Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena gcloí their defeat
" Easpa taithí ag an leibhéal is airde is dóigh ba chúis lena gcloí ar deireadh, ach thosaigh ullmhúcháin agus traenáil na foirne thart ar 6 nó 7 de bhlianta ó shin le scéim óige ar nós Scéim Luimnigh.
go gcloífí a mhuintir his people would be defeated
" Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go gcloífí a mhuintir.
an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta defeat the terrorists
" Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
tar éis a mbuailte after being defeated
" Rud eile ná go raibh briseadh deas cúpla seachtain chun traenála agus pleanála ag an gClár, ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh tar éis a mbuailte ach b'éigean d'Áth Cliath, do Loch Garman, don Mhí agus d'Uíbh Fhailí dul chun páirce arís sé lá tar éis dóibh cluiche a chailleadh.
threascairt defeat
" "Cac an Diabhail orthu mar lucht tóra threascairt na gCulchies," a ghuigh Sodom.
cailliúint defeat
" Ní féidir bua nó cailliúint i gcluichí peile a cheiliúradh gan aghaidh a thabhairt ar an teach tábhairne agus neart a ól.
Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí it is easier to defeat a terrorist campaign
" Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí ná feachtas láidir polaitiúil.
an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir to wring defeat from the vague victory
" Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur "gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe" a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.
díombuadh defeat
" Ní gaire cabhair an DUP ná an doras i ndiaidh na heachtra, agus is léir go bhfuil gluaiseacht na poblachta lán chomh hábalta céanna an díombuadh a fháisceadh as an bhua is a bhí/tá David Trimble.
gur rug sé an díombua as béal na bua that he snatched defeat from the jaws of victory
" Is iomaí uair a cuireadh síos do David Trimble gur rug sé an díombua as béal na bua go rómhinic agus tá an seans ann go maolfaidh an dul chun cinn a rinneadh i gcaisleán Leeds cúpla seachtain ó shin.
Fuarthas an ceann is fearr orthu they were defeated
" Fuarthas an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais Chorn an FA.
ar sháraigh an saol orthu whom life has defeated
" “Tá na créatúir seo ar sháraigh an saol orthu agus muidinne ina suí anseo agus muid ar maos i maoin shaolta.
go raibh an bua faighte ar na Peirsigh that the Persians had been defeated
" Maratón atá ann i ndáiríre – táimid ar nós an tsaighdiúra Ghréagaigh Pheidippides, a seoladh ó bhaile Maratón go dtí an Aithin le cur in iúl go raibh an bua faighte ar na Peirsigh i gcogadh Mharatóin.
nár cloíodh go fóill iad. that they haven't been defeated yet.
" Dúirt Seosamh Mac Grianna tráth gurb é an difear idir Éire agus Alba ná go n-admhaíonn Gaeil na hAlban gur cloíodh i gCath Chùil Lodair iad ach go measann Gaeil na hÉireann nár cloíodh go fóill iad.
tharla gur chloígh Obama as Obama has defeated
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
chloí to defeat
" An féidir madhmadh ar na Cait? An féidir iad a chloí mar sin? Is é sin an cheist atá á cur arís i mbliana.
chloí to defeat
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
faoi chois defeated
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
chloí to defeat
" Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor.
díomuanna defeats
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
briseadh were defeated
" Chlis ar a gcuid iarrachtaí in 1708 agus in 1715 (Séamas III, mac le Séamas II) agus arís in 1746 nuair a briseadh fórsaí Bonnie Prince Charlie, Séarlas III, ag Cath Chúil Lodair in Albain.
Mairg don té a chailleas woe to the defeated
"Mairg don té a chailleas,’ an dearcadh a bhí ag Thatcher/Mugabe.
gcloífidh shall defeat
" Má éiríonn le Dilma Rousseff an uachtaránacht a bhaint amach, is cinnte go gcloífidh sí le cúrsa polaitiúil Lula: tá an méid sin geallta do na vótóirí aici.
slad ceart a proper defeat
" Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
dream briste cloíte a broken defeated people
" **SMM: Ab é gur dream briste cloíte iad muintir na hÉireann?** SÓC: Riamh, cheapfainn! Thosaigh mo mhac, atá san ollscoil, ag plé an scéil lá amháin, siar sa stair.
chloífeadh would defeat
" Níor chaill sé misneach áfach agus i 1976 agus 1977 d’éirigh leis foireann a chur le chéile a d’imreodh an saghas peile a chloífeadh na Ciarraígh.
breis briseadh misnigh more feeling of defeat
" Breis cur i gcéill, breis airgid amú agus breis briseadh misnigh a bheas de thoradh ar an bpacáiste seo, tá faitíos orm.
an namhaid céanna a chloígh a athair the same enemy which had defeated his father
" Ábhar leadránach seachas uafásach dó ab ea an ailse fé dheireadh, ‘an namhaid inmheánach’ (nath Mrs Thatcher é sin ó stailc na mianadóirí i 1984), an namhaid céanna a chloígh a athair cúpla bliain níos luaithe.
chloí defeat
" Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
chniogadh to defeat, finish
" Chomh gliceach le sionnach, dar le PJ Mac Gabhann, roghnaigh Sarkozy ceist aois an phinsin leis an bhfreasúra a chniogadh.