Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cosantach defensive
" Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta.
fathach cosanta defensive giant
" Bhí go maith is ní raibh go h*incredibly* holc nó gur tháinig scéala lá go raibh fathach cosanta oirthear na hAfraice, Bod, tar éis titim as a sheasamh toisc an stró ar fad a bhíodh air.
géarchéim chosanta defensive crisis
" Agus Bod sínte ar chlár a dhroma, thuig an chosmhuintir go raibh géarchéim chosanta ann.
trinsí doimhne cosanta deep defensive trenches
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
róchosantach too defensive
" Caithfidh muid uilig gan bheith róchosantach agus muid ag tabhairt aghaidhe ar fhadhbanna atá i bhfad níos bunúsaí na robáil £26.
ar a chosaint on the defensive
" Le leithéid Newt Gingrich, a ceapadh mar Cheann Comhairle, cuireadh Meiriceá treo eile agus Clinton ar a chosaint.
cosantach is trodach defensive and aggressive
" ’ Liam cosantach is trodach san am céanna.
ag cur a gcosa i dtaca becoming defensive
" Cheana féin tá na ceardchumainn ag cur a gcosa i dtaca agus ag maíomh go bhfuil seirbhís phoiblí na hÉireann ar cheann de na cinn is lú agus is éifeachtaí san Aontas Eorpach.
cogadh cosantach a throid to fight a defensive war
" Thuig sé go raibh dhá rud ríthábhachtach chun an cogadh a bhuachan: níor mhór go mbeadh na daoine taobh thiar den chúis, agus an dara rud, gurbh fhearr dó cogadh cosantach a throid.
ainmhithe boga, cosantacha soft defensive animals
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
cónaitheoirí cosantacha defensive residents
" Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh… As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin: **Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid.