Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cros an Deiscirt the Southern Cross
" Rinneadh bratach nua a dhearadh lena neamhspleáchas a chur in iúl - Cros an Deiscirt ar chúlra gorm gan aon rian de bhratach na Breataine.
chomhlachtaí as an deisceart companies from the south
" Cé gur bronnadh £46,590 ar chomhlacht Uí Chairealláin chun clár faisnéise a dhéanamh ar shaol an Chairdinéil Uí Fhiaich, bhí míshásamh air de bhrí go raibh formhór an airgid á thabhairt do chomhlachtaí as an deisceart agus do chomhlachtaí Béarla de chuid Thuaisceart Éireann nár léirigh mórán suime sa Ghaeilge roimhe seo.
na cistí sa deisceart the funds in the south
" Ansin, tá cead againn cur isteach ar airgead ó na cistí sa deisceart – 'Fuaim agus Fís' an Choimisiúin Chraolacháin – agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
deisceart south
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
i ndeisceart Bhéal Feirste. in south Belfast.
" Bhíodh muid ag cuartaíocht i dtithe go mbíodh ceol iontu agus ag dul chuig seisiúin lena chéile thart ar cheantar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.
i ndeisceart na Polainne, in the south of Poland,
" “Rugadh mé in Zabkowice Slaskie, baile beag i ndeisceart na Polainne, tuairim is 20 nóiméad ón teorainn le Poblacht na Seice.
Aithin an Deiscirt Athens of the South
" Mar gheall air sin, tugadh Aithin an Deiscirt uirthi roinnt blianta ó shin.
Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath from Dublin south
" Ach, ní raibh ach 36 uair an chloig againn leis an obair a chur i gcrích! Mar a dúras cheana, amaidíocht! Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath an dá bhanna.
i ndeisceart na hÁise in southern Asia
" Fístéipeanna amaitéaracha don chuid is mó a bhí le feiceáil sna tuairiscí ón tsunami tubaisteach a mharaigh os cionn 200,000 i ndeisceart na hÁise i ndeireadh na bliana 2004.
cathracha móra an deiscirt the big city of the south
" **Tuilleadh turasóireachta**Le teacht an iarnróid sa bhliain 1894, tháinig méadú mór ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar an gceantar, as cathracha móra an deiscirt go háirithe.
de bhunadh an deiscirt from southern Irish stock
" “Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna.
i stáit bhochta an deiscirt in the poor southern states
" Tá cónaí ar Ghormaigh na Stát Aontaithe, den chuid is mó, i stáit bhochta an deiscirt agus i ngeiteonna na gcathracha móra – Harlem i Nua-Eabhrac agus South Central i Los Angeles, cuir i gcás.
deisceart na Spáinne south of Spain
" Chaith mé ceithre lá i ndeisceart na Spáinne le gairid; bhí mé thall mar go raibh mé ag iarraidh teach samhraidh a cheannach.
lucht tógála dheisceart na Spáinne. builders of the south of Spain
" Le blianta beaga anuas, tá tírdhreach na háite athraithe go mór ag lucht tógála dheisceart na Spáinne.
ar shráideanna fliucha dheisceart na cathrach on the wet streets of the south of the city
" Tháinig freagra ar ais chugam in imeacht lae – é ag rá go raibh sé chun aistriúchán a sheoladh chugam go luath i Sacs-Bhéarla! *** Mé sa charr ar shráideanna fliucha dheisceart na cathrach – rithim agus drumadóireacht amhrán Timbaland agus an ceol in Adam’s dearmadta go hiomlán agam.
i ndeisceart na tíre, in the south of the country
" Tá an sliabh is airde san Afraic Láir, Mount Mulanje, suite i ndeisceart na tíre, agus fiú ó thaobh Malawi Lake de, tá tuaisceart agus deisceart an locha an-éagsúil óna chéile.
sa deisceart. in the south
" Faoi 1875, ní raibh ach 12,300 cainteoir fágtha (29 faoin gcéad den daonra), a bhformhór sa deisceart.
dheisceart the south
" Tá Victoria ar an stát is faide ó dheas ar ilchríoch na hAstráile, agus bhí tonn teasa ar dheisceart na tíre ar feadh dhá lá dhéag roimh 7 Feabhra.
ndeisceart na tíre the south of the country
" Ansin cuireadh rialtas faoin teideal Aontas na gCúirteanna Iosalamacha ar bun i ndeisceart na tíre.
dheisceart na tíre the south of the country
" Bhí aird na hAstráile dírithe ar dheisceart na tíre an mhí sin mar gur tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre nuair a bhí falscaithe fíochmhara i stát Victoria (Eagrán 95, Márta 2009).
ndeisceart southern
" Ba le fórsaí míleata na Nigéire, ar ndóigh, a bhain na fir armáilte a ransaigh an baile agus ceacht á thabhairt acu don mhionlach eitneach Ogoni gan cur in aghaidh údaráis na Nigéire ná an comhlacht ola Shell a thagann i dtír ar an acmhainn aiceanta atá go fras sa Deilt Nigéireach i ndeisceart na Nigéire.
dheisceart south
" Tugaim faoi deara difríocht shuntasach idir bailte beaga na nDílseoirí agus bailte na Náisiúnaithe nuair a thaistealaím trí dheisceart Chontae Dhoire: bíonn áiseanna iontacha ag an gclub áitiúil den Chumann Lúthchleas Gael, idir pháirc, chlub sóisialta agus phiniúir.
deisceart south(ern)
" Rinne fórsaí Seapánacha ionsaí ar Kokoda i mí Iúil, 1942, mar go raibh siad ag iarraidh bealach go dtí deisceart na tíre a fháil thar an gcosán.
ndeisceart south
" Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d'fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.
ndeisceart southern
" Is é an Fhoraois Mau, ar chiumhais an Scoiltghleanna i ndeisceart na Céinia, an dobharcheantar is mó sa tír sin.
nDeisceart southern
" com/watch?v=4K2w0YY1SR8) “Ní bheidh Nollaig ar bith ann i mbliana!” a d’fhógair sé, agus é ag seoladh céad díle an gheimhridh in Iarthar agus i nDeisceart na hÉireann.
ndeisceart southern
" Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.
ndeisceart southern
" Shílfí go mba smaoineamh maith é, teach Dé a thógáil i gceantar an Ionad Trádála Domhanda i ndeisceart Manhattan i gCathair Nua-Eabhrac.
ndeisceart south
" D'fhoghlaim daoine i ndeisceart na Stáit Aontaithe cé chomh guaiseach is atá an druileáil dhomhain chéanna, ach ar ndóigh, bheadh deacrachtaí faoi leith ag aon obair san Artach beag beann ar dhoimhneacht an tobair.
ndeisceart southern
" Teangacha eile i dtíortha eile nach n-oibríonn an córas sin is ea an Euscairis i dTír na mBascach, an Sámi san Ioruaidh, sa tSualainn agus san Fhionlainn, an Chailmicis i gCailmicia (i ndeisceart na Rúise), an tSorbais i ndeisceart na Gearmáine, an Chacais i gCacaisia (i ndeisceart na Sibéire), an Tatarais i dTatarstáin (na Rúise).
deisceart south
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
stáit an deiscirt the southern states
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
dheisceart south
" Bhí na mianadóirí i ndiaidh siúl ó dheisceart na Breataine Bige go Londain le hagóid a dhéanamh in éadan na gcúinsí ina raibh siad beo.
deiscirt south
" An pobal ba ghealgháirí i bpríomhchathair an deiscirt ó thuirling Lizzie Windsor i measc na Reibiliúnach i nDaonphobal Chorcaí cois cuain.
ndeisceart an chúige sin south of that province
" Cheannaigh dream in Ontario darbh ainm "Cumann na Gaeltachta" sealúchas i ndeisceart an chúige sin agus bhunaigh Gaeltacht ann sa bhliain 2007.
ndeisceart southern
" Mar mhúinteoir Béarla saorálach a tháinig mé ag obair i ranganna i mbunscoileanna bochta amuigh faoin tuath i ndeisceart na Síne.
canúint an deiscirt southern accent
" Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha mar Nua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an 19ú haois.
ndeisceart south
" Cónaíonn sé sna coillearnacha atá fágtha in oirthear agus i ndeisceart na tíre, na limistéir chéanna ina bhfuil forbairt uirbeach, feirmeoireacht agus foraoiseacht ag dul i dtreis ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach i 1788.
dheisceart southern
" Thug rí na Spáinne, Juan Carlos I, cuairt ar dheisceart na hAfraice roinnt seachtainí ó shin, chun an ghnó sin.
thréig an Deisceart the south deserted
" Thuig sé gur mhothaigh daoine sa Tuaisceart gur thréig an Deisceart iad.
ndeisceart Thír Chonaill south Donegal
" Tugtar Tír Aodha ar an áit a rugadh is a tógadh mé féin, an limistéar tíre i ndeisceart Thír Chonaill idir Béal Átha Seanaigh agus an Bearnas Mór i ngar do bhaile Dhún na nGall.
thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt its composers forsook the southern unionists
" Sa deireadh, rinneadh praiseach den Chúnant nuair a thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt.
ndeisceart na Liobáine southern Lebanon
" Bhíodh na céadta milliún á gcoinneáil siar acu sna hochtóidí nuair a bhí saighdiúirí na hÉireann á marú i ndeisceart na Liobáine ag Hizb Al-Kata’eb, an Falains, lucht cúltaca Iosrael sa Liobáin.
i ndeisceart in the south
" ’* Leac Chuimhneacháin ======== Ach tá *James Larkin Way* i dtuaisceart na cathrach; ní raibh rian de Larkin sa tsráid inar rugadh é - Combermere Street, i ndeisceart na cathrach.
i ndeisceart na in the south
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
sa deisceart in the south
" ’ Ach de réir a chéile, scaip an scéala faoin rogha iontach sléibhte sa Spáinn: idir na Piréiní agus Na Sléibhte Cantabracha i dtuaisceart na tíre, Sierra del Gata agus de Gredos sa lár, agus sa deisceart na Sierra Morena, Sierra Nevada agus Valencia.
i ndeisceart in south
" Nuair a d’amharc mé ar A-Z Londain, thug mé faoi deara gur bruachbhaile i ndeisceart Londain atá ann.
go háirithe i ndeisceart na tíre particularly in the south
" Lean an ciníochas ar aghaidh go neamhoifigiúil, go háirithe i ndeisceart na tíre, agus fós féin maireann an chuid is mó de Ghormaigh Mheiriceá in iamhchríocha nó i gcathracha a thréig an Cine Geal le dhá nó trí ghlúin anuas.
go deisceart to south
" Bhog sí lena máthair go deisceart Londain nuair a bhí Adele sé bliana déag d’aois.
ndeisceart na Spáinne southern Spain
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
Phlandálaithe cadáis an Deiscirt the southern cotton plantations
" Dhá bhliain déag a chaith an saorfhear ina sclábhaí ar Phlandálaithe cadáis an Deiscirt.
sa deisceart in the south
" Tá mé sa deisceart ar feadh an Gheimhreadh áit a bhfuil se 20 céim Celsius agus grianmhar.
an deisceart the south
" Bhog an-chuid de phobal Afra-Mheiriceánach as an deisceart ó thuaidh chun postanna a thógáil in áiteanna mar Nua-Eabhrac agus Siceágó.
ndeisceart na tíre sin the south of that country
" Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.
deisceart south
" Bhí Roseanne Smith ag gearradh bealaigh siar go deisceart Mhaigh Eo nuair a bhí an t-alt seo nach mór foilsithe, chuig comhdháil spéisiúil, saothrach, an Congregation, a eagraíodh go cliste.
Crois an Deiscirt the southern cross
" Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.