Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deighilte partition
" Tá sé íorónta gur meáin chumarsáide "náisiúnta" na hÉireann atá ag cothú na deighilte thuaidh/theas seo.
deighilte separated
" Dúirt sí gur chuidigh an suíomh léi mar gur chuir sé i gcuimhne di go raibh sí aontaithe le daoine timpeall an domhain, cé go raibh sí chomh deighilte sin amach ó chreidmhigh eile.
deighilte amach alienated, separated from
" Ó bhí an t-olltoghchán ann, áfach, braitheann inimircigh dara glúine iad féin deighilte amach ón tsochaí Ollannach, próiseas a thosaigh tar éis uafás an 11 Meán Fómhair agus a bhfuil treisiú ag teacht air ó bhí an 6 Bealtaine ann.
dheighilte torn
" "An fáth gur theastaigh uaim an clár seo a dhéanamh ná go gcreidim i gcur chuige idirdhisciplíneach," a dúirt O'Brien, a chaith am agus é in Éirinn ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i gceantair Ghaeltachta san iarthar, agus i gcathair dheighilte Dhoire.
ag cothú deighilte causing a divide
" Ach dealraíonn sé gur seo rud eile atá ag cothú deighilte idir an dá champa.
deighilte divided
" Cé go bhfuil dhá champa éagsúla, atá deighilte go hiomlán óna chéile, i gceist san argóint seo mar gheall ar oideachas gnéasachta, ní ceist dubh agus bán í in aon chor.
níos deighilte óna chéile more separated from each other
" De réir gach taighde - agus tá sé soiléir do dhuine ar bith atá ina chónaí sa taobh seo tíre - tá daoine níos deighilte óna chéile ná mar a bhí siad riamh.
deighilte split
" Tá deacrachtaí bunúsacha ansin mar go bhfuil an daonra deighilte ina dhá leath - pobal dúchasach (47%) agus pobal de bhunadh Indiach (49%), agus coimhlint ghéar eatarthu le tamall maith maidir le cumhacht pholaitiúil.
deighilte ón tsochaí removed from society
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
i gcoinne na cine-dheighilte against apartheid
" Meas ag an ANC air ======= Chiallaigh an obair a rinne an tUasal Hain ag cur i gcoinne na cine-dheighilte go raibh seasamh láidir aige agus an-mheas air laistigh den ANC.
deighilte separated
" ” Measann Muireann go bhfuil an dream acadúil atá ag plé leis an tSean-Ghaeilge deighilte amach ón ghnáthphobal agus nach bhfuil ag éirí leo suim a spreagadh iontu san ábhar.
sochaí dheighilte, éagothrom a divided and unequal society
" Ar bhealach níor chóir go gcuirfeadh torthaí na tuarascála seo aon ionadh orainn mar an té a bhfuil súil ina cheann aige feiceann sé gur sochaí dheighilte, éagothrom atá againn in Éirinn ó thaobh cúrsaí ioncaim, oideachais, sláinte, caighdeáin mhaireachtála agus mar sin de.
trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm. by implementing segregationist laws.
" I ndiaidh gur “saoradh” na sclábhaithe i stáit an deiscirt in 1865, rinneadh cinnte de nach mbeadh ach áiseanna ar chaighdeán íseal ar fáil do na Gormaigh trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm.
deighilte separated
" I ndiaidh gur “saoradh” na sclábhaithe i stáit an deiscirt in 1865, rinneadh cinnte de nach mbeadh ach áiseanna ar chaighdeán íseal ar fáil do na Gormaigh trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm.
an-deighilte amach óna bhanna. very cut off from his band.
" Agus ceithre shamhradh ó shin roinneamar stáitse leis in Ortegueira i dtuaisceart na Spáinne agus bhí an chuma air go raibh sé an-deighilte amach óna bhanna.
deighilte divided
" Nó dá mbeadh sí i gcré na cille cionn is gur mharaigh saighdiúir de chuid Arm na Breataine í, an mbeadh sí ag caitheamh mallachtaí orthu sin a dúirt nach íobartach ‘ceart’ a bhí inti? Dá mbeadh cead cainte ag na 3524 fíormharbhán a maraíodh le linn na dtrioblóidí ó thuaidh, cad é déarfadh siad? B’fhéidir go mbeadh siad chomh deighilte leis an bhunadh a d’fhág siad ina ndiaidh.
deighilte split
" Má tá an Seanad deighilte go maith, agus má tá an t-ainmnitheach sách conspóideach, d'fhéadfadh deireadh a theacht leis an bpróiséas ar lá an cheistiúcháin os comhair an tSeanaid, mar a tharla le Harriet Miers, dlúthchara le George Bush, i 2005.
deighilte divided
" Chun an fhírinne a rá, tá mo chroí féin deighilte idir r-phost agus seirbhísí bunaithe ar RSS ó thaobh nuashonrú rialta.
deighilte amach cut off
" Ba mhór an díol trua é dá gcaithfimis an saol deighilte amach ó dhaoine eile, dár n-armáil féin leis an teicneolaíocht chun dúshláin agus ríméid na teagmhála daonna a dhíbirt.
deighilte split
" org/) Tarraingt in Aghaidh a Chéile Scríobhas cheana ar an gcaoi ina bhfuil an dá pháirtí anseo deighilte suas iontu féin i ndreamanna bunaithe ar na rudaí is mó suime dóibh.
deighilte dispute
" Is léir nach bhfuil fonn ar éinne go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge ina ábhar spairne nó deighilte.
deighilte split
" Tá sé ag éirí tuirsiúil a bheith ag éisteacht leis na cláracha cainte raidió, ó nach bhfuil ach aon churfá amháin acu, idir láithreoirí agus éisteoirí: "Croch Iad! Croch na Feidhmeannaigh!" Go polaitiúil, tá an eite dheis deighilte faoin gceist, díreach mar a thuaras le déanaí.
deighilte division
" Tá sé lena n-aimhleas nach bhfeiceann siad a bhfuil i ndán dóibh, ach i gcomhthéacs na deighilte móire polaitíochta agus creidimh, ní fheiceann, agus is mór an mhairg é sin.
deighilte lena chéile separated from each other
" Ba cheart go mbeadh lucht oibre na tíre seo ag seasamh gualainn le gualainn le lucht oibre na Portaingéile, na Spáinne, na Gréige mar go bhfuileann siad súd ag fulaingt an ruda chéanna agus tá siad deighilte lena chéile i ngach tír, na meáin ag cur isteach orthu, ag rá nach bhfuil an tarna rogha acu ach é sin a dhéanamh, ag inseacht éithigh don chuid is mó mar gheall ar ana-chuid des na rudaí seo.
lár na deighilte eatarthu halfway between them
" Chruthaigh siad feidhmchlár leis an eolas seo a thit i lár na deighilte eatarthu.
méid na deighilte the extent of the divide
" Léiríonn borradh na bhfíor-Fhionlannach méid na deighilte atá idir ceannairí na hEorpa agus muintir na hEorpa agus go bhfuil an baol anois ann go rachaidh an chosmhuintir a mbealach féin.
deighilte separated
" Dar leis na hÉireannaigh, ní raibh deireadh leis an spraoi ar scoil i Meiriceá, leis na daltaí deighilte ina ndreamanna áirithe de réir chomh cool agus a bhí siad.
buanú na deighilte continuing the divide
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".
deighilte divided
" An deighilt a tharla ó thuaidh, d’fheil sé do na húdaráis ag an am go mbeadh gnáthmhuintir na Sé Chontae deighilte agus nach seasfadh an lucht oibre ar fad le chéile ón taobh aontachtach agus ón taobh poblachtach nó náisiúnach.
deighilte split
" Faoi 1861, nuair a bhris Cogadh Cathardha Mheiriceá amach, bhí Meiriceá deighilte go maith idir na stáit ó thuaidh nár ceadaíodh sclábhaíocht iontu agus na stáit ó dheas, inár ceadaíodh sclábhaíocht go forleathan.
deighilte amach cut off
" Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.