duinníneach a mhíníonn nós atá ag imeacht as go tiubh, mura bhfuil sé imithe ar fad ar fad: MANGLAM DOD: ‘*a morning croon while preparing breakfast*’.
meath decline
" Má leanann meath na Gaeilge, mar atá sé léirithe i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, ag an ráta céanna is a bhí le caoga bliain anuas, ní bheidh aon Ghaeltacht ann i gceann trí ghlúin eile.
meath decline
" Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tá meath tagtha ar neodracht na hÉireann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha ag sin don tír.
meath na Baváirise the decline of the Bavarian language
" Bhog go leor daoine as tuaisceart na Gearmáine chun na Baváire tar éis an chogaidh agus tá dearcadh na ndaoine seo ar chúrsaí teanga ag cur le meath na Baváirise, dar le Christoph Wendler.
ag dul i léig going into decline
" Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.
go bhfuil a dtionchar ag trá that their influence is declining
" Tá go leor gearán á ndéanamh in éadan Arm na Breataine sna Sé Chontae go fóill ach measann Robert McMillen go bhfuil a dtionchar ag trá de réir a chéile.
chun dul i ngleic le meath na Gaeilge to tackle the decline of Irish
" Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht.